314. Ceadaíonn Náire Éigniú

ancroiait

Teannas sa Tost: An Fhírinne Faoi Ionsaí

 

An cur i gcéill

Tá laochra againn in Éirinn a labhraíonn amach. Sceitheann siad an fhírinne. Duine ar bith a labhraíonn amach faoi choireanna uafásacha, na Justice For Magdalenes, agus Catherine Corless mar shamplaí. Go minic níl sé éasca. Go minic ionsóidh daoine thú faoin fhírinne a scaoileadh amach. Fiú nuair nach féidir a shamhlú cén fath nach labhródh duine amach faoi uafás éigin. Déan an rud ceart agus caillfidh tú cairde. Déarfaidh daoine go bhfuil tú frith-rud éigin (Eaglais, Stát, Grúpa faoi leith). Beidh tú coinnithe amach, shunned, mar bhris tú na rialacha. Is nuair a tharlaíonn sé sin, tarlaíonn rudaí mar Rotherham, mar na Magdalenes, mar na cnámha i dTuaim. Arís agus arís eile faoi na hábhair seo chualamar an focal ‘náire.’ Nuair nach bhfuil caint ar choir, ní gá rud a dhéanamh faoi…

Amharc ar an alt bunaidh 1,114 d’fhocla eile

Léirmheas : ‘Sciorrann an tAm’

Léirmheas le Aonghus Ó hAlmhain

@aonghusoha

Tá cnuasach bhreá eile bronnta orainn ag údar Canary Wharf, gearrscéalta atá feiliúnach don 21ú aois. Ainneoin a dhorcha agus a neamhghnáiche is atá na heachtraí san scéal, téann an insint i bhfeidhm ar an léitheoir agus ní bhaineann dua ar bith leis an díchreideamh a chuir ar fionraí fad is atá duine ag léamh.

 
Pléitear go healaíonta ann le na téamaí síoraí mar atá i dtreis san ré seo; grá, éadóchas, cearrbhachas, fonn lámh a chuir i mbás duine féin, uaigneas, suas is anuas an mhargadh tithíochta, tromaíocht ar obair. Pléann scéal chumhachtach amháin leis an eagla a bhíonn ar seandaoine ina n-aonar faoin dtuath. {2EBB2169-E491-4CD3-9BDB-DCDF424818D5}Img100
 
Tá smacht aici ar an insint, ag carnadh sonra ar shonra leis an scéal a léiriú – ag taispeáint dúinn seachas ag insint dúinn cad atá ag tarlú.
 
De bhrí gur léigh mé an cnuasach i ndiaidh a chéile, braith mé laige amháin ar mar chnuasach – ainneoin éagsúlacht na scéalta bíonn corr i ngach ceann acu, beagnach, ag deireadh a bhaineann casadh mór as an scéal.
 
Agus iad á léamh i ndiaidh a chéile agam bhraith mé go raibh oideas i gceist, foirmle, agus laghdaigh sin pléisiúr na léitheoireachta beagán. Ach ar ndóigh, is iondúil gurbh anois is arís a tharraingeodh duine a leithéid de leabhar chucu féin, scéal thall is abhus á léamh acu.
 
Ní bheadh drogall ar bith orm mar sin an leabhar a mholadh; agus ó thaobh an earra féin tá cuma maith ar an gclúdach agus an cló agus na leathanaigh ar ard chaighdeán. Má bhí aon botún cló nó eagarthóireachta ann, níor léir domsa é!
Agus cé go bhfuil an dorchadas ina orlaí tríd na scéalta, tá dóchas le fáil iontu freisin. Leabhar a bhréagnaíonn an tuairim nach dtig leis an nGaeilge dul i ngleic leis an saol uirbeach (dá mba ghá sin)
photo
Orna Ní Choileáin ag léamh as ‘Sciorrann an tAm’
Cúis mórtais d’Orna Ní Choileáin agus Cois Life go bhfuil Canary Wharf as cló – táim cinnte go mbeidh ráchairt ar an leabhar seo freisin, agus tá súil agam go mbeidh spreagadh ann iad a choinneáil i gcló!
Gearrscéalta
ISBN: 9781907494383
Foilsithe: 2014

 

A’ siubhail air feadh an t-saoghail le mo mhapa-sgrìobaidh #gàidhlig

Trèanaichean, tramaichean is tràilidhean

Is toil leam a bhith a’ siubhail agus is toil leam cuideachd a bhith a’ clàradh a h-uile àite far an robh mi.
Fhuair mi deagh phrèasant bho chionn bliadhna no dhà a tha na chuideachadh mòr le bhith a’ dèanamh seo: mapa-sgrìobaidh no scratch-map.
 ‘S e a tha seo ach mapa far an sgrìob thu dheth na h-àiteachan air an do thadhal thu. Tha e coltach ri scratch-card Lotto no rudeigin mar sin. Aig an tòiseach, tha am mapa dìreach ann an aon dàth ach fàsaidh e dathach le gach baile, sgìre no dùthaich a sgrìobas tu dheth.
Seo dealbh den mhapa mar a tha e an-dràsta. Mar a chì thu, tha mi air a bhith sa h-uile sgìre comhairle ann an Alba ach a-mhàin Arcaibh is Sealltainn. Tha grunn eileanan Gàidhealach nach fhaca mi fhathast nas motha, a’ gabhail a-staigh Ìle, Tioradh, na h-Eileanan Beaga, Hiort (!) is…

