Oll-troid uaidh Carl Frampton i ndiaidh Kiko Martinez

Dar le Carl Frampton tá mór-chatha le teacht nuair a baineann sé an crios IBF Super-Bantamweight uaidh Kiko Martinez anocht i mBéal Feirste. Ó leag sé Martinez i mí Feabhra 2013, tá an Spáinneach tar éis Jonatan Romero chun an Craobh Super-Bantemweight a bhaint amach agus tá sé tar éis í a chosaint faoi dhó. Ach dar le Frampton, cé gur tharraing an íocaíocht is mó i saol dornálaíochta Martinez chun Tuaisceart na hÉireann é, beidh an bua ag an tÉireannach agus súil aige ar catha níos mó.

“Tá oll-troideanna amuigh ansin agus nuair a fhaighim an ceann is fearr air, ina dhiaidh, b’iad na cinn a thugann roinnt seasmhacht duit sa saol. Tá an-chuid ag brath ar seo agus tá troideanna móra amach ansin dom tar éis Martinez.

“Táim ag súil leis an bua a fháil.  Tá fhios agam go bhfuil an cumhacht agam chun é a leagadh, agus ní eisean amháin ach aon super-bantamweight ar domhain. Má bhuailim sa smig iad, agus má bhuailim glan iad, is féidir liom buille scoir a thabhairt. Táim ullaimh le haghaidh 12 babhta. Mura théann sé chomh fada sin, sé is fearr é.”

íocaíocht & Muinín

Dar le Martinez, tá sé ag smaoineamh ar an troid seo ónar leag Frampton amach é. Ach dar le fear an tuaisceart diúltaigh Martinez é a throid roimh an cosaint deireanach dá crios sa Seapáin i gcoinne Hozumi Hasegawa agus bheartaigh La Sensación ar troid níos éasca.

“Dúirt sé sna meáin gur theastaigh uaidh mé a throid láithreach. Ach d’ofráladh íocaíocht mór dó sular throid sé sa Seapáin, níos mó ná mar a bhí á fháil aige sa Seapáin ach d’fhéach sé air mar troid go raibh sé chun buachan agus thóg sé an cine sin.

“Táim muiníneach as mo chumas féin. Tá fhios agam má bhím ag mo leibhéal is fearr ina choinne, ag a leibhéal is fearr, beidh an bua agam gach aon lá. Tá lán-muinín agam asam féin má bhím suaimhneach agus más féidir liom bheith glic, beidh an bua agam.”

Dar le Frampton, rinne sé an-chuid botúin sa chéad troid i gcoinne Martinez. Cheapann sé más féidir leis iad sin a chur ina cheart beidh troid níos éasca aige oíche anocht. Ghnóthaigh Frampton craobh Eorpach an uair sin. An uair seo tá craobh Domhanda le buachan os comhair baile dúchais Frampton.

Aire duit a Martin O’Neill

Roimh tús na babhtaí cáilithe do Craobhchomórtas na hEorpa, ní raibh aon amhras ach go raibh Martin O’Neill chun an comórtas a bhaint amach. Tá 24 áiteanna ar fáil (16 a bhí ar fáil i 2012) agus ní raibh mórán dainséir ag baint leis an Pholainn, Albain, Georgia nó Gibraltar. (Ní raibh éinne ag ceapadh go raibh seans againn i gcoinne an Ghearmáin). Ach tar éis an bua 2-0 in aghaidh Oman?

Tar éis taispeántas na hoíche aréir, caithfidh go bhfuil mórcheisteanna le freagairt ag foireann na hÉireann. Mar freasúra roimh cluiche cinniúnach is cinnte nach raibh aon maitheas le Oman. Cé chomh tubaisteach is a bhí an cine imirt ina choinne? Beidh sé le feiceáil ar an Domhnach i gcoinne Georgia.

“Roimh-ré cheap mé go raibh an cluiche seo ag teastáil uainn agus deimhníodh sin,” a dúirt O’Neill. “Bhíomar ag súil go mbeimid níos faide chun tosaigh ag leath ham. Cheap mé gur imir muid réasúnta maith in amanna áirithe ach tar éis trí, ceathair, cúig, sé nó seacht pas bhíomar ag dul siar agus ní raibh aon éifeacht ag baint leis.”

