21 Fhíric atá “ar eolas” agat atá Iomlán Mícheart! Cuirfidh an Ceann Deiridh Iontas ar go Leor!

Tá go leor ‘fíricí’ a deirtear linn sa saol is mar a bhfaighidh sibh amach thíos is iomaí ceann acu atá iomlán gan bhunús.

  1. Ní imíonn an t-alcól ar fad as bia le linn cócaireachta, mar sin seachain an tiomáint tar éis stobhadh mór fíona um Nollaig. Déan iarracht sin a mhíniú agus tú treoraithe le héirí as an bhFEITHicil.
  2. Ní smaoiníonn fir faoi leathar a bhualadh gach 7 soicind. Tá cruthaithe ag eolaithe gur… céard faoina raibh mé ag labhairt arís?
  3. Ní raibh Napoléon íseal mar dhuine. Bhí sé 1.7 méadar (5 throigh 7 n-órlach) ar airde agus sa chaoi sin bheadh sé meánach go leor ó thaobh airde. Neamhord diosmóirfiach trí sheachthuairimíocht éinne? (Ní thuigim féin na focail seo, rud éigin faoi shiondróm an fhir bhig á bhrú ar Napólió bocht.)                                                                                                                                                                    
  4. Níl sciatháin leathair dall. Tuig go bhfeiceann siad tú agus go bhfuil siad ag teacht faoi do dhéin leis na súile agat a stoitheadh. Agus súmairi fola leo. A lán súmairí fola.
  5. Deirtear go minic go mbíodh vomitarium ag na Rómhánaigh taobh leis an seomra teilfíse agus an chistin, seomra ina ndéantaí bia a chaitheamh aníos toisc méid agus feabhas an bhia trí chéile. Scéal iontach agus inchreidte d’éinne a bhlas bia na hIodáile ar na saolta seo! Monuar níl fírinne ann. B’ionann vomitarium agus pasáiste trína bhfágfadh slua de dhaoine amharclann nó a leithéid. Ón Laidin vomō, vomere, ‘caitheamh amach’ a thagann sé. Fan soic go gcaithfidh mé aníos de bharr an aineolais a léigh mé i míle leabhar ar an mbunscoil dom…                                                                                                                                  
  6. Cuir caipín ort nó caillfear 60% de theas do cholainne ón gcloigeann sin! Comhairle chríonna mar dhea a cuireadh ar mórán againn. Comhairle gan bhunús is eagal liom a rá. Níl chailltear ach thart faoi 10% den teas ón gcloigeann. Tá cailliúint teasa i gcomhréir le hachar dromchla mar sin tá se bunaithe cuid mhór ar an méid craicinn atá ann. Mar sin ceartaigh mamaí an chéad uair eile a deir sí sin agus tú ar an mbealach amach.
  7. Ráiteas eile faoi theas ná go dtéann alcól duine. Is cinnte go mothaíonn tú níos teolaí agus leathghloine fuisce diúgtha agat ach faraor géar ní hé is fearr aimsir sheaca mar nach bhfuil ann ach go síntear na soithigh fola agus go mothaíonn an craiceann breá te. Is féidir go n-ísleoidh seo teas lár na colainne fiú. Mar sin an chéad uair eile a fhágfar amuigh sa tundra tú gan ach buidéal vodca agat cuimhnigh ar an bpíosa dea-chomhairle seo.
  8. Luaitear Balla Mór na Síne mar an t-aon rud a thóg an duine atá infheicthe on spás, ar an drochuair níl seo fíor. De ghnáth ní bhíonn an Balla Mór féin le feiceáil ar chor ar bith agus tá go leor sruchtúr daonna a bhíonn infheicthe, pirimidí na hÉigipte mar shampla.                                                                                                                                                                                                                                                                   
  9. Níl aon fhianaise ann gur chaith na Lochlannaigh(an dream a chreach sinn dála an scéil) clogaid a raibh adharca ainmhithe iontu. Táim tar éis an oiread sin scannán agus an Asterix a mhilleadh oraibh anois nach bhfuil? Ó agus tá Viking Splash míchruinn ar an mbonn seo chomh maith. Mo leithscéal. Arrrgg!
  10. Cuimhne na gcat agus na n-iasc órga? Tá cuimhne sách fada ag an iasc órga, suas le trí mhí mar sin ní rud rómhaslach é a rá go bhfuil cuimhe éisc órga ag duine. Nó an é? Céard faoin raibh mé ag caint arís?
