Joe McHugh : Tugaimis seans dó


Tuairim le Ciarán Dunbar

Agus mé i mbun an cholúin seo b’fhearr liomsa gan ‘cúis na Gaeilge’ a lua ar chor ar bith, b’fhearr liom labhairt ar an tsaol inti mar Ghaeilge agus ligin orm féin go bhfuil gach rud go breá.

Ach chan amhlaidh atá, tá cogadh cultúrtha ar bun in Éirinn mar a bhíodh i gcónaí, tá trí rogha againn, an fód a sheasamh, an blár catha a thréigint nó an bád bán a fháil go dtí ceann de na coilíneachtaí Béarla.

Lena chois, agus aon cholún á scríobh agam faoin Ghaeilge caithfidh mé cartlann mo ríomhaire a sheiceáil go cúramach le cinntiú nár scríobh mé an colún céanna cheana.

Agus nach feasach dom go maith go bhfuil muid ag caint linn féin anseo – fíor-Ghaeil le fíor-Ghaeil, ní feasach don Éireannach Gallda, agus ní dóigh liom gur masla an aidiacht sin dála an scéil ach fíric lom, go bhfuil muid ann nó as.

JoeMcHughFineGael_large
An tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh

An tseachtain seo chuaigh thart, díreach nuair a shíleadh nárbh fhéidir le cúrsaí éirí níos measa ó thaobh seasamh an rialtais i leith na Gaeilge, cheap an Taoiseach Enda Kenny Aire Sinsir agus Aire Stáit le cúramaí Gaeltachta gan Ghaeilge líofa.

Ní fhaca sé féin nó a pháirtí aon fhadhb leis sin agus chun cothrom na Féinne a thabhairt dó cha raibh aon fhadhb ag roinnt mhaith den tráchtaireacht leis ach an oiread.

Tá sé dearbhaithe ag Heather Humpreys, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nach mbeidh sí ag foghlaim na Gaeilge, ceal ama.

Níorbh fhiú di a cuid ama a chur amú ag foghlaim na Gaeilge don ról is léir.

Maidir leis an Aire Stáit, Joe McHugh, “He has the language inside him,” a dúirt an Taoiseach.

Tá mé ag glacadh go raibh a fhios aige féin cad a ba chiall leis sin.

Creidim féin gurb mhasla é seo do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go ndearnadh d’aonchúis mar fhreagair ar na Gaeil shotalacha sin a ghlac a gcás amach ar sráideanna Bhaile Átha Cliath ag tús na bliana.

Mar sin féin, is as imeall na Gaeltachta é Joe McHugh, rinne sé Gaeilge ar feadh 14 bliana ar scoil, is múinteoir é lena chois agus ní raibh sé mí-réasúnta a ghlacadh go mbeadh Gaeilge aige.

Agus mé ag scríobh an cholúin seo, bhí an tAire McHugh ar a bhealach chuig Oideas Gael agus Gleann Cholm Cille, Gaeil Éireann ag guí gur féidir le Liam Ó Cuinneagáin ní amháin Gaeilge a theagaisc dó ach grá don teanga agus tiomantas ina leith.

liam
Fear Oideas Gael, Liam Ó Cuinneagáin

Níl brú ar bith ort a Liam!

Ach mura bhfuil líofacht Gaeilge bainte amach ag an Aire Stáit tar éis 14 bliana ar scoil, cén seans a bheas aige tar éis seachtain i nGleann a déarfadh an ‘soinicí’.

Agus Gaeltacht catagóir C atá i nGleann Cholm Cille faraor d’ainneoin éachtaí Liam agus a chomrádaí.

Go n-éirí leis, ba mhaith liom smaoineamh go dtiocfaidh rud éigin dearfach amach as an phrácás sin cé nár chuir a ráitis go dtí seo aon mhuinín orm.

Ach le bheith cothrom le Joe McHugh, chuala mé é ar Raidió na Gaeltachta agus cé go raibh a chuid Gaeilge go holc bhí síol éigin ann, feictear domsa gur féidir leis an-dul-chun-cinn a dhéanamh go hiontach sciobtha ar nós éinne a rinne an Ghaeilge don Ardteist – agus mar a luaigh iriseoir amháin liom chuala sé Gaeilge i bhfad níos measa uathu siúd a thugann Gaeilgeoirí orthu féin.

Gleann_Cholm_Cille_-_geograph.org.uk_-_69004
Gleann Cholm Cille

Nach gcuireann sé sin leis an chás ar son na Gaeilge riachtanaí sa chóras oideachais?

Tugaimis seans dó a deir roinnt agaibh – tugaimis, ach an bhfuil an dara suí sa bhuaile againn?

Ná déanaimis dearmad ach an oiread gur thosaigh Fianna Fáil leis an nós seo nuair a cheap siad Síle de Valera mar Aire Gaeltachta sna nóchaidí agus í gan mórán Gaeilge.

Agus níl mórán Gaeilge ag an Aire Cultúir ó thuaidh, Carál Ní Cuilín ó Shinn Féin, ach an oiread cé go bhfuil sí ag foghlaim.

Níl deireadh leis an liosta ar ndóigh ach ná ceap gurb iad Fine Gael an páirtí Gallda thar aon dhream eile.

Níor chuala mise leas-Uachtárán Shinn Féin Mary Lou McDonald ar Raidió na Gaeltachta riamh roimhe, cé gur chaith sé 14 bliana ag foghlaim agus gur bean an-cliste atá inti.

Thiocfadh liom dul ar aghaidh.

Ní nach ionadh, bhí an mhórchuid de Ghaeilgeoirí na tíre ar buille faoin chinneadh seo seachas corr-easaontóir ar an eite dheis agus corrdhuine gafa ag an ‘nua-dúchasachas’ nár mhaith leo cearta teanga a thabhairt do dhaoine a d’fhoghlaim an Ghaeilge agus a tógadh léi taobh amuigh den Ghaeltacht ar eagla go dtabharfadh sé dlisteanacht dá gcaint neamhthraidisiúnta.

