Postair sgoilearach a rinn mi mu Latha Twitter na #Gàidhlig airson #iccs15

Seumaidh ®

comhdhail

An t-seachdain seo, ghabhail mi pàirt san XVmh Còmhdhail Eadar-Nàiseanta na Ceiltis aig Oilthigh Ghlaschu.

Feumaidh mi ràdh gun robh e abair urram a bhith an sàs mar neach-taic agus cuideachd mar neach-pàirteachaidh.

‘S e deagh chothrom a bh’ ann cuideachd a bhith a’ bruidhinn ri daoine mun cho-labhairt bliadhnail ACSIB aig Aberystwyth agus Penryn, Falmouth far an d’ rinn mi pàipearan eile air a’ Ghàidhlig agus Twitter.

Tha am postair agam air Latha Twitter na Gàidhlig air Academia.org deiseal an-dràsda a leughadh air loidhne. Dìreach briog air an dealbh a-bhos gus lethbhreac ann am format pdf a luchdadh a-nuas!

Bidh mi an comhnaidh toilichte a chluintinn beachdan sam bith ò neach sam bith mun obair agam.

postair

Amharc ar an alt bunaidh

Oileán an Órchiste: Léirmheas

gasuirlegaeilge

Droch-chriú na loinge sa tóir ar an ór. Léaráidí áille le N.C. Wyeth. Droch-chriú na loinge sa tóir ar an ór. Léaráidí áille le N.C. Wyeth.

Tá mé ag léamh Oileán an Órchiste, sár-aistriúchán le Darach Ó Scolaí ar leabhar clasaiceach Robert Louis Stevenson Treasure Island, os ard do na gasúir faoi láthair. Sárscéal eachtraíochta, go deimhin, agus cuireann Ó Scolaí friotal nádúrtha Gaeilge ar an téacs. Clúdach deas crua ar an leabhar, freisin, agus tá léaráidí áille le N.C. Wyeth scaipthe ar fud an leabhair. Tá Wyeth ar na healaíontóirí is fearr ó thosach an 20ú haois, ó thaobh léaráidíocht leabhar de.

Tá na gasúir ar fad ag baint suilt as an leabhar, go háirithe an buachaill 9 mbl., ach tá na cailíní (7 agus 5) ag cur spéise sa scéal freisin.

Níl ach cúis amháin díomá orm–níl na léaráidí ar phlátaí faoi leith. Clóitear iad ar na gnáthleathanaigh agus cailltear cuid mhaith de mhionsonraí na léaráidí dá bharr. Tá mé a…

Amharc ar an alt bunaidh 29 d’fhocla eile

Béal Feirste ag GaelGÁIRÍ

 

Beidh GaelGÁIRÍ ag cur seó ar siúl i mBéal Feirste den chéad uair riamh ar oíche Mháirt 4 Lúnasa, ag 8pm, sa Chultúrlann mar chuid de Fhéile an Phobail.

Ina measc siúd a bheidh ar an ardán le linn na hoíche beidh Michael Mee, Seán T. Ó Meallaigh agus Pato, Ger Staunton chomh maith le Aideen McQueen i mbun chúraimí bhean an tí. Beidh scata barrúil as Béal Feirste féin, Paddy McDonnell ina measc, le feiceáil ar an oíche.

£3 atá ar na ticéid agus tá breis eolais anseo

Ag léiriú GaelgairiBFdréacht2.jpg

Tá líon teoranta áiteanna ar fáil do cheardlann ghrinn a bheidh ar siúl i rith an lae ag lucht GhaelGAIRÍ, tuilleadh eolais ar fáil uathu ach r-phost a chur chucu.

Anuas air sin ta an t-aon chlub ghrinn Gaeilge sa tír seo ag dul ó neart go neart le mír nua ghrinn tosaithe acu ar Raidió na Life darbh ainm Raidió Ráiméis. Is lucht GhaelGÁIRÍ agus Lisa Madden atá taobh thiar de agus craolfar ar an mAn Bricfeasta Blasta é. Ta go leor píosaí beaga greannmhara i gceist leis a spochann as na meáin chraolta fud fad shaol na nGael. Seo an chéad eipeasód – Raidió Ráiméis 1.

Beidh GaelGÁIRÍ ag taisteal timpeall na tíre d’fhéilte eile mar sin coinnígí súil amach dóibh. Tá fáilte roimh mholtaí/smaointe d’fhíseáin agus fuirseoirí úra i gcónaí ach scéal a chur chucu ag gaelgairi@gmail.com

Tuilleadh eolais:

gaelgairi@gmail.com

facebook.com/Gaelgairi

twitter.com/GaelGAIRI

Fógra Bais : Pádraig Mac Thiarnáin

MAC THIARNÁIN / KERNAN, Pat (Pádraig), – 8 Iúil 2015 a fuair bás go suaimhneach in Ospidéal Dhún Pádraig.

Méala mór a bhás dá chéile ionúin Sheelagh, dá chlann ghrámhar, Siobhán, Colm, Cormac, Art agus Rónán, dá gcéilí agus dá gharpháistí.

Beidh faire sa teach, 15 Bóthar Cnoc Cnoidh, Dún Pádraig.