  11. Níl aon spéis faoi leith ag an tarbh sa dath dearg. Is é geaitsí an duine leis an mbrat dearg a mheallann na tairbh bhochta. Is féidir an luí céanna a fheiscint i ndaoine má bhaineann tú díot do léine agus a thriail le fear dorais i gclub oíche. Arís eile is cuma cén dath a bheidh air.
  12. Ní bhíonn fonn chun féinshluabháis ar leimíní (lemmings). Tig an locht a chur ar scannán Disney a cheap radhcanna a thug seo le fios. Mar sin ní chaitheann leiminí léimíní ó ailtreacha. Ha, cad a deir sibh leis sin?
  13. Níl daoine rua ag imeacht as, ar an drochuair. Scéal chailleach an uafáis atá ann, beidh dream na mbricíní agus an chraicinn dhóite linn go ceann tamaill eile fós. Ach mar is eol d’éinne a bhreathnaigh ar Youtube riamh níl aon anam ag an slua rua. Sin fíric.                                            
  14. Ní dhéanann an bearradh gruaig ribí níos tiubha, níl ann ach go mothaíonn ribí níos gairbhe toisc go n-éiríonn siad níos tiubhe ag an mbun agus nach bhfuil na taobhanna maolaithe fós. Feicim sibh ag tochas bhur meigeaillíní…
  15. Níl aon fhianaise ann go gcuireann luí le daoine roimh imirt spóirt isteach ar an gcumas spóirt. Bímis ag luí lena chéile mar sin! Meastar go n-ardaíonn babhta gasta craicinn leibhéil an teisteataróin sna fir fiú agus mar sin go  gcuireann sin lena gcumas. Abair eolaíocht!
  16. Nuair atá imeacht éigin a bhfuil dhá thoradh atá ar chomhdhóchúlacht, bonn a chaitheamh agus é ag socrú ar cheann nó cruit(heads or tails) mar shampla, má tharlaíonn an toradh céanna arís is arís eile, níl a mhalairt de thoradh níos dóchúla. Cuir i gcás an roulette, má stadann liathróid ar bhosca dubh 30 uair as a chéile, níl dóchúlacht níos airde go stadfaidh an chéad liathróid eile ar bhosca dearg. Seans 50% fós. Réasúnaíocht bhréige an chearrbhaigh a thugtar air seo nó ‘seafóid’ mar a deir lucht na matamaitice.
  17. Ní mharódh pingin duine dá gcaithfí é ó bharr fhoirgneamh mhóir spéire é. Is é an críoch-threoluas(an luas is mó a bhainfeadh sé amach sa treo sin) a bheadh aige is é ag titim ná 48–80 km san uair cuma cén airde óna dtitfeadh sé. Mar sin féin ní mholtar ligean d’aon rud titim ó fhoirgnimh arda spéire!
  18. Is dócha gur chuala tú gur triúir a bhí i gceist leis An Triúr Saoithe a chonaic réalta, a thug don bhóthar agus a chroch féiríní deasa leo do mhac Dé. I bhfírinne is scoláirí ar an mBíobla a chum gur triúr a bhí i gceist bunaithe ar líon na mbronntanas. Caithfidh go raibh an leanbán an-sásta go deo leis an Ór, Frankenstein agus an stáisiún spáis Rúiseach Mir a fuair sé.                           
  19. Agus sinn ag trácht ar Íosa, “rugadh” slánaitheoir lucht paidreorachta ar an 25ú La Nollaig. Ní luaitear dáta mar sin sa Bhíobla, ach is féidir go dtugann sé dáta éigin i Meán an Fhómhair le fios. Is é an Pápa Iulius I a chéadroghnaigh an 25ú La Nollaig sa bhliain 350 CE mar lá oifigiúil an chomórtha. Is féidir gur roghnaíodh an chéad dáta le dul bonn ar aon le féilte ghrianstad an gheimhridh. Tá an Nollaig millte agam oraibh anois nach bhfuil. Ó agus ní hann do Dhaidí na Nollag ach oiread.
  20. Ní dúirt Marie Antoinette ‘Qu’ils mangent de la brioche’ (Nach n-íosfaidís cáca). I bhfírinne ní fios go díreach cé a chum nó a cheap an scéal apacrafúil seo. Gach seans gur scríbhneoir a bhí i gceist.
  21. Ní féidir a bheith greannmhar sa Ghaeilge. Rud a deirtear go han-mhinic ach ar ndóigh níl bunús ar bith leis seo, mar chruthú air sin beidh an club grinn Gaeilge is fearr sa tír ag cur Gig Mhór na Nollag i láthair Dé hAoine an 12 Nollaig. Tá an club bliain ar an bhfód agus fuirseoirí móra Michael Mee agus Kevin McAleer leo an babhta seo.

