Nuaíocht Oiriall 300115

Fáilte curtha roimh straitéis DCAL

Tá fáilte curtha ag urlabhraí Gaeilge an SDLP, Dominic Bradley, roimh fhoilsiú Straitéis na Gaeilge ag an Roinn Chultúir Ealaíona agus Fóillíochta an Tuaiscirt.

Ag labhairt dó tar éis a fhoilsithe dúirt sé gur cinnte go bhfuil fáilte roimh an Straitéis i ndiaidh dúinn a bheith ag fanacht ocht mbliana lena fheiceáil.

“Tá na heilimintí uilig ann agus caithfidh an tAire anois féachaint chuige go bhfuil plean gníomhaíochta agus maoiniú cuí ann leis an straitéis a chur i bhfeidhm go héifeachtach – agus sin a dhéanamh gan a thuilleadh moille,” dúirt sé.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh fhoilsiú na Straitéise chomh maith.

Dúirt an tIúrach Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh, go molann siad na tagairtí atá déanta don dea-chleachtas idirnáisiúnta maidir le forbairt teangacha mionlaigh agus dúchasacha.

Ach dúirt sé gur chóir do na húdaráis na ceachtanna ón Straitéis 20 bliain don Ghaeilge ó dheas a ghlacadh ar bord agus cinnte a dhéanamh de go mbeidh acmhainní cuí ar fáil don straitéis seo le go dtig na spriocanna atá luaite léi a bhaint amach.

**

Tá sé ráite ag urlabhra ar son Chónaitheoirí Cheantar Chaisleán na hOireanaí i gContae an Dúin go bhfuil siad “absolutely devasted” in éis an scéala a chloisteáil go bhfuiltear chun báda farantóireachta idir an ceantar agus an Grianfort a cheadú.

Tuigtear go bhfuil an grúpa ag déanamh a mhachnamh ar dhúshlán dlí a thabhairt don chinneadh.

Deir siad go scriosfaidh sé an ceantar agus tá imní ann go mbainfidh feithiclí earraí troma úsáid as an tseirbhís úr.

**

Tuigtear nach fheil aon seans anois go gcuirfear an t-ainm ‘Gullion’ san áireamh in ainm an tsár-chomhairle nua.

Thug Sinn Féin dúshlán dó ach tuigtear go bhfuil comhairle faighte ag oifigigh an chomhairle gan ghníomhú ar sin.

Is cinnte go mbeidh an díomá ar fad in Ard Mhacha Theas mar gheall ar easbhaidh tagartha don dúiche san ainm nua, An tIúr, Múrn agus an Dún.

Nuaíocht na Gaeilge

Beidh Deireadh Seachtaine Spraoi do Theaghlaigh Ghaeilge ón Aoine 27ú Feabhra go Domhnach 1ú Márta in Ionad Thí Chulainn, An Mullach Bán.

Le haghaidh níos mó eolais nó le háit a chur in áirithe déan teagmháil le hÁinín ar:

07749126949/00353 834460763 nó ainin@glornangael.ie

**

Beidh cruinniú poiblí san Ostán Canal Court, An tIúr, oíche Dé Luain ar 7.30in ar an Ghaeloideachas sa cheantar.

Is iad Comhairle na Gaelscolaíochta atá á eagrú.

“Is é is cúis leis an chomhairliúchán ná barúlacha, dearcaí, buarthaí agus súilíochtaí an phobail labhartha Ghaeilge a chluinstin faoi mar is féidir dul chun cinn a dhéanamh sna blianta atá romhainn,” a deir siad.

**
Tá CLG Ard Mhacha i gcomhar leis an eagraíocht áitiúil Cairde Teo ag tabhairt deise dár mbaill ar fud an chontae Gaeilge a fhoghlaim den chéad uair nó cur lena gcumas sa teanga.

Beidh dianchúrsaí Gaeilge ar siúl sa Pháirc Lúthchleasa idir 11am agus 4 i.n. Dé Sathairn 31 Eanáir do thosaitheoirí, d’fhoghlaimeoirí meánleibhéil agus d’fhoghlaimeoirí ardleibhéil.

Gaoth ard fhuar

gasuirlegaeilge

An stoirm  gheimhridh darb ainm Juno An stoirm gheimhridh darb ainm Juno

Tá stoirm gheimhridh Juno ag greadadh chósta oir-thuaiscirt Mheiriceá faoi láthair, agus chuir an sneachta an dán seo i gcuimhne dom. Is é Fionn Mac Cumhaill a chan an dán den chéad uair, má tá an seanchas le creidiúint.

