Ann Travers ‘brúite’ as Twitter


Tuairim le Ciarán Dunbar

Tá cuntas Twitter Ann Travers dúnta aici.

Deirfiúr í le Mary Travers, múinteoir óg a scaoil an tIRA chun bás in 1984 – bhí siad ag iarraidh a hathair, a bhí ina bhreitheamh cúirt dúiche a mharú.

Bhí ard-phróifíl aici le blianta beaga anuas mar gheall ar a láithreacht sna meáin shóisialta agus mar gheall ar a feachtas in éineacht le Jim Allister ón TUV chun an Civil Service (Special Advisers) Act (Northern Ireland) 2013 a reachtú.

Chuir sé sin cosc ar dhaoine a bhfuil ciontú coiriúla tromchúiseach acu as a bheith ina gcomhairleoirí polaitiúla speisialta i Stormont,

Tuigtear gur scrios sí a cuntas de thoradh ar ‘dhrochíde’ a fuair sí ó ‘trollannaí’ ar líne.

Tá díospóireacht lán seoil ar Twitter faoi – ní nach ionadh, tá lucht tacaíochta s’aici ag cur an milleán ar lucht tacaíochta Shinn Féin.

Tháinig sí ar ais sa spotsolas le déanaí mar gheall ar a tacaíocht do Maíria Cahill, tá sise ag cur an locht ar Shinn Féin.

https://twitter.com/mairiac31/status/529328424243195906

Ach ardaíonn sé an cás seo an cheist – cad is troll ann, cad is trolláil ann?

An bhfuil daoine ann nár chóir a cheistiú ar chóir ar bith?

Nó an é an cás go ndearnadh tromaíocht mhíchothrom ar Ann Travers go dtí gur éirigh sí as?

Dúirt sí leis an BBC; “When you start to look at your phone with fear, that’s whenever you know that enough’s enough.”

Bíonn cuma ar chúrsaí in amanna go dtugtar ‘troll-annaí’ ar gach duine a easaontaíonn le daoine áirithe áfach, mar sin de, cá bhfuil an líne idir shaoirse cáinte is cainte agus an ‘trolláil’ seo?

An féidir a bheith ag súil gur féidir tuairim láidir a fhoilsiú gan daoine a bheith ag easaontú leat go láidir?

Nó an é gur chuir daoine gan aithne an méid sin teachtaireachtaí gránna chuici gur mhothaigh sí nach raibh rogha aici?

An bhfuil ról an Twitter féin sa chineál seo trolláil – ar chóir cosc a chur ar dhaoine áirithe, cár chóir go mbeadh an líne?

Dar le Ann Travers; “Being on Twitter is like sitting in a room and having complete strangers shout at you incessantly without stopping.”

3 thuairim ar “Ann Travers ‘brúite’ as Twitter

    1. Ar ndóigh, tá bagairtí pearsanta go hiomlán míghlactha.

      Maslaí… níl sé deas ar chor ar bith, ach cuid den saol? mar chuid de shaoirse cainte?

      Cá bhfuil an líne?

      Mar shampla, má thugaim ‘amadán’ ar dhuine, is masla é sin.

  1. Seo tuairim bheag faoin bhfocal troll beag beann ar an gcás seo. Fadhb aitheanta agat ansin, Is minic daoine ag cur síos ar ‘throlanna’ agus é i gceist acu gur daoine iad atá ag cur as dóibh don chraic nuair is tuairimí láidre malartacha ata i gceist. Níl an pobal trí chéile ag úsádi an fhocail ar an gcaoi chéanna

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s