Meáin na Gaeilge: tearmann don fhírinne


Ciarán Dunbar

“Cad é an fhírinne? Chí tusa cá bhfuil an fhírinne agus cá bhfuil an bhréag, ach tá mise mar a bheadh m’amharc caillte agam, ní thig liom a dhath a fheiceáil.”

Focail bhreátha, chan mise a chum ná a cheap ach an scríbhneoir Rúiseach, Anton Chekov ba é Maighréad Nic Mhaicín a chuir Gaeilge ar an Rúisis – d’fhoghlaim Maighréad an Ghaeilge i scoil Dhoiminic ar Bhóthar na bhFál.

Tchí daoine áirithe an fhírinne go cinnte, ach chan fheicimse féin é – óir níl ann dó dar liom, tá fealsúnaigh dá chuardach le 3,000 bliana, ní fhuair siad í go fóill. 

Ní rachainn mé mórán sa tseans, dá ndéarfainn nach bhfaigheadh siad í a choíche mar fhírinne. 

Ach ní rachaidh mé ró-fhada suas bóithrín na teibíochta – is leor a rá, nach gcreidim gur féidir a leithéid de rud a bhí ann agus fírinne ghlan a bheith ann.

Tá mé sásta glacadh go bhfuil a leithéid de rud ann agus fíricí áfach agus gur orthu agus ar ár gcuid mothúcháin atá leagan pearsanta ag an chuid is mó againn den fhírinne. 

Is ionann an fhírinne sin agus ár mbun-tuiscintí, ár n-áit tosaíochta, agus is as sin a fhásann ár gcuid tuiscintí ar neodracht agus ar neamh-chlaontacht. 

Tionchar

Agus bíonn an-tionchar ag an fhírinne phearsanta sin ar an dóigh a insíonn muid scéalta agus mar sin de, ar an iriseoireacht. 

Ní gá dúinn ach smaoineamh ar cén dóigh a rinneadh clúdach ar scéalta a bhaineann leis an Ghaeilge sna meáin le 50 bliana anuas.

Fiú i bpíosa nuachta, is léir na bun-tuiscintí atá ag an iriseoir de ghnáth. Is léir go bhfuil siad ag déanamh an scéil bunaithe ar an tuiscint go bhfuil an Ghaeilge contúirteach, seafóideach, nó amaideach – agus nach bhfuil Gaeilgeoirí ach ag iarraidh a bheith amscaí agus ciotach agus airgead an phobail a chur amú – glactar gurbh é sin an áit neodrach agus gurbh í sin an bhun-fhírinne.

Ba mhaith liom a rá go n-aithním gur tháinig feabhas ar sin le glúin anuas – sin de bhrí go bhfuil go leor Gaeilgeoirí agus iar-dhaltaí Gaelscoile ag obair sna meáin – sílim.

‘Gaelic mafia’

De ghnáth, bíonn bun-tuiscint, bun-fhírinne phearsanta, bun-léamh, iomlán difriúil le fáil sna meáin Ghaeilge – is é sin gur teanga bhreá, léannta í atá á labhairt ag mionlach cróga nach bhfuil ach ag iarraidh a mbunchearta teanga daonna.

  • “State wastes millions of your money translating documents that no one will read at the behest of the Gaeilge mafia.
  • “Tá teip air an stát chun freastail ar chearta Gaeilgeoirí agus é ag cur moill ar earcú aistritheoirí.

Is é an scéal céanna é, is ionann na fíricí sa dá cheann, agus tá fírinne éigin seachas ‘an fhírinne féin’ sa dá scéal.

Chum mé iad mar shamplaí ar ndóigh – ach tuigeann tú leat mé. 

Chonaic mé scéalta á scríobh ag iriseoirí faoi ‘Irish language row’ nó ‘row over Irish language – chan THEE Irish language – just Irish language – suimiúil nach bhfuil?

‘The Irish language’, sin ráiteas cumhacht ann féin – ‘Irish language’ – that’s just green and orange nonsense

Agus bíonn an chaint seo ar na ‘Celts’, ‘Celtic calendar’, ‘Celtic tribes’. Téarma seandálaíochta / teangeolaíochta é Ceilteach.

Ach úsáidtear sna meáin chun an focal ‘Gaelic’ a sheachaint, nó ‘Irish’ féin fiú. Arís, suimiúil nach bhfuil?

