Scaifte Mór Ar Shlógadh Shinn Féin

Ba é ceannaire Shinn Féin Gerry Adams a thug an chéad óráid ag Slógadh Shinn Féin ar an Iúir Dé Sathairn.

Bhí príomh-halla Ghaeláras Mhic Ardghail plódaithe don ócáid.

Dar leis an fhear eagraithe, Johnny McGibbon, bhí 65 i láthair ach is féidir go raibh níos mó daoine ann.

Bhí go leor de cheannaireacht an pháirtí i láthair, an tAire Cultúir sna Sé Chontae Carál Ní Chuilín, Aire Oideachais Stormont John O’Dowd, cathaoirleach an pháirtí Declan Kearney agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ina measc.

Bhí an Ball Parlaiminte don Iúr is Ard Mhacha, Mickey Brady, agus an Ball Tionóil Róise Nic Thoirealaigh ann lena chois.

Thug an gníomhaire Gaeilge Linda Ervine óráid don slua chomh maith in éineacht le go leor eile.

Seo roinnt taifeadáin a rinne an Tuairisceoir ar an lá (tá siad ar fad dhátheangach).

Oráid Gerry Adams.

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh as Conamara.

Linda Ervine, a oibríonn chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Oirthear Bhéal Feirste.

An Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge.

An tOllamh Malachy Ó Néill ó Ollscoil Uladh.

 

 

Nuaíocht Oiriall 060515

 

Gaeilge agus an Comhairle 

AN tIÚR, MÚRN AGUS AN DÚN : Rinneadh cinneadh ar áite na Gaeilge ar lógó an tsarchomhairle nua a chur siar oíche Dé Mhairt na seachtaine seo.

Bhí polasaí dhátheangach an Iúir, Mhúrn agus an Dúin le plé ag cruinniú de chuid an chomhairle nua ach socraíodh an t-ábhar a chur siar.

Tá ‘Irish First’ tugtha ag dreamanna áirid sna meáin agus ag Aontachtaithe ar an pholasaí.

Dar leis an SDLP, mhol siadsan sos seachtaine a ghlacadh in éis gur eisigh an comhairle páipéar ag díbhe an ‘glaoch isteach’ a d’iarr aontachtaithe ar an ábhar.

Deir siad nach rabh go leor ama ag comhairleoirí an páipéar sin a mheas agus go bhfeil sé tábhachtach oibriú leis an phobal aontachtach chun cinntiú go nglacfar leis an an Ghaeilge de réir a chéile.

Tuigtear go bhfeil baol ann go rachaidh aontachtaithe chun na cúirte le bac a chur ar an pholasaí dhátheangach.

Tá sé ráite ag urlabhra Shinn Féin áfach nach bhfeil sé tábhachtach cé acu Gaelg nó Béarla atá ar dtús ar an lógó, a fhad is go bhfeil siad dís ansin.

Harold McKee
Harold McKee

McKee chun seasamh don UUP

AN DÚN THEAS : Tá Harold McKee roghnaiste chun seasamh ar son an UUP san Olltoghchán atá le teacht do thoghcheantar an Dúin Theas.

Tá sé ina chomhairleoir do cheantar Mhúrn ar Chomhairle an Iúir agus Mhúrn fá láthair.

Tá an BP reatha, Margaret Ritchie bhon SDLP ar an bhallóid cheana, mar atá Chris Hazzard bho Shinn Féin, Henry Reilly bho UKIP agus Martyn Todd bhon Alliance Party.

Char fhógair an DUP iarrthóir go seadh ach tá Glyn Hanna á lua leis an ainmniúchán.

Tá sé dearbhaiste ag an BT neamhspleách John McCallister nach bhfeil ar intinn aige seasamh.
Bhuaigh an SDLP an suíochán in 2012 le corradh agus 8,400 vóta sa bhreis.
**

An scéal a dhiúltaíonn imeacht 

AN tIÚR – Le tamall anuas tá scéal ‘Pháirc Réamoinn Mhic Raois’ ar chéad leathanach na bpáipéar nuachtáin agus ar na haerthonnta ó thuaidh ar bhonn laethúil.

Troideadh an cath a ba dhéanaí mar gheall ar an pháirc shúgartha bhocht seo i gceantair an Bhaile Bhoicht ar an Iúr i gComhairle an Iúir agus Mhúrn oíche Dé Luain.

