An é seo do chupán tae?

Os cionn mo chéile táim chun léimt isteach sa seanchath seo. Ní fuath liomsa an Béarlachas. Cuireann sé isteach orm ó am go ham, ach go ginearálta ní éirím ró-fheargach (mura bhfuil an rialtas taobh thiar de, nó Aerphort BÁC). Níl móran le rá agam nach bhfuil pléite ag Antain Mac Lochlainn cheana féin (ní […]

https://blagadoir.wordpress.com/2016/10/22/an-e-seo-do-chupan-tae/

Peig – an bhfuil malairt modh múinte incheaptha?

Tá sé ina dheilín smolchaite i measc na neamh-Ghaeilgeoirí agus na nGaeilgeoirí araon go bhfuil teagasc na Gaeilge curtha ó mhaith ag Peig, an dóigh a n-úsáidtear í leis an teanga a mhúineadh don ghlúin óg dhrogallach. Ar dtús caithfidh mé a rá go bhfuil mé cineál amhrasach i leith an tseanbhailéid seo. Ar ndóigh is eachtrannach mise agus ní bhím mórán i dteagmháil leis an aos óg atá díreach ag foghlaim na teanga i scoileanna na hÉireann – mar sin níl cur amach agam ar an stádas atá ag Peig ansin faoi láthair. Mar a thuigim áfach baintear leas as a lán leabhar Gaeilge eile i múineadh na teanga. Mé féin ba mhaith liom go roghnófaí Rotha Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann thar Pheig, ós rud é gur scéal suimiúil ón Iarthar Fiain atá ann. Rud a chuireas an-ghliondar ar mo chroí é go bhfuil glacadh le Máire Nic Artáin mar lón léitheoireachta do na daltaí scoile, nó cé nach raibh an teanga ó dhúchas ag Séamus Ó Néill, bhí sí go gleoite galánta aige, agus is corraitheach ar fad an scéal atá ann. Dháiríre ní fhágfainn fuíoll molta ar Mháire Nic Artáin.

Mar sin féin, cé go bhfuil ábhar léitheoireachta ar fáil do na daltaí scoile is fearr ná Peig, is minic a ritheas liom an cheist a chur, nach bhféadfaí Peig féin a chur in aithne dóibh ar bhealach nua de chineál éigin. Is cuimhin liom fós an uair, fiche éigin bliain ó shin, a chrom mé féin ar Pheig an chéad uair. Mhothaigh mé go raibh mé ar thairseach móreachtra, díreach mar a bheinn ar tí cuairt a thabhairt ar dhomhan rúndiamhair de shórt éigin. B’fhéidir go raibh na scoláirí in Éirinn dubh dóite den leabhar sula bhfuair siad an chéad radharc air, ach bhí mise go mór mór in éad leo agus áiméar acu staidéar a dhéanamh ar scéal beatha Pheig ina bpáistí dóibh.12110931peigsayers

Is tábhachtach a thuiscint cad é an chúis, go beacht, le Peig a mhúineadh do na daltaí. Nuair a thosaigh athbheochan na Gaeilge, bhí an traidisiún scríbhneoireachta agus litríochta ligthe i ndearmad, an chuid is mó. Ní raibh sé praiticiúil dul i muinín an Chéitinnigh mar phatrún dea-úsáide agus dea-Ghaeilge, ós iomaí craiceann a chuir caint na ndaoine di idir an dá linn. An t-aon litríocht a raibh aithne ag muintir na Gaeltachta uirthi, ba í an bhéal-litríocht í, agus ba iad na seanchaithe an t-aon dream a raibh aird acu ar stíl agus ar fheabhas na teanga mar is dual d’ealaíontóirí an fhocail.

Thairis sin, mar a dúirt mé go minic (cloisim na léitheoirí ag osnaíl cheana: Dia dár réiteach, tá Panu ar an diabhal téad sin arís), ní gnách leis na múinteoirí ná le húdair na n-áiseanna foghlama trácht cuí cuimsitheach a dhéanamh ar chomhréir na Gaeilge, nó is fearr leo an taobh sin den teanga a fhágáil faoi na daltaí féin – iad a chur ag léamh leabhair cosúil le dírbheathaisnéis Pheig, mar mhúnla comhréire ar cóir dóibh aithris a dhéanamh air. Cinnte is gné chasta d’aon teanga í an chomhréir, agus caithfidh mé féin a admháil gur trí staidéar ar an mbéaloideas agus ar shaothar na scríbhneoirí dúchasacha a d’fhoghlaim mé an chuid is mó dá bhfuil ar eolas agam fá dtaobh de chomhréir na Gaeilge – an dóigh a dtéann na focail i bhfeidhm ar a chéile, an dóigh a mbíonn siad ag brath ar a chéile i gcomhthéacs na habairte, an dul ceart a bhíos ar na focail. Mar sin féin, b’fhearr liomsa an chomhréir a theagasc do na daltaí – agus do na múinteoirí féin! – sula rachaidís i ngleic leis an litríocht. Is í an chomhréir an chuid den Ghaeilge is difriúla leis an mBéarla, agus mar sin, is tábhachtach gan í a fhágáil faoin dalta féin gan cuidiú leis.

Ní hionann sin is a rá nach mba chóir Peig a chur os comhair na ndaltaí scoile a thuilleadh. Níl sé ciallmhar áfach gan an modh múinte a athrú de réir is mar atá tuiscint na scoláirí ar Pheig ag forbairt. Na torthaí nua taighde a chuaigh i gcló ar Cheiliúradh an Bhlascaoid mar shampla, nó an fhianaise a thug Pádraig Tyers sa leabhar deireanach a tháinig óna pheann sular cailleadh é, mar atá, Scéal trí Scéal – ba chóir go rachadh a leithéid i bhfeidhm ar an teagasc scoile.

