‘Aon Ghéilleadh’ – Gaeilge úsáidte ag an Protestant Coalition

Tá Gaeilge úsáidte ag an Protestant Coalition ar leathanach Facebook an pháirtí dílseachta conspóidí.

Chuir an páirtí físéan faoi Léigear Dhoire ar an leathanach Dé hAoine seo caite ach ní raibh gach duine sásta go raibh sé i nGaeilge (tuigtear gur cuireadh clár faisnéise faoin léigear i mBéarla ar an leathanach níos déanaí).

PCGaeilge

“I prefer the English translation rather than this Leprechaun language…NO SURRENDER,” a dúirt John MacLaughlin.

Dúirt an Chomhghuallaíocht áfach go bhfuil Gaeilge ag Protastúnaigh in Albain.

“tens of thousands of Scottish Protestants speak the Gaelic!!” arsa an páirtí.

Níor ghlac an tUasal MacLaughlin leis an dearcadh seo.

“Maybe so but we are in Northern Ireland and the majority speak the English language. Far too many times we see the likes of bbc and the media use this leprechaun language on the t.v. and in the papers. Everybody to their own but I shall not be using it as 99% of my friends wouldn’t understand me,” ar seisean.

Scríobh an Protestant Coalition ‘aon ghéilleadh’ ar an snáithe níos deanaí, an t-aistriúchán ar ‘no surrender’ atá ag Google Translate.

Scoláireachtaí Gaeilge Fulbright bronnta

Fulbright

Fógraíodh inniu go bhfuil 31 scoláireacht Ghaeltachta le bronnadh ar 15 foghlaimeoir Gaeilge as Ceanada agus 16 as na Stáit Aontaithe Meiriceá mar chuid de chlár Fulbright.

Chuir an tAire Stáit Ghaeltachta, Dinny McGinley, fáilte roimh na scoláirí in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i Gaillimh inniu.

D’fhreastail ionadaithe as Ambasáidí Cheanada agus na Stát Aontaithe ar an searmanas chomh maith.

Le linn a chuairte, bhronn an tAire Dámhachtainí Gaeilge Fulbright ar bheirt mhac léinn as na Stáit Aontaithe chun Céim Mháistreachta sa Nua-Ghaeilge a chur i gcrích in OÉG.

Bronnadh Dámhachtainí Samhraidh na Gaeltachta ó Fhondúireacht Ollscoile na hÉireann-Cheanada (ICUF) agus ó Choimisiún na hÉireann-Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil (Coimisiún Fulbright) ar na foghlaimeoirí eile as Meiriceá agus Ceanada.

Bhronn an tAire dámhachtainí freisin ar sheachtar teagascóirí Gaeilge a rachaidh chuig ollscoileanna ar fud Cheanada chun an Ghaeilge a mhúineadh.

“Cuireann na malartuithe seo,” arsa an tAire, “deis luachmhar ar fáil d’Éirinn chun cultúr agus cruthaitheacht na Gaeltachta a chur ar taispeáint agus cuidíonn siad chun féidearthachtaí amach anseo d’fhorbairt acmhainní, do chomhoibriú agus do mhalartuithe a aithint.”

Thug sé suntas do líon na scoláirí nach raibh in Éirinn cheana nó nach raibh aon cheangal teaghlaigh ar chor ar bith acu leis an tír.

‘Machnamh’ le déanamh faoi iontráil na nGaelscoileanna

An tAire Oideachais, Ruairi Quinn.
An tAire Oideachais, Ruairi Quinn.

Tá sé ráite ag an Aire Oideadais Ruairi Quinn go ndéanfaidh sé dianmhachnamh faoi pholasaithe iontrála na scoileanna lánGhaeilge.

Beidh an tAire ag foilsiú dréacht-Bhille Oideachais go luath agus tá sé ráite aige cheana nach mbeidh cead ag Gaelscoileanna tosaíocht a thabhairt do pháistí le Gaeilge agus iad ag glacadh le daltaí nua amach anseo.

Tá baol ann go mbeidh iachall ar roinnt páistí atá á dtógáil le Gaeilge freastal ar scoileanna Béarla faoin riail nua.

Ag freagairt ceiste ón Teachta Dála Jonathan O’Brien (SF) an tseachtain seo caite dúirt an tAire Quinn go mbeidh deis ag Coiste Oideachais agus Coimirce Sóisialaí an Oireachtais agus grúpaí oideachais forálacha an bhille a phlé sula gcuirfear é i bhfeidhm.

Dúirt sé gurbh é an chloch is mó ar a phaidrín ná go gcaithfear go cothrom le gach páiste agus go bhfuil an bealach a ghlacann scoileanna le daltaí “struchtúrach, cothrom agus trédhearcach.”

Dúirt sé freisin go ndéanfar dianscagadh ar an mbille sular ndéanfar dlí de le cinntiú go mbíonn cothromaíocht idir neamhspléachas na scoileanna agus cothroime sa chóras oideachais.

Leabhar Mór na nAmhrán le seoladh

LeabharMorAmhran

 

Seolfaidh an Comhairleoir Contae, Seosamh Ó Cuaig, Leabhar Mór na nAmhrán i dTigh Mheaic i gCarna ar Lá Mhic Dara, Dé Máirt, an 16 Iúil, ag 7.00in.

 

Is é an craoltóir, Máirtín Tom Sheáinín, a bheidh ina fhear an tí.

 

Tá ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge, ar an sean-nós, sa leabhar. Ó cheann ceann na tíre iad agus tá nótaí cúlra ag dul le gach ceann díobh maidir le cé dar díóbh iad, cé a chum, an chaoi ar scaipeadh iad agus an dream a chasann iad sa lá atá inniu ann.

