Nuaíocht Oiriall 200115


Tá athbhreithniú ‘glaoch-isteach’ iarrtha go hoifigiúil ag comhairleoirí aontachtacha ar Chomhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin mar gheall ar pholasaí dhátheangach an chomhairle.

Tá ‘Irish First’ tugtha acu ar an pholasaí cé nach bhfeil ine gceist ach leanmhain ar aghaidh ó na polasaithe a bhí aige Comhairle an Dúin agus aige Comhairle an Iúir agus Mhúrn.

Tá sé ráite ag ceannaire an UUP ar an chomhairle, David Taylor, gur léirigh an bealach a rinn comhairleoirí náisiúnacha an polasaí seo a bhrú fríde gur iarracht é an lámh láidir a imirt ar mhionlach leochaileach.

Dar leis, tá cearta an phobail aontachtaigh chomh tábhachtach céanna le cearta an mhórphobail sa cheantar agus caithfear iad a chosaint.

Dúirt ceannaire an TUV an tseachtain seo ná gurb ionann úsáid na Gaeilge i lógó an chomhairle nua agus teachtaireacht d’aontachtaithe ag cur in iúl dóibh nach rabh fáilte roimhe leo sa cheantar.

Dar le polaiteoirí náisiúnacha áfach, níl i gceist ach cothrom na Féinne agus nach bagairt í an Ghaeilg do dhuine ar bith.

**

6YKm1Ndg
An Comhairleoir Kate Loughran

Bhí ar chomhairleoir de chuid an SDLP ar Comhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin leithscéal a ghabháil go neamhbhalbh i ndiaidh di tacaíocht a léiriú d’ainm Pháirc Réamoinn Mhic Raois.

Tháinig sé amach an tseachtain seo go rabh achainí síniste aige Kate Loughran ar an ábhar.

Is as Camloch í.

Ach i ráiteas a eisíodh fríd phreas-oifig an SDLP dúirt sí go rabh sí ag iarraidh leithscéal a ghabhail as an imní a chuir cinneadh pearsanta s’aici ar dhaoine.

Deir sí go rabh tacaíocht s’aici don ainm i gcoinne pholasaí an SDLP agus nár chóir di an achainí a shíniú.

**

Glacadh beirt ghirseach 12 d’aois go hospidéal Daisy Hill i mBaile Mór an Iúir in éis dóibh drugaí dlíthiúla mar a thugtar orthu a ghlacadh.legal high

Dar leis na Péas, ghlac siad druga darb ainm ‘Trippy Weed’.

Tharla an eachtra seo ag stáisiún bus an Iúir oíche Dé Mháirt.

**

Tá líon na ndaoine atá dífhostaiste i gceantair Chomhairle an Iúr agus Mhúrn ag titim.

Bhí 2,568 duine dífhostaiste sa cheantar i mí Eanáir.,

Sin titim de 1.3% ar an mhí roimhe leis agus titim 22.8% thar na bliana roimhe leis.

**
Agus faoi dheireadh, nuaíocht na Gaeilge sa dúiche.10363568_843131859061633_6396327085765101500_n

Tá grúpa nua tuismitheoirí agus tachráin bunaiste i mBaile Hill i bParóiste Chluain Daimh.

Beidh sé ar siúl gán Déardaoin idir 9:15 agus 11:15,. i gClub na hÓige Chluain Daimh.

Beidh sé ag toiseacht Déardaoin 5ú Márta.

Freagra