Deartháir don Duine Aerach an fear ithe Diúilicín – ‘bíodh an ghráin agaibh orthu’

Tuairim le Seán Ó Néill
 
Go díreach mar a deirtear gur deartháir don tsac an mála, caithfear gurb ionann fear ithe diúilicín agus duine a luíonn le duine eile den inscne chéanna. Níl soiléiriú de dhíth orainn sa chás dheireanach sin, nó tá sé ráite linn gur chóir go gcuirfí chun báis na fir a luífeadh lena chéile.  
 
“Fear a luíonn le fear eile mar a dhéanfadh le bean: rinneadar coir ghráiniúil le chéile; cuirtear chun báis iad; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin”
(Léivític 20:13)
 
Cá chuige nach gcuirfí chun báis an rógaire a bheadh de shíor ag alpadh na sliogán damanta sin, fosta?
IMG_1027
 Níl mé iomlán cinnte fá scála cánach an pheaca, nó cé hé go díreach ar cheart dó an t-idirdhealú seo a dhéanamh, ach mar sin féin, is léir gur chóir go mbeadh gráin againn ar an té a mbeadh sé de mhisneach aige na diúilicíní coiscithe a ithe. Nach dána an mhaise dó é!
 
Nó tá sé ráite linn sa leabhar mhór:
 
“Seo iad na dúile beo is ceadmhach daoibh a ithe dá maireann sna huiscí: dá bhfuil in uiscí na mara agus na habhann, ní miste daoibh gach a bhfuil eití agus gainní acu a ithe: 
 
ach aon ní sna farraigí nó sna haibhneacha atá gan eite gan ghainne, dá bhfuil de mhíola idir bheag agus mhór sna huiscí, bíodh an ghráin agaibh orthu.” (Léivític 11: 9-10)
 
Breá soiléir – níl cead ag aon duine bia mara ar bith a ithe nach bhfuil eití ná gainní aige.
 
Bíodh an ghráin againn orthu! Cuirtear chun báis iad láithreach!
 
Fan bomaite…an bhfuil ceart ag ceannaithe éisc na sliogáin dhubha a dhíol? Cad é a shíleann Asher’s Bakery?
 
Ar ndóigh, mar dhea.
 
Mura thug tú fá dear cheana féin, tá mé ag scríobh i leith na háibhéile. Nach casta an rud an creideamh, áfach? Nach dtéann cúrsaí in aimréidh, má chruthaítear scála peacaí agus pionós ar leith ag baint leis na peacaí faoi seach?
 
Nó tá sin ar an rud is suntasaí dá bhfeicim féin ó thaobh cúrsaí creidimh agus an dhlí i láthair na huaire, fad a bhaineann le cás an bhácúis ó thuaidh, nó le díospóireacht an reifrinn ó dheas, go fiú.
 
Más rud é go bhfuil an creideamh bunaithe ar lom an Bhíobla, mar atá do roinnt mhaith daoine, cad chuige nach nglactar le achan uile rud atá luaite sa leabhar?…Reifreann chun dlí a chur i bhfeidhm in éadan díolta diúlicíní, ar na bacáin?
 
Ní shílim é, ach má ghlactar leis nach bhfuil daoine de chreidimh áirithe ag iarraidh achan rud sa Bhíobla a chur i bhfeidhm, sa stát nó ina saol príobhaideacha go fiú, nach dtagann sin chun solais laige ollmhór ina dtaobh? Nach cuireann sé in iúl go bhfuil solúbacht ag baint leis an scéal ó thaobh léirmhíniú na gcuntas sa Bhíobla?
 
Caithfear an t-idirdhealú a dhéanamh idir an stát agus na creidimh éagsúla, sa dóigh is nach bhfaigheadh dream amháin an lámh in uachtar ar dhream eile. 
 
Sin an fáth a bhfuil an dlí againn. Sin an fáth a bhfuil reachtóirí againn. Sin an fáth a bhfuil cead ag na ceannaithe éisc na diúilicíní a dhíol. 
 
Cad é faoi Dhia a dhéanfainn dá ndiúltódh an ceannaí éisc m’ordú sliogáin dhubha? 

