Caithfidh mná cur in iúl go fóill gur daoine iad, chan soithí
Coicís ó shin d’fhoilsigh an roinn sláinte do Shasana agus an Bhreatain Bheag tuairisc ar na figiúirí ginmhillte don bhliain 2014. I measc na sonraí ar fad tugadh le fios gur thaisteal 4,572 bean ó Éirinn chuig an dlínse sin anuraidh le ginmhilleadh a fháil.
Is ionann sin agus triúr ban déag gach lá atá ag imeacht ó gach uile chontae sa tír seo. Ar ndóigh ní chuireann sin sa áireamh na mná a thugann seoltaí Briotanacha bréaga agus na mná a théann chuig tíortha eile chomh maith.
Shílfeá go mbeadh an cinneadh le ginmhilleadh a fháil deacair go leor do na mná seo, ach mar bharr ar an donas caithfidh siad an baile a fhágáil agus airgead a bhailiú le híoc as taisteal, lóistín agus as an chóireáil féin.
Measann an charthanacht pobail an Abortion Support Network…
Amharc ar an alt bunaidh 653 d’fhocla eile