‘Terrorists’ ceart go leor, ach ‘nutters’ thar fóir


Cultural terrorists”, “nutters”, “fundamentalists”, sin díreach cuid de na maslaí a caitheadh ar lucht labhartha na Gaeilge ar na haer-thonntaí príomh-shrutha i bPoblacht na hÉireann le deich mbliana anuas – d’ainneoin sin níor sheas Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ach le gearán amháin a bhain leis an teanga sa tréimhse sin.

Dá bharr na ráitis thuas agus eile, fuair an BAI seacht ngearán a ghlac siad a bhí bailí le deich mbliana anuas – tuigtear go bhfuair an BAI gearáin eile a mheas sé go raibh “neamhbhailí”.

As an seacht gcás sin, i dtrí chás acu réitíodh an gearán mar gur dhruid an gearánaí an cás sula ndearnadh an BAI aon chinneadh.

Diúltaíodh do thrí ghearán agus sheas an BAI le ceann amháin – maidir le ‘Phone Show’ FM104 i mBaile Átha Cliath.

Sa chlár áirithe seo ar an 5 Meitheamh 2014, thug láithreoir an chláir  Chris Barry ‘nutters’ ar Ghaeilgeoirí, cé gur mhaígh an staisiún nach gach Gaeilgeoir a bhí i gceist, thug sé le fios go raibh cuid Gaeilgeoirí ‘fanaticial’, arís thug an staisiún le fios nach gach Gaeilgeoir a bhí i gceist aige.

Dúirt FM104 leis an BAI go raibh sé “muiníneach gur cothrom, oibiachtúil agus neamhchlaonta a bhí an Phone Show ar FM104 a láithríodh an oíche i gceist maidir le cúrsaí an lae, ba iad sin, scrúdú na hArdteistiméireachta sa Ghaeilge agus na daoine sin a roghnaíonn an teanga a fhoghlaim agus a labhairt”.

Mar sin féin, sa chás amháin seo, sheas coiste an BAI leis an ghéaránaí:

“Bhí an Coiste den tuairim gur neamhchothrom a bhí an dóigh ar láimhseáladh gné amháin den chlár.

“Chuige sin, thug an Coiste dá aire gur chuir an láithreoir isteach arís is arís eile ar rannpháirtithe nár chomhaontaigh le seasamh eagarthóireachta an chláir maidir leis an nGaeilge (nach cuidiú é an riachtanas éigeantach chun an teanga a fhoghlaim) agus gur thug sé “awkward son of a bitch” ar dhuine amháin de na rannpháirtithe.

“Rinne láithreoirí an chláir cáineadh ar na glaoiteoirí sin tar éis dóibh a n-ionchur a thabhairt.

“Bhí sé mar thuairim ag an gCoiste gur neamhchothrom a bhí caoi agus cuma an ionchuir sin ón láithreoir agus go ndeachaigh siad in aghaidh riachtanas Riail 4.1 den Chód Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht sa Nuacht agus i gCúrsaí Reatha ón BAI.”

“Gan cosaint”

Cad tuige gur féidir maslaí dá chineál seo a chur i gcló nó a chraoladh faoi ghaeilgeoirí nárbh fhéidir a shamhlú a rá faoi ghrúpaí eile?

“Go simplí níl an Ghaeilge nó lucht labhartha na Gaeilge mar ghrúpa cosanta agus dar bhrí sin tá saoirse áirithe ag iriseoirí nó grúpaí eile le rá gur “meon” nó tuairimíocht atá ann,” a dúirt Seán Ó Conaill, leachtóir le dlí in Coláiste Ollscoile Chorcaigh.

“Braithim féin áfach an fhadhb is mó ar slí ná go bhfuil an Ghaeilge go teicniúil mar “phríomhtheanga” oifigiúil na tíre cé go dtuigeann gach duine nach ann don suíomh sin.

“Cruthaíonn sé seo fadhbanna áirithe don Ghaeilge mar shampla ní féidir le cosaint mionlaigh a thabhairt do Ghaeilgeoirí ach ní fhaighimid aon bhuntáiste ón stádas oifigiúil ach oiread.

“Mar shampla ní raibh Éire in ann an Cart Eorpach do mion-Theangacha a shíniú de bharr seo. Dá mba rud é go raibh stádas mar mhionteanga ag an nGaeilge an Dlí agus polasaithe in ann cabhrú níos mó.”

“Idirdhealú”

Is iarrthóir Phd í Gearóidín McEvoy i gcúrsaí mionteangacha agus an dlí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

“Sé spéisiúil mar uaireanta feictear na nósanna seo go minic ó dhaoine atá fulangach ó thaobh dreamanna eile,” a dúirt sí.

“Agus ní hamháin go feictear é seo in Éireann. Tá sé le fáil i Meiriceá, san Alban, timpeall na hEorpa, timpeall an domhain.

“Ar leibhéal bunúsach, is é an eagla ós comhair an “other” nó an duine nó an dream eile atá i gceist.

“Agus is é ceann dena heaglaithe atá fós inghlachta ag an phoiblí. Mar sin is féidir linn idirdhealú a dhéanamh fós ó thaobh cúrsaí teangacha.

‘Cultural Terrorists’

Ach cén fáth gurbh fhéidir leis chraoltóir Ivan Yates “Cultural Terrorists” a thabhairt ar Ghaeilgeoirí gan fhadhb, mar a rinne ar an Tonight Show 19 Bealtaine 2018.

Dar le Fhóraim Feidhmiúcháin Gearán de chuid an BAI d’úsáid sé an téarma sin chun díospóireacht a spreagadh agus gur bhain sé sin lena chuid “gnáth-nósanna”

“Thug an Fóram faoi deara gur tugadh neart deiseanna do na daoine faoi agallamh a dtuairimí a chur in iúl agus gur úsáideadh cur chuige cothrom oibiachtúil agus neamhchlaonta ar an iomlán i leith an ábhair.

“Thairis sin, thug an Fóram faoi deara nach gá go bhfuil éagóir i gceist i gcásanna ina gcuirtear tús leis an díospóireacht trí ‘fheidhmiú mar abhcóide an diabhail’ agus, ag féachaint ar an gcraolachán ina iomláine, nach raibh an sé éagothrom i ngeall ar úsáid an téarma sin.

‘Ráiteas’

Cad a tharlaíonn nuair a sheastar le gearán chuig an BAI?

“Tabharfaidh an BAI éifeacht do na prionsabail atá sonraithe ina bheartas um Chomhlíonadh agus Forfheidhmiú trí bhearta atá cothrom agus comhréireach, atá dírithe ar riachtanais an lucht féachana agus an lucht éisteachta, agus ar leor iad chun críocha tuairisciú reachtúil agus a chinntiú go bhfuil craoltóirí cuntasach as a gcuid oibre,” a deir an eagraíocht.

“Nuair a sheasfar le gearán (go hiomlán nó go páirteach) dréachtóidh an BAI ráiteas agus tá sé de dhualgas ar an gcraoltóir an ráiteas sin a chraoladh,” a dúirt ráiteas ón eagraíocht.

“Taifeadtar i dtaifead comhlíonta an chraoltóra gur seasadh leis an ngearán.”

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s