Tá a fhios a’m nach bia dúchais iad na fataí, na trátaí, srl. !
Ó am go chéile, bhreathnaím ar Ó Cuisine ar TG4 nuair a bhím ag lorg inspioráid nua d’obair na cistine. Ní minic a réitím na béilteacha a fheicim, ach cuireann an seó ag smaoineamh mé faoi chomhábhair nár bhain mé leas astu le tamall.
Ach ní ar an mbia ba mhaith liom trácht a dhéanamh ach ar stór na bhfocal. Chreidfeadh duine ar bith a d’fheicfeach na cláracha seo gurb iad na Sasanaigh a thug gach cineál bia isteach go hÉirinn leo. Is beag aoi-chócaire ann a bhfuil an focal cuí Gaeilge aige nó aici ar na comh-ábhair is simplí.
Tuigim don chainteoir má chaithfear ruainne beag taragon a chaitheamh isteach sa mias. Ach bhí bean as Corca Dhuibhne ag plé le raspberries agus prawns an lá eile. An amhlaidh nár chuala sí riamh ‘sú craobh’ ná…
Amharc ar an alt bunaidh 184 d’fhocla eile
Tuigim duit, a Ghais, mar gheall ar stór focal na Gaeilge, ach is maith le daoine na Gaeltachta an béarla ina n-órlaí tríd a chaint. Chronófaí é.