Seanghaeilge:                                          Nuaghaeilge:

Scél lem dúib:                                          Scéal liom daoibh:
dordaid dam;                                            Dordann damh,
snigid gaim;                                              Sníonn geimhreadh,
ro fáith sam;                                              D’imigh samhradh.

Gáeth ard úar;                                          Gaoth ard fhuar,
ísel grían;                                                  Íseal grian;
gair a rrith;                                                 Gar a rith,
ruirthech rían;                                            Ró-ritheach a rian.

Rorúad rath;                                              Ró-rua raithneach,
ro cleth cruth;                                             Ceileadh a cruth;
ro gab gnáth                                              Ghabh gnáth
giugrann guth.                                            Giúrann guth.*

Ro gab úacht                                              Ghabh fuacht
etti én;                                                         Eití éan;
aigre ré;                                                       Oighear-ré
é mo scél.                                                    is é mo scéal.

* e.g. tá glaoch na ngéabha farraige coitianta

Amharc ar an alt bunaidh

Nuaíocht Oiriall 230115

Fuasclaíodh ‘Páirc na Mara’, ionad nua Gaeilge agus Pobail in Áth na Long Co. an Dúin go hoifigiúil B79tyfwIUAAKI5oDéardaoin na seachtaine seo.
Bhí Uachtarán CLG Liam Ó Néill i láthair ag an fhuascailt.
***
Sheol an tAire Oideachais John O’Dowd leagan Gaeilge den áis oideachais ‘C2k Newsroom’ i mBunscoil an Iúir Déardaoin.
Is áis nuaíochta do scoileanna a forbraíodh i gcomhar leis an Áisaonad i gColáiste Mhuire é C2k Newsroom.
Cha rabh sé ar fáil ach sa Bhéarla go dtí seo.

***
Táthar ag súil go gcruthófar 90 poist nuair a fhuasclófar óstán 40 liobaidh i gCill Shléibhe.
Táthar ag súil go ndéanfar pleananna chun caisleán Chill Shléibhe nó Caisleán Bell mar a thugtar air a thiontú ina óstán a fhaomhadh an mhí seo chugainn.
**
Dar le Gerry Adams is é an t-aon dóigh le deireadh éifeachtach a chur le calaois breosla ná deireadh a chur leis an difear sa phraghas idir dhíosal talmhaíochta agus díosal do ghnáth-úsáid.
Dar leis an TD do Contae Lú caithfidh an rialtas córas nua a a thabhairt isteach a ligfeadh do fheirmeoirí aisíoc a iarraidh ar chostais breosla s’acu.
Rinne sé an ráiteas in éis go bhfuarthas 40,000 lítear de dhríodar a bhaineann le calaois díosail ar leantóir a fúigeadh ar thaobh an mhótarbhealaigh, díreach ar an teorainn ag Droim Fhada.

**
Tá 140 duine i gCarraig Mhachaire Rois le poist s’acu a chailleadh mar gheall ar dhruidim monarchan ar an mbaile.
Rinneadh fógra an tseachtain seo go bhfeil an t-ionad Bose ar an bhaile le dúnadh, áite a rabh siad fostaiste.
**
Nuacht na Gaeilge anois …

Ranganna Gaeilge in Áras na nGael in Ó Méith Mara.

Bunrang agus Meánrang, Dé Céadaoin ar 7.30.

Ardrang, Déardaoin ar 7.30.

Nuacht Oiriall 160115

Tá sé ráite ag Comhairleoir Aontachtach ar Chomhairle an Iúir agus Múrna David Taylor go bhfeil sé buartha nach bhfeil gach iarratas ar chomharthaíocht dhátheangach sa cheantar dílis.download (1)

Tá sé á mhaíomh aige go bhfeil scairteanna gutháin faighte aige ó dhaoine atá buartha go gcrochfar comharthaí dhátheangacha d’ainneoin thoil an phobail.

Deir sé go bhfeil iarratais ag teacht isteach ó cheantair ina bhfeil tromlach na ndaoine ina n-aontachtóirí.

Deir sé go bhfeil imní air go bhfeil na hiarratais seo a dhéanamh ag polaiteoirí seachas ag cónaitheoirí.