Tá sé ina chnámh spairne ó athainmníodh an pháirc in onóir duine de na fir a fuair bás ar an staic ocrais i 1981, Réamonn Mac Raois, i 2001.newry parkww

Ach d’éirigh sé nas conspóidí le blianta anuas ó thosaigh na hagóidí a bhaineann le teorainn a chur le bratach na Breataine a bheith ar foluain ar Halla na Cathrach i mBéal Feirste.

Dúirt an SDLP go vótálfadh siad chun ‘Patrick’s Street Park’ a thabhairt air in athair dá mba rud é go rabh vóta ar an cheist.

Ach sa deireadh, cha rabh a leithéid ann óir chun sin a dhéanamh bheadh air an chomhairle rialacha seasta a chur ar ceal

Vótáil 15 in aghaidh 14 comhairleoir gan sin a dhéanamh áfach.

Vótáil an SDLP agus aontachtaithe ar an chomhairle ar son, vótáil poblachtaigh neamhspleácha le Sinn Féin chun bac a chur ar an rún.

Tá Sinn Féin ag rá go gcaithfidh na hAontachtaithe agus an SDLP glacadh le toil an phobail áitiúla anois.

Ach tá Aontachtaithe ag ráidht go leanfaidh siad ar aghaidh ag feachtasaíocht ar an ábhar seo.

Tá an comhairleoir neamhspleách, Brendan Curran, ag cur i leith Shinn Féin nach ‘eil croí s’acusan sa troid seo a thuilleadh agus go rabh airsean labhairt leis na meáin ar an ábhar seo le tamall anuas.

Iarbhall de Shinn Féin agus den IRA é an Comhairleoir Curran.

Tá an SDLP ag ráidht go bhfeil siadsan ag iarraidh ar an Choimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann teacht isteach agus rialú daingean a dhéanamh.

Tá na páirtithe Aontachtacha ag gealladh go dtabharfaidh siadsan an troid seo ar aghaidh go dtí an sar-chomhairle nua a thiocfas ar an tsaol ag deireadh na míosa seo.

**

Tá leath d’aibhneacha na Sé Chontae truallaiste ag dramhaíl a bhfeil baint aige le sciúradh breosla.

Tá 2/3 de na cásanna le fáil i gceantar Chomhairle an Iúir agus Mhúrn áfach,

Tháinig an t-eolas chun tosaigh i bhfreagra ar cheist a cuireadh sa Tionóil.

Eadar 2012 agus 2014, rinneadh Abhainn an Chreagáin a thruailliú 3 uair, Abhainn na Coillí 3 uair, Abhainn na Coisire dhá uair agus Abhainn na nDorsaí 3 uair.

Truallaíodh Abhainn Átha Féan 3 uair, Abhainn Ghlais Ghallaigh 3 uair ,Abhainn Fhoirceala 3 uair agus Abhainn Fhoirceala Íocthtarach dhá uair.
**
Nuacht na Gaeilge

Beidh Oíche Airneáin i mBeár an Iarnróid le Bothán anocht.

Tá an Railway Bar suite ar Shráid Mhuineacháin ar an Iúir agus bíonn seirbhís lánGhaeilge ar fáil de ghnáth ann

IMG_8646
Cuid de scabhta a bhí i láthair d’oscailt oifigiúil oifigí Ghlór na nGael sa Ghaeláras ar an Iúr oíche Deardaoin (pic : Craobh an Iúir)

Imeacht saor in aisce a bheas ann.

Beidh Féile Dhún Dealgan, comórtas Drámaíochta Gaeilge do na scoileanna ar siúl ar an Luan 9ú Márta idir 9.00 ar maidin agus 5.00 tráthnóna, in Amharclann Mhic Anna.

I mbliana tháinig fás suntasach ar líon na scoileanna a chuir isteach ar an Fhéile – beidh dhá dhráma dhéag ar fad, idir Bunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna ar an ardán san amharclann.

Rachaidh leath acu sin ar aghaidh chuig an Fhéile Cúige ar an Mhuileann gCearr ar an Aoine 13ú Márta.

Nuacht Oiriall 160115

Tá sé ráite ag Comhairleoir Aontachtach ar Chomhairle an Iúir agus Múrna David Taylor go bhfeil sé buartha nach bhfeil gach iarratas ar chomharthaíocht dhátheangach sa cheantar dílis.download (1)

Tá sé á mhaíomh aige go bhfeil scairteanna gutháin faighte aige ó dhaoine atá buartha go gcrochfar comharthaí dhátheangacha d’ainneoin thoil an phobail.