Amharc ar an alt bunaidh 288 d’fhocla eile

Brendan Cummins – Rí an Phoic Fhada

CLG Go Deo

Brendan Cummins – Rí an Phoic Fhada

Ba é Brendan Cummins, iariománaí agus iarpheileadóir de chuid Thiobraid Árann, a bhuaigh cluiche ceannais chomórtas bliantiúil an phoic fhada, atá urraithe ag Martin Donnelly, Dé Domhnaigh seo caite. Is é seo an t-ochtú huair a bhfuil an seanchomórtas iontach seo buaite aige. Curiarracht é, dar dóigh,.é a bhuachan don ochtú huair. Ba é Ruairí Convery as Doire agus Eoin Reilly as Laois a tháinig sa dara agus sa tríú háit.

brendan-cummins-pocf-fada.jpg

Comórtas e seo a théann siar chuig aimsir Shétanta, de réir na bhfinscéalta, agus tá sé ar cheann de na príomhimeachtaí ar fhéilire Chumann Lúthchleas Gael gach bliain. Is ar shléibhte Chuaille a bhíonn an comórtas seo ar siúl ó bhliain go bliain.

Dar ndóigh, bhí an comórtas seo le bheith ar siúl níos luaithe sa mí ach cuireadh ar athló é de bharr na drochaimsire.

Ba í Patricia Jackman as Port…

Amharc ar an alt bunaidh 62 d’fhocla eile

Éire faoi cheilt is á coinneáil faoi cheilt

Tuairim le Ciarán Dunbar

Is tric, agus mé ag déanamh cainteanna ar stair na Gaeilge i mo cheantar dúchais go dtosnaím leis an scéilín seo.

Agus mé sa chéad bhliain ar an ollscoil, bhí mé ag coisir tí agus d’fhiafraigh duine díom cén ábhar a raibh mé ag déanamh staidéir air.

D’fhreagair mé go raibh mé ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge agus ar an eacnamíoacht mar a bhí ag an am.

190680_334579686655058_715101559_n
Gaeltacht 1911

Gaeilge!” a screadaigh sé le deistín fóntaíoch, “Cén fáth, tá sin gan úsáid.”

Teanga na hÉireann,” a d’fhreagair mé go fann.

Cén uair,” a d’fhreagair sé go fíochmhar, “míle bhliain ó shin?”

D’fhiafraigh mé de cárb as dó agus d’inis sé dom gurb as baile fearainn taobh amuigh den Iúr a raibh clú na Gaeilge air, áit a raibh cainteoirí dúchais ar fail sna 1940í.

Chuir mé sin in iúl dó agus d’fhreagair sé go daingean – “Ní chreidim thú.”

Ní cheartaigh mé é agus char lean mé leis an chomhluadar seo ach d’fhan an comhrá liom i bhfad, ní +amháin aineolach, ní hamháin cinnte den aineolas, ach docht daingean leis.

Níor thuig sé gur athraigh teanga na háite ó Ghaeilge go Béarla, próiseas curtha i gcrích go hiomlán, fiche bhliain nó mar sin sular rugadh é, ach cén dóigh a mbeadh a fhios aige óir níor cuireadh in iúl dó – rún atá ann.

B’shin comhrá a spreag go leor gníomh.

Tá mé ag tabhairt freagair air ó shin.

Smaoinigh mé ar an chomhluadar sin an tseachtain seo chuaigh thart nuair a d’fhoghlaim mé gur scríobh an dramadóir Seán Ó Cathasaigh, nó Seán O’Casey mar a b’fhearr aithne air gearrscéalta i nGaeilge.

Foilsíodh iad go rialta in iris de chuid Craobh Dhroim Conrach de Chonradh na Gaeilge – Tá súil agam go bhfeicfidh mé i gcló iad am éigin.

What a pity Jim Larkin wasn’t an Irish speaker and what a pity Pearse died in Easter week,” a scríobh sé in litir chuig Walter Mackin.

_74355445_e6204fa2-215e-4648-81d1-75fcc9d07f2b
John Casey > Seán Ó Cathasaigh > Seán O’Casey

Is féidir an taobh sin de shaol Uí Chathasaigh a léamh ar ainm.ie dála an scéil (http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=667)

Ach seo an rud, rinne mise staidéar ar dhramaíocht Sheán O’Casey ar scoil, agus beagán ar an Ollscoil – cén fáth nár eol dom seo?

Cuireadh in iúl dom i gcónaí gurb shóisialach é O’Casey de bhunadh Protastúnach nach raibh aon spéis aige ina leithéid, muise, rinneadh laoch frithPoblachtanach as, cineál proto-Conor Cruise O’Brien.