Ní raibh imreoir cruthaitheach na hÉireann, Wes Hoolahan sa cluiche in aon chur. Bhí cuma an-aonarach ar Kevin Doyle chun tosaigh. Ar cúl, caithfidh go bhfuil comhartha ceist thar ceann Shay Given agus gan cluiche imeartha aige le tamaill fada. Gan trácht a dhéanamh ar na cosantóirí a thug roinnt deis do Oman. An mbeidh an t-ádh leo i gcoinne tosaithe an Gearmáin nó an Pholainn nó Albain fiú? Ní dóigh liom é.

De réir cosúlachtaí tá Martin O’Neill ag ceapadh gur féidir leis na himreoirí a roghnú don Domhnach agus gan iad tar éis imirt le chéile. John O’Shea agus Marc Wilson an beirt a raibh roinnt am le chéile ag teastáil. Ach níor imir ceachtar acu nó David Forde. Is cosúil go raibh O’Neill ag iarraidh sracfhéachaint a fháil ar imreoir nach bhfaca sé cheana. Sin go díreach an aidhm a bhíonn ag cluichí seachtainiúil i Sasana seachas cluichí idirnáisiúntaí roimh cluichí móra ar nós cluiche an Domhnach.

Tá géarghá le tús maith ó fhoireann O’Neill. Ach mura bhfuil aigne na himreoirí dírithe ar Georgia, beidh deis ag Georgia foireann na hÉireann a díriú i dtreo feachtas cáilithe tubaisteach eile.  

Gan spreagadh, gan úd, cailleann Éire

Chaill Joe Schmidt a chéad cluiche idirnáisiúnta nuair a ghnóthaigh an Astráil bua 15-32 i mBóthar Lansdún. Theip ar Éire úd a aimsiú le cúig cic uaidh Johnny Sexton ach níorbh fhéidir stop a chur leis an Astráil. Bhí siad i gceannas ag gach aon nóiméad den cluiche agus cé gur tugadh cárta dearg do Tevita Kuridrani, ní raibh Éirinn i ndán cosaint na Wallabies a bhriseadh.

Níor thosaigh foireann Joe Schmidt go maith le seilbh caillte acu tar éis dhá síneadh amach dá chuid féin laistigh den chéad cúig nóiméad agus Quade Cooper le cic pionós a scoilt na cuaillí chun an Astráil a chur 3-0 chun cinn.

Dúirt Paul O’Connell le linn na seachtaine nach sé chomh éasca ar Éire an cineáil maul a ghnóthaigh an chéad úd i gcoinne Samoa a dhéanamh i naghaidh an Astráil. Ach tar éis 11 nóiméad is beag nár tharla sé tar éis síneadh amach 30 méadar ó líne úd an Astráil. Ar deireadh dhein Johnny Sexton na scóir a chothromú le cic pionós os comhair na cuaillí.

In ainneoin an dul chun cinn a bhí á dhéanamh ag Éirinn bhronn siad deis ar Cooper trí an bearna trí phointe a athoscailt. An uair seo áfach, chur sé an liathróid ar an strae. Ach láithreach ón atosú bhí an Astráil ar an ionsaí agus ní raibh sé de chumas ar Éire iad a stopadh.

Dhein Cooper agus Rob Simmons idirmhalartú sa lár. Chur Cooper an liathróid go Michael Hooper agus cé gur ndeachaigh sé isteach sa greamú chur sé pas gleoite go Nick Cummins ar a  gualainn agus ghearr sé taobh istigh de cosaint na hÉireann chun an úd a aimsiú; 3-10 tar éis do Cooper an cic slánaithe a fháil.

Chur Sexton cic amú tar éis 20 nóiméad agus nuair a scaip Cooper an liathróid i dtreo an taobhlíne cúpla nóiméad dar gcionn bhí Éire 12 pointe chun deireadh. An uair seo chur sé leathan é go Matt Toomua, a chur ar aghaidh go Scott Fardy é. Thug sé an lámh láidir do Peter O’Mahony sular aimsigh sé Stephen Moore ar a gualainn agus ní raibh Éire chun stop a chur leis; 3-15.

D’fhreagair Éire le obair fíor díograiseach, ach bhí sé ar cumas an Astráil iad a stopadh méadar ó líne an úd nuair a theip ar O’Mahony seilbh na liathróide a choimeád. D’aimsigh Éire an lámh in airde ar paca an Astráil rud a thug an clibirt ionsaithe d’Éirinn. Ón mbrú sa chlibirt bhronn an réiteoir Chris Pollock cic pionós ar Éireann. Dhún Sexton an bearna lena iarracht; 6-15 le leath huaire imeartha.

