Spíosra – Druga Nua ag Bagairt ar Mhuintir na Rúise

Is é an t-ainm atá air ná Spice, is é sin, spíosra – díreach cosúil leis an druga arbh é inneall an scéil i sraith úrscéalta Frank Herbert, Dune – agus is éard atá ann ná cannabas luibhe, is é sin meascán luibheanna neamhurchóideacha a dhéanas aithris ar thionchar na cnáibe ar mheabhair an duine. Mar dhea. Le fírinne tá an “spíosra” i bhfad níos dainséaraí ná mar a áitíos lucht a dhíolta, agus ní hiad na lusanna nádúrtha an comhábhar is mó atá ann ach an oiread. Chuaigh an “spíosra” ar fud Mhór-roinn na hEorpa cheana féin, ach is í an Rúis atá thíos leis faoi láthair.

Spice_drug
Spíosra – druga sintéiseach a dhéanas aithris ar an gcannabas. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

Cad é atá i gceist leis an “spíosra” i ndáiríre? Chuala muid iomrá le fada ar “dhrugaí dearthóra”, is é sin drugaí saindeartha ar féidir leo dul i gcion ar shícé agus ar cholainn an duine go láidir ar fad, cé nach substaintí toirmiscthe iad go foirmeálta. Iad siúd a bhíos ag scaipeadh an chineál seo drugaí, ní féidir an dlí a chur orthu: ní luaitear an druga i liostaí na substaintí coiscthe, agus nuair a rachas a ainm ar leabhar na reacht tiocfaidh cineál nua nimhe as saotharlann na ndearthóirí. De ghnáth bíonn bunstruchtúr ceimiceach i gceist a gcuireann na dearthóirí adamhghrúpaí éagsúla leis nach n-athraíonn feidhm an druga ar an gcolainn mórán, ach ós rud é gur substaintí difriúla iad seo caithfidh na húdaráis gach ceann acu a aithint agus a anailísiú sular féidir leo iad a chur leis na liostaí.

Is éard atá sa spíosra ná meascán as cannabionóidigh shintéiseacha éagsúla, is é sin drugaí saindeartha a bhfuil a struchtúr ceimiceach cosúil leis na cannabionóidigh nádúrtha – na substaintí gníomhacha sna “toitíní draíochta”.  Thairis sin áfach is féidir teacht ar do rogha truailleáin, beagnach, sna meascáin seo: mar shampla, is minic a bhíos ópóidigh ann freisin – is é sin, codlaidínigh, nó drugaí ar aon struchtúr le moirfín agus le hearóin. Ach ar ndóigh, ní shamhlófá a mhalairt le drugaí a thagas as saotharlanna coiriúla.

Cannabicyclohexanol
Cannabaicioglaiheacsánól – ceann de na cannabionóidigh shintéiseacha a haithníodh sa “spíosra”. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

Is é an difríocht is mó idir na cannabionóidigh nádúrtha agus na cannabionóidigh shintéiseacha ná nach bhfuil sna cinn nádúrtha ach “páirt-agónaithe” do na gabhdóirí cannabionóideacha i gcolainn an duine, ach is “lán-agónaithe” iad na cinn sintéiseacha. Is éard atá i gceist leis an agónaí, i gcoimhthéacs na bithcheimice, ná móilín a ghreamós den ghabhdóir ionas go dtabharfaidh an gabhdóir aisfhreagra – agus is é an t-aisfhreagra seo an t-athrú nó an gníomhú a spreagas an druga sa cholainn.

