An fiú é a bheith ag scríobh i nGaeilge?


Tuairim le Ciarán Dunbar

Is iriseoir Béarla mise go príomha ach is fearr liom feidhmiú i nGaeilge.

Is maith liom scríobh agus smaoineamh inti mar is maith liom an teanga mar theanga cé nach ‘purist‘ mé in aon chor agus tá tuairimí agam ar scríobh na Gaeilge nach bhfuil sa lár-sruth.

Ach seo an rud, is beag daoine a léann Gaeilge, fiú iad siúd a labhraíonn í gach lá.

Agus tá a fhios agam nach léifidh mórán daoine mo shaothar inti mura bhfuil baint dhíreach aige leis an teanga í féin agus le cúis na teanga.

Seo an rud, thiocfadh liom mí a chaitheamh ag scríobh píosa sa Ghaeilge nach mbaineann léi agus fios maith agam go léifidh 20 duine é – cad is fiú?

Siombalachas atá ann, sin a bhfuil.

Nó thiocfadh liom tuairim sheafóideach a scríobh ar an Ghaeilge féin, taobh istigh de 20 bhomáinte, agus léifidh 1,000 duine é – b’fhéidir 4,000.

Chuir mé an cheist orm féin inniu mar sin?

Why would anyone write anything not linked to the language itself in Irish?

Níl freagra ar an cheist sin agam.

Is é an t-aon dóchas atá agam don teanga scríofa ná na comhráití a bhíonns ag dul ar aghaidh ar Twitter agus ar Facebook agus corr-leabhar iontach a fhoilsítear ar nós ‘An Litir’ le Liam Mac Cóil.

Mar sin féin, le seirbhís nuachta as Gaeilge ó RTÉ ar a bhealach ag tús na míosa seo chugainn, tuairisc.ie ar na bacáin (le seoladh ar an 17 Meán Fómhair, eagrán na aghaidh na seachtaine a chuala mé), iris nua ‘trom’ beartaithe ag an Fhoras agus ar ndóigh deontas nua ag Nós.

Tá go leor ábhar dóchais ann cé go bhfuil trua agam do na hirisí ar fad a chaill a gcuid maoiniú.

Ar aghaidh liom chun rud éigin a scríobh sa Ghaeilge faoin Ghaeilge – eacnamaíocht an mhargaidh atá ann agus caithfidh mé arán a chur ar an tábla.

8 dtuairim ar “An fiú é a bheith ag scríobh i nGaeilge?

  1. Alt breá agus tuairimí spéisiúla. Measaim féin gurb í gnáthchumarsáid an phríomhchuspóir a bhíonn ag aon teanga. Níl inti ach meán chun tuairimí a chur in iúl.

    Beidh an Ghaeilge níos beomhaire nuair a úsáidtear í go forleathan chun labhairt aon ní comhaimseartha. Ba cheart go mbeinn in ann alt a scríobh faoin spéis atá agam i ndearadh suíomhanna ar líne as Gaeilge da mba mhian liom. Bheadh na tuairimí céanna ann is a bheadh dá mbeadh sé scríofa agam as Béarla.

    Mar a luann tú, is mó an aird a thugtar nuair is faoin teanga féin a bhítear ag scríobh, ach teorannú scóip dochreidte is ea sin maidir le cúrsaí iriseoireachta. Níl sa chaint faoin raon ábhair sin i dteangacha eile ach braon san aigéan.

    Fairsingiú tuairimíochta atá ag teastáil le haghaidh fairsingiú teanga, ach spreagann na dreasachtaí a mhálairt, is mór an trua.

  2. Níl fáth dá laghad a bheith ag scríobh faoi rud ar bith i nGaeilge, seachas…

    Na Gaeil a chur ar an eolas.
    Ábhar a chur ar fáil do lucht léite na Gaeilge, mura ndéanann tú é is fainne fí atá ann.
    Dioscúrsa as Gaeilge a chur ar bun(minic ráite nach fiú Gaeigle a fhoghlaim toisc nach bhfuil daoine ag cailliunt amach ar aon rud, déan cinnte go gcailleann siad amach!)
    Tú féin a chur ar an eolas is tuiscint níos grinne a fháil ar ábhar.
    Léargas eile a bheith ann sa dioscúrsa náisiúnta.
    Do chuid Gaeilge a aclú.
    Téarmaíocht a úsáid a chinntiú a chur sa timpeall.
    Do chaint a shaibhriú.
    Cinntiú go bhfuil an Ghaeilge ag déanamh forbartha is go mbeidh sí in ann don saol reatha.
    agus míle buntáiste eile!

  3. Mar eolas, tá an t-alt seo ar ‘top-of-the-pops’ anseo le tamall anois, tá na céadta daoine tar éis a léamh agus comhráite ag dul ar aghaidh faoi ar Twitter agus Facebook.

    Ghlac sé 4 bhomáinte orm a scríobh.

    Ciarán Dunbar

  4. Más mian liom alt a léamh ar gheilleagar na hAirgintíne, rachaidh mé chuig suíomh ‘El País’ toisc go bhfuil dlúthcheangal idir an Spáinn agus an Airgíntín.

    Más mian liom alt a léamh ar pholaitíocht na Tuirce, caithfidh mé súil ar ‘The Guardian’ nó ar ‘Le Monde’, ós rud é nach bhfuil léamh na Tuircise agam.

    Más mian liom alt a léamh ar iriseoireacht na Gaeilge, ní bhacfainn le halt mura mbeadh sé i nGaeilge.

    Cén fáth a gcuirfinn am amú ag léamh tuairisce mura bhfuil tuairim mhaith agam go bhfuil saineolas ag an údar ar an ábhar atá faoi chaibidil aige?

    1. > Cén fáth a gcuirfinn am amú ag léamh tuairisce mura bhfuil tuairim mhaith agam go bhfuil
      > saineolas ag an údar ar an ábhar atá faoi chaibidil aige?
      Eithne na ceiste ansin ag Vincent.

      Anois, conas is féidir le hiriseoir Gaeilge saineolas a fháil? Déanamh mar atá Ciarán is an dá theanga a fhreastail?

  5. Agus an ndóigh, tuiltear meas ar thuairim fearacht gach rud eile. Meas cnuasaithe thar na cianta ag na foilseacháin a lua Vincent; deacair ag iriseoir Gaeilge an údarás céanna a fháil cionn is nach mbíonn foilseacháin Gaeilge buan, de bharr a spleáchas ar luainíocht Stáit.

  6. cinnte is fiú. Is maith liomsa mo bhlag a scriobh i nGaeilge ó am go h-am. taispeáineann sé nach ghá dúinn a bheith ag brath go h-iomlán ar saol an Bhéarla, nó ‘the international community’ , tá me sásta gur aimsigh mé do bhlagsa, slán go fóill, eoin

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s