Gaeilge Mhanann Chomhráiteach (4)

In 2010 foilsíodh ‘Manannan’s Cloak: An Anthology of Manx Literature’, curtha in eagar ag Robert Corteen Carswell[1].

Istigh sa bhailiúchán sin, tá an sliocht seo a leanas ó Frank Bell Kelly, fear a raibh Gaeilge na hAlban agus na hÉireann agus chomh maith le Manainnis.

Bhain sé úsáid as an eolas sin chun scéal a d’aistrigh sé ó Ghaeilge na hÉireann i litriú Gaelach a cheap sé féin:

An Breac t’anns an Abhainn Mor (alternative orthography)

Fhoduins cur aithne air an bhreac sen bhoi dagh uile bhreac bha riumh gamhaite anns poil de sruan; ta tumaid airscionn moran a chinneadh aige, a’s ais nagh bheil aig lan deubh.

Ach, an chial ta ‘sa chion aige! Ta iastaran de na seacht scireachan craduit, sprochtuit air a shon-fud ny bliantan fada; dagh uile lethid a bait bha curuit air dhubhan riumh sireach ‘ad -chan ‘eadh ach cur air an mitiur de bhreac ach gob biorach do shaith ‘mach har rish an chlach t’e ‘na chumal fo, an faman aige glaiseach creaideolach, a’s airsubhal leis do ciun.

‘S facuinit bheach e, shios bhoid ‘san uiste geal, dun scainse air bith gamhail diots, no de’n bait aghads, cead aige achtal an mioladair t’ann. ‘Se ort fhein bheach an troigheas, a’s esean ‘g eiridh gus uachtar an uiste do roigh carchuileagan bheach de’n dath cheadn’ a’s de’n chaslaios cheadn’ ris an ‘nan bheach air do dhubhan fhein; An breac gasta crionna sen! ‘S iomadh ta’n mollacht-mionna ghuair e de na iastaran ‘san linn aige.

‘Ni ‘g radh rium ta thu bu mhian leat bheith do shealgair, iastach son an breac? Innseams duit: gabh dus Ard-Macha thoiseacht, eisd, dean aithndeas ris iastair-bhric t’anns an bhall siud. Abair ris, d’fhuair thu naidheacht de’n bhreac, a’s do bheil e cairit aghad gun an ard d’fhagail daire bhios e ‘san phoga leat.

Seo mar a bhí an scéal sa litriú Manannach aige:

Yn Brack T’Ayns Yn Awin Mooar, 1952

Oddins cur enn er yn vrack shen veih dagh ooilley vrack va rieau goit ayns poyll jeh strooan; ta tummid erskyn mooarane e chynney, echey, as eash nagh vel ec lane jeu.

Agh, yn cheeayl ta ‘sy chione echey! Ta eeasteyryn jeh ny shiaght skeeraghyn craidit, sproghtit er e hon fud ny bleeantyn foddey; dagh ooilley lheid y bite va currit er dooan rieau, shirragh ad, cha nee agh cur er yn mitchoor dy vrack agh gob birragh dy haih magh har rish yn clagh t’eh ny chummal fo, yn famman echey gleashagh dy craidoilagh as ersooyl lesh dy kiune.

‘S fakinit veagh eh, heese voyd ‘syn ushtey gial, dyn scansh erbee goaill jeeds, ny Jeh yn bite ayd, kied echey aghtal yn mioleyder t’ayn. She ort-hene veagh yn treihys, as eshyn ‘g irree gys eaghtyr yn ushtey dy reih carchuillagyn veagh jeh’n daah cheddin as jeh’n chaslys cheddin rish y ‘nane veagh er dty ghooan hene; yn brack gastey creeney shen! Sh’immey ta’n mollaght-mynney hooar eh jeh ny eeasteyryn sy lhing echey.

Nee gra rhym t’ou, byvian lhiat ve dty helgeyr, eeastagh son yn brack? Inshyms dhyt; Gow dys Ard-Magher hoshiaght, eisht jean ainjys rish eeasteyr-vrick t’ ayns y voayl shid. Abbyr rish, dy dooar oo naight jeh’n vrack, as dy vel eh kiarit ayd gyn yn ard d’aagail derrey vees eh ‘sy phoagey lhiat.