Is é is páirt-agónaí ann ná agónaí nach féidir leis aisfhreagra iomlán a fháscadh as an ngabhdóir ar aon nós, rud a thig leis an lán-agónaí. Is é sin, bíonn dochar den chineál chéanna ag baint leis an bhfíorchnáib agus leis an “spíosra”, ach is tromchúisí i bhfad an damáiste a dhéanas an druga brionnaithe seo do shícé an úsáideora, ach go háirithe. Go bunúsach, rachadh sé rite leat tú a mharú le cnáib nádúrtha, cé go dtéann priacal síocóise leis an marachuan féin, ach is scéal eile ar fad é an cannabas sintéiseach. Na daoine atá i dtaithí an ghnáthchannabais baineann siad úsáid as an stuif sintéiseach mar a bheadh fíorchnáib ann, agus tagann an difríocht i gcumhacht an druga aniar aduaidh orthu.

Cannabidiol
Cannabaidé-ól. Deirtear go bhfuil an tsubstaint seo, agus í ar fáil sa channabas nádúrtha, in ann maolú ar an dochar a dhéanas an marachuan. Táthar, fiú, dóchasach as an gcannabaidé-ól mar leigheas ar an scitsifréine. Dealraíonn sé, áfach, nach bhfuil mórán den channabaidé-ól fágtha i saothróga cannabais an lae inniu, toisc go bhfuil na saothróirí ag iarraidh méid an teitrihiodracannabanóil (THC) a ardú sa channabas trí roghnú saorga lena dhéanamh níos láidre. Mar sin, is féidir go bhfuil an cannabas “nádúrtha” féin níos dainséaraí inniu ná mar a bhí sé thiar sna seascaidí. Ar ndóigh, nil cannabaidé-ól ar bith sa channabas sintéiseach. (Pictiúr: Wikimedia Commons.)

Agus ní mór béim a chur air go bhfuil úsáid an channabais seanbhunaithe sa Rúis. I mblianta an tSoivéadachais bhíodh bolscaireacht na tíre sin ag síor-áitiú gur fadhb Iartharach a bhí sna drugaí, fadhb a bhí fite fuaite leis an gcaipitleachas agus le “saoirse mhíthuigthe” an Iarthair. Le fírinne, mar is eol d’aon duine a léigh cuimhní cinn na gcimí Sóivéadacha – Solzhenitsyn go mór mór san áireamh – bhí aithne mhaith ag bunadh an Aontais Shóivéadaigh ar na drugaí céanna a bhí ina n-ábhar diospóireachta ag muintir Mheiriceá agus Iarthar na hEorpa san am. Bhí na coirpigh Shóivéadacha, fiú, ag moladh an channabais ina gcuid amhrán féin.

Is féidir leis na cannabionóidigh shaorga luas a chur ar bhualadh an chroí – rud a dtugann na dochtúirí taicéacairde air. Ar ndóigh is é is toradh dó sin go dtig leis an úsáideoir taom croí a tholgadh ón stuif, rud nach samhlófá leis an ngnáthchannabas ar aon nós. Na dainséir a chuirtear i leith na fíorchnáibe, bíonn siad cosúil leis na priacail a ghabhas leis an tobac – is é sin, is féidir leis an gcnáib dochar a dhéanamh don ghnáthúsáideoir a chaitheas na blianta ag craosaireacht ar an stuif, ach is ar éigean a mharódh aon bhlaiseadh amháin an duine. Maidir leis na cannabionóidigh shintéiseacha, áfach, d’fhéadfadh an blaiseadh féin tú a mharú le taom croí.

Níl mé féin ródhíograiseach i dtaobh dhlisteanú na ndrugaí, ach is éadócha liom go mbeadh fadhb seo na gcannabionóideach sintéiseach chomh dona seo dá mbeadh an ghnáthchnáib á díol go dlíthiúil agus na húdaráis ag déanamh monatóireachta ar an stuif. Sa chás seo tá an chuma ar an scéal go bhfuil an tsubstaint ionadach i bhfad níos dainséaraí ná an tsubstaint choiscthe féin.

(Bunaithe ar ábhar ón Guardian agus ón Moscow News)

Físeáin nua

mise Ciara

Is annamh an rud teacht ar fhíseán Gaeilge ar YouTube trí thimpiste, go háirithe le feiceáil nach bhfuil sé ar an suíomh ach ar feadh míosa anois. Is annamh agus is iontach.

