An Dreoilín agus Muintir na hÉireann – le Gerry Oates

An tUltach

An Dreoilín agus muintir na hÉireann – le Gerry Oates

Is díol iontais liom le fada an méid pisreogachta neamhfhabhraí a mhaireann i measc mhuintir na hÉireann i dtaca leis an dreoilín, éan beag gleoite neamhurchóideach a thaithíonn fálta agus garraithe ó cheann ceann na tíre.  Tá sé aisteach an fuath a thaispeánann cuid de na daoine ar an éan bhocht seo a shroicheann a bhuaic Lá an Dreoilín (26 Nollaig) nuair a théann dreamanna de dhaoine óga amach ar na bóithre ar thóir an éin ar mhaithe le spórt is greann.

Níl meas rómhór ag muintir na tuaithe ar an dreoilín mar creidtear go forleathan, gan údáras dá laghad, go ndearna sé míghníomh ar ár Slánaitheoir. De réir an tseanchais nuair a bhíothas Á chéasadh bhí an spideog ag iarraidh na dealga a tharraingt amach as an Choróin Spíon ach bhí an dreoilín á dtiomáint isteach.[1]  Ní…

Amharc ar an alt bunaidh 1,440 d’fhocla eile

An Ghaeilge faoin Stát Oráisteach

Crá Croí Cois Cuain

Stormont - Teach an Stáit Oráistigh Stormont – Teach an Stáit Oráistigh

As na lochtanna ar fad a bhí ar chlár Spotlight faoin Ghaeilge (agus is iomaí locht a bhí ann) bhí easnamh mór amháin ann ar mhaith liom aird a dhíriú air, agus is é sin an dóigh ar caitheadh leis an teanga agus a pobal labhartha faoin stát Oráisteach.

In 1920 chinn Rialtas na Breataine ar chríochdheighilt a fhorchur ar Éirinn. Sna Sé Chontae, thóg na haontachtóirí stát aon-pháirtí a rinne dian-iarracht a cheangal leis an Breatain a dhaingniú agus gach gné Éireannach den limistéar a chur faoi chois.

Ag am na críochdheighilte bhí mionGhaeltachtaí go fóill scaipthe ar fud an stáit. Diúltaíodh go raibh a leithéid de theanga agus de phobal teanga ann, ag dul chomh fada le tagairtí don Ghaeilge a stróiceadh ó dhaonáireamh 1921 ar aghaidh.

Bhí an cur chuige seo le sonrú sa chóras oideachais ón chéad lá. Rinne an…

Amharc ar an alt bunaidh 666 d’fhocla eile

Manainn – Eilean nan Trèanaichean

Trèanaichean, tramaichean is tràilidhean

Tha ùidh mhòr air a bhith agam fad mo bheatha ann an Eilean Mhanainn – an cànan, an siostam politigeach agus na rathaidean-iarainn.

Cha robh cothrom agam a dhol ann fhathast ach tha mi gu bhith a’ dol ann an ath bhliadhna mu dheireadh thall. Tha mi a’ dèanamh fiughair ri trèanaichean beaga, Gaelg (Gàidhlig Mhanainn) agus a bhith ag òl fada cus còmhla ri luchd-iomairt cànain. Bu toil leam an Tinbheal (Pàrlamaid Mhanainn) fhaicinn cuideachd.

Seo mapa den lìonra rèile ann am Manainn san latha an-diugh.

final new manx

Seo na bailtean air a’ mhapa le fuaimneachadh ann an siostam-litreachaidh na Gàidhlig agus leis na h-ainmean Beurla:

Balley Chashtal: ‘Baile a’ Chaisteil’ – Castletown, Doolish: ‘Dùbhlais’ – Douglas, Laksaa: ‘Lagsà’ no ‘Lagsa’ – Laxey, Purt le Moirrey: ‘Purt la Muire’ – Port St Mary, Purt Çhiarn: ‘Purt Tighearn ‘ – Port Erin, Rhumsaa: ‘Rumsà’ – Ramsey.

