Ghabh arm Iosrael an bád Marianne ar maidin tuairim is 100 míle mara amach ó chósta Gaza. Bhí an Marianne, bád ón tSualainn, ag triall ar Gaza agus iad ag tabhairt dúshláine an longbhac atá ag Iosrael ar Gaza le beagnach blianta anuas anois. Dhearbhaigh arm Iosrael inniu gur ghabh siad an bád agus an 18 duine a bhí ar bord, orthu sin iarUachtarán na Tuinéise, Arabach ar ball de pharlimint Iosrael é, agus roinnt polaiteoirí Eorpacha mar aon le gníomhaithe síochána is iriseoirí. Níor gortaíodh éinne tuigtear. 3 bliain ó shin mharaigh arm Iosrael deichniúr nuair a scaoil siad i bhfarraigí idirnáisiúnta ar dhaoine ar bhord na loinge Mavi Marmara a bhí ag triall ar Gaza.