Níor chuala mé trácht go dtí seo ar Athbheohemia, an bhuíon a rinne na físeáin seo, ach dar leo, ” [We] are a Celto-futurist collective of confusing heritage fusion heretics.”

Tá dhá fhíseán ó Athbheohemia ar an gcainéal YouTube sin. Mholfainn breathnú orthu.

An ceann seo (i nGaeilge) a chuir ag gáire mé:

Agus an ceann seo (i mBéarla) faoin leipreachán, físeán as a dtagann an abairt iontach a leanas:

“… it is weird that we have to have actual dedicated tourist shops on our high streets because the image of Ireland they sell is so separated from our actual culture.”

Amharc ar an alt bunaidh

An Ríocht chun tosaigh le 5 Ghradam Uile-Réalta

CLG Go Deo

Mar is iondúil don am seo bliana tá go neart cuir agus cúitimh ann maidir le fógairt bhuaiteoirí na nGradam Uile-Réalta. An pointe is mó a ardaítear gach bliain ná céard air a mbíonn na gradaim seo bunaithe. An mbíonn caighdeán imeartha na n-imreoirí sa tsraith san áireamh? An mbíonn caighdeán imeartha na n-imreoirí leis an gclub san áireamh? An ó na cluichí ceathrú ceannais den chraobhchomórtas ar aghaidh a bhunaítear na gradaim mhóra onóracha seo?

 paul-flynn.jpg

Fágfaidh muid an cur agus cúiteamh maidir leis an gceist seo agaibh féin. Tá rud amháin fíor, áfach. Is sárimreoirí na himreoirí uilig a ainmníodh i mbliana agus is leis an gceithre chontae is fearr peile atá siad ag imirt – gan aon cheist.

Ainmníodh cúigear de chuid Chiarraí, ceathrar de chuid Dhún na nGall, triúr de chuid Átha Cliath agus triúr de chuid Mhaigh Eo. Is iad seo a leanas buaiteoirí na…

Amharc ar an alt bunaidh 87 d’fhocla eile

Anachain an dúghalair inár bpobail

Crá Croí Cois Cuain

Feachtasaíocht ar an tionscnamh 'Choose Well' Feachtasaíocht ar an tionscnamh ‘Choose Well’

Mar chuid de cheilúradh daichead bliain den chumann, beidh an CLG áitiúil Gort na Móna ag eagraú léiriú den dráma Man in the Moon ar an 1ú Samhain.

Tá ardmholadh faighte ag an dráma seo de chuid an chompántais dhrámaíochta áitiúil Brassneck as aghaidh a thabhairt ar an dúlagar (nó an dúghalar) agus ar an fhéinmharú.

Is ceisteanna móra iad seo inár bpobail le tamall de bhlianta anuas.

Roinnt míonna ó shin foilsíodh tuairisc a léirigh gur chuir beagnach an méid céanna daoine lámh ina mbás féin sna Sé Chontae ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta in 1998 agus a fuair bás de bharr na coimhlinte sa tríocha bliain roimhe sin.

3,288 duine idir 1998 agus 2012, an bhliain is déanaí a bhfuil na figiúirí ar fáil di.

Tharla 289 acu in iarthar Bhéal Feirste agus 305 acu i dtuaisceart na cathrach. Is ionann…

Amharc ar an alt bunaidh 502 d’fhocla eile

Léigh sa Bhaile: Léirmheas

gasuirlegaeilge

Leathanach Samplach: _Léigh sa Bhaile: Leabhar C_ Leathanach Samplach: _Léigh sa Bhaile: Leabhar C_

Bím i gcónaí ag lorg acmhainní nua a chabhrós liom an Ghaeilge a chur chun cinn sa teaghlach (mar brúnn an Béarla isteach go húdarásach, is oth liom a rá). Fuair mé beartán deas nua ó litríocht.com, bail ó Dhia orthu, agus ceann des na leabhair a cheannaigh mé ná Léigh sa Bhaile (Leabhar C), arna fhoilsiú ag CJFallon. De réir phoiblíocht an leabhair, ba cheart don ghasúr leathanach amháin a léamh gach oíche agus ansin an t-ábhar a phlé leis an múinteoir an lá dár gcionn. Agus muid ar an gcoigríoch, agus na gasúir ar scoil sa mbaile, is mise an múinteoir!

