
Tá sé dearbhaithe tráthnóna inniu ag an Seirbhís Ionchúiseamh Poiblí ó thuaidh nach mbeidh aon ionchúisimh eile ann maidir le fuadach agus dúnmharú Jean McConville.
Ciallaíonn sé sin nach gcuirfear aon chúiseanna i leith Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, maidir leis an chás seo, a bhfuil mí-chlú agus mí-cháil air le fada an lá.
Dar leis an Seirbhís Ionchúiseamh Poiblí, tar éis dóibh measánú a dhéanamh ar an fhianaise ar fad a bhí ar fáil, ní chuirfear aon chúiseanna i leith seachtar duine a rinne an PSNI a thuairisciú don seirbhís.
Dar le leas-stiúrthóir an na seirbhíse, Pamela Atchison, ní raibh a dhóthain fianaise ar fail chun ionchas réasúnta a bheith ann go mbainfí ciontú ar bith amach.
Tá cás i gcoinne Ivor Bell ar siúl faoi láthair agus tá cuma ar chúrsaí gurb é sin an t-aon chás a bheas ann maidir le bás Jean McConville choíche.
Baintreach a bhí inti mar Jean McConville a raibh deich bpáiste aici.
Chuir an tIRA ina leith gur brathadóir a bhí inti.
Fuadaíodh i 1972 í agus scaoileadh í chun bás.
Cuireadh í go rúnda ar thráigh i Leith-inis Chuaille agus ní bhfuarthas a taisí go 2003.