Cuidich a’ Chòrnais!

Sgrìobh mi post bloga an-uiridh mu rathaidean-iarainn agus cànan na Cùirne. Ma tha ùidh agad anns a’ Chòrn agus anns a’ Chòrnais, tha mi an dòchas gun còrd na sgrìobh mi riut. Tha a’ Chòrnais a-nis ann an cunnart. Tha Riaghaltas Bhreatainn air innse bho chionn goirid nach toir iad maoineachadh sam bith don chànan […]

via Cuidich a’ Chòrnais! #Gàidhlig #Kernewek — Trèanaichean, tramaichean is tràilidhean

Éacht Laochra Átha Cliath — Na Dubs Abú

Áth Cliath 2-18 Ciarraí 0-13 Páirc an Chrócaigh 24/04/16 Ólaimis sláinte fhoireann seo Átha Cliath – an fhoireann is fearr a bhí againn riamh. Cinnte, tá Craobh uile-Éireann amháin eile le buachan acu le go n-aontódh na sean-Dubs a chonaic foireann na seachtóidí is na hochtóidí liom, ach feictear dhom nach bhfuil ann ach ceist […]

via Éacht Laochra Átha Cliath — Na Dubs Abú

Cúrsaí Oideachais i lár an chatha toghcháin

Anailís le Ciarán Dunbar

AN tIÚR : Rachaidh na vótóirí chuig ionaid vótála an Tuaiscirt chun Tionól nua a thoghadh ar an 5ú den mhí seo chugainn.

Deirim na vótóirí ach is dóigh liom nach mbacfaidh cuid mhaith den phobal leis ar chór ar bith.

Ar bhealach, sin gnáthrud i gcóras daonlathach, cé go bhfuil daoine ann ar an dá thaobh den scoilt thraidisiúnta ó thuaidh nach n-aontódh go bhfuil córas Stormont daonlathach ar chor ar bith.

Agus ní ábhar buairimh é seo ach an oiread leis an fhírinne a dhéanamh – mar sin féin, má thiteann líon na vótóirí faoi 50% – cinnte beidh fadhb ag Stormont ó thaobh na dlisteanachta de – ach ní hé sin ábhar cholún an lae inniu.

Tá Tuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe agus go héifeachtach ciallaíonn sé sin go ndéanann Westminster na cinntí tábhachtacha i ndáiríre.

Ach tá cumhachtaí suntasacha ag bunadh an chnoic mar sin féin – ina measc, smacht ar chúrsaí oideachais.

Feachtas toghchánaíochta ciúin go leor a ba é go dtí seo ach tá oideachas tar éis teacht chun tosaigh mar ábhar tábhachtach.

Seachas briseadh nó dhó agus na hinstitiúidí curtha ar ceal – tá an Roinn Oideachais faoi smacht ag Sinn Féin ó bhí 1999 ann.

Gaelcholáiste Dhoire
Gaelcholáiste Dhoire, ábhar bróid do Ghaelgeoirí, ábhar feirge d’aontachtaithe

Ach tá leid nach beag tugtha ag Arlene Foster, an chéad-aire agus ceannaire an DUP, go roghnófaí a páirtí an aireacht oideachais ar dtús báire – ní an Roinn Airgeadais, an ceann a shantaigh siad i dtólamh go dtí seo.

Anois, ná slog seo siar gan cogaint!

Seans gur amas bréige é ar eagla go mbeidh Sinn Féin ar an pháirtí is mó agus an chéad rogha ar na haireachtaí acu (rud nach dócha dar liomsa ag an phointe seo cibé ar bith).

Tá sé a mhaíomh ag foinsí aontachtacha go bhfuil oideachas á lua leo ar leaca na ndoirse thar aon ábhar eile.

Níl aon chúis ann lena bheith in amhras faoin mholadh sin.

Ach ní ceart smaoineamh go mbeadh na páirtithe eile ag santú an róil sin thar aon cheann eile – mar is é an aireacht is conspóidí agus tá na hábhair casta – go háirithe agus an t-airgead gann.

Tá trí chúis easaontais ann, an scrúdú aistrithe ag aois 11, scoileanna imeasctha agus an ghaelscolaíocht.