Deir sé go bhfeil iarratais ag teacht isteach ó cheantair ina bhfeil tromlach na ndaoine ina n-aontachtóirí.

Deir sé go bhfeil imní air go bhfeil na hiarratais seo a dhéanamh ag polaiteoirí seachas ag cónaitheoirí.

Tá cáil loitiméireacht déanta ar chomharthaíocht dhátheangach sa dúiche le blianta beaga anuas

Tháinig an t-ábhar conspóideach seo chun tosaigh ar an Iúir sna 1940í, rud a spreag an rialtas Stormont cosc a chur ar theangacha seachas Béarla ar chomharthaíocht.

**

Ghabh Gardaí ag fiosrú ghníomhaíocht easaontachtach poblachtach beirt fhear ar an tSráidbhaile (Dún Dealgán) an tseachtain seo.

Gabhadh fear san 40í agus fuarthas raifil nuair a stopadh is a cuardaíodh carr i nDún Dealgan Dé Máirt.

Gabhadh fear eile sna 50í i gcuardach in éis sin ar an mbaile.

**

Tá fáilte curtha roimhe le fógairt an Aire Chultúrtha Carál Ní Chuilín go seolfar comhairliúchán nua ar dhréacht-Acht Gaeilge an mhí seo chugainn ag an chomhairleoir Barra Ó Muirí as an Bhaile Úr.

Tá sé ag iarraidh ar Ghaeilgeoirí páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo.

Spórt

I ndiaidh chruinnithe de chuid Bhord Contae Ard Mhacha ag tús na seachtaine, cheap Coiste Contae Ard Mhacha Sailbheastar Mac Conaill mar bhainisteoir sinsear iomála don bhliain 2015.

Beidh Pádraig Ó Conchúir mar bhainisteoir cúnta leis.

Agus rinne Coiste Contae Ard Mhacha foireann bainistíochta pheil na mionúr a fhógairt do 2015 chomh maith.

Is é iar-imreoir Ard Mhacha agus buaiteoir Chraobh na hÉireann, Aodhán Ó Ruairc a bheas ag cur a thaithí fhairsing bainistithe ar fáil dá chontae dúchais.

Taobh leis, beidh a chomhghleacaí ó 2002 agus a chomh-bhuaiteoir gradaim Uile-réalta Pól Mac Gráine ann, fear a raibh ról lárnach aige i bhforbairt Acadamh na hÚllóirde in Ard Mhacha le blianta beaga anuas.

I ndiaidh a bhfeil bainte amach aige le Scoil Naomh Pól ar an tSruthán, bhéarfaidh Máirtín Ó Ruairc an taithí sin uilig atá aige féin don fhoireann bhainistíochta.

Agus bainfidh siad leas as saineolas Phóil Uí Dhúghaill, bainisteoir peile na mionúr anuraidh, agus Dáithí Mac Liam as Cumann Naomh Peadar agus Scoil Ghramadaí Naomh Mícheál chomh maith.

Nuacht Ghaeilge

Tosóidh ranganna Gaeilge do thosaitheoirí agus d’iar-thosaitheoirí i gClubtheach Chluain Daimh ag 20:00 Dé Mháirt.

Nuaíocht Oiriall 090115

Nuaíocht Oirialla arna léamh aige Ciarán Dunbar

**

Vótáil an sar-chomhairle nua, comhairle an Iúir agus Múrna agus Comhairle an Dúin le chéile, Newry, Mourne and Down Council a bhaisteadh air féin oíche Dé Mháirt na seachtaine seo.

Is é sin le rá gur socraíodh leanmhain ar aghaidh leis an ainm a bhí in úsáid go dtí seo d’ainneoin nach raibh an t-ainm údaí seo ar an ghearrliosta a cuireadh os comhair an chomhairle agus d’ainneoin go ndearnadh comhairliúchán ar chostas £30,000 ar an ábhar – cé gur bhain sé sin le cúrsaí brandála chomh maith.

Tá go leor díomá á léiriú in Ard Mhacha Theas maidir leis an ainm nua ar an ábhar nach bhfuil tagairt ar bith den dúiche ann.

Dar le Sinn Féin, masla d’aon chúis a bhí ann agus tá tacadóirí an pháirtí glórach ar an ábhar ar na meáin shóisialta ag cur an milleán ar an SDLP.

