Tacaíonn Conradh na Gaeilge le Léirsiú ar Son an Oideachais


Beidh baill de Chonradh na Gaeilge ag freastail ar mhórshiúl Aontas na Mac Léinn in Éirinn, chun tábhacht an oideachais a léiriú roimh Bhuiséid 2015 agus leis an gá le rogha cúrsaí Gaeilge níos fairsinge a bheith ar fáil sa tríú leibhéal.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá níos mó tábhacht agus luach leis an oideachas tríú leibhéal ná a bhí riamh roimhe seo. Don chuid is mó bíonn fostóirí ag lorg céimeanna tríú leibhéal agus tá sé riachtanach mar sin go mbeidh deis ag gach saoránach oideachas ar an tríú leibhéal a fháil.

“Dar ndóigh, tá spéis faoi leith againn sa Chonradh go mbeidh níos mó roghanna ann do dhaoine oideachas trí mheán na Ghaeilge a fháil ar an tríú leibhéal.”

Arsa Laura Harmon, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn, “Fáiltíonn AMLÉ roimh an tacaíocht atá Conradh na Gaeilge ag cur ar fáil don léirsiú atá muid ag eagrú leis an leas a dhéanann an oideachas i saoil na Mac Léinn agus i sochaí na hÉireann a chur chun cinn leis an Rialtas.

“Tá súil againn go gcabhróidh tacaíocht an oiread eagraíochtaí éagsúla linn dul i bhfeidhm ar an Rialtas agus cinntiú nach mbeidh deontais na mac léinn ciorraithe i gcáinaisnéis 2015.”

Is ón nGairdín Cuimhneacháin a thosóidh an léirsiú ag a 11.30 agus rachaidh an mórshiúl i dtreo tithe an Oireachtais. Tá fáilte roimh chách a bheith linn ar an lá.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s