Scoileanna imeasctha an t-ábhar plé eile – tá sé glactha ag tráchtairteacht an Tuaiscirt gurb iad siúd réiteach fhadhbanna na Sé Chontae.

Chun scéal fada a dhéanamh gairid, chuir Sinn Féin deireadh le roghnú ar bhonn acadúil ag aois 11 i 2008 – ach thug bunús na scoileanna gramadaí neamhaird ar sin agus lean siad leis an nós – ag úsáid scrúduithe neamhoifigiúla neamhcheadaithe.

Is é an rud a tharla mar sin ná go ndearnadh é a phríobháidiú seachas a dhíbirt – réiteach Éireannach faighte ar fhadhb Thuaisceart-Éireannach?

Cé gur léir nach n-aontaíonn go leor scoileanna agus tuismitheoirí Caitliceacha leis an pholasaí sin áfach – ní léir go gcuirfidh sé sin isteach ar an dóigh a vótálann siad.

Sin de bhrí go bhfuil an SDLP, an Alliance agus go leor eile, an Eaglais Chaitliceach san áireamh, ar aon fhocal go gcaithfí deireadh a chur le roghnú acadúil ar bhonn cothromaíochta.

Dar leis an SDLP gur féidir leosan an scéal a réiteach – díreach ar an ábhar go bhfuil siad, dar leo níos cumasaí ó thaobh chomhréiteach a aimsiú – ach ní soiléir gur féidir leo vótaí a bhaint as.

Tá na páirtithe aontachtacha go láidir ar son roghnú acadúil – ach arís ní léir go vótálfaidh Caitlicigh dóibh ar a bhonn sin amháin.

Scoileanna imeasctha an t-ábhar plé eile – tá sé glactha ag tráchtairteacht an Tuaiscirt gurb iad siúd réiteach fhadhbanna na Sé Chontae.

Tá Barack Obama den tuairim chéanna mar a tharlaíonn sé.

Tá an dearcadh seo bunaithe thar aon rud eile ar an bharúil go bhfuil fadhbanna an Tuaiscirt bunaithe ar chúrsaí creidimh, chan ar chúrsaí polaitiúil agus cultúrtha.

Agus tá cuma ar an scéal go n-aontaíonn mórchuid an pobal leis – sin má chreideann tú pobalbhreitheanna – ar an taobh eile den scéal ní fhreastalaíonn ach tuairim ar 7% de pháistí an Tuaiscirt ar scoileanna imeasctha.

In aon chomhrá ar líne ar scoileanna imeasctha mar shampla, luafaí an Ghaeilge agus cluichí gaelacha – maítear nach mbíonn siad á dteagasc i scoileanna imeasctha.

Fiú do dhaoine nach spéis leo Cumann Lúthchleas Gael – chan ionann sin is a rá gur fearr leo sacar, haca agus rugbaí.

Agus ba chóir a rá nach mbacann scoileanna Caitliceacha an Tuaiscirt leis na spóirt sin ar chor ar bith de ghnáth agus nach mbíonn spóirt Ghaelacha i scoileanna stáit ó thuaidh.

Chuaigh mé i dteagmháil leis an Chomhairle Thuaisceart Éireann um Oideachas Imeasctha maidir leis an cheist seo.

Mheas siad (ní raibh figiúirí cruinn acu) go bhfuil an Ghaeilge, cluichí gaelacha nó an bheirt acu á dteagasc ina gcuid scoileanna, idir bhunscoileanna agus coláistí.

Tá an SDLP tar éis teacht amach go láidir ar son scoileanna imeasctha i bhforógra s’acusan.

Ach is suimiúil gur cuireadh foláireamh leis sin – beidh tús áite ag rogha na dtuismitheoirí i gcónaí.

Is í an cheist ná an féidir a bheith ar son gach rud?

Níor luadh Gaelscolaíocht i bhforógra an SDLP ar chor ar bith mar a tharlaíonn sé – cé gur luadh ann Acht Gaeilge.

Tá an Alliance ar go láidir ar son scoileanna imeasctha mar atá an UUP agus an DUP go pointe .