Tháinig Lagan College ar an tsaol 40 bliana ó shin agus rinneadh a mhór as sin sna meáin ar na mallaibh – agus rinneadh é a chomóradh mar rud iontach agus maith gan dabht ar bith – mar is cóir.

Tháinig Bunscoil Phobal Feirste ar an tsaol 50 bliana ó shin – is eol dúinn sin mar Ghaeilgeoirí – an eol do phobal an Bhéarla sin?

Sin de bhrí go nglacann bunús na n-iriseoirí sa Tuaisceart gur cuid den réiteach é Lagan College agus gur cuid den fhadhb é Bunscoil Pobal Feirste – sin bun-fhírinne s’acu – agus is léir sin ón chlúdach ar lámh amháin agus an easpa de ar lámh eile. Bíonn aineolas i gceist fosta, chun a bheith cothrom. 

Ní chuireann na meáin, nó acadúlacht na Gaeil san áireamh in am ar bith – ach le bheith féaráilte – tá a mhalairt fíor lena chois.

Na Gaeil Amú!

Ní luaitear an focal sin, Gael, fiú – tá sé beyond the Pale i gcónaí. ‘Celtic’ a deirtear nuair is gá é – díreach chun na Gaeil a sheachaint. Ar an lámh eile, úsáideann Gaeilgeoirí an focal Gael mar a bheadh confetti ann, á nascadh le gach rud. Ní ann do na Gaeil do dhream amháin – bun-fhírinne atá ann do dhaoine eile. 

Mar sin de, chan ionann an fhírinne agus fíricí óir tá bun-fhírinne ag daoine go pearsanta -Bun-tuiscintí, tús-pointe.

Tá baint ag an fhírinne sin, a mhothaíonn tú go nádúrtha le fírinne eile, fírinne a cheapann tú duit féin, fírinne a insamhlaíonn tú, sin fírinne a chruthaíonn duine le smaointe. Is é sin d’insint ar an scéal – do narrative.

Chan ionann ‘insint scéil phearsanta’ agus bréag – is é díreach an fhírinne mar a fheictear duit é, mar a thuigtear é. Nuair atá an insint scéal céanna ag daoine, sin bunús le pobal. Ansin, nuair atá insint scéil phearsanta ag daoine i gcoitinne, is fírinne phobail é. 

Cuir i gcás – Gaeilgeoirí Bhéal Feirste, agus tá mé ag caint go an-ghinearálta anseo. Bíonn léamh ar leith, súil eile, dearcadh Gaelach agus tuiscint ar leith acu, bunaithe ar an ‘fhírinne’ gur rud maith í an Ghaeilge, rud nádúrtha, uasail agus saibhir.

Thuig mé sin le blianta anuas agus mé ag scríobhadh leabhair –  Síolta: Scéalta phobail úra Ghaeilge agus na ndaoine a thóg iad é – an t-ainm atá air.

Scéalta Bhóthar Seoighe, Árd Barra, Ráth Cairn, Chairn Tóchair, Na Gaeil Óga, Laochra Loch Lao agus Sabhall Mór Ostaig chun a bheagán a lua.

Bhí suim agam i gceist sheachadadh na Gaeilge mar chéadteanga riamh, nó chun a bheith níos cruinne faoi, bhí mé ag iarraidh fáil amach cén fáth nach dtugann daoine an teanga dá gcuid páistí.

Is ag dul i gcúil atá sí mar chéad-teanga i gcónaí, tá saineolaithe den tuairim go bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail i ngar-bhaol a báis, faraor.

Cén fáth é sin? Cad chuige nach dtógann níos mó daoine a gcuid páistí le Gaeilge? An féidir go mbaineann sé le hinsint scéil, an narrative. an scéal a insíonn muid dúinn féin?

Tá na saineolaithe beagnach ar aon fhocal maidir leis an cheist chiotach sin, tá tearmainn nó pobail de dhíth ar an Ghaeilge chun maireachtáil mar chéadteanga. Mar sin de, tá dlúthcheangail idir cheist sheachadadh na teanga agus cheist na bpobal úra seo, mar is iarrachtaí iad chun comhthéacs nádúrtha a chruthú do thógáil pháistí le Gaeilge.

Scéalta na bpobal úra sin ar éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de atá sa leabhar Síolta, fiosrúchán atá ann ar na cúiseanna ar éirigh leo ‘athbheochan na Gaeilge’ a chur chun cinn nó a chur i gcrích fiú.

