Tá scéal ann san Irish News ar maidin ag léiriú go raibh ‘dlúth-chompánach’ nó ‘close companion’ ag iar-cheannaire an UUP Jim Molyneaux.
Fuair an tUasal Molyneaux, a bhí ina bhaitsiléir saoil, bás anuraidh ,in aois 94.
Ach tháinig an caidreamh a bhí aige le fear as Londain, Chrissie Luke, chun solais inné nuair a d’fhoilsigh an tUasal Luke fógra cuimhneacháin sa ‘Belfast Telegraph’.
San fhógra sin scríobhadh i mBéarla, athinsint ar Dara Leabhar Shamúéil an Bhíobla.
“Tá mé caillte i do dhiaidh … Ba thú mo lao is m’ansacht. Ba ghile liom do ghrá ná grá leannáin.”
Scríobh sé, “is mó mo ghrá agam duit inniu ná mar a bhí inné, ach níos lú ná mar a bheas agam amárach a Jim mo stór, do protége síoraí, Chrissie.”
Ní nach ionadh, chonacthas seo agus rinne Bimpe Archer ón Irish News agallamh le Chrissie Luke a léirigh an caidreamh.
Léirigh sé go raibh sé 17 bliana nuair a chas an Tiarna air, bhí 64 bliana ag Jim Molyneaux an t-am sin.
Chas siad ar a chéile ag cruinniú ag fo-chumann de chuid an Pháirtí Chaomhaigh, an Monday club.
D’éirigh an gaol eatarthu mar gheall ar na tuairimí láidre a bhí acu beirt maidir le Tuaisceart na hÉireann.
Tá an tUasal Luke aerach, ach tá sé ag diúltú a dhearbhú an raibh caidreamh gnéis eatarthu nó nach raibh – Ach deir sé go raibh caidreamh an-an-dlúth aige le ‘Jimmy’ mar a thug sé ar an tiarna.
Léirigh sé gur fhorbair an gaol eatarthu in arásán de chuid Jim Molyneaux thall i Londain.
Dar ndóigh, i saol na linne seo níor chóir go mbeadh sé seo ina scéal mór nó iontach – fiú san am a chuaigh thart ní bhac na meáin lena leithéid.
Ach, níl agus ní raibh riamh dearcadh forásach ag na páirtithe aontachtacha ó thuaidh i leith chearta dhaoine aeracha.
An grá an scéal ach fimíneacht an fo-scéal.
Thug an grúpa cearta aerach Outrage dúshlán do Jim Molyneaux agus 19 MP eile dul faoi scrúdú maidir leis a chlaonadh gnéis – tar éis dóibh vótáil i gcoinne chomh-aois thoilithe do dhaoine aeracha.
Sin an fáth go bhfuil leathanach iomlán tugtha dó san Irish News.
Tá buncheisteanna ann don Belfast Telegraph áfach – cén dóigh gur éirigh leis an Irish News iad a scúpáil ar maidin nuair a bhí an fógra ina bpáipéar féin inné?