Polasaí Gaeilge Chomhairle IMD faoi ionsaí ag an DUP

Tá polasaí dhátheangach Chomhairle an Iúir, Mhúrna agus an Dúin faoi ionsaí ag an DUP.

Dar leis an chomhairleoir William Walker “ludricous indulgence” atá ann.

Ag caint leis an ‘Belfast Telegraph’ dúirt sé go bhfuil an polasaí ar mire ar an ábhar go bhfuil níos mó cainteoirí Polainnise agus Liotuáinise sa cheantar.

Ach deir an comhairleoir Barra Ó Muirí ó Shinn Féin nach ngabhann sé aon  leithscéal as an airgead a caitear ar an Ghaeilge.

Béal Feirste ag GaelGÁIRÍ

 

Beidh GaelGÁIRÍ ag cur seó ar siúl i mBéal Feirste den chéad uair riamh ar oíche Mháirt 4 Lúnasa, ag 8pm, sa Chultúrlann mar chuid de Fhéile an Phobail.

Ina measc siúd a bheidh ar an ardán le linn na hoíche beidh Michael Mee, Seán T. Ó Meallaigh agus Pato, Ger Staunton chomh maith le Aideen McQueen i mbun chúraimí bhean an tí. Beidh scata barrúil as Béal Feirste féin, Paddy McDonnell ina measc, le feiceáil ar an oíche.

£3 atá ar na ticéid agus tá breis eolais anseo

Ag léiriú GaelgairiBFdréacht2.jpg

Tá líon teoranta áiteanna ar fáil do cheardlann ghrinn a bheidh ar siúl i rith an lae ag lucht GhaelGAIRÍ, tuilleadh eolais ar fáil uathu ach r-phost a chur chucu.

Anuas air sin ta an t-aon chlub ghrinn Gaeilge sa tír seo ag dul ó neart go neart le mír nua ghrinn tosaithe acu ar Raidió na Life darbh ainm Raidió Ráiméis. Is lucht GhaelGÁIRÍ agus Lisa Madden atá taobh thiar de agus craolfar ar an mAn Bricfeasta Blasta é. Ta go leor píosaí beaga greannmhara i gceist leis a spochann as na meáin chraolta fud fad shaol na nGael. Seo an chéad eipeasód – Raidió Ráiméis 1.

Beidh GaelGÁIRÍ ag taisteal timpeall na tíre d’fhéilte eile mar sin coinnígí súil amach dóibh. Tá fáilte roimh mholtaí/smaointe d’fhíseáin agus fuirseoirí úra i gcónaí ach scéal a chur chucu ag gaelgairi@gmail.com

Tuilleadh eolais:

gaelgairi@gmail.com

facebook.com/Gaelgairi

twitter.com/GaelGAIRI

An Cúigear Costasach

gasuirlegaeilge

saoirenasamhna jpegBhí gliondar orm a chloisteáil go mbeidh Cló Iar-Chonnacht (CIC) ag foilsiú gearrscéalta “The Famous Five” de chuid Enid Blyton, atá ar na húdair chlasaiceacha i réimse na litríochta luath-aoise. Féach anseo le haghaidh sámpla de na haistriúcháin. Ach tháinig rud beag díomá orm nuair a d’fhiosraigh mé an scéal a thuilleadh.

Beidh CIC ag foilsiú gach gearrscéal mar leabhar ar leith–idir a shain-chlúdaigh féin. Is gearrscéalta iad seo a foilsíodh den chéad uair in irisleabhair–níl siad ró-fhada. Nuair a foilsíodh mar leabhar den chéad uair iad, bailíodh na gearrscéalta ar fad (sílim) den Famous Five le chéile agus eisíodh iad mar imleabhar amháin: The Famous Five Short Story Collection. Tá an clúdach bog ar díol ar 4.79 punt Sasanach ar amazon.co.uk, cé go bhfuil cóipeanna ath-láimhe le fáil ar .01 + postas.

I gcodarsnacht leis sin, tá gach gearrscéal ar leith le fáil ar 7 euro ó CIC –sin 56 euro…

Amharc ar an alt bunaidh 222 d’fhocla eile

Daideo : Leabhar go mbeadh fonn orm a léamh arís

Léirmheas ar Daideo le Áine Ní Ghlinn
 
 
Aonghus Ó hAlmhain

Léigh mé an úrscéilín seo d’aon racht chraosach amháin. Sin teist ar scéal maith. Agus scéal maith atá ann, leoga.