Ach is iomadaigh scéal mar sin agam….

Is cuimhin mé ar an Ollscoil ag léacht ar Rodger Casement, mhínigh an léachtóir leis an rang nach raibh aon bhaint ag Mac Asmuiinn leis an Ghaeilge nó Gaelachas nó leis an ‘Gaelic Revivalism’ dar léi.

Suas le mo lámh ar luas lasrach, mhínigh mé don léachtóir uasail seo nach riabh fírinne ar bith sa scéal seo aici.

Go raibh an-bhaint ag Casment le Glinntí Aontroma agus Reachlainn nuair a bhí siad ina nGaeltachtaí.

Bhí baint láidir ag Casement le Conradh na Gaeilge, rinne sé iarracht an Ghaeilge a fhoghlaim agus go raibh baint aige le Feis na nGleann.

Baineadh siar aisti go mór caithfidh mé a admháil, agus caithfidh mé a ghlacadh nach raibh sé riamh ar an eolas faoi seo – níor thuig sí go raibh Gaeilge riamh taobh amuigh den Ghaeltacht mar atá sí inniu.

Bhí an bhean seo náirithe agam leis an fhírinne a dhéanamh leat.

Títear domsa go síleann daoine go mbaineann teorainneacha na nGaeltachtaí leis na meán-aoiseanna ní le 1956, agus fiú ansin, fágadh na mílte cainteoirí ó dhúchas taobh amuigh (agus glacadh ceantair Ghalldaithe isteach ar ndóigh).

Ach ba phatrún é seo, arís is arís eile dúradh linn ar ranganna polaitíochta gur raibh an stát agus muintir na hÉireann éirithe as an Ghaeilge – arís mhínigh mé di nach riabh sé sin iomlán fíor – ag an am sin cibé ar bith.

Tá Gaelscoil le fáil leath-mhíle ó Ollscoil na Banríona mar shampla, níl an Chultúrlann tuairim ar míle ar shiúil, díreach trasna na tíre ach thiocfadh leis a bheith i dTalamh an Éisc.

Nuair a úsáideann na scoithaicmí an focal ‘muid’, iad féin amháin a bhíonn i gceist, ní bhacann siad mórán leis na haicmí ísle, seans gurb é sin an fáth nach bhfuil barúil acu faoin tír nó na daoine a bhfuil cónaí orthu inti.

Tá an insint athbhréithiúnach ar an stair níos tábhactaí na fíricí staire ar bith is léir agus is iomaí sampla den ascríobh céanna agam.

Ach ní leis na meánaicmí amháin a bhíonns an insint bhréagach seo, an fíle Patrick Kavanagh cuir i gcás, marbh a bhí an Ghaeilge dar leis ach is ar éigin gur mhair sé féin níos faide ná an cainteoir dúchais deireanach ina pharóiste féin – arbh eol dó sin fiú?

Ach tá freagair ann don mhíbhail inteachtúil seo, tá an leabhar iontach le Vincent Morley mar shampla, “Ó Chéitinn go Raiftearaí : Mar a Cumadh Stair na hÉireann,” a dhéanann an insint aineolach seo a bhréagadh go cumasach – a léiríonn an fhírinne faoin ról a d’imir an Ghaeilge i múnlú náisiún na hÉireann tar éis go ndearnadh a bheag de.

 

Toisc nach bhfuil Gaeilge ag go leor staraithe, déanann siad neamhaird de na bunfhoinsí a scríobhadh sa teanga. Dá mba rud é gur tharla sé i nGaeilge níor tharla sé ar chor ar both, is cosúil. Ardsaothar atá anseo.”

Colm Ó Broin, Gaelscéal, 25 Iúil 2012.

Ach mar a scríobh Gearóid Ó Tuathaigh ina léirmheas air, “Bheadh sé go deas dá bhféadfaí a rá go mbeidh an leabhar seo á léamh … ag na staraithe gairmiúla a dtugtar ómós dóibh mar shaineolaithe ar stair na hÉireann … Ach, is féidir, agus is trua, nach mar sin a bheidh, de bhrí gur chompántas an-bheag é an compántas staraithe ar an dtréimhse seo a bhfuil dóthain Gaeilge acu chun an leabhar a léamh.

Agus sin é an pointe nach é?

Mar sin, tá aineolas a spréadh ag inteachtóirí agus teagascóirí ar an ábhar nach bhfuil an t-eolas acu sa chéad dul síos.

Dúradh liom tráth gurb é ceann de na laigí is mó a bhí ag an Ghaeilge ná an easpa tacaíochta a bhí aici i measc intleachtóirí – meas sibh go bhfuil aon bhaint ag naimhdeas na ndaoine céanna lena míchumas inti agus easpa cumais s’acu a gcuid oibre a dhéanamh mar is ceart mar thoradh air sin?