Aistreofar an corp go dtí Teach Pobail Naomh Pádraig, i nDún Pádraig ar 9.15 r.n Dé Sathairn faoi choinne Aifreann na Marbh ar 10 r.n.

Cuirfear i Reilg na Sruthaile i nDún Pádraig i ndiaidh an Aifrinn é. Ní bheith a leithid ann arís.

Conspóid faoi Fhéile Gnéis i gContae an Dúin

Tá duine d’iontaobhaithe Chaisleán an Chaoluisce scanraithe ag na pleananna atá ann le “féile anghrá” a cheiliúradh san áit.

Tá “Aoibhneas na hÉireann” (Bliss Ireland) dírithe ar na himeachtaí a rith le linn an deireadh seachtaine faoin seachtú lá de Mhí Lúnasa sa Phointe.

Beidh ceardshiopaí, cainteanna, díospóireachtaí, deasghnáthaí agus searmanais ann agus baint acu go léir le cúrsaí na sláinte collaí agus le sult an chraicinn.

Deirtear gurb é an breithiúnas a thug Sior Uilliam de Halla ar an bhféile ná nach raibh i gceist leis ach “drúis agus gáirsiúlacht”.

Tharraing a dhlíodóir an cheist seo chuige leis an Ard-Aighne Eoin Ó Lorcáin.

‘Ní thig linn imeacht na Gréige ón limistéir Euro a chur as an áireamh’ Juncker

Saol Corrach

Deir Jean Claude Juncker go gcaithfidh ballstáit eile an Euro moltaí a fháil ón Ghréig maidin Aoine ar a mhoille. Beidh cruinniú éigeandála ag an Aontas Eoropach, gach ballstát seachas díreach ballstáit an limistéir Euro, Dé Domhnaigh chun a éascú comhréiteach nó imeacht na Gréige as an limistéir. Dúirt Donald Tusk , Uachtarán Chomhairle na hEorpa gurb é an Domhnach an sprioc deiridh. ‘Thiocfadh dó, mura dtig linn teacht ar chomhréiteach, go mbeadh an Ghréig bancbhriste agus a chóras baincéireachta docmhainneach.’

Amharc ar an alt bunaidh

Léitheoireacht agus Ceisteanna

gasuirlegaeilge

Bím ag léamh leabhair Ghaeilge do na gasúir sách minic; chríochnaigh an buachail is mó Asterix agus an Corrán Óir, a bhí sé a léamh os ard do na gasúir eile, le gairid, agus thosaigh mise ag léamh Oileán an Óir dóibh.

Is breá liom an léitheoireacht, ach is minic nach gcuirim ceist ar na gasúir i dtaobh na scéalta. Dá bharr, caillim seans maith le hiad a chur ag caint as Gaeilge. Déanfaidh mé iarracht níos fearr an tseachtain seo . . .

Amharc ar an alt bunaidh

Londain ag cuimhneamh ar bhuamai is mairbh 7/7 inniu

Saol Corrach

Beidh sraith d’imeachtaí comórtha fud Londain inniu agus an pobal ann ag cuimhneamh ar na buamaí a phléasc ar bhus agus i dtrí stáisiún traenach faoi thalamh ann cothrom an lae inniu deich mbliana ó shin. Maraíodh 52 duine mar aon le ceathrar buamadóir sa sléacht agus gortaíodh na céadta. Beidh go leor imeachtaí ar bun ag ghnáthdaoine agus ag daoine a tháinig beo ón slad mar aon le himeachtaí oifigiúla le páirtíocht lucht tarrthála, polaiteoirí agus maithe móra. Tarlaíonn an comóradh díreach coicís i ndiaidh don ionsaí is measa ar Bhriotanaigh ó tharla 7/7, is é sin an sléacht ar thrá sa Tuinéis. Cuimhníonn sin go bhfuil an bhagairt don Bhreatain ann ní amháin sa tír féin ach thar lear lena chois.

Amharc ar an alt bunaidh

An rathad-iarainn as giorra air a’ Ghàidhealtachd #gaidhlig

Trèanaichean, tramaichean is tràilidhean

Is iomadh rathad-iarainn a chunnaic mi ri mo latha is ri mo linn ach cha robh gin aca cho annasach ris an fhear a chunnaic mi ri taobh stèisean Raoghaird (Rogart – ROG) air Loidhne a’ Chinn a Tuath bho chionn goirid.

Mhothaich mi bliadhnaichean air ais gun robh shunter beag anns a’ ghàrradh aig ostail Sleeperzzz aig seann togalach an stèisein anns a’ cheàrnaidh iomallach seo de Chataibh ach cha do thuig mi idir gun robh trac ann cuideachd.

Tha mi air a bhith ag obair air prògram do BhBC Alba mu rathaidean-iarainn air a’ Ghàidhealtachd agus mar phàirt de seo, bha cothrom agam agallamh a dhèanamh leis an eòlaiche còmhdhail Frank Roach a tha ag obair aig HITRANS agus a tha mion-eòlach air loidhne a’ Chinn a Tuath. ‘S ann le Frank agus a bhean Ceit a tha Sleeperzzz cuideachd agus mar sin, dh’fhaighnich mi dha…

Amharc ar an alt bunaidh 228 d’fhocla eile