Tha rathad-iarainn smùid Mhanainn ann cho…

Amharc ar an alt bunaidh 305 d’fhocla eile

Caillte i gConamara/Lost in Connemara‏

Léirmheas le hAonghus Ó hAlmhain

Scéal an duine le cúigear, ar maistrí ar an ngearrscéal iad, atá anseo, maille aistriúchán go Béarla ar na scéalta agus réamhrá suntasach as Béarla agus Gaeilge leis an bhfear eagar Brian Ó Conchubhair.download

Padraic Ó Conaire, Máirtín Ó Cadhain, Pádraic Bhreatnach, Joe Steve Ó Neachtain agus Micheál Ó Conghaile an cúigear. Cúigear a fáisceadh as Conamara agus a bhfuil fréamhacha doimhne acu san ithir chlochach ann; ach cúigear freisin a rinne cúram do cheird an scríbhneora, agus eolas acu ar scríbhneoirí na cruinne. Fágann sin go bhfuil ar a gcumas an uilíoch a léiriú san áitiúil.

Agus is beag rud atá chomh uilíoch leis an mbás, a bhfuil a ionad shocair aige i dtimthriall na nglúnta. Sin is ábhar do na scéalta seo, scéalta a léiríonn an daonnacht a fuintear as an dteagmháil le cré is cloch.

An Bás a sciobann leis óg agus aosta, an bás a chuireann cor i gcinniúint teaghlaigh agus caidrimh. An mian sa duine go mbeadh a shíol ann ina dhiaidh; mian a séantar scaití ag an saol.

Tá na scéalta iomlán saor ón Rómánsachas a shamhlaíonn an turasóir uirbeach le Conamara; níl na reacairí dall ar an áilleacht, ach chíonn siad níos faide agus níos doimhne.

Maidir leis na haistriúcháin, deirtear má bhíonn aistriúchán álainn, nach bhfuil sé dílis; agus má tá sé dílis, níl sé álainn. Éiríonn leis na haistritheoirí anseo éirim an scéil a thabhairt leo go paiteanta, na mothúcháin a thabhairt slán, gan ón bhlas den Béarla le cló na Gaeilge uirthi, ach friotail a fheileann don mbunleagan.

Osclóidh an cnuasach seo doirse do léitheoirí; litríocht Chonamara á chuir ar fáil dóibh siúd gan an Ghaeilge; agus cnuasach de na máistir saothair ann dóibh siúd a bhfuil sí acu, a chuirfidh ar thóir tuilleadh iad.

Níl ach locht amháin agam ar an gcnuasach, agus dáiríre ní locht ar an chnuasach sin, ach go santaím a mhacasamhail a bheadh ag plé le hábhar nach bhfuil chomh duairc!

Faic ann don Ghaeilge as na Cainteanna

Ní raibh fiú an Gaeilgeoir is mó dóchais ar an tsaol ag súil le mórán ó na cainteanna thuas i mBéal Feirste ach fuarthas níos lú ná mar a bhí an Gaeilgeoir is soinicúla ag súil leis.

Ní nach ionadh, cha raibh Acht Gaeilge mar thoradh ar ‘Chomhaontú na Nollag’, cha raibh aon chearta teanga luaite agus cha raibh aon airgead sa bhreis ar fáil maidir le Gaelscolaíocht.

Seo a raibh le fáil ann maidir leis an teanga.

“68.The UK Government and the Irish Government, recalling commitments from previous Agreements, and recognising the importance of understanding, tolerance and respect in relation to linguistic diversity, endorse the need for respect for and recognition of the Irish language in Northern Ireland, consistent with the Council of Europe Charter on Regional or Minority Languages.

Níl Tionól Stair Mhonadh nó páirtithe an Tuaiscirt luaite ar chor ar bith, díreach an dá rialtas ach níl aon dualgas nua nó choimitmint nua luaite ann.

Cháin Comhairle na hEorpa Tionól Thuaisceart Eireann go géar ag tús na bliana seo as gan a bheith ábalta tuairisciú ar chur i bhfeidhm na Cairte. Dlí ‘bog’ atá ann gan feidhm dlíthiúil sa Ríocht Aontaithe.

I ráiteas a d’eisigh Leas-Uachtarán Shinn Féin, Martin McGuinness, ní luadh na focail ‘Acht’, ‘Irish’ nò ‘language’ ar chor ar bith.

