Bhailigh slua ag agóid arna eagrú ag Conradh na Gaeilge ag Roinn an Taoisigh i dTithe an Rialtais, Baile Átha Cliath níos moille inniu (Dé Céadaoin, 16 Iúil 2014), ag éileamh ar an Taoiseach Aire Stáit le Gaeilge líofa a cheapadh chun cúram Aire Gaeltachta.
Bhí tuairim ar 50 i láthair ag an agóid, uimhir shuntasach nuair a cuirtear san áireamh gur fógraíodh é an oíche roimhe go díreach.
D’admhaigh an tAire Sóisearach reatha, Joe McHugh TD, nach bhfuil sé de mhuinín aige a chuid Gaeilge a úsáid toisc go bhfuil sé “rusty” agus tá Conradh na Gaeilge ag ceistiú chinneadh an Taoisigh chun cúraimí na Gaeltachta a thabhairt dó nuair nach bhfuil sé inniúil ar an nGaeilge, ag rá nach bhfuil sé seo “cothrom ar an Aire Stáit nua ná ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.”
tá Fianna Fáil agus Sinn Féin lárnach san agóid sin ( Mícheál Ó Máirtín,Éamon Ó Cuív, agus Peadar Tóibín srl ). An bhfuil sé céillî ag Conradh na Gaeilge é féin a cheangáil chomh dlúth sin le dhá pháirtí a bheadh chomh holc le Fine Gael ó thaobh na Gaeilge de b’fhéidir ach iad a bheith i gcumhacht? Nach dtiocfadh fimíneacht a chur i leith Sinn Féin sa chás seo ó tharlaigh nach bhfuil Gaeilge líofa ag ceachtar den bheirt Aire atá acu i bhfeidhmeánas na sé gContae a bhfuil cúram na Gaeilge orthu? nó an bhfuil dlí amháin ó thuaidh agus dlí eile ó dheas?
B’fhéidir gur fíor an seanfhocal Iaráiceach: “Naimhead mo naimhid mo chara”, a shéamuis.
Más cór a tá uait, is leor na guthanna. Ní gá dul abhaile leo