Tá polasaí dhátheangach Chomhairle an Iúir, Mhúrna agus an Dúin faoi ionsaí ag an DUP.
Dar leis an chomhairleoir William Walker “ludricous indulgence” atá ann.
Ag caint leis an ‘Belfast Telegraph’ dúirt sé go bhfuil an polasaí ar mire ar an ábhar go bhfuil níos mó cainteoirí Polainnise agus Liotuáinise sa cheantar.
Ach deir an comhairleoir Barra Ó Muirí ó Shinn Féin nach ngabhann sé aon leithscéal as an airgead a caitear ar an Ghaeilge.