Agus seo aistriúchán go Gaeilge na hÉireann, a leanann an bhun-théasc go dlúth:

An Breac atá san abhainn mhór

D’fhéadfainn an breac sin a aithint ó gach uile bhreac a gabhadh riamh i bpoll srutháin; tá tomad (toirt) os cionn mórán dá chine aige, agus aois nach bhfuil ag a lán acu.

Ach, an chiall atá sa cheann aige! Tá iascairí na seacht bparóistí cráite, spréachta ar a shon ar feadh na mblianta fada; gach uile leithéid (sórt) de bhaoite a cuireadh ar duán riamh a n-iarrfaidís, ní dhéanann an rógaire de bhreac ach a ghob biorach a shá amach thar an gcloch a bhfuil sé ian chónaí faoi, an t-eireaball aige ag bogadh go magúil agus ar siúl leis go ciúin.

Agus bheadh sé le feiceáil, thíos uait san uisce geal, gan suntas ar bith a thabhairt duitse, ná do do bhaoite, beag beann ar cé chomh cliste is atá an mealltóir (gaiste). Is ort-fhéin a bheadh an t-anró, agus eisean ag éirí go dtí uachtar (barr) an uisce chun cuileog a roghnú de a bheadh den dóigh (dáth) chéanna agus den cosúlacht chéanna leis na cinn a bheadh ar do dhuán féin; an breac gasta (glic) críonna sin! Is iomaí an mallacht a fuair sé óna hiascairí lena linn.

‘An ag rá liom atá tú, ba mhian leat a bheith i do shealgaire, ag iascaireacht don bhreac? Inseoidh mé duit; Téigh chuig Ard Mhacha ar dtús, ansin cur aithne air iascaire bric atá ann san áit úd. Abair leis, go bhfuair tú nuacht ar an bhreac, agus go bhfuil sé beartaithe agat gan an ard (áit) a fhágáil go dtí go mbeidh sé sa mhála leat.

Ceacht a 4

 

Vel peiagh[2] erbee sthie?

Bheil péachach ar bith astoigh?

Is there anyone in? (at home.)

 

Ta, nee uss t’ayn, Yamys?

Tá, an í thus’ t’ann, Jhamus?

Yes. it is thou (that’s in) Jim?

 

Trooid stiagh as jeigh yn dorrys

Trobhad[3] steach as déidh[4] an doras

Come in and shut the door.

 

Satchimagh[5] ta’n oie, vel oo feayr?

Is aiteamach tá‘n oíche, bheil thu fuar?

It’s a terrible night, art thou cold?

 

Cha nel mee feayr edyr, agh ta mee skee.

Chan eil mi fuar idir, ach tá mi sgíth

I’m not cold at all. but I’m tired.

 

Soie sheese eisht, as gow aash.

Suigh síos eist, a’s gabh éis

Sit down then, and take rest (ease.)

 

Daink shiu veih Balleychashtal noght?

dtainc[6] siu bhé Baile Chaistil nocht?

Did you come from Castletown to-night?

 

Cha daink, va mee ec y thie Hom Dan

Cha dtainc, bha mi aig a’ taigh Thom

No. I was at Tom Dan’s house.

 

Dy jarroo, as kys ta’n dooinney hene?

Da dearbh, a’s cio’as tá’n duine fhéin?

Indeed, and how’s the man himself?

 

S’foddey nish neayr’s honnick mee eshyn.

Is fada ‘nois ‘n uair ‘s chonaic mi eisean

It’s a long time now since I saw him

 

T’eh-hene goll dy-dunnal[7], agh cha nel y ven echey agh moal

T’e fhéin gol da-duineal, ach chan eil a’ bhean aige ach modhail

Himself is going bravely, but his wife is only ‘moal.’ (in poor health.)