“Unifed System of Education,” atá uaidh an UUP – léiríonn siad tacaíocht áirithe do scoileanna imeasctha ach deir siad nach féidir córas iomlán imeasctha a chruthú “thar oíche.”

Níor luadh an focal ‘integrated’ i bhforógra an DUP – cén go léiríonn sé tacaíocht d’oideachas ‘roinnte’.

Déarfadh lucht cáinte na n-aontachtaithe seo nach bhfuil i gceist acu ach Caitlicigh a tharraing isteach sa chóras stáit.

Tá ionsaí déanta acu beirt ar an Ghaeloideas áfach – dar leis an DUP go rachaidh siad i ngleic leis an “chóir fhabhrach” a fhaigheann an earnáil i láthair na huaire.

Léiríonn ráiteas i ndiaidh ráitis, eagarfhocal in éis eagarfhocail gur ceist an-chigilteach í an Ghaelscolaíocht i measc an phobail aontachtaigh.

Chuir an cinneadh chun Gaelcholáiste Dhoire a aithint aontachtaithe ar buile glan, ‘Hogwarts’ na Gaeilge a thugann Gaeil air – “the school with 14 pupils” a thugann polaiteoirí agus páipéir aontachtacha air.

Níor luadh Gaelscolaíocht i bhforógra an SDLP ar chor ar bith mar a tharlaíonn sé – cé gur luadh ann Acht Gaeilge.

Caithfear an dearcadh seo a thuiscint sa chomhthéacs ina bhfuil scoileanna stáit – Protastúnacha go héifeachtach – á ndruidim agus á mbrú le chéile mar gheall ar líon na ndaltaí a bheith ag titim.

Ach ní dócha go dtiocfadh le haire aontachtach mórán dochair a dhéanamh do Ghaelscoileanna an Tuaiscirt mar atá i láthair na huaire.

Tá Gaelscolaíocht á chosaint agus muise á chothú, go hoifigiúil cibé ar bith, faoin Ordú Oideachas 1998 – a shíolraíonn ó Chomhaontú an Chéasta – ní féidir le haontachtaithe faic na ngrást a dhéanamh fá dtaobh de.

Thiocfadh leo ceann nó dhó a dhruidim b’fhéidir ach is cinnte go dtroidfí i gcoinne sin sna cúirteanna go fíochmhar. .

Ní hé go raibh muintir na Gaelscolaíochta sásta leis Sinn Féin i dtólamh – cha raibh, agus bhí cás cúirte ann mar thoradh ar an easaontas sin – cás a chaill an tAire John O’Dowd.

Cuireann na haontachtaithe go ndeachaigh Sinn Féin ar chrosáid idé-eolaíochta agus iad i mbun oideachais – caithfidh mé a rá, ní dóigh liom go n-easaontódh Sinn Féin leis an anailís sin cé go maífidís gur ar son na cothromaíochta a bhí siad i gcónaí.

Ach má roghnaíonn an DUP an aireacht oideachais a roghnú, beidh siad ag tabhairt eochracha an chiste airgid do Shinn Féin.

Tá siad idir charraig agus chloch mar sin – an maithfeadh a lucht tacaíocht dóibh dá ligfeadh siad Sinn Féin isteach san aireacht oideachais arís áfach? – ar féidir leo deis chun fíor-bhuile a bhuaileadh ar Shinn Féin a ligint le sruth – beidh le feiceáil.

Gnáth-pholaitíocht atá ann oideachas a phlé ach ní féidir a shéanadh go bhfuil blas na sean-scoilte ar na hargóintí seo i gcónaí.

Foclóireachas

gasuirlegaeilge

Agus Caighdeán Oifigiúil nua le foilsiú gan mórán moille, táthar ag plé ról an Chaighdeáin sin i saol na Gaeilge, mar shampla san alt seo. Cuid den fhadhb ná nach bhfuil foclóir ceart tuairisciúil ann. Is foclóirí saintreoracha ar fad iad na foclóirí a foilsíodh le caoga bliain anuas, cé go bhfuil an teangeolaíocht féin ag cur i bhfad níos mó spéise sa staidéar tuairisciúil seachas sna saintreoracha le ceathracha bliain anuas.