Bhí Sinn Féin ag iarraidh ‘Newry City, Mourne & Gullion’ a thabhairt ar an cheantar ach char éirigh leis an mholadh sin.

Vótáil an bheirt chomhairleoir SDLP i nDeisceart Ard Mhacha i gcoinne an ainm nua d’ainneoin gur éirigh leis le tacaíocht an SDLP in éineacht le haontachtóirí.

Tvuíteáil ceannaire an SDLP ar an chomhairle Colin McGrath ;“Good news for Down as it was the only option with that name in it.”

Ní raibh baile mór an Iúir luaite sna trí moltaí a bhí sa ghearrliosta os comhair chruinniú an chomhairle ach ghéill comhairleoirí do bhrú ‘An tIúr’ a chur san áireamh san ainm, go háirithe bho Chomhlachas Tráchtála an Iúir.

**

Phléadáil déagóir as Bóthar Thaobh Chrom i bhFoirceal neamhchiontach i gCúirt Chorónach an Iúir i gcionta a bhaineann le buamaí a dhéanamh Dé Mháirt.

Tá naoi gcúis curtha i leith Orla O’Hanlon atá 19 bliana déag d’aois.

Scaoileadh saor í ar bannaí leanúnacha.

**

Péinteáladh graffiti ciníoch dírithe ar an phobal Polannach i gceantar na Sráide Thuaidh ar an Iúir le linn na deireadh seachtaine seo chuaigh thart.

Cáineadh an gníomh go forleathan.

***

Tá príosúnaigh ar sciathán an IRA Leanúnaigh i bPríosún Mhaigh gCabraí ag séanadh go bhfuil aon bhaint ag scaifte fir a gabhadh ar an Iúir i mí na Samhna le heagraíocht s’acusan.

Tá an seachtar fear á gcoinneáil i measc na ngnáth-phríosúnach seachas ar sciathán paraimíleatach mar a thugtar orthu go coitianta.

Tá sé á mhaíomh ag an seachtair fear gur baill de Shinn Féin Leanúnach iad – grúpa a scar bho Shinn Féin Poblachtach.

***

Nuaíocht na Gaeilge

Beidh Grúpa Siúlóide Neamhfhoirmiúil Chaisleán Uidhlín ag déanamh siúlóide thart fá Bhaile an Locha (atá leath-bhealach idir Bhaile Anna agus an Chloch an tseachtain seo).

Beidh an grúpa ag bualadh le chéile Dé Sathairn,ag 10.30rn taobh amuigh de Hillyard House, ar Ascaill an Chaisleáin, Caisleán Uidhlín, áit ea mbeidh síob ar fail má tá sé uait.

Má tá sé ag cur fearthainne Dé Sathairn is féidir leis an ghrúpa bualadh le chéile suas an staighre sa seomra suite i Hillyard House

Beidh Aodhán Ó Rathailligh ag stiúradh an ghrúpa.

 Féach chomh maith : 

Níl rian d’Ard Mhacha Theas in ainm nua an chomhairle

Ar Lean Póilíní Giotaí Aráin?

Ciarán Dúnbarrach ar an Iúr

 Tá go leor cleasanna eolaíocha ag póilíní na linne seo chun coirpigh a ghabháil ach ní gá leo igcónaí, in amanna is féidir na giotaí aráin a leanúint.images

 Fuair an PSNI ar an tSruthán i ndeisceart Ard Mhaca scairt maidin Déardaoin na seachtaine seo caite ag 4:31 r.n. ag cur in iúl dóibh gur tharla eachtra ghadaíochta, gur goideadh dhá thrádaire till as siopaí ar phríomhshráid an tsráidbhaile agus gur éalaigh déantóirí na coire i gcarr dearg.

Chuir siad an focal amach, agus 26 bhomaite ina dhiaidh sin, tháinig póilíní ar phatról in First Avenue ar an Iúr, dhá mhíle ar shiúil ó láthair na coire, ar Volkswagen Golf lena bhúit fágtha ar oscailt.

Chonaic siad go raibh uirlisí éagsúla istigh sa bhúit agus chun tosaigh sa charr i dtobar coise an phaisinéara.

Mhothaigh siad ansin go raibh doras tosaigh theach i bhfogas don charr ar oscailt, istigh leis na hoifigigh agus fuair siad ansin fear agus bean ag déanamh cuntas ar airgead ag tábla na cistine agus dhá thrádaire till ó shiopa in aice leo.

