Barry Ward mar Jim Gralton ag an Pearse-Connolly Hall sa scannán Jimmy’s Hall
Insíonn scannán nua Ken Loach, Jimmy’s Hall, scéal Jim Gralton as Ifreannach i gContae Liatroma, ar dhíbrigh rialtas an tSaorstáit as an tír é in 1933.
Rugadh Gralton in 1886. Agus é 14 bliain d’aois chuaigh sé go Baile Átha Cliath agus chuaigh sé isteach in arm na Breataine.
Níor mhair sé ró-fhada ansin áfach, nó gearradh pionós air nuair a dhiúltaigh sé snas a chur ar bhutaisí na n-oifigeach. Cuireadh faoi ghlas é nuair a chuir sé in éadan pholasaithe na Breataine in Éirinn.
Thréig sé an t-arm agus chaith sé tamall ag obair mar mhianadóir sa Bhreatain Bheag agus ar na duganna i Learpholl Shasana. Fuair sé post ar long agus d’imigh sé ansin go Nua Eabhrac, áit a chaith sé roinnt mhaith blianta ag obair.
Chaith sé tamall i gCabhlach na Stát Aontaithe…
Amharc ar an alt bunaidh 544 d’fhocla eile