“An é bunús an cháis seo ná gur thug sé a ainm i nGaeilge?”


Fear cúisithe as Gaeilge a labhairt leis na péas

Bhí fear as Baile Átha Cliath os comhair chúirt i nDoire an tseachtain seo chuaigh thart agus é cúisithe as gan a chuid sonraí pearsanta a chur ar fáil feadh a chumais faoi Acht Cirt agus Slándála ar 6ú Márta na bliana seo.

Dúirt dlíodóir Dhiarmuid Mhic Dhubhghlais gur stop na péas a chliant agus é ag teacht amach as teach i gceantar an Chreagáin i nDoire – agus gur thug Diarmuid Mac Dubhghlais a chuid sonraí dóibh gan agóid – ach as Gaeilge.

PSNI+northern+Ireland+police
PSNI = Bealach fada le dul acu maidir le cultúr na nGael

D’fhiafraigh breitheamh na Cúirte Dúiche, Barney McElholm: “an é bunús an cháis seo ná gur thug sé a ainm i nGaeilge?”

Deir dlíodóir Dhiarmuid Mhic Dhubhghlais gur gabhadh é tar éis go ndearnadh cuardach air nuair a thug sé a ainm is a sheoladh i nGaeilge.

Dúirt sé gur dhiúltaigh a chliaint rabhadh a ghlacadh ar bhonn prionsabail ar an ábhar gur chloígh sé leis an dlí.

D’iarr an dlíodóir ionchúisimh go gcuirfí an cás ar athló ar feadh ceithre seachtaine chun fiosrúchán sa bhreis a dhéanamh ach dúirt dlíodóir Dhiarmuid Mhic Dhubhghlais nár thuig sé cén dóigh ar féidir níos mó fiosrúcháin a bheith ann.

Dúirt an breitheamh go raibh sé ag smaoineamh air cad a tharlódh dá ba rud é gurb Rómánach nó Síneach é an tUasal Mac Dubhghlais.

Chuir an dlíodóir cosanta in iúl don chúirt go raibh a chliant ag iarraidh go n-éistfí lena chás trí Ghaeilge – dhearbhaigh an breitheamh gur féidir sin a fhad is a bhí sé ag féachaint go cuí don sparán poiblí.

Cuireadh an cás ar athló go dtí 1 Bealtaine.

Trácht

Tá a fhios agam gur féidir leis a bheith ciotach go leor do Ghaeilgeoirí ag plé leis na PSNI i gcoitinne – agus go mbíonn cinneadh le déanamh maidir le do shonraí.

Má roghnaíonn duine féin-chinsireacht a dhéanamh orthu féin tá tú ag cur d’fhéiniúlacht féin ar leataobh chun éadulaingt a éascú.

Ar an lámh eile, má thugann duine sonraí Béarla agus faightear amach ar ball nach é sin an t-ainm oifigiúil atá orthu ar chor ar bith – nach ionann sin ach sonraí bréagacha? a thabhairt?

Aon tuairim amháin ar ““An é bunús an cháis seo ná gur thug sé a ainm i nGaeilge?”

  1. “cad a tharlódh dá ba rud é gurb Rómhánach nó Síneach é “?

    B’fhéidir gur Rómánach a bhí i dtreis, nó bheadh cead ag an Rómhánach Laidin a labhairt

    “go n-éistfí lena chás trí Ghaeilge – dhearbhaigh an breitheamh gur féidir sin a fhad is a bhí sé ag féachaint go cuí don sparán poiblí.”

    Shíl mé go raibh sin in aghaidh dlí inteacht, nó an éisteacht le fianaise i dteanga nach béarla a tá i gceist?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s