 

Moal dy liooar. er-lhiams, agh ta cree vie eck

Modhail da leor. Air-leams, ach tá croí mhaith aic[8]

Poorly enough, I’m thinking, but she has a good heart

 

Cha geayll mee rieau accan[9]  assjee

Cha gcual’ mi riamh acaín aisdi[10]

I never heard a grumble out  of her

 

Cha naik mee rieau e Iheid roie

Chan fhaic mi riamh a leithid roimhe

I never saw her like before

 

As cre’n aght ta’n guilley beg?

A’s cre’n acht tá‘n gille beag?

 And how is the little boy?

 

V’eh trome ching Jesarn, agh lane dy vree laa ny vairagh

Bh’e (< bha e) trom tinn Dé Sathairn, ach lán de bhrí lá na mhaireach

He was very ill on Saturday,  but full of energy next day.  (day of the morrow.) 

 

Shen yn aght lesh paitchyn

Sein an acht leis páitean

That’s the way with children

 

Yn derrey ‘laa ching. as yn laa elley lane vie reesht.

An deireadh lá tinn, a’s an  lá eile lán mhaith ‘ríst

One day sick and another day  quite well again.

 

Jeeagh er y chlag! Te traa goll thie.

 Déach (deuch) air a’ chlag! T’e tráth gol taigh.

Look at the clock! It’s time to  go home.

 

Oie vie eisht, gow kiarail jeedhene ayns y dorraghys.

Oíche mhaith eist, gabh ciarail díod[11] fhéin anns a dorcachas

Good night then, take care of thyself in the darkness.

 

 


[1] Robert Corteen Carswell (ed), Manannan’s Cloak: An Anthology of Manx Literature (London: Francis Boutle, 2010)

[2]“ peiagh,’ or ‘pyagh,’=a person. Some think that this is synonomous with ‘peccagh,’ a sinner (‘ All men are sinners ‘?) Certainly’ peceagh’ as pronounced by native speakers, with the medial ‘cc’ slurred, would give much the same sound (Notaí Juan Y Geill)

[3] Luaite liom ag Dennis King ar Twitter, McBain; “trobhad, come thou hither to me; opposite of thugad: *to-ro’-ad, *to-romh-t, “to before you”?

[4] Arís, ó Dennis King – < (d’)iadh; íadaid in iDIL (SeanGhaeilge)

[5]“ATÇHIMAGH ‘eaglach’ < atchim ‘eagla’. Is dócha gurb ionann é seo agus etaim, aitim na Sean-Ghaeilge. ‘Léim, contúirt is brí leis go bunúsach agus is cosúil gur forbairt ar an gcéad bhrí sa chiall sa Mhanainnis : ‘Léim thobann >    geit > scanradh > faitíos’.” Williams (Nicholas): An Mhanainnis. In  Stair na Gaeilge, (1994), pp. 703–744.

[6] Litriú úsáidte ar dtús ag Mac Ruairí, Seoras in Seoras Mac Ruairí, ‘Saine Uladh 1’, l. 170-172.

[7] =duiniúil FGB. Leid faighte agam ó Custal y Lewin, “manly” is brí leis an fhocal, a deir sé.

[8] =aice/aici.

[9]As an tSean-ghaeilge ‘accaíne’?

[10] =aisti.

[11] =díot

Eadar-theangachadh Os-theacsail — Air Cuan Dubh Drilseach

Tha mi air mo dhòigh ghlan innse gun do rinneadh eadar-theangachadh de Air Cuan Dubh Drilseach gu Gàidhlig na h-Èireann! Chan eil sinn buileach cinnteach fhathast cuin a bhios e a’ tighinn a-mach an clò, agus mar sin, cha chan mi an còrr mun fhoillseachadh fhèin an-dràsta. Bidh barrachd naidheachd agam mu sin an ceann […]

via Eadar-theangachadh Os-theacsail — Air Cuan Dubh Drilseach

Abair liom, cén fáth an Béarla?

Cad chuige a thógann Gaeilgeoirí, sa Ghaeltacht agus san iar-Ghaeltacht, a gcuid páistí le Béarla?