Coinín na Cásca agus Lá an Bhreithiúnais

Tuairim le Ciarán Dunbar

coinín na cásca

Dé Domhnaigh, bhí againn an Cháisc, an lá is tábhachtaí sa Chríostaíocht.

Le déanaí, tháinig an ceiliúradh sin faoi scáth na Nollag mar gur roghnaigh Santa teacht ag an am sin.

Mar sin féin, d’fhág coinín na Cásca corr-fhéirín i ngairdín s’againne dár n-iníon, an bhfuil seisean anois ag iarraidh dul i gcomórtas leis an fhear mhór?

Maith dom mo bhraschaint shobaidh a éisteoir ach títear dom go bhfuil lámh in uachtar á fháil ag Coinín na Cásca ar an chreideamh traidisiúnta mar a tharla cheana leis an Nollaig.

Ag an phointe seo caithfidh mé a fhógairt, a admháil más maith leis, nach bhfuil creideamh agam, is é sin le rá gur duine gan creideamh mé.

Bhál, sin a chreidim go gcreidim cibé ar bith.

Cé a chruthaigh sinne agus an domhain seo?

Níl barúil agam.

Ach i gcéad duitse, ní chreidim go bhfuil barúil agatsa ach an oiread.

Conas gur féidir le hápaí nochta a thuiscint cé a chruthaigh nó nár chruthaigh uilebhith.

Dá bhrí sin, ní bhacaim mórán leis an Nollaig nó leis an Cháisc, mothaím nach mbaineann ceachtar acu liomsa, cé go bhfuil sé deacair iad a sheachaint má tá páistí agat.

Ní thuigim faoi spéir cén fáth a mbacann iad siúd nach gcreideann sa Chríostaíocht leis na laetha móra Críostaíochta caithfidh mé a rá.

Déarfainn go bhfuil bunús na daoine a mbíonn teagmháil agam leo ar bhonn laethúil, ar líne go háirithe, ina n-aindiachaithe déanta.

Mothaím féin gur creideamh atá ann féin, creideamh chomh docht daingean céanna le creideamh ar bith eile.

Ach ní aontódh mórán acu leis an chur síos sin – muise, bheadh siad docht daingean faoina gcreideamh nach creideamh a gcreideamh.

Ghlacfadh roinnt daoine mar mhasla é sin fiú cé nach mbíonn aon leisce ar chuid acu féin dul i mbun dhiamhaslaithe.

Má mhaslaíonn tú, nach ionann is cinnte go maslóidh daoine eile thú?Má thugann tú amach é, nach gcaithfidh tú é a ghlacadh ó am go chéile.

Ach táthar ann mar aindiachaithe a chreideann nach amháin go bhfuil a gcreideann siad níos fearr ná an rud a chreideann daoine eile ach déanta na fírinne gur toradh é sin ar an fhíric go bhfuil siad féin níos fearr.

Is é sin le rá go bhfuil siad níos éabhlóidithe go díreach ná daoine a chreideann i nDia éigin, tá roinnt fianaise ann dó sin ach títear domsa gur creideamh an-chontúirteach é sin.

Is dócha go bhfuil mé ag rá go mothaím go bhfuil sotal ag baint le roinnt aindiachaithe – an sotal céanna a bhíonn ag roinnt daoine a chreideann i ndia nó i ndéithe.

index
Richard Dawkins

Richard Dawkins mar shampla, is minic a chuala mé é ag caint agus an bhfuil a fhios agat féin, is dóigh liom nach é nach gcreideann sé i nDia éigin ach go gcreideann sé gur Dia é féin.

Pápa na nAindiachtaithe a thugtar air go leith-mhagúil ach ar ndóigh, tá sé greannmhar mar tá rian na fírinne ann.

Ach fear é Dawkins a thug an-mhisneach dá lucht leanúna.

Laoch is ea é do chuid mhór daoine mar gur thug sé an neart dóibh teacht amach agus fógairt go poiblí nach gcreideann siad in aon dia – rud atá deacair a dhéanamh deirtear liom.

Thuaidh agus Theas, feiceann muid idéil a bhaineann le creideamh i gcodarsnacht leo siúd a bhaineann le dí-eaglaisiú.

Le glúin anuas, tá Éire ag tiontú a droim ar an eaglais Chaitliceach.