Mar a thuigim féin an scéal ní léir gurbh é guth Pheig féin atá ag labhairt sa leabhar is clúití dá luaitear léi, is é sin, an dírbheathaisnéis. Deirtear go raibh a cuid scéalaíochta chomh lom, chomh neamh-mhaisithe le seanságaí na hÍoslainne, agus nár dhual di cuid mhór den tsíor-bhéal bhocht agus na hagalla cráifeacha a bhfuil an “tuairisc ar imeachtaí a beatha féin” chomh torrach sin leo. Mar sin, níl i mórán díobh ach an cóiriú catha a chuir a mac féin, Mícheál Ó Guithín, agus an bhean eagar, Iníon Uí Chinnéide, ar an leabhar, toisc go raibh a dtuiscint féin acu ar an gcineál urlabhra is dual don bhean. Ní raibh Peig sách banúil ag labhairt agus á cur féin in iúl, agus mar sin, b’éigean d’fhear – dá mac – snas ceart banúil a chur ar a cuid cainte. Sin paradacsa den chineál ba chóir a chardáil leis na daltaí, agus Peig á plé leo.

Anois caithfidh mé a admháil, arís, nach bhfuil mé eolach ar theagasc “Peigeolaíoch” na scoileanna in Éirinn an lae inniu, ó tá mé lonnaithe i dtír eile ar fad, agus ní féidir liom aon rud údarásúil a rá i dtaobh stádas Pheig i dteagasc scoile Gaeilge an lae inniu. Más fíor é, áfach, nár tháinig malairt cuma ar an stádas sin le déanaí, tá súil úr ag teastáil go géar ar fad. Dá mbeifí ag múineadh fisice ó théacsleabhar a foilsíodh sna 1920idí, bheadh scannal ann; agus cén fáth nach ábhar scannail den chineál chéanna é, mura bhfuiltear ag múineadh “Pheig” de réir nuathuiscintí scolártha ár linne féin?

Éistear lenár nGlór a Thaoisigh – Caithear Éisteacht

Protest Photos LISTEN TO THE PUBLIC TAOISEACH - WE WANT A MINIST

Bhailigh slua ag agóid arna eagrú ag Conradh na Gaeilge ag Roinn an Taoisigh i dTithe an Rialtais, Baile Átha Cliath níos moille inniu (Dé Céadaoin, 16 Iúil 2014), ag éileamh ar an Taoiseach Aire Stáit le Gaeilge líofa a cheapadh chun cúram Aire Gaeltachta.

Bhí tuairim ar 50 i láthair ag an agóid, uimhir shuntasach nuair a cuirtear san áireamh gur fógraíodh é an oíche roimhe go díreach.

Protest Photos LISTEN TO THE PUBLIC TAOISEACH - WE WANT A MINIST

 

 

D’admhaigh an tAire Sóisearach reatha, Joe McHugh TD, nach bhfuil sé de mhuinín aige a chuid Gaeilge a úsáid toisc go bhfuil sé “rusty” agus tá Conradh na Gaeilge ag ceistiú chinneadh an Taoisigh chun cúraimí na Gaeltachta a thabhairt dó nuair nach bhfuil sé inniúil ar an nGaeilge, ag rá nach bhfuil sé seo “cothrom ar an Aire Stáit nua ná ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.”

“An é bunús an cháis seo ná gur thug sé a ainm i nGaeilge?”

Fear cúisithe as Gaeilge a labhairt leis na péas

Bhí fear as Baile Átha Cliath os comhair chúirt i nDoire an tseachtain seo chuaigh thart agus é cúisithe as gan a chuid sonraí pearsanta a chur ar fáil feadh a chumais faoi Acht Cirt agus Slándála ar 6ú Márta na bliana seo.

Dúirt dlíodóir Dhiarmuid Mhic Dhubhghlais gur stop na péas a chliant agus é ag teacht amach as teach i gceantar an Chreagáin i nDoire – agus gur thug Diarmuid Mac Dubhghlais a chuid sonraí dóibh gan agóid – ach as Gaeilge.

PSNI+northern+Ireland+police
PSNI = Bealach fada le dul acu maidir le cultúr na nGael

D’fhiafraigh breitheamh na Cúirte Dúiche, Barney McElholm: “an é bunús an cháis seo ná gur thug sé a ainm i nGaeilge?”

Deir dlíodóir Dhiarmuid Mhic Dhubhghlais gur gabhadh é tar éis go ndearnadh cuardach air nuair a thug sé a ainm is a sheoladh i nGaeilge.

Dúirt sé gur dhiúltaigh a chliaint rabhadh a ghlacadh ar bhonn prionsabail ar an ábhar gur chloígh sé leis an dlí.

D’iarr an dlíodóir ionchúisimh go gcuirfí an cás ar athló ar feadh ceithre seachtaine chun fiosrúchán sa bhreis a dhéanamh ach dúirt dlíodóir Dhiarmuid Mhic Dhubhghlais nár thuig sé cén dóigh ar féidir níos mó fiosrúcháin a bheith ann.

Dúirt an breitheamh go raibh sé ag smaoineamh air cad a tharlódh dá ba rud é gurb Rómánach nó Síneach é an tUasal Mac Dubhghlais.

Chuir an dlíodóir cosanta in iúl don chúirt go raibh a chliant ag iarraidh go n-éistfí lena chás trí Ghaeilge – dhearbhaigh an breitheamh gur féidir sin a fhad is a bhí sé ag féachaint go cuí don sparán poiblí.

Cuireadh an cás ar athló go dtí 1 Bealtaine.

