Béal Feirste ag GaelGÁIRÍ

 

Beidh GaelGÁIRÍ ag cur seó ar siúl i mBéal Feirste den chéad uair riamh ar oíche Mháirt 4 Lúnasa, ag 8pm, sa Chultúrlann mar chuid de Fhéile an Phobail.

Ina measc siúd a bheidh ar an ardán le linn na hoíche beidh Michael Mee, Seán T. Ó Meallaigh agus Pato, Ger Staunton chomh maith le Aideen McQueen i mbun chúraimí bhean an tí. Beidh scata barrúil as Béal Feirste féin, Paddy McDonnell ina measc, le feiceáil ar an oíche.

£3 atá ar na ticéid agus tá breis eolais anseo

Ag léiriú GaelgairiBFdréacht2.jpg

Tá líon teoranta áiteanna ar fáil do cheardlann ghrinn a bheidh ar siúl i rith an lae ag lucht GhaelGAIRÍ, tuilleadh eolais ar fáil uathu ach r-phost a chur chucu.

Anuas air sin ta an t-aon chlub ghrinn Gaeilge sa tír seo ag dul ó neart go neart le mír nua ghrinn tosaithe acu ar Raidió na Life darbh ainm Raidió Ráiméis. Is lucht GhaelGÁIRÍ agus Lisa Madden atá taobh thiar de agus craolfar ar an mAn Bricfeasta Blasta é. Ta go leor píosaí beaga greannmhara i gceist leis a spochann as na meáin chraolta fud fad shaol na nGael. Seo an chéad eipeasód – Raidió Ráiméis 1.

Beidh GaelGÁIRÍ ag taisteal timpeall na tíre d’fhéilte eile mar sin coinnígí súil amach dóibh. Tá fáilte roimh mholtaí/smaointe d’fhíseáin agus fuirseoirí úra i gcónaí ach scéal a chur chucu ag gaelgairi@gmail.com

Tuilleadh eolais:

gaelgairi@gmail.com

facebook.com/Gaelgairi

twitter.com/GaelGAIRI

G-G-G-aillimh ag GaelGÁIRÍ!

Tá GaelGÁIRÍ, an t-aon chlub grinn Gaeilge sa tír, ag teacht go Gaillimh den dara huair ar Satharn seo chugainn an 23ú Bealtaine. Bígí leo le go leor fuirseoirí úra a fheiceáil! Beidh buaiteoir An Gaeilgeoir is Greannmhaire 2014 Seán T. Ó Meallaigh agus a chara Pato ann chomh maith le hAine Gallagher, a tháinig sa dara háit sa chomórtas Funny Women UK & Ireland 2014 chomh maith le Martin Angolo Buaiteoir BHÁC Chortle Student Comedy Awards 2014. Beidh Hilary Bowen-Walsh réalta an scannáin Bonsoir Luna gearrscannán Gaeilge a léiríodh ag Féile Cannes le déanaí linn chomh maith. Beidh cúpla aoi eile speisialta linn leis! Ma tá tú thart faoi Ghaillimh do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais déan cinnte bualadh isteach mar is cinnte go mbeidh maithe agus móruaisle an tsaoil Ghaelaigh i láthair!

Leis an scéal a scaipeadh faoin ‘gcamchuairt’ rinne GaelGÁIRÍ físeán beag grinn faoi logainmneacha na tíre el déanaí! 50 baile Éireannach in aon chomhrá!(agus é sách gáirsiúil in áiteanna!)

GAELGÁIRÍ
An Róisín Dubh, Gailimh.
Dé Sathairn 23ú Bealtaine
Doirse ag oscailt 8.30pm, €7

Ag léiriú GaelGÁIRÍnaGaillimheUimhDó2015.png

GaelGÁIRÍ, the country’s only Irish language stand-up comedy club, will come to Galway for the second time with a gig in the Róisín Dubh on coming Saturday the 23rd May at 8.30pm. Seán T. Ó Meallaigh, Pato ,Aine Gallagher, Martin Angolo and very special guests! If you missed out on us last time you are in for a treat and we will have a gaggle of new comics to satisfy anyone who was with us the last time!

21 Fhíric atá “ar eolas” agat atá Iomlán Mícheart! Cuirfidh an Ceann Deiridh Iontas ar go Leor!

Tá go leor ‘fíricí’ a deirtear linn sa saol is mar a bhfaighidh sibh amach thíos is iomaí ceann acu atá iomlán gan bhunús.