Beidh Gig Mhór na Nollag ar siúl óna 21.00 go pras i gClub Chonradh na Gaeilge ar Aoine 12ú Nollaig. €3 isteach.

https://www.facebook.com/events/734182770003507/?fref=ts

An bhfuil aon fhíricí eile cloiste agaibh ar mhaith libh a ndúshláin a thabhairt? Bígí i dteagmháil le @gaelgáirí ar twitter nó facebook.

Ionad Nua do Thuismitheoirí na Gaeltachta

Preas-ráiteas ó Thuismitheoirí na Gaeltachta 

Tá an-ríméad orainn a chur in iúl go bhfuil léas ar fhoirgneamh sínithe ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta le hÚdarás na Gaeltachta agus oifig nua agus ionad do theaghlaigh le n-oscailt againn gan mhoill.

Beidh an oifig agus an t-ionad nua lonnaithe sa bhfoirgneamh ar chúl na leabharlainne ar an gCeathrú Rua. Beidh lár-oifig na heagraíochta lonnaithe sa bhfoirgneamh agus tá sé i gceist ionad do theaghlaigh a fhorbairt ann sa mbliain nua. Beidh ócáidí agus imeachtaí ar bun san ionad nua seo, chomh maith le seirbhísí tacaíochta éagsúla ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh.

Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta aitheanta ag an Údarás anois mar eagraíocht a chuireann seirbhísí pleanála teanga ar fáil agus tá níos mó ná 260 teaghlach cláraithe linn ó cheantar Chonamara agus Thír Chonaill.

Is dul chun cinn mór don eagraíocht ionad dár gcuid féin a bheith againn agus cuirfidh sé ar ár gcumas cur leis an réimse seirbhísí atá agus a bheidh á gcur ar fáil. Cé go mbeidh an t-ionad nua seo ar fáil do theaghlaigh, tá sé i gceist againn go fóill leanacht leis na siamsáin a bhíonn ar bun againn i bpobail éagsúla ar fud Chonamara.

Tá muid thar a bheith buíoch de Údarás na Gaeltachta as an gcóir atá curtha acu orainn agus as ionad chomh lárnach a chur ar fáil dúinn.

Tá súil againn go dtabharfaidh sibh cuairt orainn san ionad nua – cuirfear na múrtha fáilte romhaibh!

Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta maoinithe ag An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Òraid aig a’ Phàrlamaid: Luach nam Meadhanan Sòisealta anns a bhith a’ leasachadh na Gàidhlig

Seumaidh ®

Rinn mi taisbeanadh an-diugh aig a’ Phàrlamaid mu “Luach nam Meadhanan Sòisealta anns a bhith a’ leasachadh na Gàidhlig”. Bha mi airson an òraid seo a dhèanamh anns a’ Ghàidhlig ach bha duilgheadasan ann leis an inneal eadar-theangachaidh. Mar sin, seo dè bha mi airson ag ràdh – anns a’ Ghàidhlig:

Screenshot 2014-11-26 23.34.39

Feasgar math a h-uile duine. Mòran taing airson an cothrom seo a bhruidhinn air luach nam meadhanan sòisealta anns a bhith a’ leasachadh na Gàidhlig. Bidh mi a’ tòiseachadh le beagan cùl-fhiosrachadh agus an uair sin bruidhnidh mi beagan air Là Twitter na Gàidhlig agus air cothrom rannsachaidh.

