Tá Barry Kinghan, Sruthán Milis, Béal Feirste ar shlí na fírinne.
Gael díleas agus fear cróga a bhí ann agus bhí sé ina chrann taca de shaol na Gaeilge i mBéal Feirste le fada.
Fear mór teangacha – bhí Gaeilge, Gàidhlig, Briotáinis, Breatnais, Rúisis agus Gearmáinis aige.
Beidh a thórramh ag 3pm Déardaoin 16 Deireadh Fómhair ag Roselawn i mBéal Feirste.
fear lách gur de theaghlach uasal é. go ndeána Dia a mhaith air.