  1. Ní imíonn an t-alcól ar fad as bia le linn cócaireachta, mar sin seachain an tiomáint tar éis stobhadh mór fíona um Nollaig. Déan iarracht sin a mhíniú agus tú treoraithe le héirí as an bhFEITHicil.
  2. Ní smaoiníonn fir faoi leathar a bhualadh gach 7 soicind. Tá cruthaithe ag eolaithe gur… céard faoina raibh mé ag labhairt arís?
  3. Ní raibh Napoléon íseal mar dhuine. Bhí sé 1.7 méadar (5 throigh 7 n-órlach) ar airde agus sa chaoi sin bheadh sé meánach go leor ó thaobh airde. Neamhord diosmóirfiach trí sheachthuairimíocht éinne? (Ní thuigim féin na focail seo, rud éigin faoi shiondróm an fhir bhig á bhrú ar Napólió bocht.)                                                                                                                                                                    
  4. Níl sciatháin leathair dall. Tuig go bhfeiceann siad tú agus go bhfuil siad ag teacht faoi do dhéin leis na súile agat a stoitheadh. Agus súmairi fola leo. A lán súmairí fola.
  5. Deirtear go minic go mbíodh vomitarium ag na Rómhánaigh taobh leis an seomra teilfíse agus an chistin, seomra ina ndéantaí bia a chaitheamh aníos toisc méid agus feabhas an bhia trí chéile. Scéal iontach agus inchreidte d’éinne a bhlas bia na hIodáile ar na saolta seo! Monuar níl fírinne ann. B’ionann vomitarium agus pasáiste trína bhfágfadh slua de dhaoine amharclann nó a leithéid. Ón Laidin vomō, vomere, ‘caitheamh amach’ a thagann sé. Fan soic go gcaithfidh mé aníos de bharr an aineolais a léigh mé i míle leabhar ar an mbunscoil dom…                                                                                                                                  
  6. Cuir caipín ort nó caillfear 60% de theas do cholainne ón gcloigeann sin! Comhairle chríonna mar dhea a cuireadh ar mórán againn. Comhairle gan bhunús is eagal liom a rá. Níl chailltear ach thart faoi 10% den teas ón gcloigeann. Tá cailliúint teasa i gcomhréir le hachar dromchla mar sin tá se bunaithe cuid mhór ar an méid craicinn atá ann. Mar sin ceartaigh mamaí an chéad uair eile a deir sí sin agus tú ar an mbealach amach.
  7. Ráiteas eile faoi theas ná go dtéann alcól duine. Is cinnte go mothaíonn tú níos teolaí agus leathghloine fuisce diúgtha agat ach faraor géar ní hé is fearr aimsir sheaca mar nach bhfuil ann ach go síntear na soithigh fola agus go mothaíonn an craiceann breá te. Is féidir go n-ísleoidh seo teas lár na colainne fiú. Mar sin an chéad uair eile a fhágfar amuigh sa tundra tú gan ach buidéal vodca agat cuimhnigh ar an bpíosa dea-chomhairle seo.
  8. Luaitear Balla Mór na Síne mar an t-aon rud a thóg an duine atá infheicthe on spás, ar an drochuair níl seo fíor. De ghnáth ní bhíonn an Balla Mór féin le feiceáil ar chor ar bith agus tá go leor sruchtúr daonna a bhíonn infheicthe, pirimidí na hÉigipte mar shampla.                                                                                                                                                                                                                                                                   
  9. Níl aon fhianaise ann gur chaith na Lochlannaigh(an dream a chreach sinn dála an scéil) clogaid a raibh adharca ainmhithe iontu. Táim tar éis an oiread sin scannán agus an Asterix a mhilleadh oraibh anois nach bhfuil? Ó agus tá Viking Splash míchruinn ar an mbonn seo chomh maith. Mo leithscéal. Arrrgg!
  10. Cuimhne na gcat agus na n-iasc órga? Tá cuimhne sách fada ag an iasc órga, suas le trí mhí mar sin ní rud rómhaslach é a rá go bhfuil cuimhe éisc órga ag duine. Nó an é? Céard faoin raibh mé ag caint arís?
  11. Níl aon spéis faoi leith ag an tarbh sa dath dearg. Is é geaitsí an duine leis an mbrat dearg a mheallann na tairbh bhochta. Is féidir an luí céanna a fheiscint i ndaoine má bhaineann tú díot do léine agus a thriail le fear dorais i gclub oíche. Arís eile is cuma cén dath a bheidh air.
  12. Ní bhíonn fonn chun féinshluabháis ar leimíní (lemmings). Tig an locht a chur ar scannán Disney a cheap radhcanna a thug seo le fios. Mar sin ní chaitheann leiminí léimíní ó ailtreacha. Ha, cad a deir sibh leis sin?
  13. Níl daoine rua ag imeacht as, ar an drochuair. Scéal chailleach an uafáis atá ann, beidh dream na mbricíní agus an chraicinn dhóite linn go ceann tamaill eile fós. Ach mar is eol d’éinne a bhreathnaigh ar Youtube riamh níl aon anam ag an slua rua. Sin fíric.                                            
  14. Ní dhéanann an bearradh gruaig ribí níos tiubha, níl ann ach go mothaíonn ribí níos gairbhe toisc go n-éiríonn siad níos tiubhe ag an mbun agus nach bhfuil na taobhanna maolaithe fós. Feicim sibh ag tochas bhur meigeaillíní…
  15. Níl aon fhianaise ann go gcuireann luí le daoine roimh imirt spóirt isteach ar an gcumas spóirt. Bímis ag luí lena chéile mar sin! Meastar go n-ardaíonn babhta gasta craicinn leibhéil an teisteataróin sna fir fiú agus mar sin go  gcuireann sin lena gcumas. Abair eolaíocht!
  16. Nuair atá imeacht éigin a bhfuil dhá thoradh atá ar chomhdhóchúlacht, bonn a chaitheamh agus é ag socrú ar cheann nó cruit(heads or tails) mar shampla, má tharlaíonn an toradh céanna arís is arís eile, níl a mhalairt de thoradh níos dóchúla. Cuir i gcás an roulette, má stadann liathróid ar bhosca dubh 30 uair as a chéile, níl dóchúlacht níos airde go stadfaidh an chéad liathróid eile ar bhosca dearg. Seans 50% fós. Réasúnaíocht bhréige an chearrbhaigh a thugtar air seo nó ‘seafóid’ mar a deir lucht na matamaitice.
  17. Ní mharódh pingin duine dá gcaithfí é ó bharr fhoirgneamh mhóir spéire é. Is é an críoch-threoluas(an luas is mó a bhainfeadh sé amach sa treo sin) a bheadh aige is é ag titim ná 48–80 km san uair cuma cén airde óna dtitfeadh sé. Mar sin féin ní mholtar ligean d’aon rud titim ó fhoirgnimh arda spéire!
  18. Is dócha gur chuala tú gur triúir a bhí i gceist leis An Triúr Saoithe a chonaic réalta, a thug don bhóthar agus a chroch féiríní deasa leo do mhac Dé. I bhfírinne is scoláirí ar an mBíobla a chum gur triúr a bhí i gceist bunaithe ar líon na mbronntanas. Caithfidh go raibh an leanbán an-sásta go deo leis an Ór, Frankenstein agus an stáisiún spáis Rúiseach Mir a fuair sé.                           
  19. Agus sinn ag trácht ar Íosa, “rugadh” slánaitheoir lucht paidreorachta ar an 25ú La Nollaig. Ní luaitear dáta mar sin sa Bhíobla, ach is féidir go dtugann sé dáta éigin i Meán an Fhómhair le fios. Is é an Pápa Iulius I a chéadroghnaigh an 25ú La Nollaig sa bhliain 350 CE mar lá oifigiúil an chomórtha. Is féidir gur roghnaíodh an chéad dáta le dul bonn ar aon le féilte ghrianstad an gheimhridh. Tá an Nollaig millte agam oraibh anois nach bhfuil. Ó agus ní hann do Dhaidí na Nollag ach oiread.
  20. Ní dúirt Marie Antoinette ‘Qu’ils mangent de la brioche’ (Nach n-íosfaidís cáca). I bhfírinne ní fios go díreach cé a chum nó a cheap an scéal apacrafúil seo. Gach seans gur scríbhneoir a bhí i gceist.
  21. Ní féidir a bheith greannmhar sa Ghaeilge. Rud a deirtear go han-mhinic ach ar ndóigh níl bunús ar bith leis seo, mar chruthú air sin beidh an club grinn Gaeilge is fearr sa tír ag cur Gig Mhór na Nollag i láthair Dé hAoine an 12 Nollaig. Tá an club bliain ar an bhfód agus fuirseoirí móra Michael Mee agus Kevin McAleer leo an babhta seo.

