Arlene Foster mar cheannaire ar Aontachtachas amach anseo

Is minic a chualathas faoi cé chomh forásach is atá deisceart na hÉireann agus cé chomh aischéimnitheach is atá an Tuaisceart.

Mar sin féin, ní raibh bean ina Taoiseach riamh ach ní fada go mbeidh bean ina céad-aire ó Thuaidh nuair a éireoidh Peter Robinson as sa bhliain úr.

Sin de bhrí gur ionann is cinnte go bhfuil Arlene Foster lena bheith ina ceannaire ar an DUP – an chéad bhean riamh chun an chéim sin a bhaint amach i bpáirtí nach bhfuil clú air a bheith láidir ó thaobh chearta na mban de.

Chun an cás a dhéanamh níos suimiúla arís, is iar-bhall den UUP í agus ball d’Eaglais na hÉireann.

Sár-chumas s’aici féin amháin a ghlac go dtí an pointe seo í agus a chuir fir mhóra an pháirtí ina mboscaí – níor bhac le duine ar bith seasamh ina héadan fiú.

Ach d’éirigh leis an TUV raic a thógáil ar an ábhar i bhFear Manach nuair a bhain ball gan ainm úsáid as ainm a hathar chun ionsaí pearsanta a dhéanamh uirthi.

Arlene Kelly ab ainm di sular pósadh í agus is dlíodóir í.

£160,000 tugtha chun ionad lán-Ghaeilge a thógáil

Tá Gaeil Uachtar Chluanaí ar bís in éis gur fhógair Carál Ní Chuilín go bhfuil an Roinn Chultúir chun Cead agus Seasca míle phunt a bhronnadh ar an eagraíocht Ghlór na móna.

Bainfear úsáid as an airgead seo chun oll-ionad Gaeilge nó “Irish language cultural hub” a thógáil.

Tabharfaidh Comhairle Cathair Bhéal Feiste agus Ciste Infheistíochta na Gaeilge suas le Cead agus Dó Dhéag Míle Phunt de mhaoiniú freisin.

Ní dhearfainn go bhfuil aontachtóirí ró-shásta leis an mhaoiniú seo ach ní raibh mé in ann ráiteas ar bith a aimsiú ar an ábhar.

Oll-ionad na Carraige an t-ainm a bheas ar an fhorbairt seo.

Is é Glór na Móna ceann na heagraíochtaí pobal-bhunaithe Gaeilge is gníomhaí sa tír.

Is suntasach gur iar-dhaltaí Choláiste Feirste atá taobh thiar de.

Ba é seo an cheathrú mhór-ionad Gaeilge sa cheantar agus an séú cheann i mBéal Feirste.

Go príobháideach, déarfadh go leor daoine mór le rá i bpobal na Gaeilge gur duine iontach í ‘Carál’ mar a thugtar uirthi go cairdiúil, cé gur féidir go mbeadh deacrachtaí acu sin le Sinn Féin.

Dúnmharú Christopher Meli i mBéal Feirste

Sheas beirt fhear agus ógánach i cúirt i Lios na gCearrbhach ar maidin agus dúnmharú Christopher Meli curtha ina leith.

Tá déagóirí eile á gceistiú ag an PSNI maidir leis an eachtra.

Mhínigh bleachtaire don chúirt go raibh eachtraí oíche Aoine iontach casta le go leor daoine agus grúpaí ag glacadh páirte i dtrodaíocht – in amanna le scéin.

Fuarthas marbh Christopher Meli i gCill Uaighe maidin Dé Sathairn,

Creideann an PSNI gur ghlac suas le fiche ógánach páirt san ionsaí a mharaigh Christopher – cuid acu ina gcailíní.

Tá pobal Iarthar BF croite aige an dúnmharú brúidiúil seo.

D’fhreastail na céadta duine ar bhigil i gcuimhne ar Christopher aréir i gceantar Eastát na Sléibhe Duibhe.

Fritheadh gunnaí i gContae Lú

TÁ airm, piléir agus comhpháirteanna buama faighte ag na Gardaí i gceantar Chuaille, Co. Lú.

Fritheadh iad i mBaile Sheinicín coinfheascar inné.

Tuigtear go bhfuil raidhfilí de chineál Kalashniknov mar chuid den taisce seo.

Mar chuid d’oibríocht leanúnach i gcoinne Easaontóirí Poblachtacha a ba é an chuardach seo.

Tig an chuardach seo beagán níos mó ná coicís in éis go bhfuarthas gunnaí i bhfogas don Bhoth i gContae Mhuineacháin.

Shílfeá gur buille trom é seo do na heasaontóirí ach ní fios cá mhéad airm atá acu san iomlán nó cén grúpa arbh leo na gunnaí seo.

Agus cé go bhfuil grúpaí armtha ann i gcónaí, ní léir go bhfuil sé ar a gcumas ionsaithe leanúnacha a dhéanamh ar na fórsaí slándála.