Bhí dúil agam cabhrú le lucht tógtha na bpobal sin a gcuid scéalta féin a aithris. Ar ndóigh is fíorbheagán de na pobail nua seo a labhraíonn Gaeilge (agus líonraí a fheidhmíonn, b’fhéidir, mar phobail), cén fáth é sin? Conas a d’éirigh le dornán pobail agus eagraíochtaí i dtéarmaí athbheochan na teanga nuair nár éirigh leis an oiread sin daoine eile?

Ar aimsigh siad rún na hailceimice teangeolaíochta nó an é nach raibh iontu ach tairbhithe imthosca fánacha?

Ceann de na heilimintí is mó, dar liom, a bhí mar chuid den ailceimic sin ná idé-eolaíocht, dearfacht, trodaíocht – an insint shíceolaíochta atá acu ar an scéal – fírinne s’acu féin, fírinne a bpobail féin – an scéal a d’inis siad daoibh féin, fúibh féin.

Thug mé Feirsteachas – nó idé-eolaíochta na bhFeirsteach – ar sin.

D’imir an idé-eolaíocht seo an-tionchar dearfach ó thaobh labhairt na Gaeilge a chur chun cinn sa chathair agus i bhfad uaidh.

Diúltaíonn an Feirsteachas don díomuachas go láidir, tá sé bunaithe ar dhearfacht, roghnaíonn sé leagan dearfach de scéal na Gaeilge a insint dó féin agus creidtear sa scéal céanna.

Tá an dearfacht sin le mothú in Uachtar Chluanaí, ar Bhóthar Seoighe, i measc Na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath, in Ard Barra i gCorcaigh, i gCarn Tóchair, i Sabhal Mòr Ostaig in Albain agus i Ráth Cairn fiú. 

Is í, is dóigh liom, an tréith is tábhachtaí dá bhfuil acu ar fad. Is é mo chás ná gur imir na meáin an-tionchar air chúrsaí Gaeilge i mBéal Feirste – i bhfad níos mó ná mar a ghlactar, ná mar a thuig mé féin go dtí seo. 

Is é sin le rá go raibh ról ag an nuachtán Lá, na foilseacháin gaolta leis agus a chuaigh roimhe, le cruthú agus scaipeadh na hidé-eolaíochta sin – an dearcadh Feirsteach sin.

Agus mar a tharlaíonn sin – b’shin an t-ainm a bhí ar pháipéar a bhí á chur amach ag grúpa radacach sna 1950í – Dearcadh.

Sna seascaidí bhí ‘Scéal úr’, Seán Mac Aindreasa ina eagarthóir air, páipéar do Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste a bhí ann.

Thug Lá agus eile ardán do dhaoine a raibh dearcadh réabhlóideach trodach dearfach acu – bhí sé bunaithe ar bhun-thuiscint agus ar bhun-fhírinne, gur rud iontach í an teanga, ba cheart í a athbheochan, is féidir é a athbheochan, agus uime tá muid á hathbheochan

Lig dom, an scéal seo a chasadh beagán, a mhíniú níos fearr – Ar na cúiseanna is mó le cúlú eacnamaíochta tá laghdú muiníne i measc tomhaltóirí. Creidtear go mbeidh cúlú eacnamaíochta ann, mar sin de, stopann daoine de bheith ag caitheamh a gcuid airgid mar go bhfuil imní orthu faoi chúrsaí airgid, agus mar sin de, bíonn cúlú eacnamaíochta ann. Tairngreacht a chomhlíonann í féin atá ann. 

Is féidir argóint réasúnta a dhéanamh gurb é seo an cás maidir le haistriú teanga, is é sin go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis de bhrí go gcreideann daoine go bhfuil sí ag fáil bháis. 

An tuairim go bhfuil an Ghaeilge ag dul in éag in Albain, tá sé sin mar chuid den fhadhb atá ag an teanga, dar le Emily McEwan-Fujita. Tuar féinchomhlíontach é, sampla de na taighdeoirí ag imirt tionchair ar an toradh deiridh: 

“Through repeated exposure to the idea that “Gaelic is dying”, there is always the possibility that Gaelic speakers themselves will become more fatalistic about the future of Gaelic, and will enact a self-fulfilling prophecy by failing to transmit the language to the next generation, since “it is dying anyway”.”