Beidh Gig Mhór na Nollag ar siúl óna 21.00 go pras i gClub Chonradh na Gaeilge ar Aoine 12ú Nollaig. €3 isteach.

https://www.facebook.com/events/734182770003507/?fref=ts

An bhfuil aon fhíricí eile cloiste agaibh ar mhaith libh a ndúshláin a thabhairt? Bígí i dteagmháil le @gaelgáirí ar twitter nó facebook.

Stail Ghaelach Na Gaeil Óga – Nach bhfuil tallann iontach acu ar fad!

Beidh ceann de mhór-oícheanta na bliana ag Na Gaeil Óga ar siúl Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair ag 7.30pm sa Trinity Inn ar Shráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath.

Gach bliain eagraíonn cumann lán-Ghaeilge na príomhchathrach an comórtas seo le deis a thabhairt don chumann teacht aníos le stail ghaelach na bliana. Is é seo leathbhádóir na hócáide An Cailín Gaelach a eagraítear mar réamhbhabhta Chailín Gaelach Chomórtas Peile na Gaeltachta.

Beidh seisear stail ar ardán i rith na hoíche agus beidh siad ag roinnt a gcuid scileanna amhránaíochta, cleasaíochta is tallann linn ann. I mblianta atá imithe chonacthas ciúb Rubix á réiteach faoi cheann 60 soicind, dánta, amhráin, cleasanna draíochta.

stailghaelach2014

Deir Bairbre Ní Chonchúir, eagraí na hoíche, go bhfuil sí ag dúil go mór leis an gcomórtas. ‘D’éirigh go hiontach leis an gcomórtas blianta eile agus tá go leor rudaí suimiúla ag teacht aníos ar an oíche féin. Tá téama Game of Thrones rognaithe againn i mbliana agus b’fhéidir go spreagfaidh sin roinnt smaointe faoi thallann don oíche.

Tuigtear go bhfuil foireann na mban, a bhuaigh comórtas seachtar an taobh sa pheil le déanaí a chur buaic le deireadh na bliana peile dóibh, ag súil go mór leis an oíche.

Dúirt Anna Ní hUiginn ‘Bíonn ardchraic ann gach bliain agus tá go leor de na baill nua chun a bheith ar stáitse i mbliana mar sin bí linn le tallann na ndaoine céanna agus a laigí b’fhéidir a fheiceáil!’

Web

Tá Na Gaeil Óga ar an bhfód le ceithre bliana anois agus struchtúr faoi aois díreach bunaithe i Leamhcán acu, áit a bhfuil fáilte roimh chailíní is bhuachaillí a rugadh idir 2008 is 2010 don pheil is don iomáint. Tá an struchtúr faoi aois lonnaithe i nGaelscoil Naomh Pádraig óna 10-30 go 11-30 maidineacha Dé Sathairn agus tá breis agus 45 páiste tar éis clárú go dtí seo. Tá ranganna Gaeilge saor in aisce a mbíonn suas le 30 tuiste ag freastal orthu ar fáil ann do thuistí na bpáistí ar an láthair agus ar an am céanna. Tá tuilleadh eolais faoi Oíche na Staile Gaelaí agus Na Gaeil Óga go ginearálta anseo: http://www.nagaeiloga.ie nóspraoiNGO@gmail.com

€5 a bheidh ar thicéid a bheidh le ceannach ag an doras.

Tá fáilte roimh chách.

https://www.facebook.com/events/719366574817520/721993041221540/?notif_t=like

Spórt&Spraoi Geallta do Fhoirne Faoi Aois Na Gaeil Óga!

Tá an chéim is mó chun tosaigh ó bunaíodh é á glacadh ag Na Gaeil Óga, cumann CLG lán-Ghaeilge Bhaile Átha Cliath agus foirne faoi aois le tosú gan mhoill. Tá beartaithe ag an gcumann Acadamh Peile is Iomána faoi aois do chailíní is bhuachaillí a chur ar bun i Leamhchán, áit a bhfuil dhá Ghaelscoil agus Gaelcholáiste lonnaithe. Beidh na foirne ag tarraingt as Gaelscoil Eiscir Riada agus Gaelscoil Naomh Pádraig a bhfuil dhá shruth ag gach rang acu. Beidh fáilte rompu siúd atá á dtógáil le Gaeilge timpeall na cathrach chomh maith. Beidh cumann ceannródaíoch Gaelach na hardchathrach ag baint úsáide as páirceanna uile-aimsire agus halla Ghaelscoil Naomh Pádraig.