Tá a cumhacht pholaitiúil briste le fada cé go bhfuil greim láidir aici ar an chóras oideachais i dtólamh.

Tá líon na gcléir ag titim go tubaisteach, níos tapúla titear dom ná líon na ndaoine atá fós ag freastal ar an Aifreann – rud a chuirfeas an-bhrú ar an eaglais i gceann 20 bliana.

Taobh istigh de ghlúin eile, beidh lámh in uachtar ag an saoltachas agus, seans, ag an aindiachas féin fiú.

Beidh sagairt chomh tearc le draoithe.

Ach an mbeidh muid mórán níos fearr as? Lig dom a bheith soiniciúil.

Sílim go mbeidh muid chomh daorbhreithiúnach, piúratánach, suarach is a bhí muid i gcónaí ach go mbeidh Das_Jüngste_Gericht_(Memling)lipéid dheasa eile againn ag tabhairt leithscéal dúinn féin as.

Is ar an ábhar sin a cheapaim go bhfuil buntáiste ag ‘dia’ mar choincheap thar ‘aindiachas’.

Ní hé an smaoineamh go mbeidh saol eile againn ina dhiaidh an ceann seo – má tá an t-ádh orainn – an táirge is fearr a dhíolann na heaglaisí ach an smaoineamh go mbeidh Lá an Bhreithiúnais ann.

Ar an lá sin deirtear go ndéanfaidh Dia uilechumhacht breithiúnas orainn agus é nó í ar an eolas faoi gach aon ghníomh a rinneamar agus gach uile smaoineamh dá raibh againn riamh.

Na rudaí maithe, na rudaí oilc, na rudaí a bhí ar mire, na rudaí iontacha – iad uile go léir.

Is deas liom an smaoineamh go ndéanfaidh rud éigin níos mó ná mise, níos tuisceana, níos atruí fiúntas mo shaoil a mheas.

B’fhearr liom an breithiúnas sin ná a bheith daortha i gcúirt thuairimíocht an chine daonna agus iad ar fad chomh lochtach céanna.

Cá mhéad vótaí ar fiú Bonn Uile-Éireann?

Ciarán Dunbar 

10980764_1421768004783220_301203794081022474_n
Iarrthóir an SDLP in An tIúr agus Ard Mhacha – má bhí aon amhras ann faoin bhéim a leagfadh sé ar a chúlra CLG agus ar a bhonn Uile-Éireann – cuireann a phictiúr próifíle Facebook deireadh leis

Roghnaíodh an iar-pheileadóir Justin McNulty le seasamh ar son an SDLP go hoifigiúil an tseachtain seo caite.
Bhain an fear as Mullach Bán bonn Uile-Éireann sa pheil le Contae Ard Mhacha in 2002.
Seasfaidh sé mar iarrthóir i dtoghcheantar an Iúir agus Ard Mhacha sa toghchán Westminster atá le teacht i mí Bhealtaine.
Tá foinsí gar don SDLP sa toghcheantar dóchasach gur féidir leis an suíochán seo a bhaint ar ais ó Shinn Féin ach tá tráchtairí polaitiúla measartha cinnte nach féidir.
Bhí Sinn Féin 8,000 vóta chun tosaigh ar an SDLP sa toghchán deireanach, ach bhí Conor Murphy ag seasamh do Shinn Féin an iarraidh sin – tá sé socraithe acu Mickey Brady a chur chun tosaigh an uair seo.

Ní bheadh an próifíl céanna ag Mickey Brady, arbh as an Iúr dó, agus a bheadh ag Conor Murphy, nó ag Justin McNulty fiú – go háirithe i nDeisceart Ard Mhacha.
Mar sin féin, baineann clú Justin McNulty le cúrsaí peile, ní raibh aon bhaint phoiblí aige le polaitíocht go dtí seo cé go bhfuil sé ráite aige go bhfuil sé ina bhall den SDLP le fada.
Is é an cheist atá á cur ná cá mhéad vóta arbh fhiú bonn Uile-Éireann agus an mbeidh go leor ama aige chun branda an SDLP a athneartú sa cheantar?
Bheadh ‘luascadh’ de 9% ó Shinn Féin de dhíth ar Justin McNulty leis an suíochán a bhuachan.

Duais Nobel Tuillte Ag Stailceoir Ocrais?