 

 

An Deireadh Seachtaine CLG

Tuairiscí le

CLG Go Deo

@beo_clg

Cluichí Leathcheannais Peile agus Iománaíochta ag an Deireadh Seachtaine

Ciarraí 1-16 Maigh Eo 1-16 – Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann

Caithfidh Maigh Eo agus Ciarraí aghaidh a thabhairt ar a chéile arís tar éis comhscór iontach a bheith acu i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite. Is i Luimneach a imreofar an athimirt seo rud atá tar éis go leor cainte a spreagadh le cúpla lá anuas. Ní bheidh Páirc an Chrócaigh ar fáil don chluiche seo de bharr go bhfuil cluiche peile Meiriceánaí i ndialann lucht Pháirc an Chrócaigh don lá céanna le fada.

Rinne Maigh Eo dhá athrú ag tús an chluiche seo. Chuir siad Jason Gibbins agus Alan Freeman isteach in áit Chris Barrett agus Andy Moran – rud nar chuir iontas ar mhórán!

Bhí tús an-mhall leis an gcluiche seo agus d’éirigh le Ciarraí an lámh in uachtar a fháil ar an gcath teaicticí a bhí ar bun ag an dá fhoireann sa gcéad leath. Is léir go raibh an-fhaitíos ar Mhaigh Eo roimh James O’ Donaghue agus ní haon ionadh tar éis an damáiste a rinne Michael Murphy agus Bernard Brogan i gcluichí ceannais na hÉireann le dhá bhliain anuas. Cuireadh Keith Higgins agus Tom Cunniffe á mharcáil. D’fhan líne leathchúil Mhaigh Eo siar sa gcéad leath, freisin, le tacaíocht bhreise a thabhairt do na lánchúlaithe.

D’fheil na teaicticí seo do Chiarraí agus d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Eo sa gcéad leath ar scór 09 go dtí 0-5. Chiceáil Ciarraí an-scóranna sa leath sin agus sheas scóranna David Moran agus Fionn Fitzgerald amach ach go háirithe.

Cuireadh Lee Keegan den pháirc tar éis 33 nóiméad – rud a d’athraigh an cluiche agus a chinntigh go mbeadh dara leath oscailte againn. Deir go leor nár cheart go gcuirfí den pháirc é ach níor thug se mórán rogha don réiteoir, David Coldrick, nuair a rinne sé iarracht Johnny Buckley a chiceáil.

Is é an bua is mó atá ag Maigh Eo ná go bhfuil líne leathchúil agus fir lár páirce acu atá damanta maith ag ionsaí agus ag cabhrú leis na tosaithe. Ní raibh an líne leathchúil ag gabháil chun tosaigh ar chor ar bith sa gcéad leath. Nuair a cuireadh Keegan den pháirc, áfach, thréig siad an plean a bhí acu agus chonaic muid an-pheil ó Mhaigh Eo nuair a d’ionsaigh siad cúlaithe Chiarraí gan trócaire. Bhí Aidan O’ Shea lárnach sna hionsaithe seo. De bharr riail nua an chárta dhuibh ní raibh mórán go bhféadfadh Ciarraí a dhéanamh agus Maigh Eo ag teacht ina dtonnta!

Scóráil O’ Donaghue cúilín díreach tar éis leathama le Ciarraí a chur cúig chúilín chun tosaigh – Ciarraí 0-10 Maigh Eo 0-05. Dhúisigh sé sin Maigh Eo. Taobh istigh de 25 nóiméad bhí Maigh Eo imithe 1-13 go dtí 0-13 chun tosaigh tar éis do Cillian O’ Connor, laoch na himeartha, cic éirice a scóráil. Le linn an ama sin, tháinig Andy Moran isteach agus idir é féin agus O’ Conor, ach go háirithe, rinneadh scrios ar chúlaithe Chiarraí.

Ní raibh Ciarraí críochnaithe, áfach, agus chríochnaigh siad an cluiche an-láidir. Tháinig Kieran Donaghy isteach agus ní raibh cúlaithe Mhaigh Eo in ann aige. Bhí tionchar mór aige ar an gcluiche. Le dhá nóiméad fágtha ar an gclog chuir David Moran liathróid fhada isteach i dtreo na cearnóige. Rug Donaghy air, thug pas do O’ Donaghue agus cuireadh san eangach í. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin scórail O’ Leary do Chiarraí chun iad a fhágáil ar chomhscór. Bhí seans ag O’ Donaghue ar scór eile, a bhuail an posta, ach is ar chomhscór a chríochnaigh sé.

Níl aon amhras ach go raibh tionchar mór ag na fir ionaid ar an gcluiche seo a imríodh os comhair 52,495 duine. Go dtí an Satharn seo chugainn i Luimneach ag a 5…

Scóralaithe:

Ciarraí: J O’ Donaghue 1-03, D Moran, D Walsh 0-2 an duine, P Murphy, P Crowley, F Fitzgerald, M Geaney, J Buckley, S O’ Brien, P Geaney (cs), B Sheehan (cs), K O’ Leary 0-1 an duine

Maigh Eo: C O’ Connor 1-08 (1-05 cs,cé), A Dillon 0-3, A Moran 0-2, L Keegan, C Boyle, J Doherty 0-1 an duine

Ciarraí 1-14 : 2-07 Maigh Eo – Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann – Mionúir

Cosúil le cluiche na sinsear, an-chluiche a bhí mall ag tosú mar chomórtas. Fíorbheagan scóranna a bhí sa gcéad leath agus is beag a bhí eatarthu. Chuaigh Maigh Eo isteach chun tosaigh ag leatham pointe amháin chun tosaigh leis an scór ceithre chúilín go dtí trí chúilín.