D’éirigh cúrsaí níos fearr d’Éirinn go gairid ina dhiaidh nuair a cuireadh Hooper sa sin-bin agus dúnadh an bearna go sé phointe tar éis cic Sexton; 9-15. Dhún Sexton an bearna arís trí nóiméad roimh leath hama ach bhí mí-ádh ar Éirinn sular tháinig leath ham. Agus Éire ar an ionsaí stop Sexton láithreach agus an cosúlacht gur gortaíodh teannán na hioscaide Sexton.

Tháinig Ian Madigan chun páirce sa dara leath in áit Sexton agus bhí siad faoi bhrú ón tús. Dhá nóiméad isteach sa dara leath, dhein Quade Cooper ruathar i lár páirce agus idirmhalartú le Stephen Moore sular chur sé pas go Cummins ar an taobhlíne. Cheap Cummins gur ghnóthaigh sé an úd ach dár leis an TMO chaill sé seilbh na liathróide.

Ach ní raibh ar an Astráil fanacht i bhfad chun an tríú úd a aimsiú agus b’é Cooper a fuair é tar éis dó dallamullóg a chur ar Madigan agus Luke Marshall go raibh sé chun an liathróid a thabhairt uaidh. Níor dhein agus bhris Cooper tríd iarracht greamaithe an bheirt chun an úd a aimsiú. Leis an cic slánaithe bhí Astráil 12-22 chun tosaigh. Le filleadh Hooper ón sib-bin tugadh deis do Cooper an bearna a leathnú le cic pionós agus dhein sé.

Le ceathrú den dara leath imeartha ghnóthaigh Madigan cic pionós ach le deis an bearna a dhúnadh go seacht pointe, bheartaigh Éirinn an liathróid a chiceáil isteach sa chúinne. Ghnóthaigh Paul O’Connell an liathróid sa síneadh amach, ach chaill siad seilbh na liathróide ina dhiaidh.

Cuireadh deireadh leis an cluiche mar coimhlint nuair a d’éirigh leis an Astráil agus Hooper úd eile a fháil tar éis dóibh an chlibirt a bhrú thar líne an úd. Le cic slánaithe ag Cooper bhí bearna 15-32 ag foireann Ewen McKenzie.

Le 10 nóiméad le dul bronnadh cárta dearg ar Tevita Kuridrani nuair a dhein sé teilgthaicil ar O’Mahony. Cé gur tháinig foireann na hÉireann gar i dtreo líne an úd an Astráil ní raibh sé de chumas acu í a thrasnú. Cheap Sean Cronin gur éirigh leis úd a fháil ar deireadh ach dar leis an TMO chaill Eoin Reddan an liathróid roimhe sin.

An Nua Shéalainn ag teacht an seachtain seo chugainn, agus mura féidir le Éirinn cosaint níos iomláine a chur le chéile roimhe sin, ní bheidh ach an t-aon buaiteoir. A lán foghlamtha ag Schmidt, ach céard a tiocfaidh as seo an ceist is tábhachtaí.

Samoa scriosta, Astráil ag teacht

Dhein foireann na hÉireann Joe Schmidt slad ar Samoa, 40-9 san Aviva sa chéad cluiche sa Sraith Fómhair Guinness. Ní taispeántas foirfe a bhí ann do foireann Schmidt ach dhein siad i ndóthain chun Samoa a chloí. Anois tá an Astráil ag teacht an seachtain seo chugainn, tar éis dóibh an Iodáil a bhualadh, 20-50 sa Róimh.

Thosaigh an cluiche go maith d’Éirinn nuair a chur Paddy Jackson cic pionós thar an trasnán laistigh trí nóiméad ach nuair a bhí deis ag Samoa nóiméad dar gcionn ní raibh imreoir lár John Leota ábalta seilbh na liathróide a choimeád.

D’éirigh le Tusiata Pisi na scóir a cothromú sa seachtú nóiméad le cic pionós tar éis d’Éire bheith as an imirt. Ach faoin am gur chur Paddy Jackson trí phointe idir na foirne sa fichiú nóiméad bhí an t-ádh le Éirinn nach raibh siad chun deireadh. Faoin dhó bheartaigh Samoa an liathróid a thabhairt isteach sa greamú agus imreoir sa bhreis acu ar an cliathán.

