Gaeilge Mhanann Chomhráiteach (1)


Is í Gaeilge Mhanann an mhórchanúint nó teanga Ghaeilge is lú dá bhfuil ann agus mar sin a bhíodh sí riamh.

Is beag beann a thugtar uirthi taobh amuigh den oileán agus is beag an spéis atá ag Gaeil Éireann is Alban uirthi, d’fhéadfá a rá gur beag an meas atá ag go leor againn di chomh maith.

Thar rud ar bith eile, is é an phríomhchúis do sin ná an córas litrithe a úsáidtear atá bunaithe ar an Bhéarla den chuid is mó agus faoi thionchar éigin na Breatnaise.

Déanta na fírinne, níl an córas oideolaíoch, sanasaíoch agus ní léiríonn sé foghraíocht na teanga go sásúil ach an oiread – ní féidir liom moladh a thabhairt dó, seachas go bhfuil sé beagáinín níos éascaí do Bhéarlóirí í a fhoghlaim.

Ach cha déanaim aon bhreithiúnas ar an chóras céanna, tuigim go maith go bhfuil dúil ag Manannaigh ann, ní nach ionadh.

Mar gheall ar an chóras sin bíonn daoine den tuairim go bhfuil bun-difríocht ollmhór idir í agus na teangacha Gaeilge eile áfach.

Ach ní fíor é, Gaeilge atá inti agus minic go leor, Gaeilge mhaith ghlan.

Is minic a cheaptar í a bheith i gcré na cille mar gur cailleadh an cainteoir traidisiúnta deireanach, Ned Maddrel i 1974 ach bhí athbheochan faoi lán-seoil fiú ag an am sin agus tá rath éigin uirthi sa lá atá inniu ann.

Is é an rud atá i gceist leis an saothar seo ná cúrsa i nGaeilge Mhanann a chur ar fáil bunaithe ar chóras litrithe na Gaeilge.

Tá dóchas agam go spreagfaidh sé sin cainteoirí Gaeilge eile le hiarracht a dhéanamh le Gaeilge Mhanann agus, seans, gur féidir le Gaeil Mhanann aithne níos fearr a chur ar Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban agus a bhfuil fágtha den Ghaeltacht Choiteann.

Tá an saothar seo bunaithe ar ‘Conversational Max’ le Juan Y Geill. Foilsíodh é den chéad uair in 1954, d’fhoilsigh Yn Cheshaght Ghailckagh an leagan a bhfuil mé féin ag obair leis in 1989.

Tá sé ar fáil saor in aice ar líne, taifeadáin san áireamh ar http://www.learnmanx.com/cms/audio_collection_109419.htmlagus ar http://www.learnmanx.com/cms/media/john%20gell%20pdf/MHF%20Conversational%20Manx.pdf.

Fáilte roimh aon mholadh nó cheartúcháin.

Mar fhocal scoir, tuigim nach sásóidh an saothar seo mórán.

Tá cothrom na Féinne le baint amach idir a bheith oideolaíoch, sanasaíoch agus fóin-eolach – ní féidir go mbeadh gach duine ar aon fhocal faoi mar sin de, beidh tosaíochtaí éagsúla ag daoine.

Seo iarracht dhuine amháin, bheadh daoine eile ar mhalairt tuairim. Mar sin, arís eile, gléas foghlamtha é seo, ní iarracht chun córas nua litrithe a bhunú do Ghaeil Mhanann.

Ní mholaim sin, agus ní bheadh aon cheart agam a mholadh, ar an ábhar nach Manannach mé.

Dá ndéanfaí córas nua a ghlacadh, chuirfeadh sé sin an dul-chun-cinn a rinne an teanga le 40 bliana anuas amú, scoiltfeadh sé an gluaiseacht teanga san oileán ar a laghad dhá uair – le cuid ag cloí leis an tsean-chóras, cuid ag dul leis an chóras nua agus cuid eile ag dul le córas athleasaithe éigin eile.

Déanta na fírinne, tá stair fhada ag an chóras litreach Manannach, agus is iomaí uair a scríobhadh idir Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban i gcóras iontach cosúil leis san am a chuaigh thart.

Ceacht 1

Moghrey mie, Ned, cre’naght ta shiu?
Móra maith, Ned, crén acht tá siu[1]?
Maidin mhaith a Ned, conas tá tú?

Good morning Ned, how are you?

Lane vie, gur eh mie eu.
Lán mhaith[2], go robh maith aiu[3].

Go han-mhaith, go raibh maith agat.
Fairly well, thank you.

Kys[4] ta shiu hene?
Cio(nn)as tá siu fhéin?

Conas tá tú féin?
How are you yourself?

Cha nel mee g’accan.
Chan eil mi ’g acaín[5].

Níl caill orm.
I am not complaining.

Ta mee clashtyn dy[6] vel Thom ching.
Tá mi claistin da bheil Tom tinn[7].

Cluinim go bhfuil Tom tinn.
I hear Tom is sick.

O’ dy jarroo, c’red ta jannoo er?
O’ da dearbh, c’réad tá déanamh air?

O’, go dearbh, cad atá air?
Oh indeed, what ails him?

Cha ’sayms[8], agh cha nel eh g’obbragh.
Cha fhios aghams, ach chan eil e ’g obrach.

Níl a fhios agam, ach níl sé ag obair.
I don’t know but he is not working.

V’eh g’obbragh jea.
Bha e ’g obrach dé.