Trácht

Tá a fhios agam gur féidir leis a bheith ciotach go leor do Ghaeilgeoirí ag plé leis na PSNI i gcoitinne – agus go mbíonn cinneadh le déanamh maidir le do shonraí.

Má roghnaíonn duine féin-chinsireacht a dhéanamh orthu féin tá tú ag cur d’fhéiniúlacht féin ar leataobh chun éadulaingt a éascú.

Ar an lámh eile, má thugann duine sonraí Béarla agus faightear amach ar ball nach é sin an t-ainm oifigiúil atá orthu ar chor ar bith – nach ionann sin ach sonraí bréagacha? a thabhairt?

Tá an rialtas ó dheas ag marú na Gaeilge, ach tá níos mó den locht ort!

Chuaigh tú go Lá Mór na Gaeilge, bhí tú dearg le fearg leis an rialtas, teastaíonn uait toghchaí a roghnú don Ghaeilge ach is céard is féidir leatsa déanamh anois?

Is é a chuirim romham thíos ná roinnt céimeanna chun sin a chinntiú. Céimeann beaga simplí cuid acu, céimeanna móra roinnt eile, ach tá bealach ann gur féidir le gach éinne againn feabhsú cinnte. Mura bhfuil an-chuid ama agat an t-alt iomlán a léamh níl ort ach rud beag amháin a dhéanamh, díreach labhair Gaeilge le do pháistí! An chéad uair eile a deir duine leat go bhfuil siad ag iarraidh an teanga a chur chun cinn seol anseo iad.

NÁ DÉAN OIREAD IS SÍNEADH FADA/LEATHPHOINTE DE SEO A CHEARTÚ/CHÁINEADH ACH AMHÁIN SA CHÁS GO NDÉANANN TÚ CINNTE GO GCUIREANN TÚ CUID DE NA MOLTAÍ SEO IN ÚSÁID! (má dhéanann tú sin stróic leat ag cáineadh!)

60 soicind ar son na Gaeilge?! Céimeanna beaga

1. Ainm – bain úsáid as an leagan Gaeilge de d’ainm, tosaíodh comhrá Gaeilge liom inniu a bheadh i mBéarla murach m’ainm.

2. Seoladh – úsáid do sheoladh as Gaeilge le gach éinne, bainc, comhlachtaí fóin, glacann gach éinne leis is is bealach simplí é leis an teanga a chur chun cinn.

3. Abair ‘Dia dhuit’ ‘Go raibh maith agat’ agus ‘Slán’ in ionad na nathanna Béarla-fíor-éasca agus déanann seo an teanga feiceálach! An chuid is mó de Bhéarlóirí deir siad nach gcloiseann siad an teanga riamh, is is dócha go bhfuil an ceart ag roinnt acu beagnach i gcónaí, athraigh seo!

4. Cuir síniú Gaeilge agus ‘Fáilte roimh Ghaeilge’ le gach ríomhphost uait.

5. Feabhsaigh do chuid Gaeilge, os rud é gur teanga mhionlaithe í tá i bhfad níos mó éiginnteachta ann faoi théarmaí, litriú, agus gramadach. Measaim féin go dtugtar i bhfad an iomad airde ar chruinneas, nuair is cóir díriú ar shaibhreas, is le saibhreas is fearr a thagann líofacht agus beocht teanga. Saibhrímis sinn féin!

6. Athraigh do samsung/facebook/hotmail/google go Gaeilge.  UMB Bhanc na hÉireann (ATM)-  Fág glórphost (voicemail) Gaeilge ar do fhón.

7. Aon saghas ceistneora líon isteach é agus luaigh an Ghaeilge pé saghas rud é, bialann, polaitíocht, seirbhís óstáin- cuir an Ghaeilge chun cinn!

8. Scríobh téacsanna (texts) i nGaeilge

9. Siopaí Gaeilge – tacaigh leo! Babóg Baby, hairybaby.ie, litriocht.ie, siopa.ie

10. Nuachtáin – ceannaigh an Irish Times agus an Indó, dá olcas é, ar an gCéadaoin! Ceannaigh nós, ceannaigh comhar, tacaigh le goitse, nuacht24!

Seo pointí beagán níos mó, bíodh misneach agat!

1. Labhair Gaeilge le do pháistí. Má ta Gaeilge agat agus mura labhraíonn tú leo í tá tú ag baint rud a bhfuil luach mór cultúrtha, sóisialta is eacnamúil leis uathu. Deirtear go minic nach féidir seo a dhéanamh mura bhfuil Gaeilge ag do pháirtnéir, ag an bpobal timpeall ort, nó go bhfuil do chuid Gaeilge ró-lag, nó nach mbeidh Béarla maith go leor ag an bpáiste. Bheadh sé dodhéanta Béarla de ardchaighdeán a sheachaint in Éirinn sa lá atá inniu ann, fiú mura labhraíonn tú féin focal Béarla leo riamh beidh Béarla foirfe acu an-luath sa saol. Mura bhfuil agat ach smeadaráil den Ghaeilge, tabhair sin dóibh, is buntáiste ollmhór ata i mbunchumas Gaeilge fiú. Is nós atá i dteangacha, mura dtosaíonn tú amach á labhairt beidh sé deacair athrú níos déanaí. Labhair Gaeilge le do pháistí agus déan ón tús é! Ná coinnigh i bhfolach í!

2. Cónaigh le Gaeilgeoirí eile. Agus tú ag fágáil an bhaile/ na hollscoile/ag bogadh isteach i dteach/ag lorg árasáin, aimsigh Gaeil le cónaí ann leat. Ní hamháin go mbeidh i bhfad níos mó Gaeilge á labhairt agat ach beidh craic i bhfad níos mó ann. Ó mo thaithí tá na Gaeil míle uair níos spleodraí, níos ceolmhaire, is beidh gach saghas rírá is ruaille buaille atá ag dul ann. Ná caill amach ar an ruaille buaille.