Beidh seoladh Spórt&Spraoi ar siúl ar an Satharn an 20ú lá Meán Fómhair, áit a mbeidh Mícheál Ó Muircheartaigh, laochra móra an spóirt Ghaelaigh, ceoltóirí clúiteacha na nGael, caisleáin phreabacha anuas ar an traenáil spórt féin. Tá fáilte roimh thuismitheoirí nó éinne ar spéis leo an cumann bualadh linn ar an lá.

PóstaerEolasFaoiAoisdreacht4

Arsa Daithí De Buitléir, Oifigeach Forbartha Faoi Aois: ‘Táimid fíorshásta go bhfuil an pointe seo sroichte againn, bealach le todhchaí an chlub a chinntiú. Tá go leor oibrithe deonacha fuinniúla againn a chuirfidh go mór le Sport&Spraoi, agus a láidreodh an club.’

Tá cúrsaí sa bhunoiliúint peile, iomána anuas ar chainteanna ar thumoideachais, spórt don pháiste óg, agus cosaint leanaí déanta ag breis is scór de bhaill an chumainn idir fhir agus mhná. Is polasaí tumoideachais a bheidh ag an gcumann bunaithe ar chur chuige na nGaelscoileanna is fearr sa tír.

ngóbunchúrsaoiliúna2014

Dar le Cathaoirleach an chumainn is dul chun cinn suntasach atá ann. PJ Mac Gabhann ‘Tá éirithe linn éacht a bhaint amach leis na foirne do dhaoine fásta le cumann agus pobal breá bríomhar timpeall orthu sin ach is gá dúinn breathnú chun cinn i gcónaí agus cinntiú go mbeidh Na Gaeil Óga ann amach anseo. Creidimid gur iontach an rud é deis a bheith ar fáil do mhuintir Bhaile Átha Cliath na cluichí Gaelacha a chleachtadh sa teanga as ar fáisceadh iad!’

Luaigh Eoin Ó Murchú, Oifigeach Gaeilge an chumainn bealaí le cabhrú leo ‘Más féidir é in aon chor, iarraimid ar Ghaeil na tíre tacú linn trí dheontas beag a chur inár dtreo. Tá feicthe againn cheana leis an rath ar shluamhaoiniú Goitse gur iontach an bealach meitheal na nGael le tograí fiuntacha a mhaoiniú. Creidim go láidir go bhfuil samhail NGÓ ar na cinn is fearr ó thaobh na teanga sa chathair, bí mar chuid de agus tacaigh linn.’

Is féidir deonú anseo (cliceáil ‘donate now’ istigh) http://www.idonate.ie/1498_na-gaeil–ga.html

Rinne scata ó Na Gaeil Óga rothaíocht urraithe go Ráth Chairn le hairgead a thiomsú do fhoirne faoi aois le déanaí agus casadh ann iad ar lucht #BusAnois as Béal Féirste. Is féidir tuilleadh eolais faoi Na Gaeil Óga a fháil anseo. Ar ndóigh tá fáilte mhór roimh dhaoine fásta fós, lucht bainistíochta, traenála ach go háirithe anuas ar imreoirí fear is ban den uile aois agus caighdeán. Bígí linn!

bileogeolasfaoiaois2014dreacht4

Tuilleadh eolais: SpraoiNGO@gmail.com

Be Infants in Evil (Léirmheas ar dhráma Béarla)

(seachain scéalscrios áirithe thíos)

Sleamhnaíonn an dráma seo isteach sa tsrón ón gcéad uair a siúlann tú isteach san amharclann. Tiús i sacraistí séipéil agus sagart óg ar a ghlúine lena phaidrín. An tAthair Patrick atá ann, sagart atá ag tosú amach i bparóiste nua i mBÁC. Tá an fhaoistin curtha ar ceal inniu aige. Ainneoin sin seo chugainn Noleen, baintreach dhall a bhfuil léargas ar leith aici agus ar aghaidh lena faoistin. Ansin Jacinta atá tite i ngrá le fear Muslamach agus atá ag iarraidh teitheadh as an eaglais agus an tír le bheith leis. Tagann cuairteoir eile gan choinne ansin agus cuirtear domhan an tsagairt bun os cionn ar fad.

An rud is fearr faoin dráma seo ná an feitheamh tomhaiste. Tosaítear agus rud éigin folaithe, tugtar aitheantas dó ach níltear cinnte faoi. Tugtar blúirí beaga dúinn anseo is ansiúd agus déantar sin a mhealladh chun breathnú níos géire ar chúrsaí. Fanann smál éigin gan ainm ar an dráma ó thús. Agus cara Patrick ann tá ceist bhreise ann leis, cén caidreamh atá acu le chéile, agus coinnítear sinn ar fad ag gliúcaíocht go géar ar a gcaidreamh le hoibriú amach cén cineál é. Ceann cairdis, clainne nó cumainn?

Tá cuid mhaith den dialóg cliste, greannmhar ach cuid eile ró-ardintleachtúil(mar is nós le drámadóirí deisbhéalacha go minic) agus is cosúil go bhfuil a sheal féin ardéirime ag gach carachtar sa dráma, rud nach bhfuil inchreidte. Caitear gach aon téama agus conspóid anuas ar a chéile agus téann sé chun seafóide ar fad cúpla babhta i dtreo an deiridh. Ginmhilleadh? Cinnte. Leathar, glacaireacht, agus muslamachas? Ar ndóigh! Chomh maith leis seo titeann gach aon rud amach díreach ag an am céanna agus tagann gach aon chuid de le chéile go róghleoite agus is deacair creidiúint ann, go fiú má chuireann tú an-bhrú ort féin!