Bhí an Dr Liam Ó Sé den tuairim chéanna. Ba é “the common use of dying to describe the condition of Irish inculcates a feeling of hopeless inevitability, while the Cringe Factor is still all too common” an phrognóis s’aige. 

Loss of hope can become a self-fulfilling prophecy; it paralyses effort and initiative, causing even the dedicated to become half-hearted at best,” a scríobh sé. 

Bhí oideas s’aige iontach simplí: “If progress is to be made, and especially if those outside the ranks of the Gaeilgeoirí are to be reached, lack of hope in the revival has to be resolutely counteracted.” 

Agus… Is amhlaidh atá sna ‘pócaí’ beaga sin ina bhfuil an teanga ag fás. Creideann na daoine atá sna ‘pócaí’ sin gur ag fás atá sí. Uime sin, tá sí ag fás. Is féidir, mar sin de, gur tairngreacht a chomhlíonann í féin atá ann sna cásanna sin chomh maith. 

Mar a dúirt mé – tá insint ar leith ar scéal na Gaeilge i mBéal Feirste, mar shampla, nó narrative. 

I mBéal Feirste agus i gCarn Tóchair, cuir i gcás, cuireann an insint sin in iúl do dhaoine go bhfuil an Ghaeilge ag fás seachas ag fáil bháis agus gurb amhlaidh an scéal mar thoradh ar an ghníomh s’acu féin. 

Is ‘casadh ar an scéal’ é, nó spin mar atá ag an Bhéarla, go cinnte. Is samhlú cruthaitheach é ar bhonn ollmhór agus ar bhonn coitianta. 

Is cinnte go mbíonn áibhéal ann in amanna, mar a chonacthas maidir le tuairimí i dtaca le líon na bpáistí atá á dtógáil le Gaeilge i mBéal Feirste, ach fiú má tá an diúltú don diúltachas ar nós fíricí a shéanadh in amanna, tá an chuma ar an scéal go n-éiríonn go maith leis, gur tairngreacht a chomhlíonann í féin atá ann. 

Is iontach an chodarsnacht idir an cur chuige seo agus cuid de na dearcthaí níos cinniúnaí a fhaightear i saol na Gaeilge, atá tugtha don smaoineamh go gcaithfear dul chun cinn a bhunú ar mhíniú cúng ar an fhírinne, fiú más ionann an fhírinne sin agus baois go héifeachtach. 

Arís eile, níl a leithéid de rud ann agus fírinne shuibiachtúil, ná sainmhíniú aontaithe air ach oiread – dá mbeadh ní bheadh a leithéid de rud ann mar acadúlacht nó iriseoireacht. 

Bíonn a fírinne nó a fhírinne féin ag gach duine i gcónaí, beag beann ar na fíricí. 

Tá taobh eile den argóint ann fosta ar ndóigh. Tá cás déanta liom ar son an leagan is measa den scéal a scaoileadh, é a chur amach chun daoine a spreagadh nó mar bhunús fáis. 

Dúirt beirt liom agus mé ag scríobh Síolta gurb í “an fhírinne” an áit tosaigh agus go gcaithfear an fhírinne sin (go bhfuil an Ghaeilge ar tí bás a fháil mar theanga phobail sna Gaeltachtaí) a chraobhscaoileadh. 

B’fhéidir é ach…. déanann an teoiric sin neamhiontas den tionchar gur féidir leis an leagan sin den scéal sin a imirt ar an pholaitíocht agus ar chaiteachas poiblí agus, ó thaobh na síceolaíochta de, ar mhuintir na Gaeltachta agus ar Ghaeilgeoirí taobh amuigh di, i. tairngreacht. 

Tá an-chontúirt leis an insint scéil sin a scaoileadh – cén fáth a gcaithfeadh stát airgead ar theanga atá ag fáil bháis cibé ar bith. Cén fáth a dtógfadh éinne clann léi?

Mar sin féin….Caithfidh sé go bhfuil cuma an-saonta ar an Fheirsteachas i súile daoine a bhfuil dearcadh níos duairce acu, ach tá a mhalairt fíor fosta. 

Rinneadh a bheag de Lá in amanna agus cé gur bhain mé féin tairbhe as, shíl mé in amanna, ag an am, go ndearna daoine eile a bharraíocht dó.

Lá Nua

Measaim anois áfach, ag amharc siar, gur imir sé tionchar ollmhór, agus dearfach, ar chúrsaí Gaeilge ó thuaidh.