Screenshot 2014-11-26 23.04.18

Tha mi toilichte a ràdh gu bheil mòran buidhnean na Gàidhlig an-diugh ann an comais le deich bliadhna air ais, fiù ‘s sia bliadhna air ais nuair a thòisich mi Gàidhlig a dh’ionnsachadh. An-diugh tha timcheall air dà fhichead buidhnean leasachaidh na Gàidhlig anns an roinn phoblach. Tha iad na buidhnean…

Amharc ar an alt bunaidh 1,503 d’fhocla eile

Cofaidh is Craic ann an Glaschu

Trèanaichean, tramaichean is tràilidhean

Mar as trice, bidh mi a’ coimhead air tursan rèile gu math fada air a’ bhloga seo ach chaidh mi air turas goirid ach fìor mhath Disathairne.

Ionad Taisbeanaidh (EXG)

Ghabh mi an trèana bho Ghlaschu Mheadhain gu Ionad Taisbeanaidh (far a bheil soidhne Gàidhlig ùr air a dhol suas bho chionn goirid) agus choisich mi gu Sràid Elderslie faisg air làimh airson a dhol gu Coffee and Craic, a’ bhùth cofaidh ùr airson coimhearsnachd Ghàidhlig Ghlaschu.

Air an t-slighe, chaidh mi gu Glaschu Mheadhain (ìre ìosal – GCL) agus bha e gu math gu math trang. Dh’fhaighnich mi do chuideigin “càite a bheil a h-uile duine a’ dol?”

“Dhan Hydro a dh’fhaicinn Nicola”.

“Cò Nicola?” Dh’fhaighnich mi agus mi a’ smaoineachadh gun robh e a’ bruidhinn air rionnag pop air choireigin a bha gu bhith a’ dèanamh consairt.

“Prìomh Mhinistear Nicola” arsa e. Nach mi a bha a’ faireachdainn…

Amharc ar an alt bunaidh 232 d’fhocla eile

An Slabhra Briste sa gCóras Oideachais

gasuirlegaeilge

Ag tús ré na hathbheochana, bhí tuairim fhorleathan ann go bhféadfadh na scoileanna uathu féin an Ghaeilge a chur á labhairt i mbéal an phobail. Ní tuairim gan teist ab ea í seo; bhí sí bunaithe ar stair na teangan féin in Éirinn. De réir staraithe an tSaorstáit óig, ba iad na scoileanna Gallda a thug buille báis don Ghaeilge sa gcéad dul síos, agus d’fhéadfadh an córas ceart scolaíochta an Ghaeilge a thabhairt ar ais, ach an próiseas sealbhaithe a chasadh droim ar ais.

Seo mar a labhair an tOllamh T.S. Corcoran as UCD:

“Can the language thus be given in and through the school as the real vernacular? There is an abundance of historical evidence for an affirmative answer. It was in this way entirely that an English vernacular was enabled to replace the Irish tongue in Irish-speaking Ireland. Over large portions of the country, this process of…

Amharc ar an alt bunaidh 316 d’fhocla eile

Biogóidigh amháin ní gach duine a itheann yogurt!

Bastard-Gate”

Tá leithscéal gafa ag uachtarán Shinn Féin Gerry Adams as ráiteas “maslach” a dhéanamh.

Tá sé ina raic inniu ó thuaidh in éis gur úsáid Gerry Adams an focal ‘bastard’ le linn chruinniú de chuid Sinn Féin i bhFear Manach aréir (24/11/14).

Dúirt sé, agus é ag caint faoi sheicteachas agus an DUP (agus seo aistriúchán s’agamsa) –

“Ach cad é an pointe? Is é an pointe ná na bastaird seo a bhriseadh – sin an pointe. Agus is é cothromas an rud atá chun iad a bhriseadh …. cé arbh fhéidir leo eagla a bheith orthu roimh chothromas … sin an rud a chaithfeas muid díriú air – sin capall Traíoch na straitéise poblachtaí ar fad – chun an lámh a chur amach chuig daoine ar bhonn chothromais.”

Ach dúirt sé leis an BBC inniu (25/11/14) go raibh brón air gur úsáid sé an focal ‘bastard’ agus nár ceart dó an ráiteas “trojan horse” a úsáid ach an oiread .

Ach dúirt sé nach raibh i gceist aige ach biogóidigh agus chan aontachtaithe ar fad.

Cuireadh splanc le tine na polaitíochta gan aon amhras agus tá aontachtaithe an-mhí-shásta, ní nach ionadh.