I ráiteas dúirt ceannaire an SDLP maidir leis an Chomhaontú nua seo; “The SDLP presented a series of papers to the talks on the unfinished work of past agreements.

“The absence of action on the Finucane Inquiry, on the Bill of Rights, the Irish Language Act, a Civic Forum for Northern Ireland and the island, and other issues, means the opportunity is lost to better and decisively shape politics and the rights of our people.

Tá Gaeilgeoirí ag cur in iúl a ndíomá maidir leis easpa dul chun cinn don Ghaeilge ar na meáin shóisialta.

Tá an Ghaeilge ina chnámh spairne sa Tuaisceart i rith an ama – Thug an t-Aire Oideachas John O’Dowd ceadú do Choláiste Dhoire an tseachtain seo caite , scoil darna leibhéil le bheith suite i nDún Geimhin, rud a bhí Gaeilgeoirí ar bís faoi ach go raibh Aontachtaithe ar buile faoi.

An Nuacht is Úire ó Shaol na Réaltaí

Is iontach a lán eolais atá ar na réaltaí ar an saol deiridh seo. […] Tá cuid acu chomh fada sin uainn go mbíonn an solas féin na milliúin blianta ar an mbealach chugainn uathu, tar éis go dtéann sé os cionn aon mhilliún déag mílte sa nóiméad. Tá an t-ábhar chomh dlúth, chomh pacáilte i gcuid eile is go bhfuil tonna meáchain in oiread silín de cheann amháin acu […].

– Tomás Ó Máille, An Béal Beo (lch. 31 in eagrán na bliana 2002)

Dhá réaltra ar bharr lasrach ag bualadh faoi chéile

 

NGC2207andIC2163
Seo an dá réaltra úd NCG 2207 (nó NGC 2207, mar a deir an Béarla) agus IC 2163, mar a léiríodh ar leathanach Idirlín Astronomy.com iad. Pictiúr cumasctha é seo atá bunaithe ar shonraí solais infheicte, sonraí X-ghathanna agus sonraí infridhearga araon. (Foinse: http://www.astronomy.com/news/2014/12/galactic-get-together-has-impressive-light-display)

Deir an láithreán Idirlín úd Astronomy.com gur haithníodh trí ollnóva le cúig bliana déag sa dá réaltra úd NCG 2207 agus IC 2163, chomh maith lena lán foinsí láidire x-ghathanna. Tá an dá réaltra seo le feiceáil i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir, agus iad suite faoi 130 milliún solasbhliain dínn. An dóigh a mbíonn imtharraingt an dá réaltra ag dul i bhfeidhm ar a chéile tá réaltaí nua ag teacht chun saoil go tiubh teirimeach sna scamaill gháis a bhaineas siad as a chéile, ach thairis sin d’aithin foireann taighde na réadlainne úd Chandra X-Ray Observatory i gCambridge, Massachusetts go bhfuil na réaltraí seo breac le foinsí sárlonracha x-ghathanna. Tá an dá réaltra ag aomadh a chéile, agus an chomh-imtharraingt seo ag spreagadh gníomhaíocht iontu: ag cur luais faoi fhoirmiú na réaltaí nua agus ag madhmadh ollnóvaí mar a bheadh buamaí iontu.

Maidir leis na hollnóvaí, áirítear iad ar na himeachtaí is scanrúla, is iontaí, is cumhachtaí dá dtiteann amach sa spéir. Is éard atá i gceist le hollnóva ná réalta mhór agus í ag déanamh mórphléisce: is féidir le haon réalta amháin réaltra iomlán a shárú ar feadh tamaill ag scaoileadh solais agus fuinnimh uaithi. Ní mhaireann an t-ollńóva ach go ceann roinnt seachtainí nó míonna, áfach.

Ní hionann iad an t-ollnóva agus an rud ar a dtabharfá an gnáthnóva. Is éard atá i gceist leis an ngnáthnóva ná go bhfuil déréalta – córas dhá réalta – againn agus ceann de na réaltaí ag tarraingt (nó ag fuilleamh, mar a deir an téarmaíocht) ábhair as an gceann eile, ionas go lasfaidh an t-ábhar sin suas ina phléasc mhór. Go bunúsach, tá ceann den dá réalta i bhfad níos dlúithe, i bhfad níos lú ná an ceann eile – abhacréalta bhán a bhíos i gceist go tipiciúil – agus is í an réalta bheag dhlúth sin a bhíos ag ól ábhair chuici ón réalta eile sa chóras.

