Scaifte Mór Ar Shlógadh Shinn Féin

Ba é ceannaire Shinn Féin Gerry Adams a thug an chéad óráid ag Slógadh Shinn Féin ar an Iúir Dé Sathairn.

Bhí príomh-halla Ghaeláras Mhic Ardghail plódaithe don ócáid.

Dar leis an fhear eagraithe, Johnny McGibbon, bhí 65 i láthair ach is féidir go raibh níos mó daoine ann.

Bhí go leor de cheannaireacht an pháirtí i láthair, an tAire Cultúir sna Sé Chontae Carál Ní Chuilín, Aire Oideachais Stormont John O’Dowd, cathaoirleach an pháirtí Declan Kearney agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ina measc.

Bhí an Ball Parlaiminte don Iúr is Ard Mhacha, Mickey Brady, agus an Ball Tionóil Róise Nic Thoirealaigh ann lena chois.

Thug an gníomhaire Gaeilge Linda Ervine óráid don slua chomh maith in éineacht le go leor eile.

Seo roinnt taifeadáin a rinne an Tuairisceoir ar an lá (tá siad ar fad dhátheangach).

Oráid Gerry Adams.

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh as Conamara.

Linda Ervine, a oibríonn chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Oirthear Bhéal Feirste.

An Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge.

An tOllamh Malachy Ó Néill ó Ollscoil Uladh.

 

 

Eachtra Lámhach ar Bhóthar Seoighe

Tógadh fear chun na hoispidéil in éis gur scaoileadh sa chuid uachtarach dá chorp ar Bhóthar Seoighe ar maidin.

Tuairiscíodh ní ba luaithe inniu gur scaoileadh sa chloigeann mar gheall ar ráiteas ón PSNI ach tá an scéala athraithe acu ó shin.

Dar leis an PSNI bhí an fear seo sna 40í.

Fear áitiúil atá ann agus bhí a bhean in éineacht leis ag am a scaoilte.

Tuigtear don suíomh seo go mbaineann an scaoileadh seo le hachrann i measc an lucht taistil.

Tá an áit seo an-ghar do Bhunscoil Phobal Feirste.

Bhí páistí á dtabhart chuig an scoil ag am ach ní fios go sea má chonaic duine ar bith acu caidé a thit amach.

Ní fios cén chaoi atá ar an fhear gortaithe ach táthar ag rá go raibh sé ag análú ar thabhairt ar shiúil é.

Tá Bóthar Seoighe dúnta idir Bhóthar Stewartstown agus Bóthar Rós na Ríona.

Is ar Bhóthair Seoighe atá Pobal Feirste, nó Gaeltacht Bhóthar Seoighe suite.

Bloga aoighe bho Dhachaigh airson Stòras na Gàidhlig

Scotland's Nature

’S i Ceit Langhorne a sgrìobh am bloga againn an-diugh. Tha i na Neach-taic Corpais aig Dachaigh airson Stòras na Gàidhlig (DASG) aig Oilthigh Ghlaschu. ’S e tasgladh digiteach a th’ ann an DASG ’s e stèidhichte air cruinneachadh de sgrìobhaidhean Gàidhlig agus fiosrachadh a chaidh a chruinneachadh bho choimhearsnachdan air a’ Ghàidhealtachd ’s sna h-Eileanan agus ann an Alba Nuadh eadar 1960an – 1980an.

Tha tasglann ‘Faclan bhon t-Sluagh’ na chruinneachadh de dh’fhaclan Gàidhlig. Bha na faclan air an trusadh mar phàirt de phròiseact Faclair Eachdraidheil na Gàidhlig a thòisich Oll. Ruairidh MacThòmais aig Oilthigh Ghlaschu ann an 1966.

dasg_logo

Tro rannsachadh corpais bidh DASG a’ toirt taic do phròiseact thar-oilthighean Faclair na Gàidhlig. Bidh am faclair stèidhichte air teacsa a thig bho DASG.

