D’imigh sin agus tháinig seo ….


Ar an drochuair tá cuma ar an scéal go bhfuair an suíomh seo ‘An Tuairisceoir’ bás i ngan fhios d’aonduine, mé féin san áireamh.

Níor tharla sé d’aon-chúis.

Tá suíomh idirlín ar nós an ghrá is cosúil, mura mbíonn tú ag obair air imíonn sé.

D’éirigh mé iontach gnóthach agus ansin níos gnóthaí arís agus ansin d’imigh an fonn chun í a choinneáil beo.

Chuir mé dua isteach sa suíomh nuair a thosaigh mé é agus bhí rath air.

B’fhiú a dhéanamh ó thaobh chúrsaí gnó de feadaim a rá ach d’imigh sin agus tháinig seo.

Le Tuairisc.ie, Nos.ie, Meon Eile, Treibh agus ar ndóigh seirbhísí Gaeilge RTÉ, níl a fhios agam an bhfuil aon bhearna fágtha d’iriseoireacht neamhspleách, fiú dá mbeadh aon ghá leis.

Agus tá mé an-sásta gur féidir liom sin a rá.

Tá mo shlí bheatha dulta leis an Bhéarla le fada agus mar sin a bheas sé go bráth is dócha agus fiú mar iriseoir Gaeilge páirtaimseartha ní bhím in ann an méid sin obair as Gaeilge agus a ba mhaith liom a dhéanamh.

Mar sin, tá mé ag amharc ar na roghanna;

* an suíomh seo a fhágáil marbh mar atá,

* a dhruidim go láithreach go díreach,

* a athbheochan mar rud éigin iomlán nua

* nó a dhíol le hiriseoir díograiseach óg ar chostas íseal (tá 4673 leantóirí Twitter ag an Tuairisceoir mar shampla, thiocfadh leis sin duine nó dream éigin a chur chun cinn go mór).

Is dócha gur chóir dom rud éigin a dhéanamh, is trua í a fhágáil mar seo gan dínit.

Ciarán Dunbar

6 thuairim ar “D’imigh sin agus tháinig seo ….

  1. Nach féidir an gnó/obair a roinnt le duine éigin? Ní neart go cur le chéile!
    Nó seo smaoineamh duit:
    Is trua nach bhfuil saghas “Nuacht1” le haghaidh blagaí as Gaeilge ann.
    Is minic a théim ar “Nuacht 1” chun brabhsáil trid na scéalta ar fad as Gaeilge agus na cinn is suimiúla a phiocadh amach agus a léamh.
    An míbhuntáiste a bhaineann leis sin ó thosaigh mé ag úsáid Nuacht1 na nach dtéim ar “iGaeilge” (níos mó na bliain siar) nó “an Tuairisceoir” (míosa siar ó bhí mé ann) níos mó ! Agus is dócha go bhfuil blagaí eile as Gaeilge ar an bhfód.
    B’fhéidir go dtabharfadh duine níos mó airde do bhlagaí agus foinsí nuachta neamhspleácha dá mbíodh na scéalta agus nua go léir bailithe le chéile agus ar fail in áit amháin.
    Só seo leat mo chomhairle duit – leann ar aghaidh leis an Tuairisceoir ach déan níos lú oibre, ach ag am am céine, bunaigh…..

    Focail an lae “comhbhailitheoir nuachta” – comhbhailitheoir fothaí – comhbhailitheoir blagaí
    (tearma.ie 🙂 )

    ….. chun na foinsí neamhspleácha a bhailiú le chéile agus cabhair a thabhairt dóibh go léir agus iad ar fáil in ait amháin. Ní neart go cur le chéile!

  2. Bhain mé an-sult as na hailt atá scríofa agat thar na blianta. Is scríbhneoir éirimiúil, tréitheach thú. Ná géill don éadóchas, lean ort go buanseasmhach – faigheann foighne fortacht agus i do chás-sa, gheobhaidh – tá mé cinnte. Coinnigh do shúile i dtreo an tsolais – tiocfaidh an obair!

  3. Arbh fhéidir struchtúr a dhéanamh as a spreagfadh daoine le hailt blaganna a scíobh/a bhaileodh iad sin? Má tá sé le druid ba chóir na leantóiri agus an struchtúr a dhíol/a roinnt le dream úr a bhainfeadh leas astu. Conas sa diabhal a bailíodh an oiread sin leantóirí twitter? Éacht ann féin! Molaim an-obair agus hbeinn bródúil as leis a Chiaráin, fear a bhí ag treabhadh leis féin agus ag spreagadh daoine, mé féin ina measc, le scríobh nuair ba bheag rud eile a bhí ar fáil.

    1. Bhál, ar bhealach, b’shin an rud a bhí ar bun leis an ‘ath-ghliocadh’ go léir – mar sin de, thiocfadh le blagadóirí eile leas a bhaint as na meáin shóisialta ceangailte – shíl mé go dtabharfadh sé sin an-tacaíocht dóibh – ach caithfidh an blag a bheith ina bhlag WordPress chun gur féidir sin a dhéanamh.

  4. Dála an scéil, bhain mé triall as ‘Nuaíocht Oirialla’ a dhéanamh ach d’éirigh mé as ar an ábhar nach raibh spéis ach daoine ann.

    Ach más féidir liom smaoineamh ar fhoirmle nua bainfidh mé triall as sin.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s