3. Feabhsaigh do chuid Gaeilge, sea, sin é, raite agam arís an dara babhta cad chuige sin? Mar go bhfuilimd uile ar díth Gaeilge. Tá ár reimsí focal i bhfad rótheoranta le saol iomlán a chaitheamh as Gaeilge. Bímis ag léamh, ag caint ag scríobh ag staidéar. Saibhrímis sinn féin athuair!

4. Cuir comhrá ar siúl in do ionad oibre. An bhfuil Gaeilge agat? An féidir leat caint? Molaim seo in áit ranganna leamha, leadránacha.

5. post a dhéanann tú déan cinnte gur féidir é a chur ar fáil trí Ghaeilge agus déan cinnte go bhfuil daoine ar an eolas faoi seo!

6. Scolaíocht lán-Ghaeilge – ba chóir go mbeadh scolaíocht lán-Ghaeilge mar nós ag an mbunleibhéal in Éirinn, ach amháin dóibh sin a theastaíonn éalú uaithi (is fusa go mór seo a bhrú chun tosaigh! Bíonn toghcháin ann go minic, is ag polaiteoirí atá an chumhacht ó thaobh scolaíochta, cuirtear an pointe seo ina lui orthu. Gaelscolaíocht do gach éinne ar mian leo í.

7. Seol do pháistí go Gaelscoil. Ceann breá éasca, iontach, cabhrach!

8. Labhair Gaeilge le héinne a bhfuil sí acu. Dá ndéanfaimis uile seo…

9. Iarr seirbhísí Gaeilge i gcónaí, ón stát agus ó ghnólachtaí!

10. Siúil amach le duine le Gaeilge, deacair go leor rud mar seo a roghnú ach má tá tú ag comhlíonadh gach aon rud eile titfidh seo amach gan móran stró!

Seo rudaí níos mó arís a bhfuil obair na mblianta nó obair mhór i gceist iontu.

1. Fonn ort grúpa an chuirfidh an Ghaeilge chun cinn a chur ar bun?! Bhuel ná déan! Roghnaigh rud éigin a bhfuil spéis agat ann, agus a mbeadh suim ag go leor daoine ann agus cuir grúpa de sin ar siúl trí Ghaeilge. Is fearr i bhfad seo ná an seanmhúnla de ghrúpaí Gaeilge. Má tá cónaí ort amuigh faoin tuath gan aon spéiseanna agat ná ag do chomhghleacaithe, tá cead agat grúpa Gaeilge a bhunú agus díreach suí thart ag labhairt faoi rudaí gaelacha.

2. Cuir caifé/cultúrlann/amharclann ar bun; obair na gcapall de dhíth ach rí-ghá leo seo!

3. Cruthaigh timpeallachtaí lán-Ghaeilge. Beagán scanraidh ort bogadh chuig an nGaeltacht agus breis scanraidh ort cónaí i gcomún? Ar an drochuair níl mórán rudaí eile ‘dul an Ghaeilge a shábháil mar theanga bhaile. Caithfimid teacht anuas le bealach gur féidir linn gaelphobail a chur ar bun. Bhíodh communes acu is Home&Away agus bhíodh Home&Away cúl, bímis cúl!

4. Diúltaigh glan plé le haon eagraíocht stáit ach sa chéad teanga oifigiúil.

5. Bunaigh Gaelscoil, Gaelcholáiste, Gael-Ollscoil!

6. Bíodh post Gaeilge agat – déan iarracht post a bhunú ina mbeidh tú ag feidhmiú go hiomlán/mórán trí Ghaeilge

7. Ó agus feabhsaigh do chuid Gaeilge, bíodh Gaeilge níos fearr againn ná Béarla, cén fáth nach mbeadh, is cén fáth nach bhfuil?

Táim cinnte go bhfuil roinnt rudaí ansin thuas nach n-aontóidh daoine leo, bíodh acu, agus má tá locht ann, tá. Dála an scéil, beidh mé féin ag tabhairt faoi beagnach gach ceann de na rudaí seo mé féin, agus táim breá sásta glacadh le moltaí eile.

Tá go leor daoine den tuairim go bhfuil siad go mór ar son na Gaeilge ach teipeann orthu agus teipfidh orainn uile mar nach bhfuil daoine sásta na bunchéimeanna/ céimeanna meánacha a ghlacadh. Labhair Gaeilge le do pháistí! Den slua bhí i láthair ag Lá Mór na Gaeilge cén líon acu a dhéanfaidh amhlaidh? Cén fáth go ndéarfá leis an rialtas an teanga a úsáid má tá tú chun í a cheilt ar do pháistí féin?

Tá an saol gearr agus an t-am ag imeacht, féach, más leisceoir tú nach dteastaíonn uait aon rud eile thuas a dhéanamh, díreach labhair Gaeilge le do pháistí. Iontach, sásta go bhfuilimid beirt ar aon intinn.

Is féidir tuairimí a roinnt le húdar an ailt ar twitter @murchadhmor

An bhfuil tú ag lorg post?

An bhfuil tú ag lorg post? An bhfuil Gaeilge líofa agat? Tá go leor poist ar fáil ag obair le an AE ach níl go leor Gaeilgeoirí ag cur isteach orthu!

Tá maolú sealadach ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den AE – mar a bhíodh i gcás na Mailtise – toisc deacrachtaí praiticiúla tosaigh maidir le hearcú dlí-theangeolaithe, aistritheoirí, ateangairí agus foireann tacaíochta.551386_574294245924228_1485629945_n

Tá an leibhéal fostaíochta sna haonaid Ghaeilge níos ísle ná mar atá sna haonaid teanga eile cosúil le Mailtis nó Eastóinis. Gan maolú meastar go gcruthófaí suas le 200 folúntas.

