Tá Gaeilgeoirí níos Éireannaí ná an dream gan í. Glac leis.


Is minic a chuirtear i leith an Ghaeilgeora go measann said go bhfuil siad ‘níos Éireannaí de bharr go labhraíonn siad Gaeilge’. Caithfidh mé a rá nach bhfuilim tar éis teacht ar an tuairim seo rómhinic ag Gaeilgeoirí. An freagra a bhíonn ag mórchuid na nGaeilgeoirí ná nach measann siad sin in aon chor. Nuair a smaoiním féin faoi áfach, is léir dom gur Éireannaí an duine a labhraíonn Gaeilge gan aon amhras. Díreach le bheith soileir nílim ag rá gur fearr bheith níos Éireannaí, díreach go bhfuil níos mó den Éireannachas ag roinnt leo.

Ar dtús céard is Éireannachas ann? An bhfuilimid ag caint ar shaorántacht na tíre? Ó d’fhéadfadh duine pas is saorántacht Éireannach a bheith acu gan aon eolas nó cur amach acu ar aon rud Éireannach nó Gaelach glas bán nó riabhach, caithfidh nach leis sin atáimid ag plé. Mar sin baineann an cheist seo le féiniúlacht is dócha, nó gnéithe de chultúr a thugann le fios go mbaineann duine le cultúr áirithe.

Buaic Chultúr na hÉireann? Anlann Bhaile UÍ Mhaolmhuaidh

Baineann teanga le féiniúlacht is le cultúr. Ní féidir a shéanadh gur dlúthchuid an Ghaeilge de chultúr na hÉireann. Ní thig le lucht an fhéinfhuatha sin a dhiúltiú. Is féidir go bhfuil sin ag athrú le cuid ghearr de stair na tíre ach is ann dó fós. Mar sin má tá tuilleadh den chultúr agat, is é sin go labhraíonn tú Gaeilge, tá tú níos Éireannaí. Dá gcuirfí beirt a bhí díreach mar a chéile i gcomórtas lena chéile ach Béarla a bheith ag duine amháin acu ach Gaeilge anuas air sin a bheith ag an duine eile, nach mbeadh an duine sin níos Éireannaí? Is geall le fíric é.

Samhlaigh an Fhrainc, dá ndéanfaí a chóilíniú is dá dtiontódh mórchuid an phobail ar an mBéarla, is dá mbeadh pócaí de chainteoirí Frainicise ann nach ndéarfaí gur Francaí na daoine céanna? Is cinnte go ndéarfaí. Fiú cúpla céad bliain tar éis don Bhéarla forlámhas a ghlacadh ní dóigh go bhféadfaí a rá nach mbeadh na cainteoirí Fraincise níos Francaí. Cén fáth gur féidir a leithéid a rá in Éirinn?

Blaa Phort Láirge, sainniúlacht arbh fhiú náisiún a bhunú uirthi?

Mar sin conas gur cuireadh an bhréag isteach inár mbéal chomh fada seo is go raibh Éireannaigh sásta leis? Baineann seo leis an teoiric úd, náire an iarchóilíneachais. Is éard atá i gceist leis seo ná an náire a thagann ar an bpobal dúchais tar éis cóilínithe. Nuair a chailltear an rud dúchais(teanga mar shampla) níl de fhreagra ag an dream nach bhfuil sí acu a thuilleadh ach fuath a thabhairt don chultúr céanna agus sodar i ndiaidh na n-uasal. Go mionminic is iad seo is binibí ar fad atá in éadan an chultúir. Má tá suim agat i gcás na dteangacha mionlaithe(níl aon rud mion faoi mhórchuid na dteangacha seo!) aithneoidh tú go dtagann na hargóintí céanna in airde arís is arís eile timpeall na cruinne. Teanga mharbh, teanga na mbocht, gan foclóir ceart, ina bac ar ghnó. Léifidh tú tráchtanna ag lucht fuatha na Breatnaise,agus cloisfidh tú na hargóintí seanchaite céanna ón lucht argóna seanchaite céanna. Arís eile ní daoine ó thír isteach iad seo ach an pobal dúchais ag tabhairt fuatha don rud a bhain leo féin agus ag iarraidh easpa éigin iontu féin a fholú.