Cé nár léirigh Éire mórán i dtaobh splanc a léiriú, de bhuíochas úd ó Peter O’Mahony bhí Éire 3-11 chun cinn. D’aimsigh Devin Toner an liathróid sa síneadh amach agus bhrú phaca na hÉireann Samoa siar thar líne an úd agus b’é O’Mahony a ghnóthaigh an úd.

An t-aon gné a bhí ait den cluiche ná gur thóg sé leath huaire sula thosaigh an lucht leanúna ‘Mexican wave’. Bhí Éire lom, ní raibh seilbh na liathróide acu sa trian deireanach agus bhí 30 soicind le dul sa leath sular bhris Rob Kearney tríd cosaint Samoa.

Roimhe sin dhún Pisi an bearna le cic pionós (6-11) ach bhuail sé an cuaille agus deis aige an bearna a dhúnadh sa 34 nóiméad. Tháinig Sean O’Brien chun páirce le gortú ag cur as do Chris Henry. Ansin bhris Kearney tríd cosaint Samoa 30 méadar ón líne. Scaoil sé leis go Sean O’Brian agus cuireadh stop le Tommy Bowe ar line an úd. Bhron réiteoir Steve Walsh cárta buí ar George Pisi de bharr greamú dainséarach ar Bowe.

Ghnóthaigh Jackson an cic pionós chun bearna 14-6 a oscailt ag leath ham. Caithfidh go raibh Joe Schmidt díomách ag leath ham leis an t-easpa fuinneamh a bhí á thaispeáint ag Éire sa chéad leath.

Le dhá nóiméad den dara leath imeartha is beag nár bhris Peter O’Mahony tríd líne cosaint Samoa. Tar éis dó ruathar a dhéanamh tríd lár páirce ní raibh sé de cumas aige imreoir Éireannach a aimsiú.

Ach ní raibh orthu fanacht ró-fhada chun an dara úd a fháil. Chur Jackson an liathróid isteach thar cosaint Samoa. D’imigh cos Brando Vaaulu faoi chun deis a thabhairt do O’Driscoll seilbh a ghlacadh. In aon gluaiseacht chur O’Driscoll pas gleoite tríd a chosa go Fergus McFadden. Nuair a tháinig an liathróid ar ais ar taobh na hÉireann, b’é Sean O’Brien a chur dhá greamú uaidh chun líne an úd a thrasnú le sé nóiméad caite sa dara leath. Chur Jackson an cic slánaithe thar an trasnán.

Deich nóiméad níos déanaí bhí deireadh leis an cluiche mar coimhlint nuair a chur greamú de chuid Jackson, Tusiata Pisi isteach i Vaaulu. Buail cinn an beirt le chéile agus bhí orthu beirt an páirc a fháil, Pisi i droch chaoi. Le 15 nóiméad le dul chur Rob Kearney pas chuig a dheartháir Dave Kearney a d’aimsigh úd sa chúinne. Bhain Jackson an pointe slánaithe chun bearna 28-9 a chruthú.

D’éirigh cúrsaí i bhfad níos fearr d’Éireann cúig nóiméad níos déanaí nuair a chur Murray pas chuig Gordon D’Arcy, a mheall dhá cosantóir sular chur sé McFadden isteach chun úd a ghnóthú sa chúinne. Ghnóthaigh Jackson an dhá phointe sa bhreis chun bearna 26 pointe a oscailt.

Leis an t-am ag dul isteach bhí am ag Éire agus Kearney chun úd sa bhreis a aimsiú le trí nóiméad le dul. D’imigh Ian Madigan ar ruathar agus d’imigh Eoin Reddan leis isteach i leath Samoa. Chur Reddan ar aghaidh chuig Rob Kearney é, a chur a dheartháir isteach arís chun a dara úd a aimsiú.

Níor éirigh le Jackson an cic slánaithe a aimsiú, ach bhí an jab déanta. Is dócha gur féidir le Schmidt sásamh ar leith a bhaint as an cluiche a bhuachan; gur bhain sé an bua ina chéad cluiche. Ní dócha go mbeidh an taispeántas seo maith go leoir sa dhá cluiche amach romhainn.