Mar neach-taic corpais, ’s e m’ obair teacsaichean Gàidhlig uallachadh airson cuir ris an tasglann. O chionn ghoirid tha mi air a bhith ag obair tro…

Amharc ar an alt bunaidh 1,112 d’fhocla eile

Drámaí ag an Amharclann Náisiúnta agus Roinn na Gaeltachta

Tá go leor ráite faoi #wakingthefeminists agus #wakingthegael le cúpla seachtain anuas ón am gur céad tógadh an cheist faoi easpaí dhrámaí na mban agus drámaí i nGaeilge ar chlár #wakingthenation Amharclann Náísiúnta na hÉireann.  Is mé féin a chéad thóg an cheist faoi easpa dhrámaí #Gaeilge agus táim á mhaíomh sin go neamhleithscéalach mar…

Source: Drámaí ag an Amharclann Náisiúnta agus Roinn na Gaeltachta

Polasaí Gaeilge Chomhairle IMD faoi ionsaí ag an DUP

Tá polasaí dhátheangach Chomhairle an Iúir, Mhúrna agus an Dúin faoi ionsaí ag an DUP.

Dar leis an chomhairleoir William Walker “ludricous indulgence” atá ann.

Ag caint leis an ‘Belfast Telegraph’ dúirt sé go bhfuil an polasaí ar mire ar an ábhar go bhfuil níos mó cainteoirí Polainnise agus Liotuáinise sa cheantar.

Ach deir an comhairleoir Barra Ó Muirí ó Shinn Féin nach ngabhann sé aon  leithscéal as an airgead a caitear ar an Ghaeilge.

Jamie Bryson : Mac Tíre Aonair?

Tá leabhar scríofa ag an ghníomhaire dílseach Jamie Bryson ar na cúinsí a bhaineann le díol portfóilió NAMA sa Tuaisceart.

Tuigtear nach bhfuil an leabhar á fhoilsiú ar chúinsí dlí – mar sin féin – tá dhá chaibidil de foilsithe ar a bhlag – agus daoine ainmnithe ann.

Tá sé ag ceangail díol NAMA leis an chomhlacht Meiriceánach Cerebus le hiar-bhaill de na fórsaí slándála – agus le háisíneacht slándála na Breataine – MI5.

Is é an cheist a chaitfear a chur ná – mura bhfuil aon-bhunús leis na líomhaintí a dhéanann sé – cén fáth nach bhfuil an dlí á chur air – agus cén fáth nach bhfuil a bhlag á dhúnadh?

Níl ann ach gnáth-bhlag saor in aisce WordPress i ndeireadh na dála.

Seans nach bhfuiltear ag iarraidh creidiúint a thabhairt dó?

Chun anailís a dhéanamh ar an ábhar seo áfach, i gcomhthéacs scríbhneoireachta eile Bryson – caithfear an cheist eile a chur – cé tá ag tabhairt cúnamh dó seo a scríobh?

Toghchán an SDLP – Casadh sa scéal

Tá sé tagtha chun solais nach mbeidh baill den SDLP nach bhfuil a gcuid dleachtanna íoctha acu ábalta vóta a chaitheamh i dtoghchán ceannaireachta an pháirtí.

Toghfar ceannaire úr nó an ceannaire in athuair ag Ard-Fheis an pháirtí an deireadh seachtaine beag seo.

Shocraigh Ard-chomhairle an SDLP an riail seo a chur i bhfeidhm.

Tá an comhairle sin faoi smacht ag an cheannaire reatha, Alasdair McDonnell, agus ní féidir mórán amhras ná go bhfuil suntas leis an tráthúlacht.

Rogha na coitiantachta a ba é fear an dúshláin, Colm Eastwood, go dtí seo.

Is suimiúil go raibh agallamh sa ‘Belfast Telegraph’ inniu le hAlasdair McDonnell – fear nach ndéanann agallaimh phearsanta go minic – gan trácht ar agallamh a dhéanamh ina theach féin mar a rinneadh sa chás seo.

Caitheamh deiridh an dílse