Ginmhilleadh – Téarma cruinn do bharbarthacht

Tuairim le hAonghus Ó hAlmhain

Foilsíodh alt anseo ar na mallaibh ag cáineadh úsáid an téarma ginmhilleadh mar rud atá “maslach”.

Dar leo siúd áfach a aithníonn gur neach daonna beo atá sa ghin, tá an téarma seo cruinn; agus is an gníomh atá, ní hamháin maslach, ach barbartha.

Tá díospóireacht bhríomhar ann faoi láthair maidir le ginmhilleadh in Éirinn. Tá ainm an Bhille fhéin ina shampla den sofhriotal a níonn iarracht an cheist a sheachaint – “An Bille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis”.
Cáintear Teachtaí Dála agus Seanadóirí as cur síos a dhéanamh ar go díreach cad a tharlaíonn don ghin le linn ginmhilleadh. Cáintear feachtasoírí as íomhánna de ghin a úsáid ar phóstaer.images

Tá cúis maith leis sin. Tá mórchuid den argóint ar son fáil éasca ar ghinmhilleadh bunaithe ar an dtuiscint nach duine an ghin. Bréagnaíonn na híomhánna seo agus na focail seo an tuairim sin; is gá mar sin an cur síos sin a sheachaint agus a stop má tá ginmhilleadh le bheith inghlactha ag an bpobal.

Buaileadh an buille is éifeachtaí i gcoinne an ghinmhilleadh le teacht ann don ultrafhuaim. Is iomaí lia nó altra a bhí ag obair i gclinic ghinmhilleadh a d’aithin dá bharr an éagóir a bhí á dhéanamh agus a chas a ndroim leis.

Ach is éifeachtach an frith mhodh é i ndíospóireacht an lipéad “maslach” a chuir ar argóint. Ní phléitear le maslaí – déantar neamhaird orthu. Ní gá plé le biogóid. Ós rud é go bhfuil a seasamh maslach agus gan a bheith fréamhaithe i réasún, ní gá dul i ngleic leis – tá sé, a priori, mícheart.

“Bulverism” a thug C.S. Lewis ar an gcineál seo cleasaíochta – neamhaird iomlán a dhéanamh ar argóint agus maíomh – “Níl sin á rá agat ach cionn is gur bean/fear/Caitliceach/

aindiachaí …”

Ainneoin go gcreideann muid gur ar mbonn réasún a dhéantar ceisteanna pholaitiúla a phlé, dáiríre tá tionchar láidir ag mothúcháin ar an gceist. Go háirithe nuair is ceist atá ann go bhfuil deighilt chomh domhain, dosháraithe ann agus atá i gceist an ghinmhilleadh. Más duine an ghin, tá ginmhilleadh mícheart. Murab ea, bheadh sé barbartha an rogha a cheilt ar bhean. Sin eithne na ceiste – ach níl aon chomhghéilleadh ná  bóthar leath bhealach idir an dá sheasamh.

Caithfear an cheist a chíoradh go hionraic – níl sé cóir taobh amháin den argóint a dhiúltú ón dtús – ceachtar taobh.

Is gá a aithint go bhfuil mórchuid na ndaoine ar an dá thaobh ionraic agus ar son cearta daonna – cearta na mban agus cearta an linbh – ach go bhfuil easaontas idir an luach a thugtar do gach cheart faoi seach agus an bunús atá leis sin.

Beidh an cheist seo linn go deo. Bhí Hippocrates i gcoinne ginmhilleadh ina mhóid a scríobhadh cúig chéad bliain roimh Chríost. Tá an taoide sall agus anall ó shin, agus beidh. Tá sé mí ionraic an cheist a sheachaint tríd lipéadú “masla” a chuir ar ceachtar taoibh de.
Is gá dúinn a aithint go bhfuil gach taobh ar a ndícheall an rud ceart a dhéanamh – agus caithfidh muid ár ndícheall a dhéanamh plé leis na fíricí seachas na mothúcháin.