Tá go leor rudaí breátha ann os a choinne sin. Tugann an sagart caint fhada uaidh ar thábhacht agus ar iontas na beatha, ag rá nach bhfuil ach cuidín bídeach bídeach den chruinne atá in ann an bheatha a chur ar fáil agus gan é sin a dhéanamh ach ar feadh soicinde. Is ansin amháin atá grá in ann bláthú, deir sé. ‘The only time there can ever be love is when there’s life, and that’s now. Is cumhachtach an chaint í. Thabharfadh an chaint seo aitheasc an Íosánaigh faoin tsíoraíocht san ifreann i A Portrait of the Artist as a Young Man Joyce i gcuimhne duit ach is caint dhearfach í seo. An rud is annamh is iontach. Carachtar sagairt ar féidir ionnanú leis agus a bhfuil ba agus trua agat dó amhail Súil le Breith, ach go dtagann athrú ar chúrsaí ag druidim le deireadh.

Is é Brian Martin, Bleá Cliathach a bhfuil cónaí air i Londain anois, a scríobh agus tá go leor rudaí le moladh faoi. Ar an bhfaraor géar ní bhraithim go dtagann se le chéile go foirfe agus nílim iomlán socair le teachtaireacht an dráma féin. Níl fhios ag an dráma féin go baileach a bhfuil uaidh, greann nó dáiríreacht. Tá compás morálta an dráma seo beagán as compás, leis, measaim. Pléann sé le péideafíleacht nó péidearastacht agus cuireann sé an cheist orainn an feidir grá a bheith i gceist i gcásanna mar sin. Tugann sé le fios, bhraitheas féin, nach bhfuil aon rud as alt le caidreamh collaí idir sagart fásta agus buachaill óg. An bhfuil leithéid de chaidreamh inghlactha? Ar an drochuair ní chuirtear an cheist i mbealach rómhaith mar sin gach seans go seachnófar ar fad í. Bainfidh sé stangadh asat mar sin féin. Is dráma spéisiúil é mar sin féin agus mar a deirim go minic is fearr drochdhráma ná scannán maith!

 (bunaithe ar leagan in Amharclann an Draoi/Mick Lally mar atá anois air ag Féile Ealaíona na Gaillimhe)

Tá Gaeilgeoirí níos Éireannaí ná an dream gan í. Glac leis.

Is minic a chuirtear i leith an Ghaeilgeora go measann said go bhfuil siad ‘níos Éireannaí de bharr go labhraíonn siad Gaeilge’. Caithfidh mé a rá nach bhfuilim tar éis teacht ar an tuairim seo rómhinic ag Gaeilgeoirí. An freagra a bhíonn ag mórchuid na nGaeilgeoirí ná nach measann siad sin in aon chor. Nuair a smaoiním féin faoi áfach, is léir dom gur Éireannaí an duine a labhraíonn Gaeilge gan aon amhras. Díreach le bheith soileir nílim ag rá gur fearr bheith níos Éireannaí, díreach go bhfuil níos mó den Éireannachas ag roinnt leo.

Ar dtús céard is Éireannachas ann? An bhfuilimid ag caint ar shaorántacht na tíre? Ó d’fhéadfadh duine pas is saorántacht Éireannach a bheith acu gan aon eolas nó cur amach acu ar aon rud Éireannach nó Gaelach glas bán nó riabhach, caithfidh nach leis sin atáimid ag plé. Mar sin baineann an cheist seo le féiniúlacht is dócha, nó gnéithe de chultúr a thugann le fios go mbaineann duine le cultúr áirithe.

Buaic Chultúr na hÉireann? Anlann Bhaile UÍ Mhaolmhuaidh

Baineann teanga le féiniúlacht is le cultúr. Ní féidir a shéanadh gur dlúthchuid an Ghaeilge de chultúr na hÉireann. Ní thig le lucht an fhéinfhuatha sin a dhiúltiú. Is féidir go bhfuil sin ag athrú le cuid ghearr de stair na tíre ach is ann dó fós. Mar sin má tá tuilleadh den chultúr agat, is é sin go labhraíonn tú Gaeilge, tá tú níos Éireannaí. Dá gcuirfí beirt a bhí díreach mar a chéile i gcomórtas lena chéile ach Béarla a bheith ag duine amháin acu ach Gaeilge anuas air sin a bheith ag an duine eile, nach mbeadh an duine sin níos Éireannaí? Is geall le fíric é.

Samhlaigh an Fhrainc, dá ndéanfaí a chóilíniú is dá dtiontódh mórchuid an phobail ar an mBéarla, is dá mbeadh pócaí de chainteoirí Frainicise ann nach ndéarfaí gur Francaí na daoine céanna? Is cinnte go ndéarfaí. Fiú cúpla céad bliain tar éis don Bhéarla forlámhas a ghlacadh ní dóigh go bhféadfaí a rá nach mbeadh na cainteoirí Fraincise níos Francaí. Cén fáth gur féidir a leithéid a rá in Éirinn?

Blaa Phort Láirge, sainniúlacht arbh fhiú náisiún a bhunú uirthi?

Mar sin conas gur cuireadh an bhréag isteach inár mbéal chomh fada seo is go raibh Éireannaigh sásta leis? Baineann seo leis an teoiric úd, náire an iarchóilíneachais. Is éard atá i gceist leis seo ná an náire a thagann ar an bpobal dúchais tar éis cóilínithe. Nuair a chailltear an rud dúchais(teanga mar shampla) níl de fhreagra ag an dream nach bhfuil sí acu a thuilleadh ach fuath a thabhairt don chultúr céanna agus sodar i ndiaidh na n-uasal. Go mionminic is iad seo is binibí ar fad atá in éadan an chultúir. Má tá suim agat i gcás na dteangacha mionlaithe(níl aon rud mion faoi mhórchuid na dteangacha seo!) aithneoidh tú go dtagann na hargóintí céanna in airde arís is arís eile timpeall na cruinne. Teanga mharbh, teanga na mbocht, gan foclóir ceart, ina bac ar ghnó. Léifidh tú tráchtanna ag lucht fuatha na Breatnaise,agus cloisfidh tú na hargóintí seanchaite céanna ón lucht argóna seanchaite céanna. Arís eile ní daoine ó thír isteach iad seo ach an pobal dúchais ag tabhairt fuatha don rud a bhain leo féin agus ag iarraidh easpa éigin iontu féin a fholú.