Making_a_Nova
Léaráid é seo a léiríos an dóigh a dtarraingíonn, nó a “bhfuilleann”, an abhacréalta bhán damhna ón réalta eile sa déréalta, Tugtar diosca fuillimh ar an diosca timpeall ar an abhacréalta bhán. (Léaráid: Vicipéid an Bhéarla.)

 

Tá an damhna san abhacréalta an-difriúil leis an damhna a bhfuil taithí againn air ónár saol laethúil. Deirtear gur damhna díchineálaithe atá ann. An damhna is aithin dúinn tá sé comhdhéanta as adaimh, agus is éard atá san adamh ná núicléas beag dlúth trom agus cineál “atmaisféar”, is é sin, néal na leictreon. Tá an núicléas beag bídeach i gcomparáid leis an adamh: is minic a deirtear, más é an t-adamh féin an pháirc, gurb é an núicléas an chuileog i lár na páirce. Mar sin féin, tá an chuid is mó de mhais an adaimh comhchruinnithe sa núicléas. An damhna díchineálaithe atá le fáil san abhacréalta bhán, áfach, cé go bhfuil sé comhdhéanta as leictreoin agus as núicléis chomh maith, tá an dá rud fáiscthe go tiubh in aice a chéile.

An damhna atá sna gnáthréaltaí bíonn sé níos cosúla leis an ngnáthdhamhna. Nuair a bhuailfeas sruth damhna den chineál seo faoi dhromchla na habhacréalta báine, bíonn luas mór faoi, toisc go bhfuil an-mhais agus an-imtharraingt san abhacréalta – chomh dlúth is atá sí. Is millteanach an tuairt é an t-imbhualadh seo, agus é ag cur luas faoin imoibriú núicléach sa damhna a dhéanas an t-imbhualadh. Nuair a bhainfeas an solas ón imoibriú sin amach an Domhan, rachaidh sé i bhfeidhm ar na réalteolaithe mar a lasfadh réalta nua suas gan choinne, agus sin é an tuige go dtugann siad nóva ar phléasc den chineál seo – tháinig an téarma ó stella nova na Laidine a chiallaíos “réalta nua”.

Cuid de na nóvaí ar chuir na réalteolaithe sonrú iontu, is nóvaí ateagmhasacha iad mar a deirtear – is é sin, lasann siad suas in athuair go tráthrialta de réir a sceidil féin. Tá cuid de na réalteolaithe barúlach, fiú, go bhfuil timthriall den chineál sin ag na nóvaí go léir mar sin: an leathbhádóir beag ag tarraingt ábhair chuige ón réalta mhór, agus an réalta mhór ag carnadh lastas eile ina dhiaidh sin, de réir a chéile, lena chaitheamh uaithi i dtreo na habhacréalta nuair a bheas a dóthain aici.

Iarsmaí Ollnóva na Seolta
Iarsmaí Ollnóva na Seolta. Aon mhíle déag de bhlianta ó shin, chonaic muintir an Domhain ollnóva dochuimsitheach ag pléascadh i réaltbhuíon na Seolta – ollnóva a sháraigh an Ghealach féin ar ghile. Bhí an t-ollnóva seo ar na himeachtaí is cuidsúlaí dá bhfaca an cine daonna ar an spéir, ach ar an drochuair ní raibh lucht na linne in ann cuimhne an ollnóva seo a chur i míotar, ó nach raibh córas scríbhneoireachta acu. (Foinse an phictiúir: http://panther-observatory.com/gallery/deepsky/doc/Vela-SNR_200mm.htm)

Scéal eile é scéal an ollnóva: ní féidir le haon réalta ollnóva a dhéanamh ach uair amháin. Bíonn ollnóvaí coitianta go maith ag réaltaí móra millteanacha: is éard a tharlaíos ná go dtitfidh croíleacan an ollnóva isteach chuige féin (rud ar a dtugtar imphléasc) agus an chuid eile den réalta ag dul ar mire ar fad leis an imoibriú núicléach – ag pléascadh ina hollnóva, go bunúsach. Nuair a bheas breosla an imoibriúcháin sin spíonta, ní fhágfar den réalta ach neodrónréalta nó dúpholl san áit ina raibh a croílár, chomh maith le hiarsmaí an ábhair a chuaigh ar fud na háite le linn an ollnóva.