 

Leabhar é seo don scoláire, don amhránaí agus do dhuine ar bith ar suim leo teacht ar thuiscint níos leithne ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge, dar leis na foilsitheoirí, Cló Iar-Chonnacht.

 

“Ba iad na hamhráin seo a choinnigh beo iad scaití, a thug faoiseamh, sólás, misneach, pléisiúr éigin is dóchas dóibh in am an ghátair,” arsa Micheál Ó Conghaile.

 

“Ba saibhreas anama san am sin iad is níor ligeadar in éag ná le sruth iad. Inniu labhrann siad le pobal seo ár linne chomh hábalta céanna,” ar seisean.

‘Misneach’ seolta

Bhí slua suntasach i láthair ag seoladh grúpa nua Gaeilge, Misneach, i mBaile Átha Cliath aréir.

Bhailigh thart ar 50 duine le chéile in Ionad Cois Teallaigh i gceannáras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Shráid Chill Dara don ócáid.

Ag caint dó ag an seoladh dúirt duine de bhunaitheoirí Mhisneach, Fearghal Mac Ionnrachtaigh, go raibh ‘cultúr feachtasaíochta’ agus ‘guth radacach’ de dhíth ó phobal na Gaeilge.

Dúirt sé go raibh ‘ciúnas’ ann le tamall anuas aon uair a bhuaileadh an pobal, mar shampla, i dtaobh na gciorruithe ollmhóra atá déanta ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta,  scoileanna atá á dhúnadh agus diúltú na Roinne Oideachais ó thuaidh seirbhís bhus a chur ar fáil do dhaltaí Choláiste Feirste. Tá gá le cur chuige radacach le dul i ngleic le dúshláin an phobail dar leis.

Mheabhraigh sé don slua a bhí i láthair go raibh ceannródaí Mhisneach sna 1960í, Mairtín Ó Cadhain, mar spreagadh mór ag na daoine a bhunaigh Gaeltacht Bhóthair Seoighe i mBéal Feirste agus gur féidir le grúpa gníomhach ugach mór a thabhairt don phobal i gcoitinne.

Dar le Misneach léiríonn bunú an Údaráis, Raidió na Gaeltachta, TG4 agus an stádas dlíthiúil atá bainte amach ag an teanga in Éirinn agus san Eoraip gur trí fheachtasaíocht láidir a bhaintear buanna amach do phobal na Gaeilge.

Chuir Mac Ionnrachtaigh bunú an ghrúpa i gcomhthéacs díchoilínithe agus athghabhála na tíre chomh maith.

Dar leis rinne an coilíniú ‘léirscrios síceolaíochta’ ar mhuintir na hÉireann agus tá an-chumhacht ag an scrios seo go fóill.

Dúirt sé go bhfuil Misneach mar chuid den phróiseas díchoilínithe agus nár cheart an Ghaeilge a chur chun cinn mar ‘chaitheamh aimsire’ gan baint ar bith aige le cúrsaí polaitíochta nó sóisialta.

Labhair an staraí Aindrias Ó Cathasaigh, nach bhfuil mar bhall de Mhisneach, ag an gcruinniú chomh maith.

Rinne sé cur síos ar an nasc a fheiceann sé i idir an Ghaeilge agus ceisteanna sóisialta.

Dar leis tá brú ar an nGaeilge toisc nach bhfuil meas ag an gcóras caipitleach ar an nGaeilge de bharr nach féidir brabús a dhéanamh as.

Ní chuireann an caipitleachas luach ar rud ar bith, teangacha ná cultúr ina measc, murar féidir brabús a dhéanamh astu, ar seisean.

Tá an éagóir atá á dhéanamh ar an nGaeilge fite fuaite san éagóir atá á dhéanamh ar ghrúpaí eile sa tír dar leis.

Dúirt sé gur cheart go mbeadh lucht na Gaeilge ag tacú le feachtais agus le grúpaí eile atá ag stocaireacht in aghaidh na déine agus an mhíchothromais.

Mar shampla dúirt sé gur cheart do dhaoine atá buartha faoi chóiríocht i nGaelscoileanna  a bheith ag obair le scoileanna eile atá faoi mhíbhuntáiste.

Ag tagairt don chás a thug an Coimisinéir Teanga chun solais inar ghabh na Gardaí fear toisc gur labhair sé Gaeilge leo, dúirt sé gur cheart go mbeadh pobal na Gaeilge ag tacú le daoine eile a fhaigheann drochmheas ó na Gardaí, ar nós an lucht siúil, inimirceach nó daoine ó cheantracha den lucht oibre.

MisneachDúirt sé freisin nár theastaigh uaidh go mbeadh daoine ar nós Enda Kenny, daoine a thacaíonn leis an gcáin mhaoine nó daoine a thacaíonn le rialtas Iosrael, nár theastaigh uaidh go mbeadh siad ag labhairt Gaeilge.

Mhol sé cur chuige níos diongbháilte ó thaobh na teanga de ag rá gur éirigh le roinnt iarrachtaí anseo is ansiúd aon am a thugadh dúshlán an Stáit.

Dar leis b’fhearr don dá Stát sa tír nach mbeadh an Ghaeilge ann óir bheadh rudaí ‘níos simplí’ dóibh.

I ndiaidh na gcainteanna labhair roinnt daoine ón slua. Léirigh cúpla duine imní nár cheart daoine nach dtacaíonn le polaitíocht an ghrúpa a chur ón nGaeilge ach dúirt duine eile gur cheart go mbeadh sé ina ghluaiseacht shóisialach neamhbhalbh.

Beidh cruinniú ag Misneach Bhaile Átha Cliath i gClub na Múinteoirí Dé Céadaoin seo chugainn agus tá Misneach Bhéal Feirste chun imeacht sóisialta a eagrú ar 13 Aibreán.