How Daniel Cassidy invented Etymology (léirmheas)


Tháinig abhaile an lá cheana gur aimsigh mé leabhar toirtiúil romham. Bronntanas a bhí ann. Cé go raibh trácht cloiste agam air ní fhéadfainn a rá go raibh mé sásta leis mar bhronntanas. How the Irish Invented Slang le Daniel Cassidy a bhí ann. Is éard a chuireann Cassidy roimhe sa leabhar seo ná gur ón nGaeilge a thagann stráicí móra fada de bhéarlagair Béarla Mheiriceá, agus an domhain ar fad da bhrí sin. Dar leis go raibh uisce faoi thalamh ann ag lucht an Bhéarla a chuir an t-eolas seo faoi chois.

Cuirfidh seo iontas ar go leor againn ó ní cheaptar go bhfuil mórán níos mó ná ‘smithereens’ agus ‘banshee’ tugtha don Bhéarla againn. Don té a bhfuil leathspéis aige i sanas focal tiocfaidh amhras air go mear an bhfuil aon bhunús le tuairimí Cassidy. Éinne le smeareolas faoi shanas tuigfidh siad gur gá bheith in amhras i gcónaí faoi scéalta beaga a scaiptear. Ar fáth aisteach éigin tá de nós ag daoine na scéalta beaga aisteacha a chreidiúint ainneoin fianaise a léireodh a mhalairt. Is gá an leabhar áirithe seo a cheistiú ar an iliomad fáthanna.

Is rud is mó a spreag síol an amhrais ionam ná go dtéann Cassidy le mínithe fíor-neamhdhóchúla Gaeilge nuair ba fhusa go mór míniú eile taobh istigh den Bhéarla a aimsiú. Dar leis, is ionann an téarma ‘crusher'(téarma ar phóilín) agus leagan a tháinig ó ‘cuir siar ar‘(sic) Anois nach aisteach go ngreamódh nath Gaeilge gan móran céille do na póilíní agus nach aisteach nach mbeadh aon bhaint ag ‘crusher’ leis an bhfocal Béarla ‘crush’?

Deir Cassidy gur ó ‘S lom é’ a thagann an focal béarla ‘Slum’. Nach aisteach arís an tógáil sin dáiríre? An féidir a shamhlú go n-imeodh sin ó bhéal Gaeilgeora isteach sa chaint? An féidir teacht air mar nath coitianta le cur síos a dheanamh ar shlumaí? Ní féidir. Rud eile de, tugann Cassidy sainmhínithe agus tugann le fios gur ó na foclóirí Gaeilge a thagann siad nuair nach fíor sin in aon chor. Is breá leis fig. a bhualadh anuas ar rudaí, a rá gur chiall bhreise atá ann ach i bhfírinne is a chuid cumadóireachta féin atá ann. (’teas ioma’ – an abundance of heat and passion; figuratively semen) Ní féidir liom teacht ar aon fhoinse a léiríonn ciall bhreise seo ‘teas ioma'(sic). Is dócha nach bhféadfadh Cassidy ach oiread.

Anuas air sin ar fad úsáideann sé pé leagan is maith leis de fhocal ar bith. ‘Joint’ an Bhéarla? Bhuel tá díon sa Ghaeilge, cén t-iolra atá air sin? Díonta, iontach, sin níos cosúla. Téann sé níos faide fós, leagan sé pé fuaimniú anuas ar fhocail. ‘Jeenta’, foirfe!

Is beag focal a d’fhág Gaeilge ar Bhéarla na hÉireann i bhfírinne, conas go rachadh teanga seo na mbocht mar a bhí chomh mór i bhfeidhm ar chaint SAM? Níl aon mhíniú sásúil ag Cassidy air seo. Conas nár tháinig siad seo chun cinn in Éirinn leis, cén fáth gur bheartaigh na Gaeil gan na focail seo a thabhairt dúinne leis? Níl míniú aige air seo ach oiread. Má tá focail aduaine nach n-aithneodh Gaeilgeoir cumasach ar na saolta seo mar bhunús go leor nathanna, cén fáth nach bhfuil focail choitianta Ghaeilge le sonrú ar chaint na bponcán leis? Arís eile níl míniú ag Cassidy bocht air seo.