Crab_Nebula
Réaltnéal an Phortáin, iarsma an ollnóva ar chuir na réalteolaithe Síneacha sonrú ann sa bhliain 1054. Cé go dtugtar “Réaltnéal an Phortáin” ar an néal seo, níl sé suite i réaltbhuíon an Phortáin, ach i réaltbhuíon an Tairbh. Sa bhliain 1968, haithníodh go bhfuil neodrónréalta suite i lár an néil – croílár na réalta a phléasc ina hollnóva, is dócha. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

 

Is féidir don ollnóva tosú i gcóras dhá réalta freisin. Mar a chonaic muid is é fuilleamh an ábhair ón ngnáthréalta chuig an abhacréalta bhán is cúis leis an ngnáthnóva. Is féidir leis an bhfuilleamh tús a chur leis na himoibrithe núicléacha san abhacréalta féin arís. Go bunúsach, is réalta í an abhacréalta bhán nach bhfuil ag déanamh imoibriúchán ar bith a thuilleadh. Má tá sí te i gcónaí, agus má tá sí ag soilsiú i gcónaí, níl ann ach seanbhreo ó na laethanta a bhí. Má thosaíonn comhleá na núicléas san abhacréalta arís, áfach, rachaidh sé chun cearmansaíochta ar an toirt, agus iompóidh an réalta bheag ina hollnóva.

ollnóva fuinneamh
Taispeánann an dá ghraf seo forbairt na dearbhmhéide (absolute magnitude mar a deir an Béarla) sa réalta atá ag pléascadh ina hollnóva. (Miosúr nó caighdeán ar ghile na réalta í an dearbhmhéid.) Ar dtús méadaíonn an dearbhmhéid go tobann, agus ansin, laghdaíonn sí arís de réir a chéile i rith na míonna. Seasann an dá ghraf don dá chineál ollnóva: is é cineal a haon (Type I) an t-ollnóva nach n-aithnítear lorg na hidrigine ar speictream an tsolais uaidh, agus is é cineál a dó an t-ollnóva a n-aithnítear línte na hidrigine ar a speictream. Is é cineál a haon ollnóva na habhacréalta báine i ndéréalta, arb é an fuilleamh (carnadh an damhna ón réalta leathbhádóra) a chuireas ag pléascadh í, agus is é cineál a dó ollnóva na fathachréalta a ndéanann a croí titim chuige féin faoi mheáchan a imtharraingthe féin (imphléascadh imtharraingthe). Fágann ollnóva de chineál a dó neodrónréalta nó dúpholl ina dhiaidh (mar thoradh don imphléascadh imtharraingthe), ach scaiptear iarsmaí na réalta go léir sa spás le linn ollnóva de chineál a haon. (Foinse: http://www.uni.edu/morgans/astro/course/Notes/section2/new9.html)

 

An cineál seo déréaltaí a bhfuil ollnóva ag bagairt orthu, is minic a bhíos siad ag tabhairt le fios roimh ré go bhfuil an priacal sin ann: bíonn an lonrachas iontu ag athrú go tobann, ag dul i méadaíocht nó ag dorchú síos, agus ní féidir tráthrialtacht ná timthriall a aithint ar an luaineacht seo. Tugtar réaltaí athraitheacha mórchorraiola ar an gcineál seo déréaltaí, agus creidtear go bhfuil an dá réalta chomh cóngarach dá chéile iontu is go gcuireann imtharraingt an abhaic bháin an réalta eile as a riocht ar fad.