Tá an leabhar dírithe ar mhic léinn nach bhfuil Gaeilge acu ón mbaile, déarfainn, mar tá foclóirín ag bun gach leathanaigh agus aistrítear na ceisteanna go Béarla, ar fhaitíos na míthuisceana, is dócha. Mar sin féin, sílim go mbainfidh…

Amharc ar an alt bunaidh 282 d’fhocla eile

Eòin Baistidh air an Central Line! #gaidhlig

Trèanaichean, tramaichean is tràilidhean

Dh’aithris mi air Rathad-iarainn Epping Ongar sa bhloga mu dheireadh agam. Bhuail e orm às dèidh làimh gu bheil ceangal laidir ann eadar an loidhne sin agus luchd na Gàidhlig ann an Lunnainn.

Clas 45 Clas 45 “Peak” aig Rathad-iarainn Epping Ongar, Essex

Bho chionn ceud bliadhna no mar sin, bhiodh Eòin Baistidh a’ baisteadh luchd-ionnsachaidh na Gàidhlig ann an Coille Epping aig ceann an Central Line.* Eòin baistiche? Seadh! Chan e am fear air a bheil sinn eòlach on Bhìoball ach fear air an robh Eòghann MacDhòmhnaill. Bidh sibh gu math eòlach air an ainm eile a bh’ air– Edward Dwelly. Mar sin, chan e fear na Fìrinn a bh’ ann ach fear an Fhaclair!

Edward Dwelly - fear an fhaclair Edward Dwelly

Dè bha e ris? A rèir coltais, bhiodh e a’ baisteadh luchd-ionnsachaidh na Gàidhlig le ainmean Gàidhlig ann an cuirmean ann an Coille Epping às dèidh dhaibh ìre a ruighinn anns a’ chànan. Chuala…

Amharc ar an alt bunaidh 510 d’fhocla eile

342. An Bronntanas

ancroiait

Sábháilte

Beidh sraith teilifíse nua An Bronntanas le feiceáil ag tosnú ar an 23/10/2014 ar TG4. Dhá lá anois go dtí an Thriller comhaimseartha mar a thugann ROSG air. Oireann sé. Tá an chéad clár feicthe agam agus deirim: Ná Cailligí É!  Scéal faoi bhád tarrthála amach ó chósta Chonamara atá ann. Bád a shábháileann daoine, amantaí. Amantaí eile an scéal i bhfad níos casta ná sin. Agus nach aoibheann an teannas! Seans ag an gceann seo ag na Oscars agus é ar an liosta fada faoi láthair.

An iomarca daoine sa tír seo fós a cheapann nach mbeadh i gclár as Gaeilge ach seanstíl ar nós Cré na Cille. Is ag an tús ar feadh cúpla soicind ceapann tú go mbeidh sé mar sin. Nó mar Broad Church b’fhéidir. Nó meascán eatarthu. Níl ‘fhios agat. Fan go bhfeicfidh tú.

Bhfuil sé traidisiúnta? Sa chaoi go bhfuil sé lonnaithe…

Amharc ar an alt bunaidh 160 d’fhocla eile

“An Gleann agus a Raibh ann” agus Tábhacht na Scríbhneoirí Pobail

Bhí leabhar Shéamuis Uí Mhaolchathaigh, “An Gleann agus a Raibh ann”, faoi chaibidil anseo ar an Tuairisceoir le déanaí, agus ba mhór an t-ábhar áthais dom é, nó ba shiocair dom é súil a chaitheamh ar an leabhar sin in athuair agus cúpla focal a bhreacadh síos faoi thábhacht an leabhair seo agus na scríbhneoirí pobail go léir don Ghaeilge, d’fhoghlaimeoireacht na Gaeilge agus do thodhchaí na Gaeilge.