Tá cáil loitiméireacht déanta ar chomharthaíocht dhátheangach sa dúiche le blianta beaga anuas

Tháinig an t-ábhar conspóideach seo chun tosaigh ar an Iúir sna 1940í, rud a spreag an rialtas Stormont cosc a chur ar theangacha seachas Béarla ar chomharthaíocht.

**

Ghabh Gardaí ag fiosrú ghníomhaíocht easaontachtach poblachtach beirt fhear ar an tSráidbhaile (Dún Dealgán) an tseachtain seo.

Gabhadh fear san 40í agus fuarthas raifil nuair a stopadh is a cuardaíodh carr i nDún Dealgan Dé Máirt.

Gabhadh fear eile sna 50í i gcuardach in éis sin ar an mbaile.

**

Tá fáilte curtha roimhe le fógairt an Aire Chultúrtha Carál Ní Chuilín go seolfar comhairliúchán nua ar dhréacht-Acht Gaeilge an mhí seo chugainn ag an chomhairleoir Barra Ó Muirí as an Bhaile Úr.

Tá sé ag iarraidh ar Ghaeilgeoirí páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo.

Spórt

I ndiaidh chruinnithe de chuid Bhord Contae Ard Mhacha ag tús na seachtaine, cheap Coiste Contae Ard Mhacha Sailbheastar Mac Conaill mar bhainisteoir sinsear iomála don bhliain 2015.

Beidh Pádraig Ó Conchúir mar bhainisteoir cúnta leis.

Agus rinne Coiste Contae Ard Mhacha foireann bainistíochta pheil na mionúr a fhógairt do 2015 chomh maith.

Is é iar-imreoir Ard Mhacha agus buaiteoir Chraobh na hÉireann, Aodhán Ó Ruairc a bheas ag cur a thaithí fhairsing bainistithe ar fáil dá chontae dúchais.

Taobh leis, beidh a chomhghleacaí ó 2002 agus a chomh-bhuaiteoir gradaim Uile-réalta Pól Mac Gráine ann, fear a raibh ról lárnach aige i bhforbairt Acadamh na hÚllóirde in Ard Mhacha le blianta beaga anuas.

I ndiaidh a bhfeil bainte amach aige le Scoil Naomh Pól ar an tSruthán, bhéarfaidh Máirtín Ó Ruairc an taithí sin uilig atá aige féin don fhoireann bhainistíochta.

Agus bainfidh siad leas as saineolas Phóil Uí Dhúghaill, bainisteoir peile na mionúr anuraidh, agus Dáithí Mac Liam as Cumann Naomh Peadar agus Scoil Ghramadaí Naomh Mícheál chomh maith.

Nuacht Ghaeilge

Tosóidh ranganna Gaeilge do thosaitheoirí agus d’iar-thosaitheoirí i gClubtheach Chluain Daimh ag 20:00 Dé Mháirt.

Foireann Bainstíochta Pheil na Mionúr Ard Mhacha Fórgraiste

Tá ardlúcháir ar Choiste Contae Ard Mhacha ceapachán fhoireann bhainistíochta pheil na mionúr a fhógairt do 2015.

Is é iar-imreoir Ard Mhacha agus buaiteoir Chraobh na hÉireann, Aodhán Ó Ruairc a bheas ag cur a thaithí fhairsing bainistithe ar fáil dá chontae dúchais.

Taobh leis, beidh a chomhghleacaí ó 2002 agus a chomhbhuaiteoir gradaim UileRéalta Pól Mac Gráine ann, fear a raibh ról lárnach aige i bhforbairt Acadamh na hÚllóirde in Ard Mhacha le blianta beaga anuas.

I ndiaidh a bhfuil bainte amach aige le Scoil Naomh Pól ar an tSruthán, bhéarfaidh Máirtín Ó Ruairc an taithí sin uilig atá aige féin don fhoireann bhainistíochta, agus bainfidh siad leas as saineolas Phóil Uí Dhúghaill, bainisteoir peile na mionúr anuraidh, agus Dáithí Mac Liaim as Cumann Naomh Peadar agus Scoil Ghramadaí Naomh Mícheál.

Guíonn muid gach rath orthu agus ar na peileadóirí mionúir dá bhfeachtais peile in 2015.

Fáilte roimh chomhairliú ar Acht na Gaeilge

PREASRÁITEAS  : Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh nuacht dhréachtú Acht na Gaeilge ó thuaidh.