Tá an maolú seo le breithniú i mí na Nollag 2015.

Tuilleann aistritheoirí breis is €4,000+ sa mhí agus tá géarghá le níos mó aistritheoirí faoi láthair san Aontas Eorpach.

Mar sin, chun dul i ngleic leis an fhadhb seo tá seimineár a reáchtáil Dé hAoine 26 Aibreán 2013 (4pm-6pm)  sa Léachtlann thuas staighre in Óstaí an Rí, Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1, faoi chathaoirleacht an Onóraigh Gerard Hogan, Breitheamh den Ardchúirt ar na deiseanna fostaíochta le hInstitiúidí an AE do chéimithe le Gaeilge líofa.

In ainneoin poist den scoth a bheith ar fáil le hInstitiúidí an Aontais do chéimithe le Gaeilge líofa, ní chuireann líon an-ard iarrthóirí isteach orthu le hais teangacha eile.

Seo deis na geallsealbhóirí éagsúla: Institiúidí an AE, an Rialtas, forais oideachais tríú leibhéil, mic léinn agus céimithe, a thabhairt le chéile chun na deiseanna seo a phoibliú agus a phlé.

Clár an tSeimineáir
16:00 Fáiltiú an Chathaoirligh, An tOnórach Gerard Hogan, Breitheamh den Ardchúirt
16:05 Lucinda Creighton TD, Aire um Ghnóthaí Eorpacha
16:25 Colmcille Ó Monacháin, Ceann Aonad na Gaeilge, An Coimisiún Eorpach
16:45 Seán Hade, Ceann Aonad na Gaeilge, Comhairle an Aontais Eorpaigh
17:05 Eoin Mac Dónaill, Dlítheangeolaí le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
17:15 Ionadaí EPSO (An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne)(cainteoir le deimhniú)
17:35 Plé oscailte
17:50 Achoimre ón rapporteur, Dáithí Mac Cárthaigh BL, Comhordaitheoir Dlí & Gaeilge;
17:55 Focal scoir an Chathaoirligh.

Is leithcheal é riachtanas Gaeilge do chúrsa trí mheán na Gaeilge : DUP

Díreach nuair a shíl tú nárbh fhéidir leis an DUP a bheith níos seafóidí lena bhfrithGhaelachas, d’éirigh leo a bheith níos seafóidí arís.

Tom-Buchanan-291x275
Tom Buchanan, DUP

Tá sé á mhaoímh ag an DUP go bhfuil sé “leatromach” go bhfuil riachtanas ann go mbeadh Gaeilge ag duine atá ag cur isteach ar chúrsa d’ábhair mhúinteoirí Gaelscolaíochta i gColáiste Mhuire i mBéal Feirste.

Tá an cúrsa féin beagán go hiomlán trí Ghaeilge. Tá an riachtanas seo á cheistiú ag an Bhall Tionóil d’Iarthar Thír Eoghain, Thomas Buchanan DUP, áfach.

D’iarr sé i gceist scríofa ar an Aire Oideachas, John O’Dowd, cén fáth a raibh sé riachtanach go mbeadh ardleibhéal Gaeilge ag mic léinn atá ag iarraidh an chúrsa seo a dhéanamh.

D’iarr sé ar an Aire O’Dowd a mhíniú dó cad a bhí sé ar intinn aige a dhéanamh faoin chúrsa “leatromach” seo.

To ask the Minister of Education why students wishing to sit a PGCE Course at St Mary’s University College, Belfast must have a high level of written and oral Irish; and what action he proposes to take to address the discriminatory nature of the course at St Mary’s.

Cé gur mhínigh an tAire O’Dowd go raibh an Ghaeilge riachtanach don chúrsa mar go mbeadh ar na múinteoirí seo a bheith ábalta teagasc trí mheán na Gaeilge, mhaigh Buchanan go raibh “element of discrimination” fós i gceist.

Ceantar na hOllscoile chun tosaigh ar an Iarthar

Ciarán Dúnbarrach

Maidir leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga, tá Iarthar Bhéal Feirste chun tosaigh sna Sé Chontae ach tá Botanic i gceantar na hollscoile chun cinn maidir le líon na ndaoine a bhfuil scileanna de gach sórt acu sa teanga.

Botanic_Avenue,_Belfast_-_geograph.org.uk_-_523641
Ascaill Botanic, Béal Feirste

Ní nach ionadh, mar seo an barda ina bhfuil Ollscoil na Banríona agus bheadh an Ardteist nó Ard-Leibhéal sa Ghaeilge ag cuid mhaith de na mic léinn ar Ollscoil na Banríona agus ar Ollscoil Uladh leis.

Bhí Bóthar an Ghleanna chun tosaigh ar gach barda toghcháin áitiúil eile ó thaobh an Ghaeilge mar phríomhtheanga, sa dara háit atá sé maidir leis an líon daoine a bhfuil scileanna de gach cineál acu le 696 duine atá ábalta an Ghaeilge a labhairt, a scríobh, a léamh is a thuigbheáil.

Arís, seo an ceantar in Iarthar Bhéal Feirste ina bhfuil Gaeltacht Bhóthair Seoighe agus Bunscoil Phobal Feirste le fáil ann. Bheadh duine ag súil lena leithéid sa dúiche seo, an t-aon áit a rinneadh athghaelú ceart air sa tír seachas Rath Cairn i gContae na Mí.