Bhí sé ag obair inné.
He was working yesterday.

Va, agh cha row eh jeeaghyn ro vie.
Bha, ach cha robh e deuchainn[9] ro-mhaith.

Bhí, ach ní raibh cuma rómhaith air.
Yes, but he was not looking too well.

Vell oo goll thie nish?
Bheil thú gol taigh ’nois?

An bhfuil tú ag dul abhaile anois?
Are you going home now?

Cha nel, ta mee goll gys Doolish.
Chan eil, tá mi gol gus Dubhghlais.

Níl, tá mé ag dul go Dubhghlais.
No, I am going to Douglas.

Jean siyr eisht ta’n barroose cheet.
Déan siar eist[10], tá an barrús tíot.

Déan deifir anois, tá an bus ag teacht.
Make haste then, the bus is coming.

Bannaght lhiat, Yuan. Slane lhiat, Ned.
Beannacht leat, Jhuan. Slán leat Ned.

Beannacht leat, a Eoin. Slán leat Ned.
Goodbye Johnnie. Farewell Ned.

Jeeagh quoi ta cheet nish?
Déach caé tá tíot ’nois?

Féach cé tá ag teacht anois?
Look who’s coming now?

She Illiam t’ayn.
Is e Illiam t’ann.

Uilliam atá ann.
Its William (that’s in).

Moghrey mie, Illiam, cre’n driss t’ort?
Móra maith, Illiam, cré’n drios[11] t’ort?

Maidin mhaith a Uilliam, cén práinn atá ort?
Good morning, William, what rush is on thee?

Ta mee goll gys Purt le Moirey.
Tá mi gol g
us Port le Muire.

Tá mé ag dul go Port le Muire.
I am going to Port St. Mary.

Vell oo goll eastagh?
Bheil thú gol iastach?
Are you going fishing?

Ta, vel oo cheet marym?
Tá, bheil thú tíot maram[12]?

Tá, an bhfuil tú ag teacht in éineacht liom?
Yes, are you coming with me?

Cha nel jiu edyr, ta mee ersooyl dy-valley.
Chan eil diu eadar[13], tá mi ar s(i)úil da-bhaile[14].

Níl inniu ar chor ar bith, tá mé ag imeacht abhaile.
Not today at all, I’m away home.

[1] “I nGaeilge Mhanann labhartha baintear an-úsáid as an chéad-phearsa uatha, thú, go háirithe ag labhairt le duine a bhfuil aithne mhaith ag duine air ach baintear úsáid as an uimhir iolra ‘siú’ [<sibh] go háirithe agus duine ag labhairt le duine níos sine nó le strainséir” (Nótaí Juan Y Geill).

[2] “‘Lán mhaith’, ach is annamh a admhaíonn an Manannach, agus é ina a choimeádaí i gcónaí, sin” (Nótaí Juan Y Geill).

[3] i. < aghaibh < agaibh

[4]< Cionnas, deirtear ‘kunnas’ nó ‘kennas’ cosúil le Gaeilge na hÉireann Irish ‘conas’ (Nótaí Juan Y Geill).

[5] As an tSean-ghaeilge ‘accaíne’ ‘bewails, laments, complains’ eDil, (cf. SMO – http://www2.smo.uhi.ac.uk/teanga/bunadas/f.php?f=71359).

[6]< go / gu.

[7] Chuirfeadh an fhuaimniú Gaeilge na Rinne, Port Láirge i gcuimhne do dhuine.

[8]‘Cha’s aghams = giorrúchán ar ‘chan eil fhios aghams’ (Nótaí Juan Y Geill).

[9] deuchainn ‘. Tugtar ‘Deuch’ mar mhodh ordaithe ‘faicinn’ ach déanta na fírinne, ciallaíonn sé ‘amharc’ (Nótaí Juan Y Geill).

[10] Eisht < ‘ar éis de’ dar le Caoimhín Ó Donnaile (http://nimill.blogspot.com/2011/02/gaeilge-mhanann.html)

[11] cf. Gaeilge na hAlban ‘greas’ < S-Gh gress (= fogha) agus gressaid in eDIL (Dennis King, comhrá pearsanta).

[12] Céad-phearsa de ‘marish’, ‘leis’. Dar le Williams (“An Mhanainnis”, in K. McCone, Damian McManus, Cathal Ó Hainle, Nicholas Williams, Liam Breatnach, Stair na Gaeilge (Maynooth, 1994) 703–44 ), marish na Manainnise < “‘immalle fri’ na Luath-Gaeilge. Ciallaíonn ‘marym, mayrt, marish… ‘ ‘in éineacht leis.’. Cuireann lesh (leis)  seilbh in iúl de ghnáth (Nótaí Juan Y Geill).

[13] Edyr < G. na hA agus G. na hÉ. ‘idir’. Baintear úsáid as an intriacht ‘edyr’ go minic i nGaeilge Mh. ‘ar chor ar bith’ is brí leis. Tá an chiall céanna leis in Albain mar a bhí i nGaeilge Reachlann agus sa Ghaeilge Chlasaiceach cé gur mar ‘idir’ a déirtear/dúradh é.

[14] ‘Da-bhaile’, ciallaíonn ‘balley’ Ghaeilge Mhanann ‘áit, baile mór, homestead nó feirm go fiú. Thie (taigh) = teach nó ‘home’ (Nótaí Juan Y Geill).

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s