Tá sé ina ábhar conspóide ó thuaidh an tseachtain seo tar éis gur dhúirt Ball Tionól de chuid Sinn Féin, Barry McIlduff gurb “laoch agus mairtíreach” an stailceoir ocrais Raymond McCreesh a fuair bás in 1981.

download (1)
Barry McIlduff

Lean an Ball Tionóil leis ag rá go raibh duais shíochána Nobel tuillte ag McCreesh níos mó ná go leor daoine as Éirinn a bronnadh an duais orthu go dtí seo.

Scríobh sé an ráiteas ar a bhlag tar éis gur bhris conspóid amach in athuair maidir le hainm na páirce súgartha ‘Réamainn Mhic Raois’ ar an Iúir.

Is ar an SDLP atá fócas na nAontachtaithe tar éis gur theip ar ochtar dá gcuid chomhairleoirí freastail ar chruinniú coiste ar an ábhar an tseachtain seo caite inár éirigh le Sinn Féin vóta a bhuachan leis an ainm a choinneáil.

Bhí comhairleoir amháin ón SDLP i láthair ach níor chaith sé vóta.

Bhí ar chomhairleoirí an SDLP freastail ar chruinniú le ceannaire an pháirtí, Alasdair McDonnell, leis an ábhar a phlé.

Tá sé tagtha chun solais ó shin ná gur roghnaigh ceannaire an SDLP ar an chomhairle, Michael Carr, freastal ar chruinniú ag a chlub gailf seachas ar an chruinniú coiste – rud atá aontachtaithe ar buile faoi.

Tá sé ráite ag an fheachtasóir ar son íobartaigh an IRA, Anne Travers, gur chóir go mbeadh náire ar an SDLP agus go mothaíonn sise gur lig siad síos í.

Beart agus briathar an Fhorais 

Aindrias Ó Cathasaigh 

Ó thit an tubaist eacnamaíochta anuas orainn, is minic a bhí ar ár bhformhór an crios a theannadh. Is minic a d’áitigh daoine i gcumhacht orainn é a dhéanamh, mar nach raibh an dara rogha ann. Is annamh, áfach, a bhraith siadsan an gátar chomh géar céanna leis an gcuid eile againn.

Ba é an scéal céanna i dtaca leis an nGaeilge é. Agus acmhainní dá ngearradh siar, bhí ar chuile dhuine agus chuile thionscnamh a theacht le níos lú, a dúradh. Ach b’fhéidir nárbh amhlaidh do chuile dhuine…

In 2012 agus Foras nForas logoa Gaeilge ag féachaint le maoiniú na neagraíochtaí Gaeilge a athrú, dúirt a phríomhfheidhmeannach Ferdie Mac an Fhailigh go mba ghá “luach ar airgead níos fearr a chinntiú”.

An bhliain chéanna bhí sé ar thoscaireacht an Fhorais chuig comhchoiste Oireachtais a phléigh leis an teanga. Thar éis don Fhoras trácht ar an gcoigilt a theastaigh in earnáil na Gaeilge, dúirt cathaoirleach an chomhchoiste: “The committee would welcome the opportunity to hear what efficiencies you have made in your own organisation since 2008”.

“Since 2008, our budget has been reduced by 16%”, a d’fhreagair Mac an Fhailigh, ach bhí ar an bhForas níos mó daoine a fhostú le ghabháil i mbun cúraimí breise a bhí leagtha air. Mar sin féin, “We have been carrying out efficiency savings in our own operations internally and in how we carry out the work we do.”

Agus níl aon amhras ach go rabhthas ag gearradh siar san earnáil stáit trí chéile sna blianta sin. I measc na gciorruithe bhí

  • laghdú 6.5%, ar an meán, ar pháidhe san earnáil phoiblí in 2009 de thoradh reachtaíochta éigeandála
  • laghduithe ar thuarastal na nairí rialtais: 10% in 2008, 5.5% in 2009, 6.6% in 2011
  • laghdú 7.3%, ar an meán, ar thuarastal na mbreithiúna (agus b’éigean an bunreacht a athrú chuige sin)

Ní áirítear ciorruithe ar phinsin san earnáil phoiblí ansin, ar ndóigh. Laghdaíodh tuarastail ar fud an gheilleagair uilig sa tréimhse chéanna. Léiríonn figiúirí ón bPríomhoifig Staidrimh gur thit páidhe na bhfostaithe i gcoitinne 3.6% idir 2008 agus 2012.