Ar ndóigh tá gnéithe eile den chultúr i gceist chomh maith, ceol, spórt, féith ghrinn na hÉireann, fadhb náisiúnta óil. Má tá na gnéithe seo ag duine thar dhuine eile, is féidir a rá go bhfuil an duine sin níos Éireannaí ná an té eile. Ní hé go bhfuil an duine níos fearr nó go bhfuil luach níos mó air sin. Ní féidir luach oibiachtúil a chur ar chultúr thar a chéile. Mórphobal aonteangach na tíre seo tá go leor gnéithe Éireannacha ag baint leo, ach tá níos mó gnéithe idirnáisiúnta nó Angla-Mheiriceánacha ag roinnt leo ná mar atá ag lucht labhartha na Gaeilge. Anois seans nach bhfuil aon fhiúntas le baint as an tuairim seo a chur sa timpeall, cuireann sé fearg ar dhaoine agus díomá ar dhaoine. Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil sé fíor. Is buille beag amháin é in aghaidh an scata sin a thugann le fios nach mbaineann an teanga leis an tír seo in aon chor agus a dteastaíonn uaithi í a ruaigeadh amach ar fad ar fad.

Stobhadh Gaelach nó Éireannach, cé acu is cirte?

Déarfaidh daoine gur seafóideach an argóint atá déanta agam anseo, go bhfuil sé ciníoch, ach arís eile ní deirim go bhfuil luach níos airde ar chultúr amháin ná a chéile, ach mar sin féin go bhfuil difríochtaí ann. Tá go leor argóintí eile fíor leis, is Éireannaí daoine a sheineann an ceol gaelach nó a théann don spórt gaelach. Fágann ábhar an lae inniu ceist amháin eile agam an bhfuil na Gaeil éagsúil ó na hÉireannaigh nó an cheist í sin a bhíonn ag dó na geirbe ag aonteangaigh na tíre?

Is féidir easaontú go láidir le scríbhneoir an ailt @murchadhmor

How Daniel Cassidy invented Etymology (léirmheas)

Tháinig abhaile an lá cheana gur aimsigh mé leabhar toirtiúil romham. Bronntanas a bhí ann. Cé go raibh trácht cloiste agam air ní fhéadfainn a rá go raibh mé sásta leis mar bhronntanas. How the Irish Invented Slang le Daniel Cassidy a bhí ann. Is éard a chuireann Cassidy roimhe sa leabhar seo ná gur ón nGaeilge a thagann stráicí móra fada de bhéarlagair Béarla Mheiriceá, agus an domhain ar fad da bhrí sin. Dar leis go raibh uisce faoi thalamh ann ag lucht an Bhéarla a chuir an t-eolas seo faoi chois.

Cuirfidh seo iontas ar go leor againn ó ní cheaptar go bhfuil mórán níos mó ná ‘smithereens’ agus ‘banshee’ tugtha don Bhéarla againn. Don té a bhfuil leathspéis aige i sanas focal tiocfaidh amhras air go mear an bhfuil aon bhunús le tuairimí Cassidy. Éinne le smeareolas faoi shanas tuigfidh siad gur gá bheith in amhras i gcónaí faoi scéalta beaga a scaiptear. Ar fáth aisteach éigin tá de nós ag daoine na scéalta beaga aisteacha a chreidiúint ainneoin fianaise a léireodh a mhalairt. Is gá an leabhar áirithe seo a cheistiú ar an iliomad fáthanna.

Is rud is mó a spreag síol an amhrais ionam ná go dtéann Cassidy le mínithe fíor-neamhdhóchúla Gaeilge nuair ba fhusa go mór míniú eile taobh istigh den Bhéarla a aimsiú. Dar leis, is ionann an téarma ‘crusher'(téarma ar phóilín) agus leagan a tháinig ó ‘cuir siar ar‘(sic) Anois nach aisteach go ngreamódh nath Gaeilge gan móran céille do na póilíní agus nach aisteach nach mbeadh aon bhaint ag ‘crusher’ leis an bhfocal Béarla ‘crush’?

Deir Cassidy gur ó ‘S lom é’ a thagann an focal béarla ‘Slum’. Nach aisteach arís an tógáil sin dáiríre? An féidir a shamhlú go n-imeodh sin ó bhéal Gaeilgeora isteach sa chaint? An féidir teacht air mar nath coitianta le cur síos a dheanamh ar shlumaí? Ní féidir. Rud eile de, tugann Cassidy sainmhínithe agus tugann le fios gur ó na foclóirí Gaeilge a thagann siad nuair nach fíor sin in aon chor. Is breá leis fig. a bhualadh anuas ar rudaí, a rá gur chiall bhreise atá ann ach i bhfírinne is a chuid cumadóireachta féin atá ann. (’teas ioma’ – an abundance of heat and passion; figuratively semen) Ní féidir liom teacht ar aon fhoinse a léiríonn ciall bhreise seo ‘teas ioma'(sic). Is dócha nach bhféadfadh Cassidy ach oiread.

Anuas air sin ar fad úsáideann sé pé leagan is maith leis de fhocal ar bith. ‘Joint’ an Bhéarla? Bhuel tá díon sa Ghaeilge, cén t-iolra atá air sin? Díonta, iontach, sin níos cosúla. Téann sé níos faide fós, leagan sé pé fuaimniú anuas ar fhocail. ‘Jeenta’, foirfe!

