Tá comhairleoir de chuid an TUV ag tógáil raice ar an Bhaile Mhéanach mar gheall ar fhocal Gaeilge.
Tá an focal uisce scríofa ar chlúdaigh comhlaí uisce a cuireadh isteach ar na mallaibh i lár an bhaile.
Tá an Béarla ann chomh maith ach tá Timothy Gaston ag iarraidh ar an chonraitheoir iad a bhaint amach agus cinn úra aonteangacha a chur isteach chomh luath agus is féidir.
Dar leis gur chinn an conraitheoir “na cinn Éireannacha” a úsáid seachas “na cinn Tuaisceart-Éireannacha”
Is féidir leis an Tuairisceoir a léiriú gur clúdaigh de chuid Uisce Éireann atá iontu seachas Uisce Thuaisceart Éireann.
Deir Timothy Gaston go ndeachaigh daoine i teagmháil leis ar an ábhar agus go bhfuil súil aige gur dearmad a bhí ann.
Is é an Leas-Mheara é ar chomhairle lár agus Oirthear Aontroma.
Mac le Sam Gaston, a bhí ina chomhairleoir de chuid an DUP, is ea é.
D’éirigh leisean cur ina luí ar McDonalds ar an bhaile an focal ‘Yield’ a bhaint de chomhartha dá gcuid agus ‘Give Way’ a chur ina áit tamall de bhlianta ó shin.Dar leis go n-úsáidtear ‘Yield’ sa Phoblacht agus ‘Give Way’ ó thuaidh.
Deir urlabhra ar son Chomhairle Lár agus Oirthear Aontroma “go bhfuil siad ag amharc isteach” san ábhar.
Deir an chomhairle nach féidir go bhfuil mórán acu ann cibé ar bith.