Na foinsí sárlonracha x-ghathanna a bhíos ar fáil chomh flúirseach sin sa dá réaltra úd NCG 2207 agus IC 2163, is dócha gur déréaltaí iad chomh maith céanna. Arís, tá réalta throm dhorcha, is é sin dúpholl, ann agus réalta “bheo”, lonrach ag dul timpeall an leathbhádóra seo; is dócha gur dúpholl iontach trom atá i gceist, ós rud é go bhfuil an déréalta ag tabhairt x-ghathanna uaithi atá as pabhar fuinniúil. Is é an fuilleamh, an sruth damhna ón leathbhádóir lonrach chuig an dúpholl, is bunfhoinse do na x-ghathanna, ar ndóigh. Go nuige seo, d’aithin na réalteolaithe seacht bhfoinse x-ghathanna agus fiche den chineál seo sa réigiún spáis idir an dá réaltra.

Tá a fhios ag lucht na réalteolaíochta le fada an lá go spreagann an saghas seo “imbhualadh” dhá réaltra foirmiú réaltaí nua sa scamall gáis idir an dá réaltra. Dealraíonn sé go bhfuil baint éigin ag an bhfoirmiú sin le chomh tiubh is a bhíos na foinsí x-ghathanna seo idir an dá réaltra, ach is dócha  go gcaithfidh lucht comhcheirde Leonard agus Sheldon a lán oícheanta gan chodladh fós ag scríobh foirmlí matamaitice ar an gclár dubh ag iarraidh an bhaint sin a thuiscint.

Tháinig deireadh le misean taiscéalaíochta an Venus Express

Bhí an Venus Express ag déanamh taighde ar phláinéad Véineas le hocht mbliana anuas, ach anois, tháinig deireadh le misean an taiscéalaí seo. Spásbhád gan chriú gan fhoireann a bhí ann a scaoileadh chun bealaigh ó Bayqoñır, an Chasacstáin, sa bhliain 2005. Cé gur baineadh úsáid as roicéad agus gléasra Rúiseach, ba le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa an taiscéalaí féin. Tháinig an taiscéalaí a fhad le Véineas i mBealtaine 2006, agus shocraigh sé ar an bhfithis réamhshocraithe le dul timpeall an phláinéid ag déanamh breathnuithe air.

venusmagellan-580x580
Véineas, an pláinéad is cosúla leis an Domhan ó thaobh na méide de. Tá an pictiúr seo bunaithe ar an mapáil a rinne an spástaiscéalaí úd Magellan i dtús na nóchaidí. (Foinse: http://www.universetoday.com/48317/venus-length-of-day/)

 

Is iad na gléis taighde a bhí ar bhord ná ASPERA-4, VMC, MAG, PFS, SPICAV, VIRTIS agus VeRa. Seasann an giorrúchán ASPERA d’Anailíseoir na bPlasmaí Spáis agus na nAdamh Fuinniúil. Is í an ghrianghaoth atá á hanailísiú ag an ngléas seo, an dóigh a mbuaileann sí faoi atmaisféar Véineas. Leagan leasaithe é ASPERA-4 den ghléas ASPERA-3 atá in úsáid ar an Mars Express, spástaiscéalaí cosúil atá ag fithisiú Mharsa ón mbliain 2004 anuas.

grianghaoth
Is éard atá i gceist leis an ngrianghaoth ná sruth cáithníní a bhfuil lucht leictreach acu, sruth atá ag teacht ón nGrian. Cuireann an sruth seo réimse maighnéadach na bpláinéad as a riocht, mar a léiríos an pictiúr seo. Bíonn an ghrianghaoth athraitheach ar a lán dóigheanna, díreach cosúil le fíorghaoth san atmaisféar, agus cineál claochluithe aimsire ag baint léi, fosta. Tugann na réalteolaithe “spásaimsir” ar na claochluithe seo, fiú. Is í an ghrianghaoth is cúis leis an gCaor Aduaidh (na Saighneáin, an aurora borealis) freisin. (Pictiúr: http://sci.esa.int/soho/32799-solar-wind-buffets-earth-s-magnetic-field/)

 

Níl i gceist leis an VMC ach ceamara ardteicneolaíochta (“Ceamara Monatóireachta Véineas”) agus é ag tógáil pictiúirí le solas infheicthe, le solas ultraivialait agus le solas infridhearg. Baintear leas as na pictiúirí seo i mapáil an phláinéid agus in obair na spásgheolaithe, agus iad ag iarraidh, abair, bolcánachas a aithint ar Véineas.