Ar ndóigh tá gnéithe eile den chultúr i gceist chomh maith, ceol, spórt, féith ghrinn na hÉireann, fadhb náisiúnta óil. Má tá na gnéithe seo ag duine thar dhuine eile, is féidir a rá go bhfuil an duine sin níos Éireannaí ná an té eile. Ní hé go bhfuil an duine níos fearr nó go bhfuil luach níos mó air sin. Ní féidir luach oibiachtúil a chur ar chultúr thar a chéile. Mórphobal aonteangach na tíre seo tá go leor gnéithe Éireannacha ag baint leo, ach tá níos mó gnéithe idirnáisiúnta nó Angla-Mheiriceánacha ag roinnt leo ná mar atá ag lucht labhartha na Gaeilge. Anois seans nach bhfuil aon fhiúntas le baint as an tuairim seo a chur sa timpeall, cuireann sé fearg ar dhaoine agus díomá ar dhaoine. Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil sé fíor. Is buille beag amháin é in aghaidh an scata sin a thugann le fios nach mbaineann an teanga leis an tír seo in aon chor agus a dteastaíonn uaithi í a ruaigeadh amach ar fad ar fad.

Stobhadh Gaelach nó Éireannach, cé acu is cirte?

Déarfaidh daoine gur seafóideach an argóint atá déanta agam anseo, go bhfuil sé ciníoch, ach arís eile ní deirim go bhfuil luach níos airde ar chultúr amháin ná a chéile, ach mar sin féin go bhfuil difríochtaí ann. Tá go leor argóintí eile fíor leis, is Éireannaí daoine a sheineann an ceol gaelach nó a théann don spórt gaelach. Fágann ábhar an lae inniu ceist amháin eile agam an bhfuil na Gaeil éagsúil ó na hÉireannaigh nó an cheist í sin a bhíonn ag dó na geirbe ag aonteangaigh na tíre?

Is féidir easaontú go láidir le scríbhneoir an ailt @murchadhmor

4 thuairim ar “Tá Gaeilgeoirí níos Éireannaí ná an dream gan í. Glac leis.

  1. nuair a bhí mé óg agus mé ag foghlaim na Gaeilge ag ranganna Conradh na Gaeilge i mBéal Feirste b’éigean dúinn píosa próis a fhoghlaim de ghlan-mheabhair a thosaigh mar seo ” is Gaeil sinne agus ba Ghaeil ár sinsir leis na mílte bliain anall . Is í Éire ár dtír agus tá grá againn di srl.” Bheadh an dearcadh sin seanfhaiseanta an lá atá inniú ann ach tá sé suimiúil go ndearna an té a scriobh idirdhealú idir ainm an phobail GAEIL agus ainm na tíre ÉIRE. Ghlac mé leis ariamh ó shin gur Gaeil iad na daoine uilig a bhfuil an teanga acu agus is cuma cér díobh iad nó cad é an tír arbh as iad agus nach gá go gurbh as Éire ó dhúchas iad ar chor ar bith iad ach nach bhfuil sin amhlaidh ó thaobh an ” Éireannachais” de. An amhlaidh go bhfuil níos mó Gael sa domhan nach Éireannaigh iad ná atá de Éireannaigh in Éirinn nach Gaeil iad?

  2. Más náire an iarchoilíneachais is cúis leis an teannas idir na hÉireannaigh a thugann faoin nGaeilge a fhoghlaim agus na hÉireannaigh a thugann cúl ar an nGaeilge (agus is dóigh liomsa gurb ea), b’fhéidir gur cheart tagairt a dhéanamh do na próisis shíceolaíocha a bhaineann leis an athchultúrú. Ní saineolaí mé ar an ábhar seo, ná baol air, ach léigh mé alt le Máirín Nic Eoin le deireanas a thagair do thaighde J.W. Berry, a deir gurb iad na mórstraitéisí oiriúnaithe atá ar fáil do ghrúpaí imearcach (agus is dócha gurb ionann cás an phobail choilínithe a bheag nó a mhór) ná:

    1. an comhshamhlú (assimilation) – a tharlaíonn nuair a ghlacann an t-óstphobal le grúpa nua tar éis don ghrúpa sin a bhféiniúlacht chultúrtha féin a chaitheamh díobh;

    2. an comhtháthú (integration) – a tharlaíonn nuair a ligtear do ghrúpa nua cuid dá bhféiniúlacht chultúrtha féin a chaomhnú agus nuair a thugtar aitheantas dóibh mar ghrúpa taobh istigh d’ollsochaí ilchultúrtha;

    3.scaradh (deonach) nó

    4. dealú (éigeantach) – is é an difríocht idir an dá phróiseas seo (3. agus 4.) ná go roghnaíonn an grúpa nua a bheith scartha ón óstphobal i gcás amháin agus go gcuireann an t-óstphobal polasaí dealaithe i bhfeidhm ar an ngrúpa nua dá mbuíochas sa dara ceann;

    5. imeallú – nuair a chailleann an grúpa nua teagmháil lena gcultúr dúchais agus le cultúr an mhórphobail timpeall orthu, trí bheith coinnithe amach d’aon ghnó nó trí chúlú siar as a stuaim féin.