Sin ceann de na ceisteanna a rinne mé iarracht a fhiosrú le linn mo thréimhse mar iriseoir – téann an t-ábhar go heithne cheist na Gaeilge.

Ceist an-phearsanta is ea é, ro-phearsanta le cur ar dhaoine go díreach, cé gur minic a rinne mé iarracht, is gann na freagraí a fuair mé riamh áfach. Is tabú é an t-ábhar seo i saol na Gaeilge, mar a dúirt Fachtna Ó Drisceoil tráth.

Is minic an cheist á plé ag teaghlaigh Gaelacha eadartha féin, a teacht aníos le teoiricí agus cúiseanna samhalta.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, rud éigin thar a bheith ciallmhar liom ar na mallaibh ar Facebook:

“Maidir le Gaeil nach dtógann a gcuid páistí le Gaeilge b’fhearr i bhfad an cheist a chur orthu féin go díreach- iadsan is fearr a thabharfaidh freagra- ní bheadh i gceist leis an cuid eile againn ach tuairimíocht nach bhfuil aon bhunús againn léi.”

Ceart ar fad aige.

Tá mise i mbun taighde i láthair na huaire ar phobal úra Gaeilge sa iar-Ghaeltacht, rud atá ceangailte go hiomlán le ceist aistriú teanga trasglúine / tógáil páistí le Gaeilge – mar sin an fáth a dhéantar iad.

Ba bhreá liom a chloisteáil ó Ghaeilgeoirí a thóg a gcuid páistí le Béarla amháin chun tuairimí s’acu a bhailiú – faoin rún agus go hiontofa (más é sin an rud atá uait).

An raibh cinneadh i gceist nó ar thárla sé go nadúrtha? An bhfuil sibh sásta leis an chinneadh? An raibh bunús íde-eolaíochta leis?

An bhfuil sé “mímhacánta agus mímhorálta ag an Stát a bheith ag iarraidh ar thuismitheoirí Gaeltachta páistí a thógáil le Gaeilge gan an tacaíocht chuí a chur ar fáil dóibh?” mar a dúirt Seosamh Mac Donncha.

An é go bhfuil a rás rite ag an Ghaeilge mar chéad-theanga?

An é go bhfuil na daoine a thóg páistí le Gaeilge mícheart?

An é go ndearna tú iarracht ach gur chlis ort?

Níl a fhios agam – ach ba mhaith liom scéalta an tslua a chloisteáil – tá sé riachtanach domh gach taobh den scéal a cloisteáil.

Is é mo rphost ná ciarandunbar – aige – outlook.com

Gaeilge Mhanann Chomhráiteach (3)

Ní hé seo an chéad uair a rinneadh iarracht Gaeilge Mhanann a scríobh i litriú traidisiúnta na Gaeilge.

Seo sliocht as scéalaíocht an scéalaí Mhanannaigh Ned Beg Hom Ruy (Ned Beag Thom Ruaidh), curtha in eagar ag Seoras Mac Ruairí, a foilsíodh ar an iris seo (‘Saine Uladh 1’, l. 170-172).

“Tráth (nuair) bha mis’ ‘na ghille éag (óg), bheadh e ag ínns anns na taighean-óst thairis an chaban (cupán) muis (faoi) an tráth (am) a bha e son saighdiúir as (agus) na rudan a bheadh  e fhín as na cumrágan (comradaí) ag deanamh. Bha e son bliadhntan anns ball (áit) einneach  anns an Eirinn rathad (áit) a bha an baile is neasa (is cóngaraí) ceithir na cuig do  mhileachan de, as bheadh ad ag faodainn (fáil) cead do ghol gus an baile na ciartan  (amanna), ma bheadh ad ag iomarcadh (iompair) ad fhín do (go) dóigheach. Ach bheadh ad  do minic deanamh olc, as ag faodainn ad fhín do (go) dóigheach. Ach bheadh ad do minic  deanamh olc, as ag faodainn ad fhín bruidit (bruite) leoiris (leis) na Éireannaí anns na taighean-óst anns an bhaile. Bha droidhead fo an rathad eadar an ball a bha na saighdiúirean        ag cumal (ina gcónaí) ann as an baile, as bha’n sluaigh (daoine) ag rá do robh bugán (pocán)   gabhaill ar an droidhead (droichead).”