Is féidir Aonghus a leanùint ar Twitter (@aonghusoha) agus tà blag aige, aonghus.blogspot.com.

“Ginmhilleadh: téarma maslaitheach”

Tuairim le ‘ancroiait‘ – foilsithe den chéad uair ar a blag féin – http://ancroiait.wordpress.com

 
Ginmhilleadh: mé a mhaslú, mé a mhaslú, mé a maxima mhaslú

Tá náire orm faoi mo theanga féin nuair a théim go dtí an bhfoclóir ag cuardú aistriúcháin ar ‘Abortion’ is níl tada ann ach ‘Ginmhilleadh.’ Níor chreid mé é nuair a chonaic mé é.

D’airigh mé ionsaithe ag an téarma, dúnmharú curtha i mo leith is mise ag dul ag scríobh faoi ‘Abortion’ mar cheart daonna. Bhí cumhacht fheargach na hEaglaise taobh thiar den téarma. Masla, masla, masla. Sin mar a bhuail an téarma ‘Ginmhilleadh’ mé.  Go láidir. Léim na litreacha ón leathanach ar Focal.ie agus chúisigh siad mé. Is ceangailte suas leis an masla sin, bhí náire.

460_0___30_0_0_0_0_0_wowmarching
Agóid ar son rogha i mBaile Átha Cliath

Ní fhéadfadh sé a bheith fíor, a cheap mé.  Cé a chum focal mar sin is cén fáth nach raibh téarma ar bith eile ann? Ag Focal.ie bíonn téarmaí nua-aoiseacha le fáil.

Céard sa diabhal a bhí an téarma seo ag déanamh ann? Ach, fan. Tá muid ag caint faoin teanga a tháinig chugainn ó na Bráithre Críostaithe is a leabhair gramadaí agus araile. Tá mé chomh cleachtaithe sin le teangachaí nua-aimseartha anois, ní le meon aigne a thagann díreach ón gCúistiúnacht Spáinneach, gur bhaineadh geit uafásach asam.

Is tá an téarma mícheart. Níl sa focal ‘Abort’ ach ‘Stopadh.’ Ach tá an téarma ‘Ginmhilleadh’ i bhfad, bhfad níos láidre is níos measa ná sin. Tá fearg agus déistin agus díbheirg na hEaglaise le sonrú ann.

Ní aistriúcháin atá sa téarma seo ach líomhain, breithiúnas agus lipéad damanta. Cuireann sé i gcuimhne na híomhánna a bhíonn ag na bunúsaithe is measa (lucht Iona agus a leitheidí): féatais clúdaithe le fuil á dtaispeáint acu le fíréan cráifeach don domhan mór is os comhair páiste na tíre freisin. Ach is cuma leo faoi na páistí a fheiceann íomhá mar sin mar dáiríre ní thuigeann siad soineantacht agus a thábhacht ar chor ar bith.

Tá athrú ag teastáil go géar uainn. Is téarma níos oiriúnaí. Chaith mé an cheist, ‘Cén bunúsaíoch freangtha de fhuathaitheoir ban a chum an focal ‘Ginmhilleadh? amach ar Tuitear le déanaí.  Is tháinig an freagra iontach seo ar ais chugham ó Paul Breen: ‘An sagart céanna a chum an aistriúcháin féintruailliú is dócha…’ Sin é. B’fhéidir nárbh é sagart a chum é i ndáiríre ach tagann an téarma ón dearcadh céanna a cháineann aon rud a bhaineann le gnéas.

A, Éireann! Ní bhfuair muid réidh le oidhreacht Dev agus na Bráithre Críostaithe fós inár dteanga atá truaillithe le faisisteachas. Ag féachaint ar an bhfocal ‘Ginmhilleadh’ mhothaigh mé ar aon leis na mná fadó a bhí cromtha le daonsmacht agus a séalta ollainn orthu mar chosaint is iad ag siúl na bóithre ag rá ‘Ochón agus ochón ó.’ Bhuel, sna scannáin ar aon nós. Ach bhí fulaingt ann is tá fós.