Ach an mbeadh ciall ar bith le foclóir saintreorach agus an Ghaeilge féin chomh lag is atá sí? Baineann fiú an t-alt a luadh thuas leas as an leagan cainte Béarla ‘so what?’ mar spraoi. Dá gcumfaí tuairisc chruinn ar theanga Gaeilgeora ar bith, theastódh glacadh le neart focal Béarla. Ach nach dochar a dhéanfadh a leithéid don Ghaeilge féin. Foclóir a thabharfadh ‘stádas’ éigin do laige na Gaeilge, ní ag láidriú na Gaeilge a bheadh sí. Is…

Amharc ar an alt bunaidh 135 d’fhocla eile

CARTLANN : Cén Canúint?

Foilsíodh seo ar ‘An tUltach’ siar i 2009, tháinig sé chun cuimhne ar maidin, seans go mbeadh spéis éigin ag daoine ann.

C.D.

Tuairim ar mhí ó shin, shuigh mé síos chun scéal a léamh do m’iníonsa. Pléisiúr ar leith atá ann agus tá lúcháir orm a rá go gcuireann sí an spéis ann cé go bhfuil sí iontach óg ar fad.

Shuigh mé síos mar sin agus thóg mé leabhar a bhí lámh liom, Dhá Scéal Reachlann agus Eile, a chuir mé féin in eagar, agus chuaigh mé i mbun ársaíochta. Thosaigh mé ag léamh an bunleagan Reachlann ar an ábhar gurbh mar sin a d’inis an scéalaí an scéal agus gur mór an dámh agamsa do Ghaeilge Reachraidh.

Tríocha soicind ina dhiaidh sin, stop mé. Rinneas mo mhachnamh ar feadh soicind eile agus thosaigh ag léamh an leagan caighdeánta. Rinne mé cinneadh mór ansin i nganfhios dom féin ag an am.

Ba mhinic iontas orm nuair a dúirt tuismitheoir úr go mbíonn siad ag iarraidh a gcuid Gaeilge a choinneáil go caighdeánta ó thaobh na gramadaí agus ó thaobh na fuaimeanna de agus iad ag caint lena gcuid páistí. Níor thuig mé sin riamh. Shíl mé go raibh rud éigin mínádúrtha faoi agus go raibh sé dul a bheith níos deacra orthu Gaeilge mhaith a labhairt lena gcuid páiste gan titim siar ar chanúint éigin.

Chan ionann sin is a rá nár cheart a bheith beacht ó thaobh gramadaí is fuaimeanna de ar ndóigh, ach ní dóigh liom féin go bhfuil an caighdeán oifigiúil nó Lárchanúint na Gaeilgei ag teacht salach ar sin ar chor ar bith.

Pé scéal é, is mó mo ghrá do mo leanbh ná mo ghrá don Ghaeilge, má tá mé chun í a thógáil leis an Ghaeilge, mionteanga amach is amach, ba mhaith liom an Ghaeilge sin a bheith chomh feidhmiúil agus is féidir.

Beidh uirthi a bheith ábalta ceithre theanga a labhairt go luath ina saol agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu, rud atá doiligh a dhéanamh agus daoine ag mixeáil leo i dtólamh. Sea, ba fhéiríní na teangacha seo ar fad ach ba uallach oibre iad do pháiste chomh maith.

Chaith mé féin níos mó ama ag déanamh staidéar ar Ghaeilge Ó Méith Mara, nach maireann, ná mar a chaith mé ar chanúint ar bith eile, beo nó marbh. Tá súil agam go raibh tionchar aige sin ar mo chuid Gaeilge. Gaeilge mhaith a bhí ann ach tuigim féin go maith, má deir mo pháiste ‘tá mé cosúil maith’, ‘cha ligeann tú a leas’, ‘ ’dé as nach dtearn tú sin,’ agus mar sin de, ba ise an t-aon pháiste ar an domhain seo a thuigfeadh cad a dúirt sí. Ní bheadh sé sin cothrom is dócha.

Creideann cuid mhór páistí atá á thógáil leis an Ghaeilge gur teanga rúnda príobháideach í an Ghaeilge a labhraíonn siad lena gcuid tuismitheoirí nó le duine amháin acu fiú. Má tá canúint Ghaeilge acu nach labhraíonn ach dís bheadh an ceart acu.

