D’éirigh Aire Aireagadais na Gréige , Janis Varoufakis, as ar maidin, rud a bhain siar de dhaoine mar ní raibh dreim leis agus bua faighte aige agus ag a rialtas sa reifreann. Agus é ag scriobh ar a bhlag dúirt se gur cuireadh ar a súile don Príomh Aire Tsipras gurbh fhearr do roinnt baill den EuroGhrúpa nach mbeadh sé páirteach sna cruinnithe s’acu agus gur mheas an Príomh Aire Tsipras go mbeadh sin ar a leas agus é ag iarraidh teacht ar chomhaontú leis an chuid eile de cheannairí an limistéir Euro. Dar leis gur údar bróid dó ‘deistin na gcreidiúnaithe’ dó.