Dáiríre, ní fheicim mórán athrú sa tír leis an mbille nua. Cé nach raibh an focal ‘Abortion’ mar thideal ag an mbille, sin an focal a bhí i mbéal an phobail. Agus sa Ghaeilge ní raibh rogha againn mar ní raibh ach focal amháin sa bhfoclóir. Ha! Ní raibh rogha leis an bhfocal againn díreach mar nach raibh is nach bhfuil rogha ag mná na hÉireann faoi chéard is féidir leo a dhéanamh lena gcoirp féin. Fuaireamar ár oideachas i scoileanna Chaitliceacha agus mhúnlaigh siad muid. Caithfear fás suas inár meon aigne is sa teanga.

Tá masla sa téarma agus masla sa bhille a deireann le mná go gcaithfidh siad a bheith as a meabhair (go hoifigiúil) nó ag fáil bháis le rogha a bheith acu. Cé a thugann rogha do dhaoine atá as a meabhair? Níl ciall leis. Ní rogha é nuair atá duine ag fáil bháil. Gá atá ann. Is fós níl rogha ag mná na hÉireann is caithfidh siad éalú le náire mar is coir é ‘Críochnú’ (mo théarma ar Termination) sa tír fhaisisteach seo atá fós faoi bhrú na hEaglaise.

Taispeáineann ciapadh gnéasach Tom Barry ón oíche sinhttp://mergito.tumblr.com/post/55134539390 an fhadhb: fir a bheith ag ceapadh gur féidir leo a rogha rud a dhéanamh le saolta na mban is gan rogha ar bith ag na mná faoin ionsaí a dhéantar orthu.

[Mar eolas,  ‘Casg-breith’ atá ar ‘abortion’ i nGaeilge na hAlban – An Tuairisceoir]

Díospóireacht theasaí maidir le Ginmhilleadh

Tuairisc le Seán Míchaél Ó Donnchadha

Lean an díospóireacht ar aghaidh De Chéadaoin go dtí 5r.n maidin Déardaoin. Cuireadh tús leis an díospóireacht arís sa Dáil ag 4 i.n tráthnóna Déardaoin.

2302_Lucinda-Creigh_832764t
Reibiliúnach : Lucinda Creighton TD – caite amach as Fine Gael – an ligfear isteach arís í? An gcuirfidh sí páirtí úr ar bun? An bhfuil sí chun éirí as an pholaitíocht

Bhain an díospóireacht le leasuithe maidir leis an mBille um Bheatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint 2013.

Bhí sé socraithe go gcaithfí an vóta deiridh ag meán oíche De Chéadaoin  maidir leis an reachtaíocht ach ní mar seo a tharla sa deireadh.

Chuaigh an díospóireacht ar aghaidh go dtí 5am ar maidin Déardaoin agus níor déileáladh ach le 11 leasú ar fad as an  165 leasú ar fad a bhí molta.

Bhuaigh an Rialtas an chéad dá vóta sa Dáil maidir le leasuithe éagsúla a bhí molta – deireadh a chur leis an gclásal maidir le féinmharú agus leasú eile a dhéileáil le mínormáltachtaí marfacha féatais [fatal foetal abnormalities].

Dúirt sé teachtaí a bhí ar son rogha go raibh siad chun vótáil  i gcoinne an Bille mar go bhfuil sé ro-theoranta sna cúinsí ina gceadaítear ginmhilleadh; Clare Daly, Joe Higgins, Luke “ Ming” Flanagan, Richard Boyd Barrett, Mick Wallace agus Joan Collins. Bhí siad i gcoinne an pianbhreith de cheithre bhliana dhéag i gcoinne mná a bhris an dlí agus ba mhaith leo go gceadaíodh an Bille ginmhilleadh i gcásanna éignithe agus mínormáltachtaí marfacha féatais.