Ceacht 3

Vel naight erbee eu?
Bheil naidheacht ar bith aiu?
Have you any news?

Cha nel. Vel red erbee noa euish?
Chan fheil. Bheil réad ar bith noa aiu-se?
No. Have you anything new?

Cha nel veg[1] noa aym
Chan fheil bheag noa agham
I have nothing new

Vel argid erbee euish, eisht?
Bheil airgead ar bith aiu-se, eist?
Have you any money, then?

Cha nel ping aym
Chan fheil pingin agham
I haven’t a penny

T’ou ‘cho boght as lugh killagh’, eisht?
Tá thú ‘cho bocht is luch Cilleach’, eist?
Thou’re as poor as a church mouse then?

 

Cha s’ayms, ‘cha nee eshyn ta red beg echey ta boght, agh eshyn ta geeariee ny smoo’.

Chan fheil a fhios aghams, ‘chan n-í eisean tá réad beag aige tá bocht, ach eisean tá ‘g iarraidh nas mó[2].’

I don’t know. ’tis not he who has little who is poor. but he who desires more.’

Va shen grait dy-mie, bhoy
Bha sein gráit’ da maith, boy
That was well siad, boy

Cha nel argid dy chooilley nhee[3]
Chan fheil airgead dach uile ní
Money is not everything

Ta palchey argid ec Juan Thom, as jeeagh cho treih as t’eshyn
Tá pailte airgead aig[4] Juan Tom, is déach cho treigh[5] is tà eisean

John Tom has plenty of money and look how miserable he is

Row shiu rieau ayns y thie echey?
Robh siu riamh anns a’ taigh aige?
Were you ever in his house?

Cha row, agh ta mee chashtyn dy vel eh baghey gollrish muc
Cha robh, ach tá mi claistin da bheil e beatha goll ris[6] muc
No, but I hear that he is living like a pig

Ta, gollrish muc ayns muclagh
Tá, goll ris muc anns muclach
Yes, like a pig in a pigsty

Row Chalse ‘sy thie euish moghrey jiu?
Robh Teárls sa taigh aiu-se móra diu?
Was Charlie in your house this morning?

Cha row, t’eh ayns Rhumsaa
Cha robh, t’e anns Rumsà
No. he is in Ramsey

Nagh vel y ven echey ayns Doolish?
Nach bheil a’ bhean aige anns Dubh-Lis?
Isn’t his wife in Douglas?

Ta mee credjal[7] dy vel
Tá mi creideal da bheil
I believe so

Row fys eu dy vel Gailck vie eck?
Robh fios aiu da bheil Gaelg mhaith aic’
Did you know that she has good Manx?

Cha row fys aym er shen

Cha robh fios agham air sein
I didn’t know that

Cre voish hooar ish y Ghailck?
Cré bhois fhuair is’ a’ Ghaelg?
Where did she get the Manx from?

 

 

 


[1]“Beg=little, small, an adjective, but the aspirated form ‘veg’ is here used as a noun …[it] can mean ‘anything’ or ‘nothing’ (Nótaí Juan Y Geill).

[2] Seans gurbh fhearr seo a scríobh mar ‘mú’.

[3] “‘dy chooilley nhee’. This is really a corruption of ‘dagh ooilley nhee’

exactly the same as the Irish, ‘dach uile ni’.” (Notaí Juan Y Geill). Ar ndóigh “gach uile ní” atá i gceist aige.

[4] Seans gurbh fhearr seo a scríobh mar ‘eic’

[5]<truaigh?

[6] Tá sé luaite ag Dennis King (comhrá ar Twitter) gurb fhéidir gur as ‘coltach ris’ é ‘gollrish’. i. gollrish > goll ris < collach ris < Scot.Gaelic. cotlach ris )

[7]“credjal, colloquially pronounced as though written ‘cra’al’.” (Nótaí Juan Y Geill).