Ach céard faoi Fhoras na Gaeilge agus a phríomhfheidhmeannach tíosach? An raibh siadsan ag iompar a gcion féin den ualach coiteann? Fan go bhfeicfidh muid.

De réir tuarascáil bhliantúil an Fhoras Teanga do 2008, bhí tuarastal idir €115,000 agus €120,000 (£90-95,000) ag Ferdie Mac an Fhailigh. Is iomaí duine a déarfadh nach bhféadfaí tuarastal chomh hard sin a chosaint maidir le luach ar airgead a fháil, ach bíodh sin mar atá.

Leis an luas agus an éifeachtúlacht is dual don Fhoras Teanga, d’fhoilsigh sé tuarascáil bhliantúil 2012 trí seachtainí ó shin. Léiríonn sí gur íocadh idir €120,000 agus €125,000 (£100-105,000) mar thuarastal leis an bpríomhfheidhmeannach.

Mar sin, fad is a bhí titim os cionn 3% ar pháidhe na ndaoine i gcoitinne, tháinig méadú os cionn 4% ar thuarastal Mhic an Fhailigh. Tráth ar baineadh 16% den méid a bhí dá chaitheamh ar an teanga, cuireadh 4% leis an méid a bhí dá chaitheamh ar phríomhfheidhmeannach an Fhorais.

Is méanar dóibh siúd ar thuarastail sé fhigiúr, ní foláir, ach cén praghas atá ar bheart de réir briathair?

Eisiach : Treall-Fheachtasóirí na Gaeilge

Preasráiteas

Tá Coiste na bhFocal Nua tar éis tús a cur le feachtas conspóideach craiceáilte cacfhoclach a chuirfidh lucht leithris na tíre san tríthí!20150110_010824_LLS

Feachtas greamán i leithris fud fad na tíre é #LearnOnTheLoo atá dírithe ar phubanna agus ar chlubanna is daoine a chur ag caint agus ag clamhsán lena chéile faoi gach ábhar faoin spéir, an drabhlás agus an leathar san áireamh.

Is é atá ar na greamáin ná comhrá samhailteach idir beirt amuigh istoíche. Tugtar leagan Gaeilge den chomhrá anuas ar thiontú Béarla.

Táthar ag súil go gcabhróidh sé leis na Gaeil an saibhreas graosta atá againn féin agus táthar ag súil go meallfaidh sé daoine gan Ghaeilge i dtreo na teanga. Tá roinnt bunfhrasaí ann agus abairtí úsáideacha greannmhara leis!

Tá an feachtas tar éis tabhairní BÁC a bhualadh agus go leor cainte tarraingte acu ar twitter. Táthar ag druidim le 100 ionad i mBÁC a bhfuil na greamáin le feiceáil iontu.

Ní fada uainn cairde an Choiste a bheith á scaipeadh i mBéal Feirste agus Gaillimh chomh maith.

Tá gníomhaithe an Choiste gnóthach i mbailte agus i gcontaetha thall is abhus cheana. Tá cinn in airde cheana i Londain Shasana fiú amháin.

20150110_010814_LLSMás mian leat páirt a ghlacadh san fheachtas go háitiúil is féidir beartanna de 50 greamán a cheannach ar an bpost trí theagmháil a dhéanamh le coistenabhfocalnua@gmail.com (50 greamán ar €5/£4, mar chúnamh le feachtais nua) Moltar duit iad a chrochadh i leithris is áiteanna a mbíonn déagóirí is daoine fásta iontu ar fud do cheantair.

Tá comórtas á reachtáil acu chomh maith, agus duais ann don tweet/postáil facebook nó instagram leis an bpictiúr is fearr de cheann de na greamáin! Níl anseo ach an chéad chéim den fheachtas greamán seo, tá súil ag an gCoiste é a leathnú amach agus tá cúpla cleas i ndán do na Gaeil amach sa bhliain.