Ag an am céanna áfach, is iomaí focail nach bhfuil agam ach i nGaeilge Ó Méith, nó i gcanúint Oirthear Uladh eile. Cad é a dhéanfaidh mé sa cás sin? Ní bheidh an darna suí agam ach an fhocal a bhfuil agam a rá. Seo focail atá ‘marbh’ ach nach bhfuil muid ag caint fá athbheochan na Gaeilge? Nó an bhfuil muid ag caint fá leathnú canúint áirithe ar fud na tíre?

Tagann an mhír-dhiúltach ‘cha’ níos éasca chugamsa ná ‘ní’ ach tuigim nach dtaitníonn úsáid an fhocail sin le cuid mhór Gaeilgeoirí agus cuireann sé isteach ormsa go mór nuair a bristear isteach ar mo chuid cainte chun gearán a dhéanamh faoi. Caithfear cinntiú mar sin go bhfuil ‘ní’ agus an gramadach a théann leis ag an leanbh.

Ní hé nach bhfuil mé ag iarraidh uirthi a bheith ábalta gach canúint a thuigbheáil is a mheascadh le chéile fiú chun a cuid Gaeilge féin a chruthú, ba mhaith liom Gaeilge chros-síolrach hibrideach láidir a bheadh a labhairt amach anseo – ach tá mé ach tá mé ag caint fán bhunús áfach, tá mé ag caint fán Ghaeilge mar mhodh cumarsáide seachas mar ábhar scolártha.

Caithfidh mé a admháil fosta nár mhaith liom cloí go docht daingean le canúint amháin de bhrí gur ionann sin agus a bheith ag séanadh Gaeilge mhaith ar an pháiste. Ba mhaith liom cur lena cuid Gaeilge, chan a bheith ag rá léi; ‘O, cha dtigidh leatsa sin a rá,’ och! deacracht gach deacrachta an ní a chleachtar a chuir i ndearmad! Mar sin de; ‘ní thig leat sin a rá – ní bhaineann sin le canúint s’againne!’

Mar dhuine a rinne cuid mhór staidéar ar chanúintí idir bheo agus marbh is a thug cuairt ar gach Ghaeltacht sa tír taobh amuigh de Chiarraí agus Oileán Acla, dar liomsa teanga amháin is ea í. Agus mé ag caint fá chanúintí anseo tá mé ag caint fá chanúintí sa ghnáth-chaill, i. Gaeilge na Rinne, Gaeilge na Rosann agus srl. Ach déanta na fírinne, creidim nach bhfuil ach trí fhíor-chanúintí ann sa Ghaeilge – Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlbain agus Gaeilge Eilean Mhanainn. Is beag difear atá le fáil idir na canúintí seo nach dtiocfadh le cleachtadh is teagmháil a shárú, sin mo thaithí féin cibé ar bith ach tuigim go bhfuil Gaeil ann in Ultaibh nach dtuigeann Gaeilge na hAlbain ar chor ar bith.

Chomh maith leis an ábhar thuas go léir, cá bhfios cá háit a mbeidh muid ag stopadh in Éirinn amach anseo, b’fhéidir go mbeidh uirthi canúint eile ar fad a fhoghlaim chomh maith, cén canúint a bheas ag an múinteoir ar scoil? Cad fá TG4?

Scéal casta go leor, nach é? Bainimis triall as cibé ar bith!

i Lárchanúint don Ghaeilge (Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann, 1987)

Gavin An-Sásta Lena Phainéal — Na Dubs Abú

Thug Jim Gavin le fios an tseachtain seo go bhfuil sé an-sásta leis na himreoirí, nach dtosaíonn cluichí do Áth Cliath go hiondúil, a d’imir in aghaidh Ros Comáin Dé Domhnaigh. Bhí sé an-tógtha leis an gcaoi ar éirigh leo sníomh isteach go nádúrtha leis an stíl imeartha atá ag a fhoireann. Dúirt sé, freisin, […]

via Gavin An-Sásta Lena Phainéal — Na Dubs Abú