Maighnéadaiméadar is ea an MAG, mar is léir ón ngiorrúchán féin, agus é dírithe ar réimse maighnéadach an phláinéid a aithint. Is féidir a lán conclúidí a bhaint as réimse maighnéadach an phláinéid. Mar shampla, má tá cuid mhaith iarainn i gcroíleacan an phláinéid, is léir go gcuireann sé leis an maighnéadas.

Gléasra speictriméadrachta atá sa triúr eile – PFS, SPICAV agus VIRTIS. Aithníonn na sásanna seo na cineálacha éagsúla radaíochta agus iad ag déanamh breathnuithe ar an dóigh a dtéann atmaisféar trom tiubh Véineas i bhfeidhm uirthi.

Venus Express gléasra
Taispeánann an léaráid seo an dóigh a bhfuil na gléis éagsúla taighde suite ar bhord an Venus Express. (Foinse: http://www.esa.int)

 

Sa deireadh, is gléasra raidió é VeRa a úsáidtear le hascnamh na radathonnta in atmaisféar Véineas a thaighde. Ar an Domhan s’againn, cuireann an t-aerthormán isteach ar na craolacháin raidió agus ar an gcumarsáid raidió go minic. Ar Véineas, áfach, is ábhar suime do lucht na heolaíochta é an t-aerthormán, nó is foinse eolais é i dtaobh an leictreachais in atmaisféar an phláinéid sin. Le fírinne ceann de na torthaí is tábhachtaí dár thug an Venus Express dúinn is ea go bhfuil atmaisféar an phláinéid beo le leictreachas agus go mbíonn tintreach ag splancarnaigh ansin níos minice ná ar an Domhan.

Cé go bhfuair Véineas a hainm ó bhandia grá na seanársaíochta, ní áit ghrámhar í ach a mhalairt. Dé-ocsaíd charbóin is mó atá san atmaisféar, agus tá brú an aeir ar dhroim an phláinéid nócha oiread níos mó ná ar an Domhan. Na scamaill atá ann, bíonn siad comhdhéanta as dé-ocsaíd sulfair agus as aigéad sulfarach. Ceapann an t-atmaisféar teas na Gréine go héifeachtúil, ionas go bhfuil dromchla Véineas níos teo ná dromchla Mhearcair féin. Tá Véineas an-mhall ag dul thart ar a hais féin: is ionann réaltlá Véineas agus dhá chéad trí lá agus dhá scór ar an Domhan; níl lá Véineas de réir mar a fheictear an Ghrian ag gluaiseacht ar an spéir ach céad is sé lá Domhanda déag, áfach.

Ní raibh an Venus Express ceaptha ach cúig chéad lá a chaitheamh i mbun an taighde, ach tar éis na tréimhse sin bhí an gléasra ag obair go paiteanta i gcónaí, agus ba mhór an náire a bheadh ann é a fhágáil gan úsáid ansin. Mar sin, mhair na saineolaithe ag bailiú eolais tríd an taiscéalaí i bhfad ina dhiaidh sin féin. In Earrach na bliana 2014, chuaigh an Venus Express síos go dtí an ciseal is airde thuas d’atmaisféar Véineas le hé a thaighde ón taobh istigh, rud nár triaileadh roimhe sin.

Bhí an taiscéalaí in ann dul in airde arís i ndiaidh tamall a chaitheamh ag “surfáil” an atmaisféir, ach níor éirigh leis a sheanairde eitilte a choinneáil a thuilleadh. Nuair a rinne foireann a stiúrtha ar an Domhan iarracht roicéid an Venus Express a oibriú arís leis an taiscéalaí a shocrú ar a sheanfhithis, tháinig chun solais go raibh sé i ndeireadh a bhreosla. Mar sin, is é an scéal atá ann faoi láthair go ligtear don taiscéalaí airde a chailleadh go nádúrtha. I ndeireadh báire rachaidh an gléasra síos agus é á théamh ag friotaíocht an aeir, go dtí go mbeidh sé imithe ina ghal soip, mura mbuailfidh na hiarsmaí deireanacha dromchla Véineas roimhe sin.