Cluiche iomlán difriúil a bhí sa dara leath, áfach, agus bhí an-iomaíocht sa tríú ceathrú den chluiche seo. Nuair a scóráil Tomas Ó Se cúl do Chiarraí tar éis 42 nóiméad cheap muid go raibh an cluiche seo thart ach taobh istigh de nóiméad bhí cúl aimsithe ag TJ Byrne do Mhaigh Eo.

Ina dhiaidh sin, áfach, bhrúigh Ciarraí chun tosaigh agus bhí bua compordach acu sa deireadh – in ainneoin go bhféadfadh sé a bheith níos compordaí acu. Chuir Jordon Kiely cic éirice amú do Chiarraí agus scóráil Maigh Eo cúl bog in am cúitimh gortaithe.

Bhí an-chluiche go deo ag Killian Spillane, mac le Tom, agus scóráil sé sé phointe agus trí cinn acusan ón imirt.

Tabharfaidh Ciarraí aghaidh ar bhuaiteoirí an chluiche idir Áth Cliath agus Dún na nGall ar 21 Meán Fómhair anois.

Scórálaithe

Ciarraí: K Spillane 0-6 (3 cs), L Carey 0-3, T Ó Sé 1-0, S Ryan 0-1 (1 cs), M O’ Connor, M Burns, M Flaherty, J Kiely 0-1 an duine

Maigh Eo: TJ Byrne 2-0, G Boylan 0-4 (3 cs), C Hanley 0-1 (1 cs), F Duffy, B Reape 0-1 an duine

An Clár 4-28 : 1-10 Aontroim – Cluiche Leathcheannais Iománaíochta na hÉireann faoi 21

An rud is mó a léiríodh sa gcluiche seo ná go bhfuil gá le hAontroim agus Gaillimh gabháil isteach i gCraobhchomórtas Laighean sna mionúir agus faoi 21. Ní dhearna an cluiche seo maitheas do dhuine ar bith, iománaithe óga Aontroma ach go háirithe. Dá mbeadh cluichí ag Aontroim i gcúige Laighean, agus dá mbeadh siad iomaíoch in éadan foirne as cúige Laighean, bheadh dóchas acu agus d’fhéadfaidís tosú ag déanamh dul chun cinn. Ní dhéanfaidh siad aon dul chun cinn faoi mar atá an córas i láthair na huaire.

D’éirigh le hAontroim gabháil a fhad le cluiche ceannais na hÉireann ag an leibhéal seo anuraidh ach ní éireoidh leo a leithéid a dhéanamh rómhinic amach anseo faoin gcóras reatha. Ní fheabhsóidh cúrsaí iománaíochta in Aontroim mara leantar córas na sinsear. Is é sin go gcuirfí isteach i gCraobhchomórtas Laighean iad.

Sin uilig ráite níl aon amhras ann ach go bhfuil foireann iontach ag an gClár agus go mbeidh sé fíordheacair ar Loch Garman iad a stopadh ag buachan a dtríú craobh as a chéile.

Maidir leis an glcuiche féin tugadh Laoch na hImeartha do Aaron Cunningham mar aitheantas ar an 3-03 a scóráil sé. Bhí an-chluiche, freisin, ag imreoir na bliana 2013, Tony Kelly, agus scóráil sé 1-03. Ba iad Stephen McAfee agus Ciaran Clarke is mó a sheas amach do fhir óga Aontroma.

Scórálaithe:

An Clár: A Cunningham 3-03, T Kelly 1-03, C’ O Connell 0-06 (5 ps) B Duggan 0-5 (3 ps), D Reidy 0-03, C Galvin, S O’ Donnell 0-02 an duine, J Shanahan, E Enright, N Deasy, S Gleeson 0-1 an duine

Aontroim: Sean McAfee 1-0, Stephen McAfee 0-03, C Clarke 0-03 (1 ps), M Bradley, D McKernan, C Burke, S McCaughan 0-01 an duine

Loch Garman 1-21 : 1-19 Gaillimh – Cluiche Leathcheannais Iománaíochta na hÉireann faoi 21

An-chluiche go deo a bhí againn i Staid Semple a imríodh os comhair 6,853. Ba é Jack Guiney a rinne an difríocht do Loch Garman agus caithfidh go bhfuil sé san iomaíocht do imreoir óg na bliana anois. Scóráil sé 1-08 ar an lá agus bhreathnaigh sé contúirteach ó thús go deireadh an chluiche.

Ar fhoireann na Gaillimhe ba é Pádraic Brehony is mó a sheas amach leis an 1-06 a scóráil sé ón imirt.