Tuigim anois gur imir Lá ról i saol na Gaeilge in Ultaibh agus gur chabhraigh sé go mór leis an dul-chun-cinn atá déanta sna Sé Chontae le 40 bliana anuas.

D’inis sé scéal an dul-chun-cinn sin agus mar sin de láidrigh sé é – bhí sé mar chuid de fáinne fí dearfach. Ní raibh an Ghaeilge ag fáil bháis sna Sé Chontae ach ag fás dar le Lá agus uime sin, bhí sé ag fás. Bhí Lá ríthábhachtach i gcruthú agus i múnlú fhéiniúlacht úr Ghaelach i mBéal Feirste.

Ní raibh gá le faomhadh ón taobh amuigh – bhí guth ag an phobal féin – bhí fírinne ar leith ag an phobal féin. 

Ba é Lá, an leagan seachtainiúil den pháipéar, díreach sular thiontaigh sé ina pháipéar laethúil, i 2003 buaicphointe na meán Gaeilge domsa, mar léitheoir óg san am.

Tá fios agam nár cheannaigh ‘mórán’ daoine é (chaith mé tamall ag iarraidh Lá Nua a dhíol, taithí a d’fhoghlaim mé go leor uaidh, idir mhaith agus olc) ach léigh na daoine cearta é.

Creidim ‘nár dhíol Lá ach’ tuairim ar 1,200 cóip sa tseachtain, ach ní bheadh aon fhadhb agam féin leis sin dá dtiocfadh lena leithéid léitheoireacht mar sin a bhaint amach inniu (díolann The News Letter tuairim ar 10,000 sa lá chun comparáid éigin a chur ar fáil).

I saol na linne seo, tá Meon Eile, Nós agus Tuairisc.ie againn. Ar go leor bealaigh dul-chun-cinn atá iontu go léir ar ar tháinig rompu agus comhlíonann siad go léir sainchúram s’acu go hiontach maith. Tá siad teoranta taobh istigh de na sainchúramaí (agus de na hacmhainní bainte leis sin) áfach.

Chomh maith leis sin tá an Timire, Seachtain agus leathanaigh Gaeilge i bpáipéir Bhéarla éagsúla. Mar sin féin, measaim féin go bhfuil bearnaí ollmhóra ann mar sin féin, go háirithe in Ultaibh.

An bhfuil spás ann ann do smaointeoireacht fheidhmeach bunaithe ar thaithí saoil? Don insint scéil Feirsteach. 

‘dominant intellectual acoustic’

Ní hé go bhfuil ‘spás sábháilte’ de dhíth ag athbheochan na Gaeilge in Ultaibh, áit nach féidir é a cheistiú nó amhras a léiriú faoi chur chuige ar leith, ach tá tearmann inlteachtúil, cultúrtha agus praiticiúil de dhíth air – áit gur féidir é a phlé go hoscailte, an streachailt a léiriú, agus sea, an dul-chun-cinn ollmhór a chur in iúl de réir mar is cuí.

Scéal fáis chan caoineadh báis.

Má chruthaigh Gaelscoileanna, Bóthar Seoighe, Cumann Chluain Árd agus an Chultúrlann tearmann don teanga go fisiciúil – spásanna di ina bhfuil sé ag feidhmiú mar dominant acoustic – thug Lá agus a leithéid tearmann di chun feidhmiú mar dominant intellectual acoustic.

Thug sé spás di – taobh amuigh den Pháil – taobh amuigh den na bacanna bourgeois lárshruthú sin faoin smacht ag cumhacht caipitleachas agus intleacht Angla-Shacsanach teoranta. Bhí sé gaelach.

Gach uair a chuireann Foras na Gaeilge foilseacháin ina thost, ní amháin gur cuireadh an iris féin ina thost – cuireadh traidisiún iriseoireachta ina thost, rinneadh díchoimisiúnaithe ar iriseoirí, ar smaointeoireacht, ar chumas, agus mar sin de ar insint scéil an phobail. 

An bhfuil sé in am traidisiún acu sin a athbheochan?

Tá an t-alt seo bunaithe ar chaint a thug Ciarán Dúnbar Éigse Loch Lao, 13 Samhain agus ar ábhar as an leabhar ‘Síolta’ (2020) a phléann pobail úra Gaeilge agus atá ar fáil anois. 

Féach: https://pobailura.com/cad-e-seo/

FÁILTE ROIMH CHEARTÚCHÁIN

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s