Deireadh le hAmhrán na bhFiann ag Cluichí CLG?


Jarlath Burns
Jarlath Burns / Ó Broin

Cuir ruaig as an bhratach trí-dhathach agus as Amhrán na bhFiann ó Chumann Lúthchleas Gael chun cabhair le buairimh Aontachtaithe i leith an chumainn a laghdú – Sin tuairim iar-Chaiftín ar fhoireann peile Ard Mhacha, Jarlath Burns.

Rinne sé an ráiteas agus é faoi agallamh ag an iriseoir Eamonn Maille. Is as Droichead Átha an Airgid iad dís agus tá Gaeilge acu beirt.

Dúirt Jarlath Burns nach gcuirfeadh sé isteach air “dá mbainfeadh anuas iad.”

Tá fáilte curtha roimh chaint Jarlath Burns ag an MP de chuid an UUP Tom Elliot, duine de na cáinteoirí is fíochmhaire dá bhfuil ag Cumann Lúthchleas Gael.

Dar le Tom Elliot is céim chun cinn é caint Jarlath Burns agus go bhfuil an fhéidearthacht ann anois go pléifear cuid mhaith de na hábhair bhuairimh atá ag aontachtaithe agus go bpléifear leo.

Is léir ó na meáin shóisialta nach bhfuil an fáilte céanna á chur ag gach duine ón phobal náisiúnach roimh dhearcadh Uí Broin áfach.

https://twitter.com/MacDonnchadha/status/648807095266070528

https://twitter.com/WolfeTone15/status/648623457450762241

Ach d’admhaigh Jarlath Burns gur féidir le CLG gach rud acu a dhéanamh agus bheadh cuid d’aontachas a mbeadh gráin acu do CLG i gcónaí, “mar gheall ar ghrá s’againne don Ghaeilge, cuir i gcás.”

Chomh maith leis sin, d’admhaigh Jarlath Burns le linn an agallaimh – “nach bhfuil sé dul a tharlú i gCLG.”

Aon tuairim amháin ar “Deireadh le hAmhrán na bhFiann ag Cluichí CLG?

  1. Tá Fáilte roimh Jarlath imeacht aníos a thóin Féin. Sin ráite ní bhfuighfidh sé buíochas ar bith ó aondachtaigh dá bharr. Beir gréim ar do chiall Jarlath tá bealtaí níos tusa agat gréim a fháil ar an tuachtaránacht a shantaíonn tú. Fág cultúrlann s’againn amach as.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s