Ach go cinnte, bhí an mórchuid den tráchtairteacht, agus na hintleachtóirí ar an aon fhocal leis an taoiseach maidir leis na ceapachán ag maíomh nach raibh gá le Gaeilge don ról mar go bhfuil muintir na Gaeltachta dhátheangach – ag déanamh neamhaird ar an chúis atá leis an dátheangachas sin.

Bhí daoine áirithe ar Twitter ag maíomh go ndéanann easpa Gaeilge Joe McHugh níos fóirsteanaí don jab é fiú!

Is trua nach bhfuil tacaíocht ó hintleachtóirí ag an teanga, idirdhealú suntasach idir chás na Gaeilge agus cás theangacha mionlaithe eile is ea é seo.

Ní hé nach n-aontaíonn siad le cearta teanga, aontaíonn, ach is é lom na fírinne ná gurb í an tuiscint coitianta in Éirinn ar chearta teanga ná cearta na mBéarlóirí a chosaint i gcoinne na nGaeilgeoirí.

Tá cultúr forlámhas teanga beo beathaíoch mar a bhí riamh, “The middle classes think it a sign of vulgarity to speak Irish,” a scríobh Thomas1845, char tháinig athrú ar an scéal.

Chomh maith leis sin tá an-cheangail idir Chaitliceachas agus an Ghaeilge in aigne an-chuid daoine – chuir mé an cheist orm féin an tseachtain seo , an bhfuil an Ghaeilge ag fulaingt mar chuid den chath i gcoinne na hEaglaise?

Tá muinín agam go mairfidh an Ghaeilge nó leagan di sa todhchaí d’ainneoin dearcadh an rialtais agus claontaí ‘Éire Oifigiúil’ – ach níl a fhios agam an mbeidh aon ‘Irish Language’ amach anseo nó aon mhuintir Éireannach ar leith i ndáiríre.

Féach chomh maith

Éistear lenár nGlór a Thaoisigh – Caithear Éisteacht 

3 thuairim ar “Joe McHugh : Tugaimis seans dó

  1. RE: “The middle classes think it a sign of vulgarity to speak Irish,” a scríobh Thomas1845, char tháinig athrú ar an scéal.
    Freagra: Sin anois agat é. Bun agus barr. An fhadhb atá le cheartú.

    ACH
    RE: Chomh maith leis sin tá an-cheangail idir Chaitliceachas agus an Ghaeilge in aigne an-chuid daoine…
    Freagra: Er… no.
    Ach tá muid ar buile le daoine nach gceartaíonn an foclóir nuair atá tearmaí cosúil le ‘ginmhilleadh’ ann. Tá lámh láidir na hEaglaise san bhfoclóir agus cuireann sé as do dhaoine. Caithfear é sin a cheartú chomh maith.
    Ná déan an ceangail sin. Ná ceangail teanga is creideamh amháin ná creideamh amháin is Stát.
    Gaeilge do gach duine, is cuma céard a chreideann siad nó nach gcreideann siad. Cearta daonna do chách.

  2. nach sinn atá saonta ag súil le nach ndéanfadh polaiteóir ar bith ach an rud atá ar leas an pháirtí. Fuair Joe agus Heather an nod ó Enda de bharr go bhfuil siad suite i nDáilcheantair atá faoí bhrú ag SF agus tá súil Enda ar an chéad toghchán eile agus é ag iarraidh íomha na beirte a ardú agus is é cumas Gaeilge na ndaoine an rud deireannach a thiocfadh isteach ina chloigeann. níl sa Ghaeilge ag bunús na bPolaiteóirí sa Dáil ach rud tanáisteach gur cuma leo ann nó as í agus sin an fath a dtiocfadh leis an Taoiseach daoine a chur i bpostanna nach bhfuil siad oilte i gceart fá na gcoinne. Ní shílim go bhfuil páirtí ar bith eile sa Dáil a dhéanfadh an rud a láimhseáil ar a mhalairt de shlí ach oiread ar an droch uair. Le fáil amach cad é chomh tiománta agus atá Teachtaí Dála don teanga níl le déanamh ach a fhiafraí cé mhéad acu a labhraíonn an teanga lena bpáistí. An bhfuil níos mó na ceathrar ?

  3. Ceapaim féin go léíríonn an eachtra seo go bhfuil fadhb bhunúsach sa stáit seo maidir leis an nGaeilge-is é sin go bhfuil polaiteoirí i gceannas ar an nGaeilge agus go bhfuil baint acu le gach mór-chinniúint a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht.

    B’fhéidir gur chóir go mbeidh “aire” speisialta i gceannas ar chursaí Gaeltachta nach TD nó polaiteoirí é nó í. S’éard atá i gceist agam ná gur chóir go mbeidh daoine ainmnithe ag pobal na Gaeltachta (vótálaithe atá cláraithe sna ceantair Ghaeltachta) agus tofa ag muintir na Gaeltachta amháin. Bheadh an duine sé in ann suí isteach ar cruinnithe rialtais agus bheadh na cumhachtaí céanna aige nó aici is atá ag na polaiteoirí atá i gceannais ar chúrsaí Gaeltachta.

    Nó, b’fhéidir gur chóir “nations” a dhéanamh as na Gaeltachtaí ar mhúnla na dtreibheanna bundúchasacha i Meirceá-muintir na Gaeltachta i gceannas ar phóilíneacht, oideachas agus rudaí mar sin.

    Tá córas polaitiúl agus an pholaitíocht ag déanamh an-dochar don Ghaeilge.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s