Dúirt Emer Mulhern go raibh sí chun vótáil ar son an Bille mar ní raibh sí chun a ligean dí féin a bheith caite amach as an Pháirtí cé go raibh fadhbanna aici leis an mBille.

Labhair Lucinda Creighton agus dúirt sí go raibh sí i gcoinne an Clasal 9 a cheadaíonn ginmhilleadh do mhná atá i mbaol féinmharuithe. Dúirt sí go raibh breith “Cás X”, a thógadh gan aon fhianaise liachta [medical evidence] mí-cheart agus ná raibh sí ag tabhairt tacaíocht don Bhille.

Bhí neamhspléachaigh cosúil le Michael Healy- Rae agus Mattie McGrath i gcoinne an Buille mar bhí siad i gcoinne ginmhilleadh.

Labhair “na ceithre reibiliúnaithe” ó FG, Terence Flanagan, Peter Matthews, Brian Walsh agus Billy Timmons i gcoinne an Bille.

Dúirt Roisín Shortall nách  mbeadh sí ag votáil ar son an Bille mar gur cheart ginmhilleadh a cheadú i gcásanna éignithe agus mínormaltáchtaí marfacha féatais. Bhí deacrachtaí aici lena gceadaítear ginmhilleadh déanach sa tréimhse iompair[gestational period] agus le ginmhilleadh i gcásanna féinmharuithe a bhí deachair a chruthú go cliniciúil. Bhí na socraithe chun tuairisciú a dhéanamh don Aire ó na hospidéil ar líon na ginmhilltí easnamhach.

Bhí Peadar Tóibín ó SF i gcoinne an Bille de bharr an clasál faoi fhéinmharú. Votáil sé i gcoinne mír den bhille aréir agus caithfear amach as an pháirtí é ar feadh sé mhí.

Chuir Joe Higgins dhá leasuithe ar aghaidh a gceadódh ginmhilleadh i gcásanna éignithe agus ciorrú coil [incest]. Bhí ceann ag Joan Collins a gceadódh ginmhilleadh i gcásanna ionsaithe mígheanasacha [sexual assaults].Thug Caoimhín Ó Caoláin ó SF tacaíocht do na leasuithe seo. Duirt an tAire James Reilly go raibh an Bille seo ag tabhairt reachtaíocht isteach a cheadódh ginmhilleadh faoi Cás X agus breithiúnas na Cuairte Uachtaraí go sainiúil agus dá bharr sin ní féidir glacadh leis na leasuithe seo.

Chuir Denis Naughton leasú ar aghaidh nách féidir aon cóir leigheas a úsáid a mbeadh mar thoradh air go gcuirfí deireadh leis an féatas sa bhroinn sa cás go mbeadh an féatas seo inmharthana [viable] taobh amuigh den bhroinn. Dúirt an tAire James Reilly nach nglacfar leis an leasú seo mar tá sé dleathach toirceas a fhoirceannadh i gcás ina bhfuil beatha, seachas sláinte,  na mná i mbaol faoi Cás X agus faoin reachtaíocht seo.

Chuir Lucinda Creighton leasú ar aghaidh go mbeadh sé mídhleathach ginmhilleadh a dhéanamh i gcás gur féidir le lucht leigheas breith spreagtha [induced birth] a thabhairt isteach. Chuir Roisín Shorthall ceann ar aghaidh a mbeadh teorann ama i gceist i gcás foirceannadh toirchis. Dúirt Peadar Tóibín go raibh fadhb mór ag a lán daoine faoi foirceannadh toirchis déanach agus iarr sé leasú nach gceadófaí  foirceannadh toirchis riamh níos déanaí na 12 seachtaine sa thréimhse iompair. Cháin Denis Naughton an tAire nach raibh na rialacháin[regulations] foilsithe leis an mbille. Dúirt sé go bhféadfadh Áire éile sa todhchaí athrú a dhéanamh ar na rialacháin reatha no fiú rialacháin nua a thabhairt isteach .Bhí leasú eile faoi breith anabaí dosheachanta [inevitable miscarriage] agus go gceadófaí ginmhilleadh sna cásanna sin.