Scéal faoi bhuachaill atá ar a theitheadh ó fhoréigean agus achrann sa bhaile, é ar traein go dtí an Ardchathair.

Beartas stuama aige, ach fós féin tá fear na dticéid amhrasach faoi. Tagann seanfhear i dtarrtháil air.Daideo-Med

Tá an cuma ar go bhfuil an seanfhear ar a theitheadh ón saol baile fearacht Liam; agus insíonn sé a scéal do Liam, rud a chuireann Liam ag machnamh ar a chás féin, léargas nua a fháil againne agus aige.
 
Giorraíonn beirt bóthar, más bóthar iarainn féin é, agus shúigh an scéal isteach mé ón oscailt phléascach go dtí an deireadh drámata – nach bhfuil rún agam aon nod a scaoileadh faoi.
 
Deá theist eile ar leabhar – leabhar ficsean ach go háirithe – ná go mbeadh fonn ar dhuine é a léamh arís.
 
Tá an fonn sin orm, agus mé cinnte de go mbeidh tairbhe bhreise le fáil agam as an athléamh.

Is mar dhuine fásta a léigh mise an scéal, agus bhain mé taitneamh as. Shamhlóinn áfach go mbainfeadh déagóirí óga, mar atá luaite leis an leabhar, tairbhe as (rud beag dorcha chun sult a bheith luaite leis, cé go mbíonn ficsean sách dorcha á léamh acu)

Tá closleabhar – léite ag an údar féin – curtha ar fáil saor in aisce ag an foilsitheoir anseo: an smaoineamh, agus scéal atá an oiriúnach dó! Tá an leabhar ar fáil faoi chlúdach bog agus mar rLeabhar i riocht ePub.

Daideo
ISBN: 9781907494420
Foilsithe: 2014
Leathanaigh: 76

Seal i nGaeltacht na hAlban

Théis seachtain a chaitheamh ar an Eilean Sgitheanach, labhraíonn Cian Ó Tuathaláin faoina thaithí ag foghlaim Gàidhlig thall in Albain.

I mo shuí san R.D.S. a bhí mé i mbun scrúdú Gaeilge na hAlban nuair a bhaineadh geit dochreidte asam. Is beag gur léim mé as mo shuíochán nuair a tháinig an léachtóir b’agamsa chugam ag ofráil áit dom ar chúrsa Gaeltachta in Albain ar feadh seachtaine.

Ar ndóigh, bhí éirí croí orm leis an smaoineamh sin. Bhí orm íoc as an eitleán, as an traein agus as an mbád go dtí an coláiste (creid é nó ná creid – ach níl aon bhealach níos simplí le dul go dtí an Eilean Sgitheanach), ach cuireadh lóistín, teagasc agus bia ar fáil dom mar chuid den scéim UCD atá ar fáil do mhic léinn a bhfuil suim acu sa nGàidhlig.

download
Sabhall Mór Ostaig

Bhí mé théis a bheith ag obair ar an gCeathrú Rua roimh thús an chúrsa, agus cé gur fhág mé Conamara ag a naoi a’ chlog san oíche, níor shroich mé an t-Eilean Sgitheanach ach go dtí a hocht a’ chlog an oíche ina dhiaidh sin. Níl aon eitilt handy Ryanair go dtí an fíorGhaeltacht in Albain, bíodh a fhios agaibh!

Caithfear traein a fháil ó Ghlaschú go Mallaig sa nGàidhealtachd, agus cé go bhfuil na radharcanna mórthaibhseach amach is amach – ní bhíonn tóin sásta ag aon duine théis sé uair a’ chloig a chaitheamh ar traein. Nílim ag magadh nuair a deirimse go raibh mé breá sásta ansin agus mé i mo sheasamh ar an mbád.

Sabhal Mòr Ostaig an t-ainm atá ar an gcoláiste Ghaeilge ar an Eilean Sgitheanach. Campas álainn nua-aimseartha atá ann ar imeall ‘Eilean an Cheò’, agus is croí lár domhain na Gaeilge in Albain í an coláiste seo, gan dabht ar bith.

Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh romhainn ag stiúrthóir na gcúrsaí gairid, Alasdair, nuair a thángamar ar dtús, agus thug sé fillteáin fáilte dúinn in éineacht le heochracha ár seomraí. D’fhoghlaim muid gan mhoill go raibh an-tábhacht ag baint le tae agus caifé san áit seo, agus buaileadh múinteoirí, stiúrthóirí, mic léinn agus oibreoirí eile le chéile chuile uair a chloig nó mar sin le comhrá agus scéalta an lae a scaipeadh.

Mar dhuine a bhfuil céim bainte amach aige sa dtíreolas, is fada an lá ó d’fhoghlaim mé go mbíonn spéir gheall i gcónaí san oíche le linn an tsamhraidh i dtíortha ar nós na hÍoslainne agus na Graonlainne. Ach ní raibh a fhios agam ariamh go mbíonn an scéal céanna i gceist thall in Albain.

Sin ráite, tá gaol láidir idir na hÉireannaigh agus na hAlbanaigh, ar ndóigh – ach ní thuigeann daoine cé chomh cosúil is atá saol in Albain agus an saol sa gCríoch Lochlann. Bíonn sé deacair domsa le creidiúint go bhfuil an Ghàidhealtachd sa Ríocht Aontaithe ar chor ar bith.

Bhí mé i mo shuí ar an gcéad oíche sin – agus an ghrian ag taitneamh ag meán oíche. Ach ar an lá ina dhiaidh sin in Sabhal Mòr Ostaig, thuig mé go mbeadh craic agus spraoi i gceist le linn na seachtaine. Bhuail mé leis na daoine ar fad a bhí cláraithe don chúrsa seo – Gaeilge na hAlban do lucht labhairt na Gaeilge, nó Gaeilge-Gàidhlig mar a chuirtear air.

0539384ed234febd062a3df31852d788
Eilean a’ Cheo

Bhí cúigear againn. File, iar-leasphríomhoide, léachtóir, bainisteoir HSE, agus mé féin – ábhair oide – le cur leis an éagsúlacht. Bhí an t-ádh dearg linn go raibh múinteoir den scoth ag obair linn. Seans go mbeadh aithne ar roinnt agaibh uirthi – bean mhór na Gàidhlig, Beathag Mhoirisdean.

Is cainteoir dúchais í ó Leòdhas agus, buíochas mór le Dia, bhí Gaeilge na hÉireann aici ó bheith ag freastal ar chúrsaí i mBaile an Fheirtéaraigh le blianta anuas. Níor labhraíodh focal Béarla ar bith i rang Bheathaig, bail ó Dhia uirthi.

Tuigfidh sibh cé chomh suimiúil is a bhíonn sé le teanga iomlán nua a fhoghlaim, agus thairis sin le tuiscint go bhfuil sé beagáinín díreach cosúil le do theanga féin. An deacracht is mó b’againne ná leis na difríochtaí a fhoghlaim de glanmheabhair. Bhí muid in ann a bheith líofa chomh fada is go raibh focail áirithe Gaeilge á sheachaint againn.

Sna cúrsaí gairid, dírítear ar abairtí bunúsacha le cur síos a dhéanamh orainn féin, ar ár muintir agus ar ár bpostanna. Tá comhthéacs an-chosúil idir an dá theanga, agus mar sin bhí sé fíoréasca dúinn greim a fháil ar ghné sin na teanga.

Chuile lá i ndiaidh an chéad lá, chaitheamar deich nóiméad an duine ag caint faoin tráthnóna roimhe i nGàidhlig. Is minic go ndearna mé féin ar a laghad dearmaid go raibh muid ag caint i dteanga eile seachas Gaeilge.

Cuireann Sabhal Mòr Ostaig oideachas uathúil ar fáil don fhoghlaimeoir. Bíonn tábhacht ag baint le timpeallacht an seomra ranga, ar ndóigh, ach tógadh amach muid ar bhus timpeall an cheantair agus timpeall an oileáin ar fad chomh maith.

Bhain muid uilig sult go deo as na turais sin agus is minic gur chaith muid laethanta ar fad ag dul ó áit go háit ag meascadh le daoine áitiúla agus ag súil sléibhte. Chuamar ar bháid go hoileáin eile agus go dtí seisiúin ceol sna tithe tábhairne ar an mórthír. D’fhreastal muid ar oíche fhilíochta agus ar chéilithe freisin le linn an chúrsa.

