Ionad Nua do Thuismitheoirí na Gaeltachta


Preas-ráiteas ó Thuismitheoirí na Gaeltachta 

Tá an-ríméad orainn a chur in iúl go bhfuil léas ar fhoirgneamh sínithe ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta le hÚdarás na Gaeltachta agus oifig nua agus ionad do theaghlaigh le n-oscailt againn gan mhoill.

Beidh an oifig agus an t-ionad nua lonnaithe sa bhfoirgneamh ar chúl na leabharlainne ar an gCeathrú Rua. Beidh lár-oifig na heagraíochta lonnaithe sa bhfoirgneamh agus tá sé i gceist ionad do theaghlaigh a fhorbairt ann sa mbliain nua. Beidh ócáidí agus imeachtaí ar bun san ionad nua seo, chomh maith le seirbhísí tacaíochta éagsúla ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh.

Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta aitheanta ag an Údarás anois mar eagraíocht a chuireann seirbhísí pleanála teanga ar fáil agus tá níos mó ná 260 teaghlach cláraithe linn ó cheantar Chonamara agus Thír Chonaill.

Is dul chun cinn mór don eagraíocht ionad dár gcuid féin a bheith againn agus cuirfidh sé ar ár gcumas cur leis an réimse seirbhísí atá agus a bheidh á gcur ar fáil. Cé go mbeidh an t-ionad nua seo ar fáil do theaghlaigh, tá sé i gceist againn go fóill leanacht leis na siamsáin a bhíonn ar bun againn i bpobail éagsúla ar fud Chonamara.

Tá muid thar a bheith buíoch de Údarás na Gaeltachta as an gcóir atá curtha acu orainn agus as ionad chomh lárnach a chur ar fáil dúinn.

Tá súil againn go dtabharfaidh sibh cuairt orainn san ionad nua – cuirfear na múrtha fáilte romhaibh!

Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta maoinithe ag An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Freagra