SNP ina ‘scum of the earth’


Ciarán Dunbar

Tá aontachtóirí an tuaiscirt go láidir i gcoinne neamhspleáchas na hAlban agus náisiúntóirí go láidir ar an son, ní nach ionach – cé go bhfuil an-leisce ar cheannairí poblachtacha agus náisiúnacha mórán a rá faoin cheist.

Chan fhuil aon drogall ar bith ar Henry Reilly labhairt ar an ábhar áfach.

Dar leis an chomhairleoir UKIP as na Beanna Boirche (An Dún), beidh trioblóid ar shráideanna an Tuaiscirt má vótalfaidh muintir na hAlban ar son neamhspleáchas Déardaoin.

Dúirt sé go mbeidh ‘unsavory actions’ ann.

Rinne sé an trácht seo agus é thall i nGlaschú ag slógadh ar son an Aontais.

Thug sé “the scum of the earth” ar an SNP agus chuir sé le fios go raibh dlúthcheangail urchóideach idir phoblachtaigh agus baill den fheachtas ‘Bu chóir’.

Caithfidh mé a admháil, cé go dtaitníonn sé go mór le Henry dul i mbealach na conspóide, measaim féin go bhfuil rian na fírinne ina raibh le rá aige an uair seo.

Ceist íogair í seo.

Is cinnte, má fhaigheann Alba níos mó cumhachtaí má vótálfaidh siad diúltadh don neamhspleáchas go mbeidh Sinn Féin ag iarraidh amhlaidh – agus má bheas vóta ar son neamhspleáchas ann go mbeidh Sinn Féin ag iarraidh reifreann ann chomh maith.

Aon tuairim amháin ar “SNP ina ‘scum of the earth’

  1. Sílim go bhfuil sé in am neamhaird a dhéanamh ar an fhear seo. Cén comhairleoir áitiúil eile sa tír a fhaigheann an oiread airde agus a fhaigheann an fear seo. Seo go díreach an rud a theastaíonn uaidh. Is ionann fuath agus eagla agus is trí eagla a chur ar dhaoine a bhfaigheann an fear seo a chuid tacaíochta.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s