Fógraíodh inniu, 13 Eanáir 2015, go bhfuil an tAire Cultúir, Carál Ní Chuilín, chun comhairliú poiblí a chur ar bun maidir le dréachtú Acht Gaeilge ó thuaidh. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh an nuacht agus iarann siad ar an Aire próiseas cuimsitheach comhairliúcháin a eagrú sa dóigh is go bhfreastalóidh an dréacht Achta seo ar riachtanais an mhórphobail ó thuaidh.

Dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta,Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Cosaint Teanga agus Ionadaíochta ó thuaidh:

Is cúis áthais í an nuacht seo a léiríonn go bhfuil seans ag pobal na Gaeilge Acht cheart-bhunaithe a bhaint amach, de réir mar a gealladh agus a aontaíodh i gComhaontú Chill Rímhinn. Tugann sé le fios fosta gur éist an Rialtas leis an fheachtasaíocht fhada atá ag dul ar aghaidh le blianta ar cheist seo an Achta agus go bhfuil dul chun cinn de chineál éigin bainte amach. Sin ráite, níl anseo ach dréacht Acht agus próiseas comhairliúcháin, níl aon rud cinntithe nó geallta anseo. Tá cuid mhór oibre le déanamh ar cheist Acht na Gaeilge go fóill. Tabharfaidh an dréachtú Achta seo seans don mhór-phobal ó thuaidh bheith páirteach sa phróiseas tábhachtach seo. Léireofar, sna straitéisí teanga atá bainteach leis seo, gur le gach duine an Ghaeilge, agus go mbeidh Acht Gaeilge ann le freastal ar gach taobh den phobal ó thuaidh. Chuige sin, beidh deis ag an mhór-phobal cur leis an dréachtú agus iarann muid ar duine ar bith a bhfuil suim acu sa Ghaeilge a bheith gníomhach sa phróiseas seo comhairliúcháin.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill:

Is nuacht mhaith í seo i gcomhthéacs Acht na Gaeilge ó thuaidh. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh an phróiseas comhairliúcháin a bheas ag tarlú agus creideann muid go dtabharfaidh seo ardán don phobal ar fad plé ceart a dhéanamh ar an cheist seo. Is céim mhór chun tosaigh í seo sa scéal agus tá deis anois ag pobal na Gaeilge bheith páirteach i ndréachtú Achta agus bheith ag súil le tuilleadh tacaíochta don Ghaeilge ó thuaidh. Tá Conradh na Gaeilge ag súil le cuidiú leis an phróiseas seo agus cinntiú go mbeidh tuairimí an phobail tógtha san áireamh. Is seans ollmhór é seo stádas reachtúil agus cosaint cheart-bhunaithe teanga a bhaint amach don Ghaeilge mar atá in Albain, sa Bhreatain Bheag agus sa chuid eile den tír seo cheanna féin.

Bainistíocht Iomána Ard Mhacha Fógartha

Preas-ráiteas

I ndiaidh cruinnithe de Bhord Contae Ard Mhacha ag tús na seachtaine, tá lúcháir ar Choiste Contae Ard Mhacha ceapachán agus daingniúchán foireann bhainistíochta iomána an chontae a dheimhniú do 2015.

Is é bainisteoir sinsear iomána don bhliain 2015 ná Sailbheastar Mac Conaill agus beidh Padraig Ó Conchúir mar bhainisteoir cúnta leis.

Tá Sailbheastar agus Pádraig leis an fhoireann ar bhonn idirlinne le cúpla mí anuas agus cheana féin, tá siad i ndiaidh an contae a thabhairt chuig babhta ceannais Chraobh Chonchuír Mhig Oirc ag Ollscoil na Banríona, i ndiaidh dóibh buanna a fháil ar an Dún agus ar Ollscoil na Banríona.

Guíonn muid gach rath ar Shailbheastar, ar Phádraig agus ar na hiománaithe sinsear i gcraobh Chonchúir Mhig Oirc agus ina bhfeachtais sraithe agus coirn Nicky Rackard.

Daingníodh foireann bhainistíochta na foirne mionúr ag bord an chontae an tseachtain seo fosta agus is é Padraig Mac Ardail, Ciaran Ó Braoin, Jason Ó Cathail agus Micí Mac Craois a bheas i mbun bhainistiú na foirne.

Tá Pádraig ag cuidiú leis na hiománaithe mionúr le ceithre bliana anuas, agus tá an triúr bainisteoirí cúnta eile ag dul isteach le foireann mionúr an chontae den chéad uair. Guíonn muid gach rath orthu agus ar na hiománaithe mionúr lena bhfeachtas i 2015.