An cineál cur chuige atá aige ná frása a ghlacadh chuige féin. ‘Daniel Cassidy’ mar shampla, ansin beartaíonn sé gur ón nGaeilge a tháinig sé. Ansin ar aghaidh leis ar bhóthar na cruthaitheachta. Daniel –‘Dath- ‘n-aoil’ lime-faced, white-faced, fig. white supremacist. ‘Cassidy’. Cas-a-dí The turning of her drink, surname of a bartender, mixologist, figuratively mixer, nixer. Mar sin is ionann Daniel Cassidy agus ‘white supremecist cocktail maker? Is ionann, bhuel ina chruinne féin bréag is bithchamastaíola. (mise a chum seo thuas ar eagla aon mhíthuisceana)

Is bocht an scéal é ach tá cuid mhór daoine ag tacú le cumadóireacht Cassidy fós. Nach cuma a deir roinnt, níl ann ach píosa beag spraoi. Dáiríre a mhalairt atá ann, is casta an rud é an teageolaíocht agus nuair a ligtear d’amadáin tabhairt faoi ar a suaimhneas téann an rud ar fad chun doiléire. De bharr thionchar an idirlín is ann do ‘shanais’ seo Cassidy go deo na ndeor, creidfear iontu (roinnt ar a laghad) go brách. Ba chóir dúinn suim a léiriú sna focail a thug na Gaeil don Bhéarla ach gan géilleadh do phleidhce amadáin mar seo a chuireann an fhírinne as a riocht ar fad ar fad.

Ba bhréagadóir cruthanta é Cassidy. Leabhar 300 leathanach atá lán go clúdaigh de bhréagshanais, de sheafóid agus de bhréaga. Níl aon amhras ann ach gur thuig Cassidy go raibh formhór mór na sanas seo bréagach. Is dócha gur lorg sé frásaí i bhfoclóirí Gaeilge a raibh cosúlacht éigin acu le nathanna Béarla agus ansin gcur chuir sé roimhe an nasc a chruthú.

Tá blag den scoth ar fáil anseo a tharraingníonn argóintí Cassidy óna chéile. http://cassidyslangscam.wordpress.com/ Pé duine a scríobh chuir Cassidy siar glan as a mheabhair iad agus tá siad tar éis díoscadh cliniciúil neamhbhalbh a dhéanamh ar scaits éithigh Uí Chasaide. Tá Cassidy imithe ar shlí na fírinne anois, is é mo mhórdhóchas ná go n-imeoidh na bréaga seo leis. Ná ceannaigh an leabhar seo is ná tacaigh le seafóid mar seo.

Níl saineolas agam ar an ábhar seo, díreach spéis. Tá eolas éigin agam ar an teanga agus ar an bhfoghraíocht, rudaí nach raibh ag Cassidy féin áfach. Ghlac an Béarla le liosta éigin focal ón nGaeilge ceart go leor agus tá liosta ar fáil anseo. Focail Ghaeilge sa Bhéarla

Is féidir teagmháil a dhéanamh le húdar an ailt ag @murchadhmor

 

Dóibh sin ar bheagán Gaeilge

There is no doubt but that Daniel Cassidy knew that most etymologies in this book were false. For example he might take something like ‘Daniel Cassidy’ and decide it comes from Irish. Then he searched the dictionary to find something similar and comes up with; ‘Dath- ‘n-aoil’ lime-faced, white-faced, fig. white supremecist. ‘Cassidy’. Cas-a-dí The turning of her drink, surname of a bartender, mixologist, figuratively mixer, nixer.So Daniel Cassidy means white supremecist, cocktail maker? Well sort of, in his parallel universe of bolloxology at least. (just to be clear I made this up) This book is an utter con-job, do not buy it and do not accept any of its conclusions.

18 de thuairimí ar “How Daniel Cassidy invented Etymology (léirmheas)

  1. Mar fhocal freagartha ar seo agus aontaím féin leis dála an scéil.
    Sa chéad dul síos, cha raibh ann ach píosa spraoi sa leabhar seo agus is trua gur glacadh dáiríre é – tarlaíonn sé sin go minic sa saol acadúil.
    Ach is minic a chuala mé Daniel Cassidy ag caint ar an leabhar agus bhí sé ionraic faoi dar liom – ní raibh aon Ghaeilge aige agus ní dhearna sé ach an foclóir a léamh agus rudaí a chumadh.
    Chuirfinn féin an chuid is mó den locht ar an fhoilsitheoir.
    Ach seans go ndearna sé maitheas éigin – seans go raibh níos mó tionchair ag an Ghaeilge ar Bhéarla Mheiriceá ná mar a cheapadh go dtí seo – tá ar an lucht acadúil leabhar Cassidy a bhréagadh anois agus seans go bhfaighfear fírinne éigin ann más ann de thimpiste é fiú.
    Tháinig mé trasna ar a leithéid de seo agus mé ag obair le logainmneacha, minic go raibh orainn argóint phoiblí a bheith againn le daoine gan aon saineolas, taithí nó Gaeilge maidir le logainmneacha agus an chiall atá leo – maslach ar go leor bealaí.
    Ba mhinic gur ghlac pobal áitiúil le ‘Baile an Mhachaire’ thar ‘Baile na Machaire’ de bhrí gurb é sin tuairim an tsaoi áitiúla.
    Ó thuaidh, bhí orm a mhíniú go béasach go minic le Protastúnaigh nach raibh oiread is focal Gaeilge acu cén fáth a raibh luach níos mó le mo thuairimse ar an cheist ná a dtuairimse – bhí sé sin ‘seicteach’ dar leo – tá tuairimí an dá phobal ‘cothrom’.
    Ach is féidir leis a bheith contúirteach fosta, cá mhéid daoine a fuair bás ó thuaidh mar gheall ar ‘cruthin theory’?

