Tá an tUltach le teacht ar ais anois tugtar ‘Lá’ ar ais fosta


Tá foilseacháin Ghaeilge de dhíth orainn in Ultaibh arís, tuairim le Ciarán Dunbar

Ba mhaith liom dul síos chuig an siopa chun cóip de Lá a cheannach.

Chuirfeadh sé eolas ar fáil dom, chabhródh sé liom chun ciall a dhéanamh as an saol, agus níos tábhachtaí arís, chuirfeadh sé insint scéil ar fáil dom nach bhfuil le fáil agam i láthair na huaire. 

Ba mhaith liom an tUltach a cheannach arís fosta, iris ar bhain mé féin oiread tairbhe agus saibhreas aisti thar na blianta. 

Bhí an tUltach mar chuid de thuras foghlamtha Ghaeilgeora ar bith in Ultaibh, ba dhroichead é idir an Ghaeltacht agus an athbheochan, idir an acadúlacht agus an ghníomhaíocht.

Tuigtear dom go mbeidh an iris ar fáil arís i bhFómhair na bliana seo. 

Shíl mé féin gurbh é tréimhse Gerry Stockman mar eagarthóir buaicphointe na hirise ó thaobh stíle agus ábhair de agus is é an múnla sin a bheinn féin ag moladh don iris athbheochnaithe. 

Tá ceist thábhachtach eile ann, measaim, don iris: Ar cheart go scríobhfaí é i gcaighdeán oifigiúil Phoblacht na hÉireann é? 

Dá mba cheart, cad tuige? 

Tionchar

Bhí leaganacha éagsúla de Lá a fhoilsiú i mBéal Feirste idir 1984 agus 2008. Thaitin sé liom é a cheannach in éineacht le Foinse sa siopa áitiúil, bhí Beo.ie ann sa tréimhse sin freisin. 

Rinneadh a bheag de Lá in amanna agus cé gur bhain mé féin tairbhe as, shíl mé in amanna, ag an am, go ndearna daoine eile a bharraíocht dó. 

Measaim anois áfach, ag amharc siar, gur imir sé tionchar ollmhór, agus dearfach, ar chúrsaí Gaeilge ó thuaidh.

Tuigim anois gur imir Lá ról i saol na Gaeilge in Ultaibh agus gur chabhraigh sé go mór leis an dul-chun-cinn atá déanta sna Sé Chontae le 40 bliana anuas. 

D’inis sé scéal an dul-chun-cinn sin agus mar sin de láidrigh sé é – bhí sé mar chuid de fáinne fí dearfach. 

Ní raibh an Ghaeilge ag fáil bháis sna Sé Chontae ach ag fás dar le Lá agus uime sin, bhí sé ag fás. 

Bhí Lá ríthábhachtach i gcruthú agus i múnlú fhéiniúlacht úr Ghaelach i mBéal Feirste. 

Ní raibh gá le faomhadh ón taobh amuigh – bhí guth ag an phobal féin.

Traidisiún

Ba é Lá, an leagan seachtainiúil den pháipéar, díreach sular thiontaigh sé ina pháipéar laethúil, i 2003 buaicphointe na meán Gaeilge domsa, mar léitheoir óg san am.

Tá fios agam nár cheannaigh ‘mórán’ daoine é (chaith mé tamall ag iarraidh Lá Nua a dhíol, taithí a d’fhoghlaim mé go leor uaidh, idir mhaith agus olc) ach léigh na daoine cearta é.

Creidim ‘nár dhíol Lá ach’ tuairim ar 1,200 cóip sa tseachtain, ach ní bheadh aon fhadhb agam féin leis sin dá dtiocfadh lena leithéid léitheoireacht mar sin a bhaint amach inniu (díolann The News Letter tuairim ar 10,000 sa lá chun comparáid éigin a chur ar fáil).

I saol na linne seo, tá Meon Eile, Nós agus Tuairisc.ie againn, iad uilig ar líne.

Ar go leor bealaigh dul-chun-cinn atá iontu go léir ar ar tháinig rompu agus comhlíonann siad go léir sainchúram s’acu go hiontach maith. Tá siad teoranta taobh istigh de na sainchúramaí (agus de na hacmhainní bainte leis sin) áfach. 

Chomh maith leis sin tá an Timire, Seachtain agus leathanaigh Gaeilge i bpáipéir Bhéarla éagsúla. Mar sin féin, measaim féin go bhfuil bearnaí ollmhóra ann mar sin féin, go háirithe in Ultaibh. 

Feicimse an cíor thuathail intleachtúil agus acadúil ina bhfuil cúrsaí Gaeilge ó dheas agus in Albain go háirithe, pobail, gníomhaithe agus acadúlacht gafa le cathanna íde-eolaíochta gan tairbhe. 

Tá mé ag déanamh go raibh easpa tionchar ón acadúlacht ina bhuntáiste mór don Ghaeilge i mBéal Feirste agus ar fud na Sé Chontae (agus míbhuntáiste ar bhealaigh fosta ar ndóigh), ba ghluaiseacht é riamh taobh amuigh de chúram na sochtheangeolaíochta, agus mar sin de, saor óna srianta. 

Mar a dúirt an fear a dúirt é:

“Ba den lucht oibre muid, níor thuig muid go raibh an rud a bhí ar bun againn dodhéanta agus mar sin de, rinne muid é.”

An bhfuil glúin eile ann de dhaoine a bhrisfeadh na rialacha? 

An bhfuil spás ann ann do smaointeoireacht fheidhmeach bunaithe ar thaithí saoil? 

‘Díchoimisiúnaithe ar iriseoirí’

Ní hé go bhfuil ‘spás sábháilte’ de dhíth ag athbheochan na Gaeilge in Ultaibh, áit nach féidir é a cheistiú nó amhras a léiriú faoi chur chuige ar leith, ach tá tearmann inlteachtúil, cultúrtha agus praiticiúil de dhíth air – áit gur féidir é a phlé go hoscailte, an streachailt a léiriú, agus sea, an dul-chun-cinn ollmhór a chur in iúl de mar is cuí.

Scríobh ‘Frontoviks’ Lá don phobal, ‘Preas an Phobail’ a bhí ann.

Gach uair a chuireann Foras na Gaeilge foilseacháin ina thost, ní amháin gur cuireadh an iris féin ina thost – cuireadh traidisiún iriseoireachta ina thost, rinneadh díchoimisiúnaithe ar iriseoirí, ar smaointeoireacht, ar chumas, agus ar insint scéil an phobail?

An bhfuil sé in am traidisiún acu sin a athbheochan?

An féidir ‘Lá’ a thabhairt ar ais?

Agus cén dóigh sin a dhéanamh?

Fillfidh mé ar an ábhar seo. 

Aon tuairim amháin ar “Tá an tUltach le teacht ar ais anois tugtar ‘Lá’ ar ais fosta

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s