An bhfuil na Gaeil ag gabháil cead a thabhairt do na meáin Bhéarla sa tír seo ár bpobal a shainmhíniú dúinn? An bhfuil muid ag gabháil ligean daofa a rá cé muid féin?
Ní ligfidh dár ndóigh, déanfaidh muid féin é sin! Agus tá sé de ghléas againn é a dhéanamh.
Nuair a deir amadán amháin d’iriseoir rud sna meáin Bhéarla le cur isteach orainn tosaímid ag troid ar ais leo. Is gaiste é seo! Agus thit muid uilig isteach ann uair nó dhó. An patrún a bhíonn ann ná: scríobhann nó deir iriseoir nó láithreoir raidió neamhaitheanta gan tallann rud éigin ag caitheamh anuas ar an teanga agus tosaíonn muidinne ag cosaint na teanga; ansin tig duine ó phobail an Bhéarla isteach lena dtuairimí féin a chur in iúl, cuid acu i bhfabhar na teanga cuid acu ina héadan.
Déanann seo dochar leanúnach do stadas na teanga sa tír…
Amharc ar an alt bunaidh 706 d’fhocla eile