Maat Mons
Maat Mons, ceann de bholcáin Véineas. Tá an pictiúr seo bunaithe ar na sonraí a bhailigh an taiscéalaí úd Magellan i dtús na nóchaidí. Rinneadh áibhéil ar na difríochtaí airde. Foinse: http://www.nasa.gov

 

An obair a bhí á déanamh ag an Venus Express fad is a mhair sé, is fairsingiú é ar eolas an chine dhaonna ar a lán gnéithe den phláinéad. Tá sé ina cheist mhór ag na spásgheolaithe, an bhfuil aon cheann de na bolcáin ar Véineas beo i gcónaí. Tá an pláinéad an-saibhir i mbolcáin, ach níor haithníodh aon cheann acu ag brúchtadh leis lenár linn. Níor thug an Venus Express féin freagra ar an gceist seo, ach ar a laghad d’aithin sé difríochtaí móra i dtiúchan na dé-ocsaíde sulfair san atmaisféar. Is féidir gurb as na bolcáin a tháinig an bhreis sulfair, cé go bhfuil an dá bh’fhéidir ann, is é sin, d’fhéadfadh cúiseanna atmaisféir a bheith leis na difríochtaí sin chomh maith.

Léirmheas : ‘An Ghlanfhírinne’

An Ghlanfhírinne

Léirmheas le hAonghus Ó hAlmhain

Ní mise léirmheastóir a dhiongbhála don leabhair seo; mar chainteoir athdhúchais as Bleá Cliath bhí mé ag streachailt le caint bheo na Gaeltachta atá anseo; an chaint thíriúil chréúil mar a thug an Cadhnach air.

Agus tá taithí na scéalta coimhthíoch go maith dom freisin; cruatan feirmeoirí bheaga Conamara ach freisin a saol folláin gar don úir is don muir.Cóil_Learaí_Ó_Finneadha_-_An_Ghlanfhírinne_300_465_c1

Conamara Bhob Quinn i bPoitín seachas Ros na gCaorach an Piarsaigh atá sna scéalta seo, ar chruinne béaloideas mar chuir síos orthu ná gearrscéalta dar liom – agus is mar a aithriseofaí cois teallaigh, nó níos dóichí ná a mhalairt cois cuntair síbín.

Tá scéalta sách Raibiléiseach ann faoi ragús fir agus mná, bealaithe ag “bainne glas na heasóige”, i. poitín. Tá giotaí staire ann – mianach a tháinig a dtír sa Chéad Cogadh bharbartha is a sciob dornán ógánach leis – cé gur mhair fear inste scéal.
Sár chuir síos ar iompar Misinéirí Móra Ord an tSlánaithe i mbun a gcuid aithisc bhladhmannacha le eagla Ifrinn a dhingeadh isteach i gcroí an phobail.

Corr ghiota machnamh ar an sean saol, blas áirithe d’Oisín i ndiaidh na Féinne orthu – atá ceadaithe d’fhear críonna, is dócha! Tá cuid mhaith den reacaireacht lonnaithe san 19ú céad, bunaithe ar scéalta a chuala an údar ó na glúinte roimhe seachas cuimhní cinn.

Shamhlóinn go mbainfidh an muintir thiar an-tairbhe as an méid seo dá dhúchas a bheith idir clúdaigh leabhair, agus buan dá réir, san aimsir seo ina bhfuil an scéalaíocht ag trá go tiubh; ach cá bhfios nach mbainfidh fís scéalaithe TG4 casadh nua as an t-ábhar seo!
Shamhlóinn freisin go mbeidh tairbhe ann dóibh siúd ar bhreá leo nathaíocht agus meafair chliste agus caint ghlic – táid ann go flúirseach anseo – scaití ró fhlúirseach dar liom agus meafair agus nathanna dá gcarnadh ar a chéile. Baineann an ruthag leis an insint bhéil ar ndóigh, ach n’fheadar an bhfuil sé chomh héifeachtacht céanna ar phár.

Tá sé i gceist agam féin filleadh ar an bhfoinse seo pé scéal é, ar mhaithe le tochailt níos doimhne sna cainteanna bhreátha, sna nathanna agus sna cora cainte.