Buaicphointe an turais domsa ná bheith ag bualadh le hoibreoirí an choláiste. Daoine nach mbíonn faitíos orthu roimh mheascadh leis na turasóirí agus nach mbíonn faitíos orthu roimh fhreastal ar na turais ach an oiread. Is minic gur chaith mé oíche ar an Eilean Sgitheanach ag foghlaim rince céilí na hAlban uathu théis a bheith sa bpub, ná bheith in éineacht leo ag seinm cheoil le chéile agus ag comhrá le chéile. Teaghlach atá ann i Sabhal Mòr Ostaig. Táim fíorbhuíoch gur ligeadh isteach an cúigear againn sa teaghlach sin nuair a bhíomar ann.

Ar an lá deireanach, bhí na hÉireannaigh uilig ag caint as Gàidhlig. Bhí muid líofa ar bhealach, chomh fada is a bhíomar cúramach gan an focal áirithe seo a rá, agus leis an bhfocal sin a chur isteach anseo is ansiúd. Is minic go raibh deacrachtaí againn le cúpla focal a bhí cosúil lena chéile, áfach: té bheag/taigh beag (gloine fuisce/leithreas) in ainneoin na difríochta i nGaeilge!

Ní fhéadfá an t-alt seo a scríobh sa bhliain 2014 gan trácht ar an rud is mó atá i mbéal an phobail in Albain. An reifreann. Is féidir roinnt duine a fheiceáil le suaitheantas orthu a bhfuil ‘Bu chòir’ scríofa orthu, agus is dócha go bhfuil an chuid is mó den Yes Voters le bheith ag teacht ón cheantar seo, an Ghàidhealtachd.

D’fhág mé an Eilean Sgitheanach le tocht orm. Níl ‘uisge beatha’ níos fearr in áit ar bith ar domhan agus tá an radharcra den scoth, ach is deacair an rud slán a rá le do chuid deartháireacha. Má osclaíonn tú do mheon do theangacha, tá tú ag oscailt do chroí don domhan. Bíonn croí oscailte ag muintir na hAlban duit ar aon nós, geallaim duit é sin, a léitheoir.

Tá tuilleadh eolais faoin gcoláiste Gàidhlig agus na cúrsaí gairid ar fáil ag: http://www.smo.uhi.ac.uk/en/cursaichean/cursaichean-goirid/

*An tEilean Sgitheanach – The Isle of Skye.

*An Críoch Lochlann – Scandinavia

Leabhar Mór na nAmhrán le seoladh

LeabharMorAmhran

 

Seolfaidh an Comhairleoir Contae, Seosamh Ó Cuaig, Leabhar Mór na nAmhrán i dTigh Mheaic i gCarna ar Lá Mhic Dara, Dé Máirt, an 16 Iúil, ag 7.00in.

 

Is é an craoltóir, Máirtín Tom Sheáinín, a bheidh ina fhear an tí.

 

Tá ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge, ar an sean-nós, sa leabhar. Ó cheann ceann na tíre iad agus tá nótaí cúlra ag dul le gach ceann díobh maidir le cé dar díóbh iad, cé a chum, an chaoi ar scaipeadh iad agus an dream a chasann iad sa lá atá inniu ann.

 

Leabhar é seo don scoláire, don amhránaí agus do dhuine ar bith ar suim leo teacht ar thuiscint níos leithne ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge, dar leis na foilsitheoirí, Cló Iar-Chonnacht.

 

“Ba iad na hamhráin seo a choinnigh beo iad scaití, a thug faoiseamh, sólás, misneach, pléisiúr éigin is dóchas dóibh in am an ghátair,” arsa Micheál Ó Conghaile.

 

“Ba saibhreas anama san am sin iad is níor ligeadar in éag ná le sruth iad. Inniu labhrann siad le pobal seo ár linne chomh hábalta céanna,” ar seisean.

Iarratais d’Oíche Chultúir na Gaeltachta á lorg

OicheChultuir

Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg iarratas maidir le himeachtaí le haghaidh Oíche Chultúir 2013, a bheas ar siúl 20ú Meán Fómhair.

Tá an eagraíocht ag comhordú na n-imeachtaí sa Ghaeltacht arís i mbliana agus iad ag súil gur féidir tógáil ar na héachtaí a bhaineadh amach leis an ócáid le blianta beaga anuas.