Is beag focal a d’fhág Gaeilge ar Bhéarla na hÉireann i bhfírinne, conas go rachadh teanga seo na mbocht mar a bhí chomh mór i bhfeidhm ar chaint SAM? Níl aon mhíniú sásúil ag Cassidy air seo. Conas nár tháinig siad seo chun cinn in Éirinn leis, cén fáth gur bheartaigh na Gaeil gan na focail seo a thabhairt dúinne leis? Níl míniú aige air seo ach oiread. Má tá focail aduaine nach n-aithneodh Gaeilgeoir cumasach ar na saolta seo mar bhunús go leor nathanna, cén fáth nach bhfuil focail choitianta Ghaeilge le sonrú ar chaint na bponcán leis? Arís eile níl míniú ag Cassidy bocht air seo.

An cineál cur chuige atá aige ná frása a ghlacadh chuige féin. ‘Daniel Cassidy’ mar shampla, ansin beartaíonn sé gur ón nGaeilge a tháinig sé. Ansin ar aghaidh leis ar bhóthar na cruthaitheachta. Daniel –‘Dath- ‘n-aoil’ lime-faced, white-faced, fig. white supremacist. ‘Cassidy’. Cas-a-dí The turning of her drink, surname of a bartender, mixologist, figuratively mixer, nixer. Mar sin is ionann Daniel Cassidy agus ‘white supremecist cocktail maker? Is ionann, bhuel ina chruinne féin bréag is bithchamastaíola. (mise a chum seo thuas ar eagla aon mhíthuisceana)

Is bocht an scéal é ach tá cuid mhór daoine ag tacú le cumadóireacht Cassidy fós. Nach cuma a deir roinnt, níl ann ach píosa beag spraoi. Dáiríre a mhalairt atá ann, is casta an rud é an teageolaíocht agus nuair a ligtear d’amadáin tabhairt faoi ar a suaimhneas téann an rud ar fad chun doiléire. De bharr thionchar an idirlín is ann do ‘shanais’ seo Cassidy go deo na ndeor, creidfear iontu (roinnt ar a laghad) go brách. Ba chóir dúinn suim a léiriú sna focail a thug na Gaeil don Bhéarla ach gan géilleadh do phleidhce amadáin mar seo a chuireann an fhírinne as a riocht ar fad ar fad.

Ba bhréagadóir cruthanta é Cassidy. Leabhar 300 leathanach atá lán go clúdaigh de bhréagshanais, de sheafóid agus de bhréaga. Níl aon amhras ann ach gur thuig Cassidy go raibh formhór mór na sanas seo bréagach. Is dócha gur lorg sé frásaí i bhfoclóirí Gaeilge a raibh cosúlacht éigin acu le nathanna Béarla agus ansin gcur chuir sé roimhe an nasc a chruthú.

Tá blag den scoth ar fáil anseo a tharraingníonn argóintí Cassidy óna chéile. http://cassidyslangscam.wordpress.com/ Pé duine a scríobh chuir Cassidy siar glan as a mheabhair iad agus tá siad tar éis díoscadh cliniciúil neamhbhalbh a dhéanamh ar scaits éithigh Uí Chasaide. Tá Cassidy imithe ar shlí na fírinne anois, is é mo mhórdhóchas ná go n-imeoidh na bréaga seo leis. Ná ceannaigh an leabhar seo is ná tacaigh le seafóid mar seo.

Níl saineolas agam ar an ábhar seo, díreach spéis. Tá eolas éigin agam ar an teanga agus ar an bhfoghraíocht, rudaí nach raibh ag Cassidy féin áfach. Ghlac an Béarla le liosta éigin focal ón nGaeilge ceart go leor agus tá liosta ar fáil anseo. Focail Ghaeilge sa Bhéarla

Is féidir teagmháil a dhéanamh le húdar an ailt ag @murchadhmor

 

Dóibh sin ar bheagán Gaeilge

There is no doubt but that Daniel Cassidy knew that most etymologies in this book were false. For example he might take something like ‘Daniel Cassidy’ and decide it comes from Irish. Then he searched the dictionary to find something similar and comes up with; ‘Dath- ‘n-aoil’ lime-faced, white-faced, fig. white supremecist. ‘Cassidy’. Cas-a-dí The turning of her drink, surname of a bartender, mixologist, figuratively mixer, nixer.So Daniel Cassidy means white supremecist, cocktail maker? Well sort of, in his parallel universe of bolloxology at least. (just to be clear I made this up) This book is an utter con-job, do not buy it and do not accept any of its conclusions.

Game of Thrones as Gaeilge? (Seachain Scéalscrios!)

Cé go ndéantar cuid maith de Chluiche na Ríchathaoireacha(Game of Thrones) a thaifeadadh in Éirinn, ní raibh an Ghaeilge le clos air, go dtí seo! Seo chugaibh roinnt den scéal gaelaithe mar sin! (fainic mura bhfaca tu na cláracha cothrom le dáta!)

Tá an clár teilfíse féin bunaithe ar Fonn Oighir agus Tine ( A Song of Ice and Fire) le George R.R. Martin. Tá an-tóir ar Chluiche na Ríchathaoireacha le déanaí, bás an Rí ag an mbainis chorcra, céard atá in ann do Thíreoin tar éis bhás a throdaí agus an mbeidh Faire na hOíche in ann an t-Ollbhalla a chosaint faoi léigear an aosa fhiáin?

cluichenaríchathaoireacha

Is iad na Staircigh (House Stark as Béarla) rialathóirí an Tuaiscirt i leabhair Fonn Oighir agus Tine. Is i nGeamhsceird (nó Winterfell as Béarla) atá a gcathaoir rialaithe. Is é an criún a gcomhartha, agus feictear criún liath ar pháirc bhán ar a suaitheantas. Is é ”Seo chugainn an Geimhreadh” mana an teaghlaigh, agus is minic a dhéanann na Staircigh tagairt dó. Is é Eideard Stairc- Tiarna an Tuaiscirt, Cosantóir na Ríochta ceann an teaghlaigh.