Bhí Séamus ar dhuine de chainteoirí deireanacha dúchais Ghaeilge Thiobraid Árann, canúint a raibh cosúlacht nár bheag aici leis an teanga a chloisfeá i nGaeltacht na Rinne, Co. Phort Láirge. Mar sin, is doiciméad fiúntach canúineolaíochta é an leabhar sin chomh maith, cé gur léir gur chaighdeánaigh an fear eagair sách dian é, mar is léir ó na “nótaí ar an gcanúint” a chuir sé leis an leabhar. Aon duine a chaith seal ag léamh seaneagráin de chuid na bliainirise úd “An Linn Bhuí” (cosúil liom féin), ní bhfaighidh sé an Ghaeilge in “An Gleann agus a Raibh ann” ródheacair ar aon nós. Le fírinne ba í an bhliainiris sin a thug le tuiscint dúinn deich éigin mbliana ó shin gur “bhalbhaigh” an fear eagair canúint an údair.

Cuid é seo de chogadh úd na gcanúintí agus an Chaighdeáin ar éirigh mé féin as le fada – mar is eol daoibh chuaigh mé le leagan mionmhodhnaithe den Chaighdeán i ndiaidh deich mbliana a chaitheamh ag iarraidh Gaeilge Uladh a fhorbairt agus a chur chun cinn mar mheán litríochta. Mar sin féin admhaím gur chóir cuma ní ba chanúnaí a fhágáil ar “An Gleann…”, ós rud é go bhfuil sé dlúthcheangailte de Ghaeltacht áirithe, Gaeltacht atá imithe de dhroim an tsaoil san idirlinn, rud a fhágas go mba chóir dúinn cuimhne ar leith a choinneáil ar an gcineál Gaeilge a labhraítí ansin.

Tá cúis amháin anseo leis an tábhacht a bhaineas le scríbhneoirí pobail agus a saothar, dar liom: tugann siad léargas agus éachtaint dúinn ar an gcineál Gaeilge a bhí á labhairt fadó – fiú in áiteanna nach samhlófá Gaeilge ar bith leo inniu. Is fearr mar áiseanna foghlama iad na scéalta ná na liostaí focal nó na treoirleabhair ghramadaí, ar ndóigh, nó cuireann siad eilimintí tógála na teanga ina gcoimhthéacs ceart, ionas go bhfaighidh an foghlaimeoir amach go nádúrtha an dóigh a mbraitheann na focail ar a chéile agus a dtagann siad ar lorg a chéile san abairt – an rud ar a dtugaimid comhréir sa teangeolaíocht.

Is iomaí duine a d’áiteodh orainn go mbíonn litríocht na sean-Ghaeltachtaí leadránach is nach bhfuil ann go bunúsach ach scéalta faoi bhaint na móna. Ní aontóinn leis an líomhain sin. Ar an gcéad ásc is iad na rudaí coincréiteacha is deacra a fhoghlaim in aon teanga: an duine atá ábalta tráchtas scolártha faoi stair na litríochta a chur ar pár i dteanga nach bhfuil aige ó dhúchas is féidir – agus is dócha – nach n-éireodh leis cúrsaí na n-oibreacha praiticiúla a phlé sa teanga chéanna, nó trácht ar ghluaiseachtaí na colainne mar shampla. Ar an dara hásc is minic a shamhlaítear dúinn gur rud nua-aimseartha ar fad atá i gceist le gné éigin de shaol ár linne, ach má thugaimid spléachadh ar leabhar de chuid litríocht na sean-Ghaeltachta, gheobhaidh muid amach go bhfuil an cleachtas nó an nós sin i bhfad níos seanbhunaithe ná sin.