    Ciarán Dunbar

  2. Ní píosa spraoi é a Thuairisceoir. Samhlaigh leabhar logainmneacha a chumadh agus a fhoilsiú, ní dhéanfá féin é táim cinnte. Is deacair fírinne a fhail maidir le go leor rudaí mar seo agus cuireann se seo rudaí chun doiléire. Tá rudaí bréagacha á fhoghlaim ag daoine agus tarlaíonn sé go niarrtar ar Ghaeilgeoirí an bhfuil nath x acu, nuair nach mbíonn ceapann an ceistí agus an freagróir nach bhfuil Gaeilge acu. Féach an liosta sách fada de fhocail atá ann.

  3. Leabhar ar son grinn? An bhfuil fianaise ar bith agat leis an méid sin a chruthú? Ar scríobh Cassidy sin áit ar bith sa leabhar? Nó in alt, nó in agallamh? An bhfuil ábhar grinn ar bith sa leabhar, seachas ábhar magaidh? Seo Cassidy féin, ag argóint le daoine a cháin an leabhar seo:

    “Barrett’s quote ‘s cam e (it is a fraud, a trick). Barrett the Parrott also claims to be Irish. So what. So is Ian Paisley. As to Munster derivations, Glencolumcille is in Donegal and Cassidy’s grandparent’s spoke Donegal Irish. Barrett the Parrott is an Anglophile hack whose boring books are in the basement of Amazon.com and in the remainder baskets of most bookstores. Before you believe a focal (word) out of Grant Parrots’ gob ( beak, mouth), check out these reviews. Barret the Parrot had better kiss the toin (buttocks) of his publishers at Oxford. With his books down around 270,000 and 600,000 on Amazon, whereas Cassidy’s book is in 5th reprint in 7 months and just won an American Book Award.

    Is it a twerp (duirb, a worm)? Is it a dork (dorc, a dwarf)? Or is it Barrett the Parrot?
    No it’s “Superscam” (aka Barret the English Parrott) and his phoney made-up quotes.

    Here are REAL QUOTES that haven’t been hahahahaha deleted hahahahahahaha.”

    Agus mar sin de … Blá blá blá … Píosa grinn? Dáiríre? Bíodh ciall agat, a dhuine!

  4. A Fearn, díreach le bheith soileir ní greann atá ann in aon chor; níor shin a bhí i gceist ag cassidy agus ní shin a chreideann formhór mór a cheannaigh an leabhar déarfainn. Bhí Cassidy ag áiteamh gurbh iad sin fíorfhoinsí na bhfocal. Conas gur greann é sin?

    1. A Eoin,
      Greann dúinne é, Greann do gach duine a bhfuil an t-eolas aige, nó fhios aige nach bhfuil fios a ghnó ó thaobh sanasaíochta ag an Casaideach. Tá an leabhar amhail gréibhlí do lucht turasóireachta, daoine ar mór leo éadroime ná troime léinn.
      Lig leis.
      Bain greann as, lig thart é, agus cuir ar an eolas aon duine a chuireadh mealladh air de dheasca.
      Muna bhfuil fhios ag an Casaideach gur ghreann é, nach aoirde an greann é sin?
      Dhéanfadh sé cianóg nó dhó as, gan dabht. B’fhéidir gur greann aige é sin. Tá daoine ag cumadh leo an t-am ar fad. Lig dófa

  5. Agus mar a dúirt muidne, is beag duine taobh amuigh de shaol na Gaeilge a thuigeann gur raiméis é seo agus mar sin de, tá sé de dhualgas orainn é a cháineadh chomh láidir agus is féidir. Dála’n scéil, fuair an Casaideach bás in 2008. Deir Eoin go bhfuil sé ar shlí na fírinne san alt. An amhlaidh nach léann tusa na hailt sula gcuireann tú do ladar isteach sa scéal? Nach greannmhar an duine thú?

    1. A Dheb.

      “Agus mar a dúirt muidne”
      Cé sibhse?