Bhí tréimhsí ag an dá fhoireann nuair a cheap siad go raibh an lámh in uachtar faighte acu agus léirigh an dá fhoireann díocas agus uaillmhian le teacht ar ais. Bhí an cluiche cothrom 7 n-uaire le linn an chéad leath. Ar deireadh thiar ba iad fir óga Loch Garman a bhuaigh agus is iad a bheidh ag imirt in aghaidh an Chláir i gcluiche ceannais na hÉireann ar 13 Meán Fómhair.

Níl aon amhras faoi ach go bhfuil iománaithe Loch Garman ar ais i measc na mboc mór arís.

Scórálaithe

Loch Garman: J Guiney 1-08 (0-7 ps), G Moore, C McDonald, K Foley 0-3 an duine, P Foley 0-2, A Nolan, C Devitt 0-1 an duine

Gaillimh: P Brehony 1-06, S Maloney 0-6 (3 ps), C Mannion 0-3, B Molloy, J Glynn, E burke, A Tuohy 0-1 an duine

Curiarracht Chomhrá Gaeilge Beartaithe

GRÚPAÍ AR FUD AN DOMHAIN Á LORG CHUN CURIARRACHT CHOMHRÁ GAEILGE A BHAINT AMACH!

 Tá Seachtain na Gaeilge ag lorg grúpaí ó gach cearn den domhan chun páirt a ghlacadh i gcuriarracht dar teidealComhrá ’14 chun an comhrá Gaeilge is faide ar domhan a bhaint amach ó 5 – 12 Deireadh Fómhair 2014.

 Déanfaidh Comhrá ‘14 iarracht an churiarracht dhomhanda don chomhrá leanúnach Gaeilge is faide ar domhan riamh a chruthú trí shraith de chiorcail chomhrá Ghaeilge a nascadh le chéile ó áiteanna ar fud na cruinne i rith na seachtaine ar leith seo.

Beidh uair a chloig cainte ag gach dream agus bainfear leas as an idirlíon chun na grúpaí Gaeilge éagsúla a cheangal le chéile, áit a shruthófar Comhrá ‘14 beo ar leathanach idirlín na curiarrachta arwww.snag.ie/comhra ar feadh an ama. Beidh deis ag an bpobal trí chéile páirt a ghlacadh ar Twitter leis an haischlib#comhra.

 Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge: “Reáchtáladh Comhrá 24/7 do Bhliain na Gaeilge 2013 agus baineadh amach curiarracht dhomhanda do chomhrá Gaeilge 168 uair a’ chloig. Is mian linn tógáil ar an gcuriarracht sin agus í a shárú le comhrá 169 uair a’ chloig i mbliana!

Chomh maith leis sin, is spreagadh iontach a bheidh ann do dhaoine agus grúpaí ar suim leo an Ghaeilge a úsáid agus ceangal a dhéanamh le grúpaí eile ar fud an domhain chun í a cheiliúradh i slí nuálach agus spraíúil.”

 Tá grúpaí á lorg ag lucht eagraithe Comhrá ’14 le freagracht a ghlacadh as uair a chloig amháin (nó níos mó), mar sin más spéis leatsa nó le do chiorcal comhrá áitiúil páirt a ghlacadh sa chomhrá leanúnach Gaeilge is faide ar domhan riamh, seol an dáta agus an tréimhse ama gur mhaith le do ghrúpa tabhairt fúithi chuig comhra@cnag.ie nó glaoigh ar oifig Sheachtain na Gaeilge ar +353 (0)1 4757401.

 Tá roinnt grúpaí tar éis uaireanta a chur in áirithe cheana féin mar sin is fiú am a chur in áirithe go luath ionas nach mbeidh díomá ar do ghrúpa. Is féidir féachaint ar chlár ama na curiarrachta ar www.snag.ie/comhra i gcomhair tuilleadh eolais faoi na tréimhsí ama atá fós ar fáil. Gheobhaidh gach grúpa rannpháirteach pacáiste tacaíochta le smaointe agus téamaí cainte chun cabhrú leo agus iad i mbun an chomhrá mhóir.

 Tá físeán ar http://youtu.be/ghaiHCszUTg a léiríonn cuid de bhuaicphointí Comhrá 24/7 agus is áis iontach í chun daoine i do phobal a spreagadh le páirt a ghlacadh sa churiarracht in 2014.

 

Táthar ag súil go mbeidh ciorcail chomhrá á n-eagrú ag leithéidí chraobhacha Chonradh na Gaeilge, choistí Gaeilge, scoileanna, eagraíochtaí cultúir, chlubanna óige, údaráis náisiúnta agus áitiúla, agus neart eile mar chuid den tograComhrá ’14. Tá gach eolas faoi Comhrá ’14 ar shuíomh Sheachtain na Gaeilge ar www.snag.ie/comhra.

Bileag ùr le Alba Aosmhor air bogsa siognailidh #gàidhlig

Trèanaichean, tramaichean is tràilidhean

Chan ann tric a bhios mo chur seachadan is m’ obair a’ tighinn còmhla ach tha Alba Aosmhor, far a bheil mi ag obair pàirt-ùine an-dràsta, air bileag ùr mu bhogsaichean siognailidh fhoillseachadh bho chionn goirid.