Buachaill íogair ab ea Séamus agus bá aige leis na héanacha beaga, rud a d’fhoghlaim sé óna aintín. Fuair a athair bás sula raibh cuimhne cheart aige, agus ba iad a mháthair is a aintín ba mhó a thugadh aire dó le linn é a bheith ag fás aníos. Mhúin a aintín ainmneacha na n-éan dó, agus nuair a chonaic sí an buachaill ag iarraidh éanacha a choinneáil i gcás, d’ordaigh sí dó gan príosúnach a dhéanamh d’aon éan – gan “cead a sciathán a bhaint de”, le foclaíocht álainn an leabhair a lua anseo.

Cosúil lena lán Gael san am níor fhoghlaim Séamus ach léamh agus scríobh an Bhéarla ar scoil, agus b’éigean dó scríbhneoireacht a theanga dúchais a theagasc dó féin trí staidéar a dhéanamh ar an mbeagán leabhar a bhí ar fáil sa teanga. Ní mór dúinn ár marana a dhéanamh ar an éacht seo. Is léir ón síorghearán a bhíos le cloisteáil ó dhaltaí agus iardhaltaí scoile nach furasta Gaeilge a léamh ná a scríobh inniu féin, agus is dóigh liom go raibh sé an seacht n-oireadh ní ba dheacra fós nuair a bhí an seanlitriú, nó an sean=litriughadh, coitianta go fóill. Mar sin féin, chuaigh ag Séamus an t-éacht seo a chur i gcrích gan chuidiú ar bith ó mhúinteoir ná ó dhuine eolach d’aon chineál eile. Ní féidir a shéanadh go raibh bua na foghlama aige, agus is fiú an cheist a chur, cad é a d’éireodh lena leithéid d’fhear a bhaint amach, dá mbeadh teagasc scoile ar fáil dó ina theanga féin nuair a bhí sé óg.

Maratón Bhaile Átha Cliath

mise Ciara

Tagann an focal maratón ón mbliain 490 RCh nuair a bhí cogadh ar siúl i mbaile darb ainm Maratón. Rith fear darb ainm Pheidippides an 26 míle ó Maratón go dtí an Aithin, scaip sé an scéal go raibh siad tar éis an cogadh a bhuachaint, agus fuair sé bás láithreach.

Beidh mé ag rith i Maratón Bhaile Átha Cliath i gceann seachtaine agus tá súil agam nach bhfuil mé chun bás a fháil, ach le bheith cothrom, bhí Pheidippides tar éis a bheith ag troid sa chogadh chomh maith, an fear bocht.

Ní raibh cead i gcónaí ag mná páirt a ghlacadh sa mharatón, dar ndóigh. Cheaptaí go raibh an t-achar ró-fhada dúinn. Ach le blianta chuaigh mná cróga i gcoinne na rialacha seafóideacha agus faoi dheireadh athraíodh iad. Níos lú ná caoga bliain ó shin rith Kathrine Switzer an maratón i mBostún agus rinneadh iarracht í a stopadh, mar atá le feiceáil sna grianghraif thíos.

marathon woman

An gcreidfeá a leithéid?!

Níl mo…

Amharc ar an alt bunaidh 278 d’fhocla eile

Scéal Báis : Barry Kinghan

Tá Barry Kinghan, Sruthán Milis, Béal Feirste ar shlí na fírinne.

Gael díleas agus fear cróga  a bhí ann agus bhí sé ina chrann taca de shaol na Gaeilge i mBéal Feirste le fada.

Fear mór teangacha – bhí Gaeilge, Gàidhlig, Briotáinis, Breatnais, Rúisis agus Gearmáinis aige.

Beidh a thórramh ag 3pm Déardaoin 16 Deireadh Fómhair ag Roselawn i mBéal Feirste.