Rinne an PSNI cuardach ar an teach agus fuair siad airgead tirim, uirlisí cumhachta, milseáin, brioscáin, todóga agus plátaí clárúcháin.

Gabhadh 4 fear agus bean amháin. 

Amach liom ’na Galltachta

Litir ón líne thosaigh le Ciarán Dúnbarrach

Tá mé ar saoire an deireadh seachtaine seo agus tá an líne thosaigh sa Spidéal tréigthe agam, amach liom ’na Galltachta féachaint an féidir aon dóchas don Ghaeilge a fháil ansin.

Thosaigh mé oíche Aoine le hoíche shóisialta i mbaile mór an Iúir, Co. an Dúin / Co. Ard Mhacha.

Bhí sé ar bun i dToigh Mhic Dhomhnaill, nó ‘The Railway Bar., i Sráid Mhuineacháin. Bíonn sé ar bun uair sa mhí.newry2

Caithfear a admháil, cé gur áit mhór poblachtach í deisceart Ard Mhacha agus go bhfuil traidisiún láidir ag CLG i ndeisceart an Dúin, tá an dá dhúiche seo, i mo thuairimse, taobh thiar de go leor ceantair ó thuaidh maidir leis an Ghaeilge de.

Tá leideanna áirithe ann go bhfuil sé sin ag athrú áfach.

Tá bunsraith de bhunscoileanna Gaelacha leagtha ar fud an cheantair agus i dtuaisceart Chontae Lú.

Cibé polaitíocht atá i réim i mBéal Feirste agus Baile  Átha Cliath, theip ar an chríochdheighilt muintir dheisceart Uladh agus Chontae Lú a scaradh ón chéile go hiomlán.

Tá infreastruchtúr leagtha chomh maith le Gaeláras an Iúir oscailte ar an Iúr agus ionad eile thoir in Áth na Long, Co. an Dúin.

Rud a dúradh liom anois, ná go bhfuil deis ann don teanga nach raibh ann riamh sa cheantar seo – Tá na hacmhainní ann ach iad a úsáid mar is ceart.

Is cinnte go bhfuil go leor daoine óga díograiseacha ó thaobh na Gaeilge de ar an bhaile seo agus sa cheantar máguaird – mar sin féin, tá barraíocht acu sin ar imirce nó goidte ag gluaiseacht na Gaeilge d’áiteanna eile.

Ní raibh aon easpa cainteoirí ‘líofa’ sa cheantar seo riamh, a bhuí do na scoileanna gramadaí ar an bhaile, iad uilig ar chaighdeán an-ard ar fad.

Mar sin féin, cé go bhfuil go leor cainteoirí den scoth sa cheantar seo, is léir dom go bhfuil leisce ar roinnt de na daoine seo an teanga a úsáid mar phríomhtheanga an tí, nó go sóisialta fiú.

Bilingual_welcome_sign_Newry
Tá polasaí dhátheangach ag Comhairle an Iúir agus Mhúrna

Is cosúla le scoláireacht ar an Laidin an cineál Gaeilgeoireachta seo, dá dtiocfadh linn an lipéid sin a chur air fiú.

Ar an lámh eile, tá go leor d’iar-dhaltaí na nGaelscoileanna thar a bheith sásta an Ghaeilge a labhairt mar theanga shóisialta, ach caithfear a admháil, agus chan masla é seo dar liomsa, gur ‘Gaelscoilis’ atá i gceist go minic.

Is fearr liom féin a bheith ag caint Gaelscoilise, caithfidh mé a rá, ná a bheith ag caint Béarla le duine a bhfuil scoth na Gaeilge aige nó aici.

Bhí go leor foghlaimeoirí ann ag an oíche shóisialta, agus foghlaimeoirí díograiseacha leis.

Chuala mé go mbíonn baicle acu ag taisteal suas go Cumann Chluain Árd i mBéal Feirste le Gaeilge a fhoghlaim – anois, sin díograis inspioráideach.

Ar ndóigh, gan an tairseach chriticiúil de chainteoirí líofa ar an Iúr, beidh sé deacair go leor ar bhunfhoghlaimeoirí líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach.

Ar aghaidh liom mar sin.

Ailt Bainteach 

Litir ón líne tosaigh : An t-aos óg

Cearta teanga : litir ón líne tosaigh