Dúirt an tAire dá gcuirfí teorann ama isteach go gcaillfí mná. Níl ginmhilleadh ceadaithe san reachtaíocht seo ach amháin i gcás a bhfuil beatha na mná i mbaol. Diúltaigh se na leasuithe mar ní féidir teorann a chur le cheart.

Chuir Caoimhín Ó Caoláin leasú go gcuirfí dhá Tithe an Oireachtais agus an Ciste Pharlaiminte ábhartha ar an eolas faoi aon athrú ar liosta na n-oispidéil nua ina gceadaítear ginmhilleadh ná na  rialacháin. Diúltaigh an tAire agus dúirt go gcuirfí dhá Tithe an Oireachtais ar an eolas agus gur leor sin.

Chuir Joe Higgins agus Peadar Tóibín dhá leasaithe faoin eolas a mbeidh a bhailiú ag an Aire ionas go mbeidh an próiséas trédhearcach. Dúirt Roisín Shorthall go raibh sé tabhachtach go mbeidh an t-eolas go dtí an Aire follasach [explicit] ionas go mbeidh torthaí an reachtaíocht seo soiléir agus gur féidir maoirseacht cheart [propper supervision] a dhéanamh air. Diúltaigh an tAire do na leasuithe. Diarr Roisín Shorthall can a thaobh nach raibh an tAire chun staitisticí a fhoilsiú ar cén t-am a rinneadh an foirceannadh agus ar stádas an bhean agus an leanbh taréis an idirghabháil. Dúirt an tÁire nach raibh aon rud eile le rá aige faoin eolas a chuirfí ar fáil seachas a ndúirt sé cheana.

Bhí dhá leasuithe ag Clare Daly agus Joan Collins faoin tréimhse de cheithre bliana dhéag pionóis a ngearrfaí ar bhean nó éinne a thug tacaíocht dí faoi ghinmhilleadh a fháil. Níor ghlac an t Áire leis na leasuithe seo. Bhí ceann ag Lucinda Creighton go laghdófaí an tréimhse pionóis ó cheithre bhliana dhéag go dtí cúig bliana. Diúltaigh an tAire leis an leasú mar dúirt sé go raibh an tréimhse de cheithre bhliana dhéag ann dé réir comhairle ón Ard Aighne.

Agus í ag vótáil I gcoinne mír 58 den reachtaíocht ginmhillte dúirt  an Aire Stáit Lucinda Creighton, ‘Ní thiocfadh liom vótáil dó, go háirithe I bhfianaise an choimitmint soiléir a thug Fine Gael roimh an toghchán deiridh gan ginmhilleadh a thabhairt isteach. Tá tábhacht le geallúintí I bpolaitíocht, ach tá tábhacht ar Leith leo nuair atá ceisteanna beatha nó báis I gceist. Ní thiocfadh liomsa feall ar an gheallúint seo a thug mé is cuma cad iad na coinníollacha.’

Tá Lucinda Creighton briste as a post agus Paschal Donohoe roghnaithe ag Eanna Ó Cionnaith  chun teacht i gcomharbacht uirthi ina Aire Stáit do Ghnóthaí na hEorpa I ndiaidh di a vótáil I gcoinne reachtaíocht ginmhillte an rialtais sa Dáil oíche aréir. Tá sí caite amach as páirtí FG ach dúirt sí go leanfaidh sí ar aghaidh mar bhall den pháirtí agus nach raibh aon suim aici seasamh mar iarrthóir neamhspleách do Thoghcháin na h Eorpa ná nách raibh aon suim aici i mbunú páirtí nua. Tá sé ráite ag Eanna Ó Cionnaith cheana nach bhféadfadh aon iarrthóir a chaill aoire an rialtais [government whip] seasamh do FG san olltoghcháin atá le teacht.