Chan fhada a-nis gun an dùin na bogsaichean siognailidh traidiseanta mu dheireadh ann an Alba nuair a thèid teicneòlas ùr a chur nan àite.

Tha cuid den fheadhainn as cudromaiche a tha air fhàgail nan toglaichean clàraichte a-nis gus an glèidheadh son an àm ri teachd. Tha Network Rail agus Alba Aosmhor air leabhran a dhèanamh le dealbhan de chuid de na bogsaichean siognailidh as cudromaiche ann an Alba.

Gheibhear air-loidhne e air làrach-lìn Alba Aosmhor.

Alasdair

Amharc ar an alt bunaidh

Cath an Chrócaigh : Ciarraí nó Maigh Eo?

Ciarraí v Maigh Eo, Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann,Dé Domhnaigh, 3.30

Réamhamharc le 

CLG Go Deo

@beo_clg

Tá Craobhchomórtas Peile na hÉireann tosaithe ceart! Tá muid fágtha anois leis an gceithre fhoireann is fearr sa tír.

Níl aon amhras faoi sin. Dé Domhnaigh seo chugainn, is iad Ciarraí agus Maigh Eo a bheidh ag tabhairt aghaidhe ar Pháirc an Chrócaigh le gabháil i mbun catha le chéile le feiceáil cé a ghabhfas ar aghaidh chuig cluiche ceanais peile na hÉireann 2014.

Cé acu a bheidh an lá? Ceist an-deacair!

Tá go leor cainte déanta le roinnt laethanta anuas ar chluichí a imríodh idir an dá fhoireann seo le blianta beaga anuas. Ó 1997 i leith d’imir an dá fhoireann seo in aghaidh a cheile cúig huaire sa gcraobhchomórtas i bPáirc an Chrócaigh agus gan aon cheann buaite ag Maigh Eo.

Ón mbliain 2000 i leith tá an dá fhoireann seo tar éis ceithre cinn de chluichí ceannais na hÉireann a chailleadh – ach tá Ciarraí tar eis cúig cinn a bhuachan agus gan aon cheann buaite ag Maigh Eo, dar ndóigh. An mbeidh tionchar ag na cluichí agus na staitisticí seo ar cé a bhuafas Dé Domhnaigh?

Déarfainn nach mbeidh.

 Maigh Eo

download
James Horan

Tá foireann seo Mhaigh Eo níos fearr ná foirne eile a chaith an geansaí dearg is glas rompu. Tar éis dóibh cluiche ceannais na hÉireann 2012 a chailleadh in aghaidh Dhun na nGall cheap go leor go mbeadh sé deacair orthu teacht ar ais ach tháinig siad ar ais. Nuair a chaill siad cluiche ceannais na hÉireann anuraidh in aghaidh na Dubs dúradh nach dtiocfadh siad ar ais go deo agus dúradh go raibh siad críochnaithe.

Bhuel, tháinig siad ar ais agus níl siad críochnaithe fós. Ní fhéadfadh le foireann nach raibh sách maith agus sách láidir a leithéid a dhéanamh. Tá foireann seo Mhaigh Eo sách maith. Ní hamháin go bhféadfaidís an cluiche seo a bhuachan ach d’fhféadfaidís an chraobh a bhuachan, freisin.

Tá jab iontach déanta ag James Horan. Nuair a tháinig sé isteach sa mbliain 2011 bhí lucht peile i Maigh Eo in ísle brí ach, ó shin i leith, tá Horan tar éis dóchas agus misneach a thabhairt do mhuinitr Mhaigh Eo.

Le linn a ré go dtí seo tá ceithre Chraobh Chonnacht buaite acu. Tá siad tar éis gabháil a fhad le cluiche leathcheannais na hÉireann (ceann acu in aghaidh Chiarraí a chaill sé) chuile bhliain ó shin, ar a laghad. Éacht é sin ach má tá se ag iarraidh go mbeadh a ainm scríofa sna leabhair staire caithfidh se an ceann mór a bhuachan.

Níl amhras ar bith faoi ach go mbeidh a chuid obair bhaile déanta ag Horan don chluiche seo. Déanfaidh sé cinnte nach mbeidh aon fhaitíos ar a fhoireann roimh Chiarraí. Freisin, is cinnte go n-úsáidfear an méid a dúirt leithéidí Larry Thomkins sna meáin chumarsáide fúthu a bheith bog chun a thuilleadh spreagadh a thabhairt dóibh. Beidh Maigh Eo réitithe le haghaidh Chiarraí. Bí cinnte de sin.

Cáineadh eile a rinneadh ar Mhaigh Eo anuraidh ná gur bhain siad barr feabhais amach i bhfad róluath sa samhradh agus nach raibh siad in ann an caighdeán ard peile a bhí acu a choinneáil suas. Ní féidir a leithéid a rá fúthu i mbliana, áfach. Rinne siad scrios ar chuile fhoireann a chuaigh chun páirce leo anuraidh suas go dtí cluiche ceannais na hÉireann.

