Tá cosc curtha ar dhíol poipíní de chuid an British Legion i bhfoirgnimh de chuid Chomhairle nua Lár-Uladh.
Glacadh leis an rún 24 vóta go 15 agus déanfar comhairliúchán poiblí ar an chinneadh ar ball.
Glacadh cinneadh brandáil dhátheangach a úsáid chomh maith – rud a thugann aontachtaithe ‘Irish First’ air.
Dar le haontachtaithe, tá náisiúnaithe ag iarraidh ‘teach fuar’ a dhéanamh dóibh.