Diúltaigh an Rialtas do na leasuithe go léir im thuairimse mar bhí socrú daingean idir an lucht Oibre agus Fine Gael ar an reachtaíocht deiridh.

Glacadh leis an reachtaíocht ar deireadh 131 votaí i gcoinne 27. Tosófar ag plé an Bille sa Seanad maidin Dé Luain.

Dochtúir Ginmhillte faighte Ciontach

Fuarthas dochtúir a rinneadh ginmhilltí mall sa toircheas ciontach as naíonáin a dhúnmharú i SAM

Fuair giúiré in Philadelpia, SAM, dochtúir ginmhillte ciontach inniu as trí leanbh a dhúnmharú le linn ghinmhilltí mall sa toircheas ag clinic a d’fhreastail ar mhná ar bheagán ioncaim.

Tá féidearthacht ann go ngearrfar pionós an bháis ar an Dr. Kermit Gosnell, 72.

Ba é buncheist ag croí an cháis ná ar rugadh na naíonáin beo nó marbh?

Cuireadh ina leith gur shaolaigh sé na leanaí agus gur chuir sé chun bás iad trína gcordaí dromlaigh a ghearradh le teanchair.

Chuala an giúiré fianaise ó iarfhostaithe an chlinic go raibh leanaí “ag snámh sa leithreas” agus “ag caoineadh” sular cuireadh deireadh lena mbeatha

Mar sin féin, dúirt na hiarfhostaithe céanna nár shíl siad go raibh na leanaí seo “iomlán beo” ag an am.

Chuala an giúiré fianaise thar cúig seachtaine agus ghlac sé 10 lá orthu chun cinneadh a dhéanamh.

kermit_gosnell0408
An Dr. Kermitt Gosnell

Ní nach ionadh, chuir an cás seo splanc leis an díospóireacht ar ghinmhilleadh i SAM in athuair.

Tá sé curtha i leith na meáin liobrálaí ag gníomhairí ar son beatha go ndearna siad neamhaird ar an chás seo de bhrí nár fheil sé dóibh a leithéid de scéal a phoiblí.

In alt san ‘New York Times’ áfach, cuireann eagarthóir leathanach tuairime an nuachtáin sin, Andrew Rosenthal, an cheist :

What does the trial of a Philadelphia doctor who is accused of performing illegal late-term abortions by inducing labor and then killing viable fetuses have to do with the debate over legal abortion?”

Tá ginmhilleadh mídhleathach in Pennsylviana tar éis 24 sheachtain mar go meastar gurb fhéidir le féatas maireachtáil taobh amuigh den bhroinn ina dhiaidh na haoise sin. 

“Athrú ar bith ar dhlíthe ginmhillte”

Tá sé ráite ag an Taoiseach, Enda Kenny, nach n-athróidh an ‘Protection of Life in Pregnancy Bill’ dlíthe na hÉireann maidir leis an ghinmhilleadh.

Bhí sé ag caint ag preas-ócáid ar maidin.

Dúirt sé go dtabharfadh an bille ‘cinnteacht’ do mhná atá ag iompar clainne agus ‘soiléireacht dhlíthiúil’ do dhochtúirí.

swf+Enda+Kenny2
An Taoiseach, Enda Kenny

Dúirt sé go bhfuil an bille taobh istigh de na paraiméadair leagtha amach ag an gCúirt Uachtarach maidir le ‘Cás X’.

Dúirt sé nach gcruthófar aon cheart nua agus go bhfuil ceart chun na beatha leanaí gan breith ann i gcónaí.

Faoin bhille nua, ceadófar ginmhilleadh má tá dochtúirí cinnte gurb í sin an t-aon leigheas a chuirfeadh deireadh le baol do bheatha na máthar.

Dúirt an Taoiseach go mbeadh scrúdú níos déine ann i gcásanna ina mbeadh  baol féinmharaithe.