Is clann ealga iad na Staircigh, agus guíonn siad dos na Seandéithe- déithe gan ríocht nó ainmneacha, ar féidir labhairt leo trí “Chroíchrann” nó Weirwood as Béarla. Is crann mór é seo, le coirt bhán agus duilleoga flanndearga, le aghaidh snoíte air. Faightear iad i gCoillte na nDéithe (Godswoods as Béarla). Tá Coill na nDéithe i nGeamhsceird, níos faide ó dheas, áfach, scriosadh iad i bhfábhar na nDéithe Nua- an Seachtar.

seochugainnangeimhreadh

Agus an grá no fuath atá agat do Na Lannastairigh  ón gCloch Chastarlaíoch?

éistearlemobhúir

Ceantar in iarthar na hIarchríche atá i gCloch Chastarlaíoch, rialaithe ag an gclann cheannasach Lannastair (House Lannister as Béarla). Is leon atá i sigil na clainne, agus is é “Éistear le mo Bhúir” a mana. Tá cáil ar an gclann as a bhflúirse óir, agus dá ngealltanas fiachais a aisíoc ‘Ní loiceann Lannastaireach ar a fhiacha’. Faigheann siad a n-óir ó réimse mianach sa cheantar. I dtosach an tsága, is é Tíbhín Lannastair ceann na clainne, agus tá trí pháiste air: Circé Baraiteon (Banríon na Seacht Ríocht), Séamaisín Lannastair (an “Rímharfóir”, ball de “Gharda an Rí”) agus Tíreoin Lannastair (abhac, a bhfuil an leasainm “an Luarachán” air).

níchuirimidsíol

Dar leis an BBC cloistear Dothraki agus Valyrian, teangacha a cumadh don tsraith teilifíse  níos mó ná An Ghaeilge, Gaeilge na hAlba ags an Bhreatnais curtha le chéile!

linneanfraoch

Ta léarscáil breá mór Gaelaithe le fáil (leana an nasc le leagan ollmhór a fháil!) anseo! https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:An_tIarchr%C3%ADoch.jpg

An_tIarchríoch

Tá cuid den alt seo bunaithe ar an alt vicipéide atá ar fáil anseo thíos. Tá duine eigin tar éis gaelú a dhéanamh ar chuid mhór den domhan san alt vicipéide ciclipéideach seo! https://ga.wikipedia.org/wiki/Fonn_Oighir_agus_Tine

Vicipéid, an chiclipéid shaor ar féidir le cách í a chur in eagar, áit a bhfuil 30,762 alt faoi láthair as Gaeilge.

 

Téip Dheireanach Krapp

Tá Téip Dheireanach Krapp, leagan Gaeilge de dhráma clúiteach Beckett ar siúl sa New Theatre i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath faoi láthair.

Is é Macdara Ó Fátharta (Tadhg Ros na Rún agus aisteoir de chuid Amharclann na Mainistreach) a ghlacann ról Krapp agus is é atá go maith chuige. An compántas Mouth on Fire le Gabriel Rosenstock atá tar éis seo a réiteach dúinn, aontas atá tar éis scata beag de dhrámaí Beckett a chur ar fáil le tamall de bhlianta. Tá beagán amhrais orm faoin téarma ‘traschruthaithe’ a úsáidtear le cur síos ar an aistriú, cad go díreach is ciall leis sin? Ní léir áfach an imíonn sé mórán ón mbuntéacs.

Lándubhú an chéad rud, ciúnas iomlán agus ansin dalladh soilse ar an slua. Bhí an áit leathfholamh ar an drochuair, mic léinn gan an oiread sin Gaeilge cuid mhór den slua, ach ba chosúil go raibh aithne maith acu ar théacs na greanntraigéide óir is iad a bhí sna tríthí.

Tá an cur i láthair breá físiúil, dubh agus bán sa treis, aghaidh shuimiúil Krapp chráite agus é siar is aniar go tuisleach ag cuartú is ag alpadh bananaí is ag ól go sásta. Is dual do Beckett a bheith dothuigthe, ach ní seo an dráma is measa acu. Níl sé sothuigthe mar sin féin, agus sa doirceacht is éasca imeacht leat ar seachrán mura ndíríonn tú air i gceart!

Pléann an dráma le néaltrú, braitheann tú, caitheamh i ndiaidh na hóige agus athrú dosheachanta an duine le himeacht ama. Ní féidir braith ar an gcuimhne ann ach oiread, is fealltach an rud é, agus déanann Krapp iarracht an stair a cheartú mar a fheictear dó í. Tá rian den mheabhairghalar le braith ar ról Mhacdara leis, Siondróm Diogenes seans, an bailiú, an carnadh, an coinneáil. An bhfuil sé ag bualadh buille in éadan na díchuimhne, nó ag sleamhnú isteach i nduibheagán an dearmaid?

Cathal Quinn a stiúraigh agus tá sé le moladh as greann fisiciúil Mhacdara agus seit íosta, lom an dráma. Bord, téipsheinnteoir ársa, spól i ndiaidh spóil den téip, boscaí anseo is ansiúd. Tá go leor le foghlaim as Téip Dheireanach Krapp in aois seo an idirlín. Céard iad na hathruithe a thagann orainn agus ar an bhféin úd a thaifeadtar, an dtabharfaimid fuath dó amach anseo? An féidir duine a ligean i ndíchuimhne? An gceadóidh Google do dhaoine dearmad a dhéanamh ort? Tríd is tríd dráma cumasach, caolchúiseach, trom is casta é atá curtha inár láthair go snasta, gairimiúil. Téigí ann.

 

Léirmheas Gasta

Gruama, Dorcha, suimiúil.

Téip Dheireanach Krapp

Samuel Beckett – traschruthaithe ag Gabriel Rosenstock
Meith 9ú – Meith 14ú
@ 7.30pm
Ticéid: €15 (€12)
 
Grianghraif le John Minihan