Is ócáid mór í  Oíche Chultúir  a dhéananna ceiliúradh faoi leith  ar shaol cultúrtha na healaíona  agus ar chruthaitheacht na tíre seo. Eagraítear na céadta imeachtaí cultúrtha go Náisiúnta  in aon oíche amhaín, iad uilig oscailte don phobal agus saor in aisce. Bíonn na himeachtaí ar siúl i ngach cineál ionad agus láthair: iarsmalanna, gailearaithe, amharclanna, stiuideóanna, amuigh faoin aer agus araile.

Tá go dtí Dé hAoine seo chugainn (12 Iúil) ag an bpobal chun iarratais a chur chuig Ealaín na Gaeltachta.

Is féidir tuilledh eolais a fháil ó ealain@udaras.ie.

 

Cultúrlann sa Spás!

An chéad fhocal scríofa Gaeilge seolta chun an spáis ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.

 Ar dtús bhí Cmdr Hadfield ag tvúiteáil as Gaeilge ón Spás, anois tá an teorainn deireanach sáraithe ag an Ghaeilge scríofa!

 Dé Sathairn 11 Bealtaine, thaisteal ealaíona na Gaeilge chuig árda nach raibh riamh bainte amach acu go dtí seo. D’éirigh leis na chéad fhocail scríofa Gaeilge dul in éadan na himtharraingthe suas tríd an trópaisféar agus suas go hárda an strataisféir.Space brochure-1 (1)

 Ceanglaíodh cóip de bhróisiúr ealaíon na Cultúrlainne le  balún héiliam a thaisteal 40km suas tríd an atmaisféar go himeall an spáis agus a tháinig ar ais ar pharaisiút.

Bhí an turas ina iomláine taifeadta ag ceamaraí ar bord ar éirigh leo na híomhánna iontacha seo den bhróisiúr a thaifead agus é ag eitilt go hard thar ghaineamhlaigh agus sléibhte SAM thiar.

Mhair an turas thart ar 5 uaire an chloig, agus lainseáladh an balún ó Bishop, California roimhe dó landáil go hard i sléibhte Sequoia National Forest, CA .

“Bhí daoine thar a bheith tógtha i mí Feabhra seo a chuaigh thart nuair a tvuíteáladh na chéad fhocail Ghaeilge ón Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis. Shocraigh muid go raibh sé in am dúinn a thuilleadh Gaeilge a sheoladh suas, rud éigin a raibh baint níos mó aige leis an teanga agus leis an chultúr ar léi. Is é sin, rud éigin níos mó ná an ‘cúpla focal’ go díreach” a mhínigh Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Imeachtaí ag an Chultúrlann.

“Bhí orainn cíoradh a dhéanamh ar cén rud a sheasfadh do bheogacht na teanga bheatha agus a shonródh an ócáid fhíor-thábhachtach seo i ndóigh fhóirsteanach. Smaoinigh muid ar fhoclóir, ar dhán, nó fiú ar thaifeadadh amhrán nó cainte a sheoladh. Faoi dheireadh, shocraigh muid ar chlár ealaíon na Cultúrlainne.”Space brochure-2

“Seasann an clár do bheogacht agus d’fhuinneamh na Gaeilge nua-aimseartha; tá imeachtaí ann do dhaoine ar gach aois agus de gach saghas suime, agus béim ar leith curtha ann ar an uileghabhálacht. Baineann sé le ceol, le damhsa, le scannánaíocht, leis na healaíona digiteacha agus leis na hamharcealaíona,  le hamharclannaíocht, le ceardlanna, le díospóireacht, le litríocht agus le ranganna trí mheán na Gaeilge, agus is cinnte go seasann an clár mar dhearcadh dearfadh ar atá i ndán don Ghaeilge.”

Ionad Ealaíon Gaeilge atá i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, atá suite ag 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Cuireann an Chultúrlann Clár Ealaíon beogach ar fáil, a chuireann an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge chun cinn.

Tá an Chultúrlann ina áit choinne tharraingteach do thurasóirí agus do dhaoine áitiúla araon. Tá an foirgneamh mar bhaile do bhialann, d’amharclann, do dhá dhánlann, do shiopa leabhar agus bronntanas, d’oifig eolais do thurasóirí, do sheomraí ranga agus do spásanna ceardlainne agus fhiontraíocht shóisialta.