Thosaigh Coiste na bhFocal Nua mar chuntas twitter a mhol leagacha féideartha de bhéarlagair Gaeilge don phobal. Ó shin i leith táthar tar éis tabhairt faoin bhfeachtasaíocht anuas ar seo siúd is araile.

Is féidir teacht ar go leor saibhris cainte , gáirsiúlachta agus spraoi ag an gcuntas twitter anseo. @coistenabhfocalnua

learnontheloo5with2mmbleedPRIONTÁILTE

Níl an SDLP chun Comhaontú Theach Stair Mhonadh a fhaomhadh

Tá sé socraithe ag an SDLP gan Comhaontú Theach Stair Mhonadh, an comhaontú a socraíodh roimh an Nollaig, a fhaomhadh.

Dar leo i ráiteas eisithe i mBéarla:
“Bhí dul chun cinn ann ar chuid ábhar ach níl an toradh cuimsitheach nó deimhneach ar gach ábhar. Tá an SDLP chun a bhfuil láidir agus maith in ‘Stormont House’ a chosaint is a chur i bhfeidhm. Oibreoidh muid chun a bhfuil lag in ‘Stormont House’ a cheartú agus chun dul chun a dhéanamh ar ábhar ar a bhfuil ‘Stormont House’ i bhfad ro-chiúin, Bille Cearta, Acht Gaeilge, Fóram Saoránach mar is ceart agus chun an fhéidearthacht thuaidh-theas a shaoradh suas.”

Sin aistriúchán chomh dílis agus is féidir liom a dhéanamh ach tá mé den tuairim gur deachtaíodh an ráiteas áirithe seo seachas a bheith cumtha go cúramach i scríbhinn.

Táthar ag rá chomh maith go bhfuil an diúltú seo deistapaíoch agus go gcaithfear é a thuigbheáil i gcomhthéacs an toghcháin atá le theacht i mí Bhealtaine.

Tá sé socraithe ag an Alliance Party an comhaontú a fhaomhadh.

Comharthaíocht dhátheangach conspóideach i gcónaí

Tá sé ráite ag Comhairleoir Aontachtach ar Chomhairle an Iúir agus Múrna David Taylor go bhfuil sé buartha nach bhfuil gach iarratas ar chomharthaíocht dhátheangach sa cheantar dílis.

Tá sé á mhaíomh aige go bhfuil scairteanna gutháin faighte aige ó dhaoine atá buartha go gcrochfar comharthaí dhátheangach d’ainneoin thoil an phobail.

Deir sé go bhfuil iarratais ag teacht isteach ó cheantair ina bhfuil tromlach na ndaoine ina n-aontachtóirí agus go bhfuil imní air go bhfuil na hiarratais seo a dhéanamh ag polaiteoirí seachas ag cónaitheoirí.

Tá roinnt loitiméireacht déanta ar chomharthaíocht dhátheangach sa dúiche le blianta beaga anuas – tháinig an t-ábhar conspóideach seo chun tosaigh ar an Iúir sna 1940í, rud a spreag an rialtas Stormont ag an am cosc a chur orthu.

Mitchell McLaughlin ina Cheann-Chomhairle

Tá sé ciúin go leor i saol na polaitíochta ó thuaidh faoi láthair, i gcomparáid leis an tréimhse roimh an Nollaig cibé ar bith.

Mar sin féin, toghadh Mitchell McLaughlin ó Shinn Féin mar cheann-chomhairle ar an Tionóil nó ‘Spaker a’ tha Hoose’ mar a déarfá sa teanga mionlaigh eile.

Is é an chéad náisiúnach a raibh an post sin aige riamh.

Tá sé tagtha chun solas áfach nár vótáil ceithre bhall tionóil do chuid an DUP dó, d’ainneoin gurb vóta faoi cheangail aoireachta é – Edwin Poots, Jonathan Craig, Stephen Moutray agus Sydney Anderson.

Tá gach seans ann go mbeidh siad dlite i mbeart araíonachta anois, ba shuimiúil feiceáil cén tionchar polaitiúil a bheadh ag sin ar na DUP.

Go héifeachtach, ciallaíonn sé seo go bhfuil 28 mball tionól ag Sinn Féin anois, tá 30 de dhíth chun achainí ar bhonn ábhar buartha a shíniú agus cosc a chur ar reachtaíocht dá réir.