Eisiach : Treall-Fheachtasóirí na Gaeilge

Preasráiteas

Tá Coiste na bhFocal Nua tar éis tús a cur le feachtas conspóideach craiceáilte cacfhoclach a chuirfidh lucht leithris na tíre san tríthí!20150110_010824_LLS

Feachtas greamán i leithris fud fad na tíre é #LearnOnTheLoo atá dírithe ar phubanna agus ar chlubanna is daoine a chur ag caint agus ag clamhsán lena chéile faoi gach ábhar faoin spéir, an drabhlás agus an leathar san áireamh.

Is é atá ar na greamáin ná comhrá samhailteach idir beirt amuigh istoíche. Tugtar leagan Gaeilge den chomhrá anuas ar thiontú Béarla.

Táthar ag súil go gcabhróidh sé leis na Gaeil an saibhreas graosta atá againn féin agus táthar ag súil go meallfaidh sé daoine gan Ghaeilge i dtreo na teanga. Tá roinnt bunfhrasaí ann agus abairtí úsáideacha greannmhara leis!

Tá an feachtas tar éis tabhairní BÁC a bhualadh agus go leor cainte tarraingte acu ar twitter. Táthar ag druidim le 100 ionad i mBÁC a bhfuil na greamáin le feiceáil iontu.

Ní fada uainn cairde an Choiste a bheith á scaipeadh i mBéal Feirste agus Gaillimh chomh maith.

Tá gníomhaithe an Choiste gnóthach i mbailte agus i gcontaetha thall is abhus cheana. Tá cinn in airde cheana i Londain Shasana fiú amháin.

20150110_010814_LLSMás mian leat páirt a ghlacadh san fheachtas go háitiúil is féidir beartanna de 50 greamán a cheannach ar an bpost trí theagmháil a dhéanamh le coistenabhfocalnua@gmail.com (50 greamán ar €5/£4, mar chúnamh le feachtais nua) Moltar duit iad a chrochadh i leithris is áiteanna a mbíonn déagóirí is daoine fásta iontu ar fud do cheantair.

Tá comórtas á reachtáil acu chomh maith, agus duais ann don tweet/postáil facebook nó instagram leis an bpictiúr is fearr de cheann de na greamáin! Níl anseo ach an chéad chéim den fheachtas greamán seo, tá súil ag an gCoiste é a leathnú amach agus tá cúpla cleas i ndán do na Gaeil amach sa bhliain.

Thosaigh Coiste na bhFocal Nua mar chuntas twitter a mhol leagacha féideartha de bhéarlagair Gaeilge don phobal. Ó shin i leith táthar tar éis tabhairt faoin bhfeachtasaíocht anuas ar seo siúd is araile.

Is féidir teacht ar go leor saibhris cainte , gáirsiúlachta agus spraoi ag an gcuntas twitter anseo. @coistenabhfocalnua

learnontheloo5with2mmbleedPRIONTÁILTE

Níl an SDLP chun Comhaontú Theach Stair Mhonadh a fhaomhadh

Tá sé socraithe ag an SDLP gan Comhaontú Theach Stair Mhonadh, an comhaontú a socraíodh roimh an Nollaig, a fhaomhadh.

Dar leo i ráiteas eisithe i mBéarla:
“Bhí dul chun cinn ann ar chuid ábhar ach níl an toradh cuimsitheach nó deimhneach ar gach ábhar. Tá an SDLP chun a bhfuil láidir agus maith in ‘Stormont House’ a chosaint is a chur i bhfeidhm. Oibreoidh muid chun a bhfuil lag in ‘Stormont House’ a cheartú agus chun dul chun a dhéanamh ar ábhar ar a bhfuil ‘Stormont House’ i bhfad ro-chiúin, Bille Cearta, Acht Gaeilge, Fóram Saoránach mar is ceart agus chun an fhéidearthacht thuaidh-theas a shaoradh suas.”

Sin aistriúchán chomh dílis agus is féidir liom a dhéanamh ach tá mé den tuairim gur deachtaíodh an ráiteas áirithe seo seachas a bheith cumtha go cúramach i scríbhinn.

Táthar ag rá chomh maith go bhfuil an diúltú seo deistapaíoch agus go gcaithfear é a thuigbheáil i gcomhthéacs an toghcháin atá le theacht i mí Bhealtaine.

Tá sé socraithe ag an Alliance Party an comhaontú a fhaomhadh.