Teannas sa Tost: An Fhírinne Faoi Ionsaí
An cur i gcéill
Tá laochra againn in Éirinn a labhraíonn amach. Sceitheann siad an fhírinne. Duine ar bith a labhraíonn amach faoi choireanna uafásacha, na Justice For Magdalenes, agus Catherine Corless mar shamplaí. Go minic níl sé éasca. Go minic ionsóidh daoine thú faoin fhírinne a scaoileadh amach. Fiú nuair nach féidir a shamhlú cén fath nach labhródh duine amach faoi uafás éigin. Déan an rud ceart agus caillfidh tú cairde. Déarfaidh daoine go bhfuil tú frith-rud éigin (Eaglais, Stát, Grúpa faoi leith). Beidh tú coinnithe amach, shunned, mar bhris tú na rialacha. Is nuair a tharlaíonn sé sin, tarlaíonn rudaí mar Rotherham, mar na Magdalenes, mar na cnámha i dTuaim. Arís agus arís eile faoi na hábhair seo chualamar an focal ‘náire.’ Nuair nach bhfuil caint ar choir, ní gá rud a dhéanamh faoi…
Amharc ar an alt bunaidh 1,114 d’fhocla eile
“Ceadaíonn Náire Éigniú?”
Beag an baol. Tá sé chomh maith agat a rá go gceadaíonn drochlá drochaimsir nó dea-lá dea-aimsir. Is bocht an réasúnacht é. Seans go bhfuil cúlchead i dtreis nó caolchead, ámh, ach sin scéal eile.
Is maith liom diospóireacht, cur is cúiteamh an tsaoil, ach ná biodh sé i dtaobh roisc catha agus manaí gan bun agus ad hominem a mholas do thaobhsa agus a cháineas an taobh eile . Biodh na firící s’againne i bhfírinní an tsaoil seachas na firinní s’againn in ár ndearcadh
Beag an baol?
Dáiríre?
Ar léigh tú an chéad nasc faoi Rotherham?
Ar léigh tú an abairt seo thuas:Seans go bhfuil cúlchead i dtreis nó caolchead, ámh, ach sin scéal eile.