Tuilleadh eolais: www.culturlann.ie

www.twitter.com/culturlann

https://www.facebook.com/AnChulturlann

Lainseáil ‘Earth to Sky Calculus’ an balún, http://www.facebook.com/pages/Earth-to-Sky-Calculus/174490502634920?fref=ts, grúpa dhíograiseoirí eolaíochta atá ar scoil mheánach agus ar ardscoil in Bishop, CA., rud a rinne siad faoi mhaoirseacht a múinteora Dr. Tony Phillips.

…………………………………………………………………………………………..

Arthur Rimbaud agus Jack Kerouac as Gaeilge – ticéid le buachan

Cuireann Dublin Writer’s Festival agus IMRAM Féile Litríochta Gaeilge Saothair Arthur Rimbaud agus Jack Kerouac i Láthair

Preas-ráites Cuirfear saothair nua-aistrithe Arthur Rimbaud agus Jack Kerouac i láthair ag dhá ócáid speisialta mar chuid den Dublin Writer’s Festival.Kerouac_MidRes

La Nuit est ma Femme: Jack Kerouac sa tóir ar theanga agus ar fhéiniúlacht

Déanfaidh La nuit est ma femme caidreamh Kerouac a iniúchadh agus a chaidreamh leis an bhFraincis, leis an gCaitliceachas agus leis an mBúdachas a léiriú; a fhéiniúlacht dhátheangach agus a chaidreamh míshuaimhneach le Meiriceá.

Freagróidh beirt scríbhneoirí Gearóid Mac Lochlainn agus Gabriel Rosenstock dá shaothar agus aistreofar cuid de go Gaeilge. Beidh snagcheol tobchumtha ag The Dirty Jazz Band agus íomhánna ar scáileán cruthaithe ag Margaret Lonergan mar thionlacan leis an seó.

Seoladh: Ar an oíche seolfar an cnuasach, sioc maidine/morning frost, an chuid is fearr ar fad de haiku Kerouac  agus iad foilsithe den chéad uair i nGaeilge.

Seanfhondúir an haiku in Éirinn, Gabriel Rosenstock, a chuir Gaeilge orthu agus d’aimsigh sé an nóta ceart tríd síos a nochtann áilleacht an bhunsaothair. Dála Kerouac féin, cuireann Rosenstock na haiku seo ag canadh dúinn.

Ionad: The Workman’s Club,

10 Wellington Quay, BÁC 2

Dáta: Déardaoin Bealtaine 23

Am: 20:30

Ticéid: €10/€8

Gadaí na Tine: Comóradh ar Arthur Rimbaud

Léiriú dhátheangach seo de Illuminations (1874). Tá na dánta sin aistrithe ag Ciaran Carson go Béarla agus foilsithe ag Gallery Press sa leabhar In the Light Of. Léifidh Liam Ó Muirthile leaganacha Gaeilge. Tionlacan ceoil le Seán Mac Erlaine agus íomhánna le Margaret Lonergan.Rimbaud_MidRes

Ionad: The Sugar Club, 8 Lower Leeson Street, BÁC 2

Dáta: Dé Céadaoin Bealtaine 22

Am: 8.30in

Ticéid: €10/€8

Tá ticéid ar fáil ó Dublin Writer’s Festival: www.dublinwritersfestival.com

Festival Box Office, Filmbase, An Cuarshráid, Barra an Teampaill, BÁC 2
Uaireanta Oscailte: Luan – Sat 11rn–7in & Domh 12 – 5in
T +353 (0) 1 687 7977
R boxoffice@dublinwritersfestival.com


Liam Carson, stiúrthóir IMRAM, Féile Litríochta na Gaeilge, a chruthaigh an tionscadal seo.

COMÓRTAS! 

Tá péire ticéid ag an Tuaisceoir don dá ocáid seo!

Chun na ticéid seo a bhuachan, níl le déanamh ach an cheist seo a leanas a fhreagairt.

Cén teanga a bhí ag Jack Kerouac ó dhúchais?

Scríobh do fhreagra le ‘Kerouac’ mar ábhar chuig antuairisceoir@gmail.com roimh 12:00 Dé Luain 20 Bealtaine.

Féach chomh maith : 

Comórtas : Luaithreach Angela