Níl aon chomhthuiscint ann maidir le cothrom na Féinne do shiombail Éireannacha agus gnéithe cultúrtha Éireannacha ó thuaidh – dar le haontachtaithe tá Tuaisceart Éireann Briotánach agus ba chóir do náisiúnaithe glacadh leis sin.

Deir náisiúnaithe áfach gur chóir cothromas a thabhairt don chultúr Gaelach is Éireannach ó thuaidh agus go bhfuil na Sé Chontae idir Éireannach agus Briotánach.

Yogurt-Gate”

Tá baint nach beag ag an scéal seo le ‘Yogurt Gate’ – jóc athchúrsalaithe Gregory Campbell (seo an tríú huair anois) agus an comparáid a rinne sé idir éileamh ar Acht Gaeilge don tuaisceart agus páipéar leithris ag comhdháil an DUP ag an deireadh Seachtaine.

Fuair Campbell bagairtí báis Dé Luain mar gheall air.

Tá Campbell ag rá nach ngabhfaidh sé leithscéal as a iompair choíche ach is suimiúil gur cháin mac le hIan Paisley, Kyle Paisley, é go géar ag rá go ndearna a iompair aontachtachas a náiriú.

Dúirt Campbell áfach ; “I will not be dictated to or deflected by terrorists. I took the opportunity today at Question Time, to reiterate my determination. Exposing those politicising the Irish language, as well as those making unrealistic political demands at the talks table is the right thing to do. How dare anyone try to suggest that it is something to be ashamed of.”

Peter Robinson 

Cé go ndearna Peter Robinson iarracht ar theanga athmhuintearais a úsáid ag comhdháil an DUP cailleadh an teachtaireacht sin ar fad.

Déanta na fírinne, bhain Campbell an aird ar fad ó Peter Robinson – táthar ag cur na ceiste, an é gur Caimbeul fíor-thaoiseach na nAontachtaithe anois?

Ach ar chóir dúinn a bheith soiniciúil – seans gur cosúla go mbeidh rath ar na cainteanna má tá titim amach poiblí ann idir na páirtithe? Sean-chleas chun daoine a ullmhú do chomhréiteach.

Tionól na nGael

Tá cuid Gaeil i mBéal Feirste ag eagrú tionóil oscailte do dhuine ar bith ar mhaith leo plé a dhéanamh faoi an dóigh is éifeachtaí le chur i gcoinne “ciníochas an DUP” dar leo i leith na eachtraí is déanaí.
Deir an lucht eagraithe gur “deis é seo le freagracht sibhialta a spreagadh, rannpháirtíocht dhaonlathach a neartú agus léiriú nach bhfuil spás ann sa todhchaí roinnte s’againn do chiníochas.”
Tá an ócáid sin ar siúl ag 5.30in Cultúrlann McAdam Ó Fiaich amárach (26/11/14).

Toscaireacht Óg

Chuaigh toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge i gcomhar le daltaí Choláiste Feirste chuig Stormont inniu “lena ndíomá a léiriú i leith na n-ionsaithe is déanaí ar an Ghaeilge agus a pobal labhartha ag baill tofa ár dtionól.”

Deir ráiteas uathu go gcreideann siad “go bhfuil na maslaí is déanaí ón bhall tofa, Gregory Campbell MLA, ag baint ó na hiarrachtaí seo agus ag baint ó na hiarrachtaí níos leithne sochaí forásach, ilchultúrtha, ina mbíonn meas do mhionlaithe éagsúla a chruthú.

“Mar dhaoine óga agus díograiseoirí teanga, mothaímid nach bhfuil spás ann dúinn sa tsochaí seo nuair is féidir le polaiteoirí mí-úsáid a bhaint as a sheasamh mar pholaiteoir tofa le hionsaí a dhéanamh ar ár bpobal agus ár dteanga.”

Toscaireacht Phobal na Gaeilge ag trial ar Stormont

Preas-ráiteas ó Chonradh na Gaeilge 

Chuaigh toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge i gcomhar le daltaí Coláiste Feirste chuig Stormont inniu, Dé Máirt, 25ú Samhain 2014, lenár ndíoma a léiriú i leith na n-ionsaithe is déanaí ar an Ghaeilge agus a pobal labhartha ag baill tofa ár dtionóil.

