Plé de dhíth ar na hIrisí : Sinn Féin


PREASRÁITEAS 

Plé de dhíth ar thodhchaí na meán Gaeilge clóite agus ar líne – Róise Ní Thoirealaigh

Tá CTR Shinn Féin Róise Ní Thoirealaigh ag iarraidh ar Foras na Gaeilge agus ar roinnt irisí Gaeilge araon, plé a dhéanamh ar thodhchaí na meán Gaeilge clóite agus ar líne.

Tagann na tagairtí seo ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin agus deireadh á chur níos moille i mbliana le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge do na hirisí An tUltach, Feasta, Gaelport.ie agus Beo.ie.

Dúirt Róise Ní Thoirealaigh: “Bhí roinnt Gaeilgeoirí i dteagmháil le Sinn Fein agus iad buartha faoi phlean Fhoras na Gaeilge maoiniú a aistarraingt ó na hirisí Gaeilge seo.

“Aithníonn muid go bhfuil gá le hathruithe agus go bhfuil inbhuanaitheacht agus cur chun cinn fadtréimhseach na Gaeilge ina gcuspóir le Foras na Gaeilge.

“San am céanna tuigeann Sinn Féin an cás atá á dhéanamh ag na hirisí seo agus na nideoga margaidh ar leith ar a d’fhreastail siad leis na blianta anuas.

“Ba cheart plé a bheith ann idir na hirisí agus an Foras le go mbeadh achan duine bainteach le todhchaí na meán Gaeilge, idir chlóite agus ar líne, in ann cur lena bhforás agus lena n-inbhuanaitheacht.”

Aon tuairim amháin ar “Plé de dhíth ar na hIrisí : Sinn Féin

  1. is maith go bhfuil an bhean uasal Ní Thoireallaigh ag díriú airde ar na hirisí Gaeilge agus cad é atá i ndan dóibh ach tá sé rud beag mall a bheith ag iarraidh ” plé” ar an cheist agus cinneadh á ndruidte déanta cheana féin. Bhí an plé le déanamh i bhfad roimhe seo agus go háirithe ag baill na bpáirtithe polaitiúla éagsúla ar an Fhoras a rinne an cinneadh. Rinneadh an cinneadh ag daoine gur beag a neolas ná á dtáithí ar mheánchumarsáid scríofa na Gaeilge. An aon iontas mar sin gur ciorrú a bheadh i gcéist nuair a thiocfadh crú ar an tairne ó thaobh cúrsaí airgid de ? Tá go leor daoine fríd an tír a bhfuil eolas acu ar irisí agus ar iriseóireacht na Gaeilge ach is cinnte nár ligeadh duine duine ar bith acu fá scread asáil de Fhoras na Gaeilge nuair a thóg na páirtithe seilbh air ar neamhchead do Ghaeil na tire. Níl i gcruachas na nirisí ach an comhartha sóirt is déanaí de theip Fhoras na Gaeilge mar eagras agus má tá plé le déanamh is ar éifeacht agus cur chuige an Fhorais féin atá sé le déanamh. An féidir le duine ar bith seasamh go fírinneach le Foras stáit a ligeann á gcúraimí le saincheadúnas le sé Cheann Eagraiochtaí maille Comhairleóirí próifisiúnta lena dtreorú agus an mháthair- eagras fánacht mar a bhí. Ní shílim go dtarlódh sé sin áit ar bith eile sa tsochaí agus tá sé mí cheart. Tá á bealach caillte ag Foras na Gaeilge imo thuairim agus agus is mithid é a scoir agus an tairgead a shabháilfí a chaitheamh ar eagraíochtaí atá ag obair ar an tálamh. na hirisí Gaeilge san áireamh. Anois sin abhar pléite don bhean uasal Ní Thoireallaigh nárbh mhiste a thionscnamh.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s