    Tuigim nach ionann go díreach cás an imircigh agus cás an iarchoilínigh, ach ní mór dóibh beirt cinneadh a dhéanamh maidir le sealbhú a gcuid féiniúlachta. Má bheartaíonn Éireannach a bhfuil cónaí air / uirthi i nGleann Cholm Cille, i gCarraig an tSionnaigh, in Hammersmith nó in Brooklyn an Ghaeilge a labhairt, déarfainnse go bhfuil an duine sin dhá oiread níos Éireannaí ná an feirmeoir as iarthar Chorcaí a dhiúltaíonn dá theanga dhúchais.

  3. Feictear dom gur conspóid ar son na conspóide atá anseo… Is fíor go mbíonn daoine áirithe ag tabhairt fuatha don teanga, agus gurb í náire an iarchóilíneachais is cionsiocair leis, ach ní dhéanann argóintí den sórt seo tada ach an fhuath chéanna sin a chothú. Tá an oiread céanna Éireannaigh ann nach dtugann fuath don Ghaeilge agus a bhfuil bá acu leis an teanga, ainneoin nach bhfuil sí ar a dtoil acu. Ab é a chaoi nach Éireannaigh sách maithe díobhse iad sin?

    Éilis, deir tú go bhfuil Éireannach a bheartaíonn Gaeilge a labhairt “dhá oiread níos Éireannaí ná an feirmeoir as iarthar Chorcaí a dhiúltaíonn dá theanga dhúchais?” Ní fheicim an bhaint atá ag an ráiteas sin leis an athchultúrú ná le taighde J.W Berry. Caithfear cuimhniú gur le Béarla a thógtar fórmhór mhuintir na tíre seo, rud a fhágann nach ndéanann muintir na hÉireann cinneadh comhfhiosach ‘diúltú dá dteanga dhúchais.’ Níl cinneadh le déanamh acu “maidir le sealbhú a gcuid féiniúlachta,” mar atá le déanamh ag imircigh, agus go deimhin, feictear do go leor acu, seans, nach bhfuil an Ghaeilge mar chuid dá bhféiniúlacht in aon chor. Is le Béarla a tógadh mise den chuid is mó- mar a chéile leatsa fhéin. Ar iompú dúinne ar an nGaeilge amháin, nach bhféadfaí a áiteamh ar an gcaoi chéanna go bhfuilimid ag tabhairt cúl lenár dteanga dhúchais, le teanga an tí, is é sin an Béarla? Sílim gur sotalach an mhaise dúinne é a bheith a’ rá go bhfuilimid níos Éireannaí ná ár muintir (a labhair Béarla linn) mar gur muidne a chuir spéis sa teanga álainn ársa seo, murab ionann agus an dream eile nach bhfuil an teanga acu (rud nach mbíonn neart ag daoine air más é nár tógadh leis an teanga iad, nó mura bhfuil bua na dteangacha acu.)

  4. Alt fíorshuimiúil é seo, gan amhras, ach ritheann sé liom go bhfuil léamh eile ar an scéal. Níl a fhios agam an mbíonn na Gaeil níos Éireannaí nó a mhalairt, ach is cinnte, dar liom, nach bhfuil siad chomh Sasanach le mórchuid an phobail in Éirinn. Is é atá i gceist agam anseo, nach bhfuil an chuid is mó de na daoine a bhfuil aithne agam orthu atá gan Gaeilge ar bith, nach bhfuil siad ábalta teanga ar bith eile ach an Béarla a labhairt. Maidir le lucht na Gaeilge, bíonn cuid mhór acu ábalta teangacha eile a thuiscint agus a labhairt de bhreis ar an Ghaeilge agus an Béarla, agus fágann sin nach mbíonn siad i dtuilleamaí an Bhéarla ar fad – ní trí lionsa cultúrtha an Bhéarla amháin a amharcann siad ar an tsaol. Sin é mo bharúil féin, cibé.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s