      ,” is beag duine taobh amuigh de shaol na Gaeilge a thuigeann gur raiméis é seo agus mar sin de,”
      Bhal, níl fhios agam fá sin! Tuige a chreidfadh aoinneach tuairim muna bhfuil cur leis? Nach tusa fhéin a iarr cruthúnas?

      ” tá sé de dhualgas orainn é a cháineadh chomh láidir agus is féidir.”
      Ná bac leis an údar a cháineadh. Is bocht “ad hominem”, is fearr “ad rem”. In éineacht leis an neamhshuim, mhol mé “cuir ar an eolas aon duine a chuireadh mealladh air de dheasca.”

      “Dála’n scéil, fuair an Casaideach bás in 2008. Deir Eoin go bhfuil sé ar shlí na fírinne san alt. An amhlaidh nach léann tusa na hailt sula gcuireann tú do ladar isteach sa scéal?”
      Ar luigh mé é beo nó neamhbheo?

      ” Nach greannmhar an duine thú?”
      Amois tá tú ag caint!!!!!!!!!!!!!!!!1

  6. Cé sibhse … Mise, Eoin, agus a lán daoine eile.

    Tuige a gcreidfeadh aoinne tuairim mura bhfuil cur leis? Amharc ar Google. Is léir agus is ríléir gur chreid na mílte sa raiméis seo agus go bhfuil an truflais seo á scaipleadh ar an idirlíon go fóill.

    Tá sé de dhualgas orainn é a cháineadh. … É. An leabhar a bhí I gceist agam, cé go bhfuil Cassidy le cáineadh fosta, ar ndóigh.

    Ar luaigh mé é beo nó neamhbheo? … Luaigh – Mura bhfuil a fhios, ní mura raibh a fhios, a scríobh tusa.

    Tá mise, Eoin agus daoine eile ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh anseo.

    Ní thuigim go díreach cad é atá ar bun agatsa. Nó b’fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfuil tú ag iarraidh bheith ‘greannmhar’?!!!!!

  7. “Cé sibhse … Mise, Eoin, agus a lán daoine eile.”
    agus tusa an t-urlabhra, bail ó Dhia ort

    “Tuige a gcreidfeadh aoinne tuairim mura bhfuil cur leis? Amharc ar Google. Is léir agus is ríléir gur chreid na mílte sa raiméis seo agus go bhfuil an truflais seo á scaipleadh ar an idirlíon go fóill.”
    Más mian leat aineolas an tsaoil a leigheas, bí ag múineadh leat.

    “Tá sé de dhualgas orainn é a cháineadh. … É. An leabhar a bhí I gceist agam, cé go bhfuil Cassidy le cáineadh fosta, ar ndóigh.”
    Níl aon dualgas ormsa, a mhic

    “Ar luaigh mé é beo nó neamhbheo? … Luaigh – Mura bhfuil a fhios, ní mura raibh a fhios, a scríobh tusa.”
    Ó, bhal, cruthúnas mo chrochadh gan dul siar air? Ach, tá a fhocal fós beo, nach bhfuil? (nó nach raibh? 🙂 )

    “Tá mise, Eoin agus daoine eile ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh anseo.”
    Ó, gabh mo leithscéal cur isteach oraibh. Bail ó Dhia ar an obair.

    “Ní thuigim go díreach cad é atá ar bun agatsa. Nó b’fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfuil tú ag iarraidh bheith ‘greannmhar’?!!!!!”
    Idir súgradh is dáirire mar is dual do Ghael 🙂

  8. Ó, tím! Is léir go síleann tusa go bhfuil sé ‘níos Gaelaí’ nó b’fhéidir níos greannmhaire gan leabhar bómánta a cháineadh agus ligean do dhaoine aineolacha baoththuairimí faoin Ghaeilge a scaipeadh scun scan gan duine ar bith seasamh ina n-éadan.. Leis an fhírinne a rá,is cuma liom sa tsioc faoi do chuid tuairimí agus tá mé tinn tuirseach den chomhrá seo. Slán!

  9. Nílim iomlán soiléir faoi, ach seans go gceapann tú gur puipéad stoca é debunker domsa a Fhearn? Ní hea. Léigh an blag le teacht ar shaineolas sanasaíochta is aithneofar nach bhfuil a leithéid agamsa is nach mise atá ann.

  10. Mar aguisín ar an scéal seo, fuair muid amach ar na mallaibh ó dheirfiúr Cassidy nach bhfuair sé a chéim ó Chornell riamh. De réir cosúlachta, ní raibh cáilíochtaí ar bith aige. Is trí chalaois agus béal bán a fuair sé a ‘ollúnacht’.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s