Barda Fios ar an Ghaeilge : Labhairt, léamh, scríobh agus tuigbheál na Gaeilge : Aois 3+
(Na Sé Chontae)

64847

Botanic (BF)

871

Glen Road (BF)

696

Derryaghy (LnagC)

653

Glencolin (BF)

629

Culmore (Doire)

581

Falls Park (BF)

580

Stranmillis (BF)

558

Ladybrook (BF)

542

Beechmount (BF)

508

Andersonstown (BF)

482

Whiterock (BF)

478

Windsor (BF)

475

Ardoyne (BF)

464

Upper Springfield (BF)

449

Derrytrasna (Craig Abhann)

443

Rosetta (BF)

439

Water Works (BF)

435

Clonard (BF)

429

Chichester Park (BF)

427

Shantallow West

413

Ballynafeigh (BF)

407

Silver Bridge (An tIur)

403

Burren and Kilbroney (An tIur)

398

Cliftonville (BF)

396

Collin Glen (BF)

391

Forkhill (An tIur)

386

Swatragh (Machaire Fíolta)

371

Derryleckagh (An tIur)

359

Musgrave (BF)

355

Arís, Béal Feirste go mór chun tosaigh ar cheantair eile sa Tuaisceart sa phríomh-deichniúir.

An Bhoireann agus Cill Bhrónaí, ceann den dá áit i gContae an Dúin ar an liosta thuas, ní luaitear an ceantar seo leis an Ghaeilge mórán agus níl aon Ghaelscoil le fáil ann. Tá míniú simplí ar an scéal áfach, ceantar meán aicmeach atá ann le go leor múinteoirí ag cur fúthu ann.

Ó thaobh na gcéatadán de, tá an scéal difriúil go maith. Tá go leor ceantair tuaithe chun tosaigh sa phríomh-deichniúr.

Seachas Bóthar an Ghleanna arís, tá ceantair tuaithe chun tosaigh, cé go bhfuil Páirc na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste sa cheathrú háit.

Tá an Tearmann (An Charraig Mhór) i lár Thír Eoghain sa dara háit, bhí go leor dóchais ann maidir leis an Ghaeilge sa cheantar seo tuairim ar 20 bhliain ó shin ach tá an ceantar tar éis titim siar ó thaobh chlú na Gaeilge de le blianta anuas.

Mar sin féin, is léir go bhfuil láidreacht éigin ag an teanga ann. Tá an Poblachtanachas an-láidir sa dúiche seo.

Tá ceantar an tSuaitrigh sa tríú áit, seo an barda ina bhfuil an t-ionad cultúrtha ‘An Carn’. Tá clú agus cáil ar an cheantar seo ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus ó thaobh na Gaeilge á labhairt mar theanga bhaile. Tá sé mar aidhm ag an phobal an Ghaeilge a athghabháil mar theanga an phobail.

Tá Washing Bay sa cheathrú háit, bhí an céatadán Gaeilgeoirí ard i gcónaí sa dúiche seo ar bhruach Loch nEathach taobh amuigh d’Oileán an Ghuail.

Barda Fios ar an Ghaeilge : Labhairt, léamh, scríobh agus tuigbheál na Gaeilge : Aois 3+ %
Glen Road (BF)

12.97

Termon (Ó Maigh)

12.06

Swatragh (Machaire Fíolta)

11.84

Washing Bay (Dún Geannain)

11.81

Falls Park (BF)

11.27

Lower Glenshane (Machaire Fíolta)

11.27

Silver Bridge (An tIúr)

11.23

Camlough (An tIúr)

10.45

Coalisland North (Dún Geannain)

10.39

Ballynashallog (Doire)

10.36

Glenshesk (Ceantar na Maoile)

10.34

Creggan (An tIúr)

10.16

Glencolin (BF)

10.1

Andersonstown (BF)

10.1

Drumalane (An tIúr)

10.01

Botanic (BF)

9.97

Mullaghmore (Dún Geannain)

9.82

Beechmount (BF)

9.73

Forkhill (An tIúr)

9.35

Dalriada (Ceantar na Maoile)

9.34

Burren and Kilbroney (An tIúr)

9.32

Kilwee (LnagC)

9.26

Glenariff (Ceantar na Maoile)

9.23

Clonard (BF)

9.09

Upper Springfield (BF)

8.89

Whiterock (BF)

8.8

Ballymartrim (Ard Mhacha)

8.76

Strand (Doire)

8.75

Ladybrook (BF)

8.61

Abbey Park (Ard Mhacha)

8.61

Conclúidí

Ní nach ionadh, maidir le líon na ndaoine leis an chumas scríobh, léamh, labhairt agus tuigbheál, tá Béal Feirste go mór chun tosaigh, ar ndóigh cathair is ea í – tá níos mó daoine ann.

Tá an-chosúlacht idir an liosta de na ceantair ina bhfuil líon na ndaoine a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu agus na ceantair ina bhfuil líon na ndaoine a bhfuil na ceithre scil acu.

Ceantair luaite leis an athbheochan chun tosaigh – ceantair ina mbeadh gluaiseacht radacach i bhfeidhm cuid mhaith acu sin.

Ó thaobh na gcéatadán de, tá an scéal sách difriúil áfach.

Tá sé suntasach go leor go bhfuil difear nach beag idir na ceantair seo agus na ceantair a bhí chun tosaigh maidir leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga.

B’fhiú a lua gur ceantair phoblachtacha iad an chéad chúigear.

Tá corr-rud suntasach le mothú sa liosta seo.