Dar leis gur bhain an reachtaíocht úr le beatha a shábháil, idir saol na máthar agus saol leanaí gan breith.

Dúirt sé go raibh an rialtas tiomanta chun próiseas a chur i bhfeidhm nach scoilteadh an tír.

Dúirt an Tanáiste, Eamon /Gilmore, nach raibh i gceist leis an bhille seo ach reachtaíocht don ‘X Case’.

D’fhoilsigh an rialtas an dréacht-bhille aréir tar éis chruinniú an-fhada de chuid na comh-aireachta.

Faoin bhille, ceadófar deireadh a chur le toircheas má tá fíor-bhaol mór do bheatha na máthar, baol féinmharaithe san áireamh.

Má tá baol práinneach ann, b’fhéidir le dochtúir amháin ginmhilleadh a fhaomhadh ach má bhaineann an baol do bheatha le tinneas, caithfidh dhá dhochtúir an gnáthamh a fhaomhadh.

Ach dá má rud é gur baol féinmharaithe a bheadh i gceist, bheadh triúr dhochtúr de dhíth chun ginmhilleadh a cheadú.

Ach beidh foráil ‘diúltú coinsiasach’ ann do dhochtúirí, do bhanaltraí agus do mhná cabhrach.

Agus dá gciontódh duine ar bith as ginmhilleadh mídhleathach a dhéanamh, an bhean a bhí ag iompar clainne san áireamh, b’fhéidir téarma príosúin 14 bhliain a ghearradh orthu, finéal gan teorainn san áireamh.

Tá muintir na hÉireann scoilte go mór ar an ábhar seo agus ní dócha go sásóidh an Bille seo grúpa ‘ar son rogha’ in aon chor.

Ar an lámh eile, beidh lucht ‘ar son beatha’ buartha go n-úsáidfear an clásal maidir le féinmharú chun na geataí a oscailt do ‘ghinmhilleadh de réir éilimh’ a thabhairt isteach in Éirinn.

Chuir an suíomh seo ceist ar ár lucht léite Dé Luain – Cén seasamh atá agat féin maidir leis an nginmhilleadh?

Seo torthaí na pobalbhreithe sin.

Ginmhilleadh de réir éilimh – 46.15%

Gan an dlí a athrú ar chor ar bith – 19.23%

Reachtaíocht ar son ‘Chás X’ amháin – 11.54%

Ceist do mhná amháin atá ann – 11.54%

Ginmhilleadh i gcásanna áirithe – 7.69%

Eile – 3.85%

ALT BAINTEACH

Ginmhilleadh chun tosaigh

Ginmhilleadh chun tosaigh

Anailís le Ciarán Dúnbarrach

Is fada ceist an ghinmhillte curtha ar an mhéar fhada ag Éirinn ach is léir anois nach bhfuil an mhéar sin fada go leor a thuilleadh.

Tá ceist an ghinmhillte go mór chun tosaigh i bpolaitíocht na hÉireann faoi láthair, ní amháin idir na páirtithe ach iontu féin.

Inné sa ‘Sindo’, “Labour duo reveal plan to liberalise law bit by bit,” a ba é an fo-cheannteideal.

Bhí an scéal bunaithe ar thaifead rúnda a rinne gníomhaire frith-ghinmhillte ar bheirt TD ó Pháirtí an Lucht Oibre, Anne Ferris agus Aodhán Ó Riordáin.

Léirigh siad beirt gur chreid siad gur próiseas a bheas ann maidir le ginmhilleadh a thabhairt isteach in Éirinn agus gurb é reachtaíocht ar chás X an tús leis an phróiseas sin go díreach.

Faoi láthair, tá ginmhilleadh mídhleathach in Éirinn ach amháin má tá saol na máthar i mbaol. Mar sin féin, creidtear go dtaistealaíonn idir 4,000 agus 5,000 bean chuig an Bhreatain gach bliain chun ginmhilleadh a fháil.