Is teanga bheo í an Ghaeilge agus pobal bríomhar, éagsúil á n-úsáid ar bhonn laethúil ó thuaidh, mar ghnáth chuid dá saol. Ba mhaith linn an teanga a chur chun cinn i measc pobail éagsúil na tíre seo ar bhonn oscailte, tarraingteach agus uileghabhálach. Ní bagairt í an Ghaeilge d’éinne ach is gné thar a bheith luachmhar í dár noidhreacht agus stair shaibhir.

Creidimid áfach, go bhfuil na maslaí is déanaí ón bhaill tofa, Gregory Campbell MLA, ag baint ó na hiarrachtaí seo agus ag baint ó na hiarrachtaí níos leithne sochaí forasach, ilchultúrtha, ina mbíonn meas do mhionlaithe éagsúla a chruthú. Mar dhaoine óga agus díograiseoirí teanga, mothaímid nach bhfuil spás ann dúinn sa tsochaí seo nuair is féidir le polaiteoirí mí-úsáid a bhaint as a sheasamh mar pholaiteoir tofa le hionsaí a dhéanamh ar ár bpobal agus ár dteanga.

Arsa Bainisteoir Cosaint Teanga agus Ionadaíochta Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin: “Ba mhaith linn go mbeidh an Ghaeilge á n-úsáid in achan réimse den tsaol poiblí anseo agus leanfaidh muid lenár n-iarrachtaí an teanga a chur chun cinn, in ainneoin na hiarrachtaí seo naimhdeas a chruthú dí. Is tacaíocht atá uainn mar phobal, ní naimhdeas.

“Éilíonn muid arís mar sin, go ndéanfar beartais dearfach i leith na Gaeilge a reachtú don phobal ó thuaidh. Cuirfidh reachtaíocht dearfach spás ar fáil ina mbeidh cosaint agus meas ar fáil don Ghaeilge agus dá lucht labhartha.Tá pobal na Gaeilge ag fás i rith ama, tá sé thar am go raibh an stát ag plé linn ar bhonn cothrom agus cóir.”

 

Eisiach : Benny Coulter chun éirí as foireann an Dúin

Tá sar-imreoir an Dúin, Benny Coulter, chun éirí as foireann an chontae.

Tugadh le fios don suíomh go raibh sé i gceist an scéala seo a fhógairt inniu ag 3:15 ar shuíomh idirlín bhord an chonte.

Tá 32 bliana aige an fhear ó Dhroichead Mhaigh Eo.Benny Coulter

Duine de na peileadóirí ab fhearr a tháinig amach as an chontae riamh roimhe ach tá a cholainn ag fulaingt le tamall anuas a deir sé agus níl sé ábalta teacht chuige féin mar a bhí.

Tá sé ráite aige leis antuairisceoir.com nach mbaineann a chinneadh chun éirí as leis sin amháin áfach ach leis an “coimitmint sé lá sa tseachtain as seo amach” a théanns le peil idir-chontae.

Tá 8 mbonn contae aige le Droichead Mhaigh Eo agus leanfaidh sé ar aghaidh ag imirt leis an chlub.

 

An Lìon A-Muigh

Air Cuan Dubh Drilseach

An dèidh na dh’ionnsaich sinn o chionn greis mu dheircneachadh riaghaltais air an eadar-lìon, tha mòran air beachdachadh air a’ cheist, dè thig an dèidh a’ chiad dreach dhen eadar-lìon? Dè bhios anns an eadar-lìon 2.0 mar gum b’ eadh? A bheil dòigh ann lìon nas tèarainte a thogail, ach cuideachd, lìon a bhios nas fhosgailte, lìon a bhios nas coltaich ris an t-seann lìon shaorsail a bha againn aig an toiseach, tràth anns na naochadan, no a bheil na làithean geala sin air falbh gu sìorraidh?

Tha iomadh ro-innleachd air am moladh gus eadar-lìon fosgailte tèarainte a thogail, ach tha an tè a tha ga moladh anns an iomairt Indiegogo gu h-àrd, Lantern, gu sònraichte inntinneach air sàilleabh ’s gu bheil i a’ tabhainn lìon a bhios, an dà chuid, gun urra agus uile-làthaireach. ’S e lìon aon-sligheach a th’ ann, anns an t-seagh gun urrainnear dàta a luchdachadh sìos gu coimpiùtair tro…

Amharc ar an alt bunaidh 193 d’fhocla eile