  • Tá tionchar na scoileanna gramadaí Béarla seachas na Gaelscoileanna le sonrú (go háirithe thart faoin Iúr mar shampla).
  • Tá ceantair chun tosaigh ina bhfuil gluaiseacht Ghaeilge níos traidisiúnta ar fáil, ar nós Dún Geanainn mar shampla, bunaithe ar fhoghlaim na Gaeilge mar dhara theanga sna scoileanna Béarla agus sna Gaeltachtaí.
  • Is léir go raibh an-tionchar ag na cúinsí seo ar leibhéil líofachta na Gaeilge i gceantair áirithe ach nár imir sé sin an-tionchar céanna ar líon na nGaeilgeoirí a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu mar a d’imir i mBéal Feirste.
  • Mar atá leis an scéal maidir leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga, níl áit ar bith i bhFear Manach ar an liosta seo, is beag má tá aon ghluaiseacht Ghaeilge ann sa Chontae seo cé go bhfuil Gaelscoil anois ann.

Alt bainteach leis an cheann seo. 

Béal Feirste chun tosaigh ó thaobh na Gaeilge de

Léirmheas – ‘Scéal Ghearóid Iarla’

‘Scéal Ghearóid Iarla’

Máire Mhac an tSaoi

€9.00 (bog),

120 lch;

Leabhar Breac

Léirmheas le Ciarán Dúnbarrach

Úrscéal stairiúil é seo, bunaithe ar fhíorscéal é seo. Glacaim go bhfuil an leabhar go hiomlán cruinn ó thaobh na staire de, agus is cinnte gur rud é sin atá ar intinn agam a fhiosrú dom féin.

Seo an cur síos ar an scéal ó shuíomh an fhoilsitheora, Leabhar Breac.

  “Duaisleabhar Ghradam Uí Shúilleabháin 2011. Taoiseach Normannach, file Gaelach, agus leasrí Shasana in Éirinn ab ea Gearóid Iarla, mar a thug na Gaeil ar Ghearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan. Leath a thiarnas ó ché Phort Láirge anoir trí chontaetha Chorcaí, Luimnigh, agus Chiarraí, agus siar chomh fada le Caisleán na Mainge. In ainneoin a chumhachta, cuimhnítear fós ar Ghearóid Iarla mar fhile a thug gean do na mná, agus mar sheandraoi.

Ó pheann dhuine de phríomhfhilí na hÉireann an t-úrscéal seo, leabhar a bhfuil pearsa staire atá gar do chroí an fhile mar ábhar ann — Gearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan (1335-1398), taoiseach, leasrí, file — an fear ar bhaist na Gaeil ‘Gearóid Iarla’ mar ainm air.”

Thaitin sé sin go maith liom go pearsanta, tá laige agam d’ábhar a shíolraíonn ó aimsir nach raibh an Ghaeilge ina teanga mionlaithe ach ina príomhtheanga na hÉireann.

B’amhlaidh an cás sa leabhar seo cé go mbaineann sé le taoiseach Normannach gaelaithe, Gearóid Mac Gearailt, tá corrfhocal Fraincise agus Béarla sa leabhar ach sin é go díreach.

Scéal suimiúil, más bunúsach go leor é, dar liom. Ach is cinnte gur scríobhadh go maith é, aithne níos fearr againn ar Mháire Mhac an tSaoi mar fhile, is mar léirmheastóir b’fhéidir, ná mar úrscéalaí.Sceal Ghearoid Iarla (1)

Bhí mé ag smaoineamh, is mé ag críochnú an leabhair, cad é as nár scríobh Máire Mhac an tSaoi níos mó prós? An scríobhfaidh sí níos mó prós go seadh? B’fhiú go mór di dar liom.

Tá an leabhar scríofa i nGaeilge na Mumhan, le rian na Gaeilge Clasaicí le mothú uirthi. Níl mé féin, mar Ultach aineolach, ábalta a rá go díreach cá háit a stopann ceann amháin acu is ar thosaigh an ceann eile.

Saineolaí ar an dá chanúint is ea í Máire Mhac an tSaoi, rud a raibh a fhios ag Seán Ó Riordáin go rímhaith. Sea, Gaeilge an-chruinn agus shaibhir atá ar fáil sa leabhar, ardGhaeilge léanta ar go leor bealaigh.

Cha dtabharfainn éitheach dhuit áfach, thug an Ghaeilge sa leabhar seo dúshlán dom féin, chomh crua céanna liom is a bheadh Gaeilge na hAlban le léamh.

Mar sin féin, níorbh bhréag-shaibhreas na bhfoghlaimeoirí é, b’fhíor-Ghaeilge ì. Bhí cúis leis. Ní hé go bhfuil focail á n-úsáid aici a fuair sí san fhoclóir féin is nach bhfuil faoi smacht iomlán tuisceana aici.

Muna raibh sé chomh héasca sin a léamh, sin mar atá, is beidh orm é a léamh arís- rud a dhéanfas mé amach anseo.

Seo leabhar beagáinín difriúil ó leabhair eile a foilsíodh i nGaeilge le tamall anuas, ach leabhar suimiúil arbh fhiú a cheannach is a léamh, agus fiú staidéar a dhéanamh air.

Tá Leabhar Breac le moladh as leabhar eile den scoth a chur amach ar an mhargadh, go raibh díolachán acu. 

Seo léirmheas eile ar an leabhar céanna le hAonghus Ó hAlmhain. 

Cé hiad na frithGhaeilgeoirí?

Ciarán Dúnbarrach

TUAIRIM – Seo Seachtain na Gaeilge agus seachtaine na bhfrithGhaeilgeoirí leis!

D’fhoghlaim muid an tseachtain seo gur féidir go ngabhfaidh na Gardaí tú as Gaeilge a labhairt, d’ainneoin go bhfuil siad in ainm a bheith ábalta an teanga a labhairt agus ní amháin sin ach go síleann scair den phobal gurb é sin an rud ceart le déanamh.

Is much of the hatred for the Irish language in Ireland simply underground unionism?

D’fhoghlaim muid go bhfuil ár gcraoltóir ‘náisiúnta’ go hiomlán claonta i gcoinne na Gaeilge. Bhál, d’fhoghlaim cuid againn, bhí daoine eile acu ar an eolas cheana.