Ní aon rún é go bhfuil Anne Ferris agus Aodhán Ó Riordáin ar son ghinmhilleadh de réir éilimh ach beidh brú ar Ó Riordáin go háirithe mar gheall ar an alt seo – de bhrí gur léirigh sé nach mbeadh sé soiléir faoina sheasamh i dtaca leis an cheist seo agus é ag caint leis na meáin.

Chomh maith leis sin, chaith sé anuas ar mhuintir Mhuineacháin agus a ndearcadh, dar leis, i leith cheisteanna morálta.

Ní dócha go bhfaighidh sé cárta ó Chomhairle Chontae Mhuineacháin um Nollaig.

Cé gur páirtí coimeádach iad Fine Gael i gcoitinne, agus cé go dtacóidh an chuid is mó den pháirtí le reachtaíocht ‘Cás X’ mar atá beartaithe – tá baol éirí amach nach beag ann.

Is é an fhadhb atá ag cuid mhaith d’Fhine Gael ná go mbeadh siad beartaithe go n-úsáidfear an reachtaíocht chun ginmhilleadh de réir éilimh a thabhairt isteach.

Creideann siad go dtarlóidh sé sin má luaitear baol féinmharaithe mar chúis chun ginmhilleadh a fháil.

Tá sé ráite cheana ag an TD do Ghaillimh Thoir, Brian Walsh, nach mbeidh sé ag tacú leis an bhille seo.

Tá an tAire Sóisearach, Lucinda Creighton an-ghlórach ar an cheist agus tá blag scríofa aici ar an ábhar seo.

Lucinda Creighton, TD
Lucinda Creighton, TD

Tuigtear go mbeadh sí réidh chun éirí as aoireacht an pháirtí mar gheall ar an cheist.

D’iarr an Taoiseach ar dhaoine aréir, chun foighid a bheith acu agus chun fanacht go dtí go bhfoilseofar an bille sula ndéanfaidh siad breithiúnas air.

Bhí ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin ag iarraidh a bheith glic ar an cheist seo agus Fianna Fáil a stiúradh tríd lár na díospóireachta.

Ach bí bheidh sé ábalta sin a dhéanamh anois agus srian láidir curtha ag Ard-Fheis a pháirtí air.

Ritheadh rún ag dearbhú gur páirtí ‘ar son beatha’ iad Fianna Fáil agus rún eile a chuaigh i gcoinne  “the introduction of any legislation which introduces the ‘risk of suicide’ as a threat to life of the mother and legitimises abortion in Ireland.’’

Thug 80% de fheisirí an pháirtí tacaíocht don rún udaí sin.

Tá clú ar Shinn Féin mar gheall ar smacht polaitiúil taobh istigh den pháirtí sin. Mar sin féin, tá easaontas á léiriú mar gheall ar an cheist áirithe seo.  Tuigtear go bhfuil an páirtí sa Dáil scoilte 50/50 maidir leis an ghinmhilleadh.

Cé go bhfuil go leor daoine taobh istigh de Shinn Féin ar son ginmhilleadh níos forleathana a bheith ar fáil  – ní dócha go ligfear don cheist an páirtí a scoilteadh áfach.

Níl an cheist seo chun imeacht ón stáitse go luath nó choíche.

Arbh fhéidir leis an ghinmhilleadh deireadh a chur le páirtithe polaitiúla na hÉireann mar atá siad san am atá i láthair agus deireadh a chur le polaitíocht Chogadh na gCarad faoi dheireadh?

Cá bhfios, ach is cinnte nach féidir an ‘genie’ seo a chur ar ais sa bhuidéal.

[Uasdátú : Déanfaidh an chomh-aireacht cinneadh maidir leis an Bhille ar chás X inniu. Tuigtear go mbeidh baol féinmharaithe san aireamh mar chúis chun deireadh a chur le toirchis / ginmhilleadh a fháil.]