Saibhreas teangan an Mhaoileonaigh


gasuirlegaeilge

Na hAird Ó Thuaidh le Pádraig Ua Maoileoin (Sáirséal agus Dill, 1960) á léamh agam faoi láthair (an leabhar do Mhí Aibreáin) agus tá mé faoi dhraíocht ag saibhreas na teangan atá ris sa leabhar. Tuigim gur sean-chaite an mhaise dom é saibhreas litríocht na Gaeltachta  a mholadh, ach amannta cuirtear ar na súile dom chomh soiléir sin an difear mór idir mo chumas tearc cainte féin agus cumas na scéalaithe fadó go bhfágtar mé i mo staicín le hiontas.

B’fhéidir gurb é an rud is suntasaí ná fairsingeacht stór focal an údair. Níl alt sa leabhar, beagnach, nach mbaintear leas as focal nach raibh agam roimhe seo. Mar shampla, ní raibh an focal canúnach atha = (aife) agam (cé gurbh féidir a bhrí a thuiscint gan stró) sa gcur síos fileata seo ar chaillteanas na Gaeilge sa mbreac-Ghaeltacht thart ar Dhaingean Uí Chúise:

Ní hamhlaidh a…

Amharc ar an alt bunaidh 166 d’fhocla eile

Aon tuairim amháin ar “Saibhreas teangan an Mhaoileonaigh

  1. Mé féin is ábhar iontais dom ar bhealach go gcuirfeá an bhéim is troime ar stór focal an Mhaoileonaigh, nó is é an cineál Gaeilge atá aigesean, go bunúsach, ná Gaeilge Pheig agus an Oileánaigh. Bhí gaol aige leis an Oileánach agus mar sin bhí a chuid Gaeilge an-chosúil le canúint an Bhlascaoid. Scéal eile ar ndóigh go raibh a stíl agus a ghreann féin aige agus é in ann a chasadh féin a bhaint as an gcanúint sin. Tá mé breá sásta a chloisteáil go bhfuil tú ag léamh shaothar an Mhaoileonaigh agus súil agam go léifidh tú an chuid eile dá bhfuil scríofa aige chomh maith. Ba chóir do na Gaeilgeoirí tuilleadh staidéir a dhéanamh ar a chuid leabhar.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s