Is í an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín CTR  a sheolfaidh Seachtain na Gaeilge 2013 ó thuaidh ag searmanas speisialta in Stormont ag 1.00in inniu (Dé Luain, 04 Márta 2013). Beidh Líofa 2015, tionscadal de chuid na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta le daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a fhoghlaim, á chur chun cinn mar chuid den tSeachtain.
Is í an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín CTR a sheolfaidh Seachtain na Gaeilge 2013 ó thuaidh ag searmanas speisialta in Stormont ag 1.00in inniu (Dé Luain, 04 Márta 2013). Beidh Líofa 2015, tionscadal de chuid na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta le daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a fhoghlaim, á chur chun cinn mar chuid den tSeachtain.

I bhfírinne seo an rud, níl ann ach ceart teanga amháin in Éirinn, is é sin an ceart GAN Ghaeilge a labhairt.

Níl aon chultúr de chearta teanga in Éirinn. Níl aon ghlacadh leis agus níl aon tuigbheáil air.

Ní chreideann fiú gach Gaeilgeoir gur cheart go mbeadh cearta teanga ag lucht na Gaeilge, bímis ionraic faoi sin.

Bíonn Gaeil áirithe ag iarraidh teacht ar chomhréiteach leis na hÉireannaigh Ghallda sin gur fuath leo an Ghaeilge, deirimse nach féidir sin.

Is é an fhadhb leis an chomhréiteach ná gur cur i gcéill é an feachtas i gcoinne na Gaeilge éigintí ag leibhéal na hArdteiste, feachtas i gcoinne na Gaeilge amach is amach atá ann.

Thiocfadh linn aontú gur ceart deireadh a chur leis an Ghaeilge ag leibhéal na hArdteiste agus bogadh an feachtas i gcoinne na Gaeilge ar aghaidh chuig an Ghaeilge sa bhunscoil agus mar sin de, go dtí an pointe nach mbeadh fiú an rogha ann leis an Ghaeilge a fhoghlaim, mar atá rudaí sa Tuaisceart?

Ag dul thar fóir atáimse? Nach bhfuil daoine atá i gcoinne na Gaeilge iomlán oscailte faoi, gurb é sin an aidhm atá acu?

Agus an Ghaelscolaíocht? Thiocfadh linn cúlú siar chuig an Ghaelscolaíocht agus ligin do na hÉireannaigh Gallda scoileanna iomlán Gallda a bheidh acu?

Meas tú go sásódh sé sin iad? Deirimise go mbogadh siad ar aghaidh agus go n-éileodh siad nach bhfaigheadh Gaelscoileanna aon mhaoiniú stáit – tá a leithéid éilithe ag an tráchtaire (de shíol Fhine Gael), Sarah Carey i gcolún san ‘Irish Times’ siar in 2008.

Tá cearta teanga iontach teoranta i bPoblacht na hÉireann agus tá siad teorannaithe ag an Acht Teanga atá in ainm a bheith ag cinntiú ár gcearta teanga.

Beagnach gan eisceacht, bheadh tráchtaire sna meáin Bhéarla ag iarraidh deireadh a chur leis an reachtaíocht seo.

Bheadh corr-Ghael ag aontú leo ar an ábhar gur reachtaíocht lochtach é agus de bhrí go gcuireann sé isteach ar Bhéarlóirí na tíre barraíocht agus nach fiú an tairbhe an trioblóid.

Tá go maith, ach má ghéilleann muid na cearta teanga atá againn, an féidir a bheith ag súil le seirbhísí ar bith trí mheán na Gaeilge.

Ach ceist níos tábhachtaí arís, má chailltear an tAcht Teanga (Is cinnte nach mbeidh mórán fágtha de faoin am a bheith an rialtas Fine Gael / Lucht Oibre críochnaithe leis), cé chomh fada is a bheas sé sula mbeadh muid ag troid ag geataí Gharraí Pheter William agus ag crosbhealaigh na Tulaí chun Raidió na Gaeltachta agus TG4 a chosaint?

Ná bíodh aon amhras faoi, tá gráin ag mionlach in Éirinn ar an Ghaeilge agus ní stopfaidh siad go dtí nach mbeidh rian di fágtha, agus níl aon réasúnú nó comhréiteach leis an ghráin.

Cé hiad na frithGhaeil?

Agus mé ag plé le daoine atá i gcoinne na Gaeilge le blianta anuas, ar líne agus sa fíorshaol, chríochnaigh mé an comhrá le ceist shimplí – an gcreideann tú i neamhspleáchas ná hÉireann.

Níor iarr mé orthu dá mba aontachtóirí iad, díreach an gcreideann siad i neamhspleáchas na hÉireann.

Sin ceist nach gcuirfidh RTÉ orthu.

90% den am, d’admhaigh siad nár chreid. Bhí siad feargach agus maslaithe gur chuir mé a leithéid de cheist ach d’admhaigh siad é.

Is é an rud atá ann ná nach bhfuil sé inghlactha in Éirinn, cosúil le gach tír is dócha, do shaoránaigh teacht amach is a rá nach gcreideann siad gur cheart go mbeadh an stát ann, gur bhotún é an neamhspleáchas agus go bhfuil siad dílis do stát eile i ndeireadh na dála.

Ach tá sé inghlactha go mbeadh daoine dubh i gcoinne chultúr dúchasaigh na tíre agus chosaint chultúr na tíre, agus thiocfadh dó gurb é sin is bunús le cuid mhaith de fhrithGhaelachas na hÉireann.

I ndeireadh na dála, nach ionann iarrachtaí chun deireadh a chur le cultúr náisiúin agus deireadh a chur leis an náisiún sin?