I mbliana, áfach, agus taobh amuigh den chluiche in aghaidh Nua Eabhrac is ar bheagán scóranna a bhuaigh siad a gcuid cluichí. Bhuaigh siad ar Ros Comáin ar phointe amháin, bhuaigh siad ar Ghaillimh ar 7 bpointe agus bhuaigh siad ar Chorcaigh ar phointe amháin. Níl siad tar éis caighdeán imeartha na bliana seo caite a bhaint amach fós ach tá siad ag gabháil sa treo sin de réir a chéile.

 

Ciarraí

Fitzmaurice_Eamon_Aug2012_U21
Eamon Fitzmaurice

Nuair a smaoiníonn tú ar fhoireann peile Chiarraí le roinnt blianta anuas tagann féar fada isteach san intinn! Mar a rinne siad anuraidh tá siad ag traenáil is ag obair leo gan mórán airde a tharraingt orthu féin. Is féidir bheith cinnte gur ghortaigh sé Éamonn Fitzmaurice agus a phainéal nuair a chaill siad in aghaidh na Dubs sa gcluiche iontach sin anuraidh agus, dá bharr sin, is féidir a bheith cinnte go bhfuil an uaillmhian agus díocas iontu gabháil céim níos faide i mbliana.

Mar atá fíor faoi Horan tá éacht déanta ag Fitzmaurice. Nuair a ceapadh mar bhainisteoir ar Chiarraí é bhí jab mór atógála le deanamh aige. Bhí go leor ann a dúirt go raibh Ciarraí imithe agus go mbeadh gorta sa gcontae! Ina ainneoin sin, áfach, tá ag éirí leis Ciarraí a choinneáil san iomaíocht.

Cén fhoireann eile a d’fhéadfadh leithéidí Tomás Ó Sé, Gooch Cooper, Paul Galvin, Tadhg Kennelly, Tommy Griffin agus Tommy Walsh a chailleadh agus fós a bheith san iomaíocht.

Is fear an-chliste é Fitzmaurice agus tá tuiscint an-mhaith aige ar an gcluiche. Dá bharr sin, is féidir a bheith cinnte go bhfuil a chuid staidéir déanta aige ar Mhaigh Eo agus go mbeidh plean aige a bheidh dírithe ar a gcuid laigí. Shamhlóinn go mbeadh an plean seo á chleachtadh ag fir Chiarraí ag na seisiúin traenála agus, de bharr an cosc a cuireadh ar lucht leanta Chiarraí freastal ar na seisiúin traenaáa, is féidir bheith cinnte de gur plean rúnda é a bheidh cleachtaithe go maith acu!

 Mórchoimhlintí

Beidh toradh an chluiche seo ag brath go mór ar an gcaoi a láimhseáltar Cillian O’ Connor agus James O’ Donaghoe. Más é Shane Enright a bheidh ag marcáil O’ Connor beidh an-chath ann agus d’fhéadfá an rud céanna a rá faoi gcath a bheidh idir James O’ Donaghoe agus Keith Higgins – más é Higgins a bheidh á mharcáil.

Beidh jab mór le déanamh ag cúlaithe Chiarraí, freisin, déileáil le luas fhir lár páirce Mhaigh Eo agus Aidan O’ Shea ach go háirithe. Ar an láimh eile de, caithfidh cúlaithe Mhaigh Eo bheith ar airdeall chomh maith. Má thugtar aon spás ar chor ar bith do thosaithe Chiarraí beidh Maigh Eo i bponc.

Chomh maith leis sin, beidh fir ionaid an-láidir ag Ciarraí agus d’fhéadfadh tionchar an-mhór a bheith ag na fir ionaid ar an gcluiche. Cuimhnigh go mbeidh Bryan Sheehan, Ciarán Donaghy, Darran O’ Sullivan agus Declan O’ Sullivan ag fanacht go mífhoighneach le teacht isteach agus dochar a dhéanamh.

Cé a bheidh ag gabháil ar aghaidh go cluiche ceannais na hÉireann: Ciarraí – ach ar éigean, ar phointe amháin b’fhéidir! Binse Chiarraí a bhuafaidh an cluiche dóibh sa deireadh. Bígí ag súil le cluiche iontach.

Ag tosú do Chiarraí Dé Domhnaigh:

Brian Kelly, Marc Ó Sé, Aidan O’ Mahony, Shane Enright, Paul Murphy, Peter Crowley, Fionn Fitzgerald, Anthony Maher, David Moran, Michael Geaney, Johnny Buckley, Donnchadh Walsh, Stephen O’ Brien, James O’ Donoghue.

Ag tosú do Mhaigh Eo Dé Domhnaigh:

Robert Hennelly, Chris Barrett, Ger Cafferkey, Keith Higgins, Lee Keegan, Tom Cunniffe, Colm Boyle, Donal Vaughan, Séamus O’ Shea, Kevin McLoughlin, Aidan O’ Shea, Jason Doherty, Cillian O’ Connor, Andy Moran, Alan Dillon.